Srian le cead an phobail iniúchadh a dhéanamh ar chláir bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí gan a bheith údaraithe– cinneadh an Ombudsman Emily O'Reilly
"Níl cúrsaí mar atá faoi láthair ag teacht leis an treocht atá ann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta – is é sin éascú a dhéanamh ar fháil an phobail ar na cineálacha seo taifead "- Ombudsman
D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O'Reilly, Tuarascáil inniu, an 26 Iúil 2012, tar éis di Imscrúdú a dhéanamh ar chead an phobail rochtain a fháil ar chláir bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí, arna gcoinneáil ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta (SCS). Ar chláir den chineál seo bíonn ainm, dáta agus áit inar tharla ‘imeacht saoil’ chomh maith le heolas breise, mar shampla d’fhéadfadh gairm an duine bhásaithe nó cúis an bháis a bheith san áireamh.
Chuir an tOmbudsman tús le hobair na tuarascála "Hidden History? - The Law, the Archives and the General Register Office", mar thoradh ar iarratas ó bhall den phobal a lorg rochtain ar chláir bhásanna, ar mhaithe le taighde – cláir le haghaidh na 1800í déanacha do bhaile fearainn san Iarmhí. Diúltaíodh don ghearánaí rochtain a fháil ar na cláir, d’ainneoin go raibh cead ag an ngearánaí rochtain a fháil orthu 12 mhí roimhe sin.
Mar thoradh ar a himscrúdú, chinn an tOmbudsman:
- Faoin Acht um Chlárú Sibhialta 2004 cuirtear cosc ar an bpobal rochtain dhíreach a fháil ar iontrálacha maidir le breitheanna, básanna agus póstaí, agus níl lánrogha ag an SCS ach oiread, faoin Acht, cead rochtana a thabhairt.
- Sular achtaíodh an tAcht um Chlárú Sibhialta 2004 bhíodh rochtain dhíreach ag an bpobal ar chláir bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí. Cibé scéal é, tá meicníocht sonraithe san Acht a chuireann srian leis an rochtain atá ar fáil ar na cláir, agus cruthaíonn seo deacrachtaí praiticiúla do dhaoine ar mhian leo na taifid sin a rochtain.
- Cé go bhfuil srian le rochtain faoi Acht 2004, chinn an tOmbudsman go bhfuil cead ag an bpobal, faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, iniúchadh a dhéanamh ar thaifid bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí arna gcoinneáil ag an SCS, ar taifid iad atá breis is 30 bliain d’aois.
Mhol an tOmbudsman don SCS an scéal a phlé leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (tá an Chartlann Náisiúnta faoi scáth na Roinne sin) agus le forais eile chun breithniú a dhéanamh ar na roghanna éagsúla a bheadh ann le héascú a dhéanamh ar an rochtain a bheadh ag an bpobal ar na taifid seo.
Cé go bhfuil glactha ag an SCS le moladh an Ombudsman, tá an glacadh seo teoranta. Eascraíonn sé seo ó sheasamh an SCS nach bhfuil an ceart ag an Ombudsman lena cinneadh go dtagann taifid an SCS faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus go bhfuil ceart rochtana i leith taifead atá breis is 30 bliain d’aois. De réir an SCS, tá a seasamh bunaithe ar chomhairle dlí curtha ar fáil di ag Oifig an Ard Aighne. Ach ní raibh an SCS sásta cóip den chomhairle a chur ar fáil don Ombudsman nó, fiú, míniú a thabhairt ar bhunús na comhairle sin.
Cúlra
Theastaigh ón ngearánaí iniúchadh a dhéanamh ar an gclár básanna ar mhaithe le heolas a fháil ar ghairmeacha na ndaoine a mhair an tráth úd. Cuireadh in iúl don ghearánaí go mbeadh air/uirthi ainm gach duine a fuair bás, chomh maith le dáta measta agus áit an bháis, a chur ar fáil maille le €6 le haghaidh gach cóipe ón gclár básanna.
Bhí spéis ar leith ag an ngearánaí a fháil amach cé na cláir a chuir in iúl gur cheardaí duine. Chun seo a bhaint amach bheadh ar an ngearánaí íoc as an cóip den chlár le haghaidh gach báis a tharla sa cheantar idir 1864 agus 1900. Luaigh an gearánaí go bhféadtaí cheana iniúchadh a dhéanamh ar na cóipeanna cláir ach áirithint a dhéanamh roimh ré le haghaidh uair an chloig agus táille bheag a íoc. Bhí an áis sin tarraingthe siar anois.
Is léir go raibh srian á chur le rochtain ar thaifid luachmhara phoiblí agus go raibh bac á chur ar thaighde dlisteanach stairiúil agus sóisialta. De bhreis air sin, ba léir go raibh seasamh an SCS ag teacht salach ar an gcleachtas ag forais choibhéiseacha idirnáisiúnta, agus comhlachtaí poiblí eile in Éirinn a éascaíonn agus a spreagann rochtain ar thaifid stairiúla.
Mar shampla, in Albain agus i Sasana tá roinnt mhaith de na cláir imeachtaí ar a bhfuil saol stairiúil ar fáil ar líne anois. In Éirinn d’fhoilsigh an Chartlann Náisiúnta daonáirimh 1901 agus 1911 ar líne. Beidh ócáid amhail The Gathering sa bhliain 2013, dar le Fáilte Éireann ar an gclár turasóireachta is mó in Éirinn riamh, agus meallfaidh sé diaspóra na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar Éirinn chun teacht ar a bhfréamhacha
Chinn an tOmbudsman nach bhfuil lánrogha ag an SCS, faoin Acht um Chlárú Sibhialta 2004 cead rochtana a thabhairt ach amháin trí mheán an modha shriantaigh seo.
Tar éis comhairle dlí a fháil, ámh, chinn an tOmbudsman, go bhfuil an ceart ag daoine, faoin Acht um Chartlann Náisiúnta1986, iniúchadh a dhéanamh ar thaifid bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí arna gcoinneáil ag an SCS, ar taifid iad atá breis is 30 bliain d’aois.
Tá an tuarascáil iomlán, maraon le hachoimre fheidhmeach, le fáil ag
http://www.ombudsman.gov.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1il-Imscr%C3%BAdaithe/An-Stair-faoi-Cheilt-An-Dl%C3%AD-an-Chartlann-agus-an-tSeirbh%C3%ADs-um-Chl%C3%A1r%C3%BA-Sibhialta/Achoimre-Fheidhmeach-.html
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:
Fintan Butler, Oifig an Ombudsman
Teil. 01 639 5650 nó r-phost: fintan_butler@ombudsman.gov.ie