Seolann an tOmbudsman Emily O’Reilly Cuntas oifigiúil Twitter
Dáta eisiúnta: 15.06.2012
Sula seolfaidh sí isteach Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman don bhliain 2011 chuig an Oireachtas Dé Máirt seo chugainn, an 26 Meitheamh, tá an tOmbudsman Emily O’Reilly tar éis cuntas oifigiúil Twitter a oscailt d’Oifig an Ombudsman.
Úsáidfear é chun nuacht agus faisnéis a thabhairt maidir le hobair na hOifige, lena n-áirítear an Tuarascáil Bhliantúil, Tuarascálacha Imscrúdaithe Speisialta agus ábhar eile a bhfuil spéis ag an bpobal iontu - Twitter.com/#/officeombudsman
I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide agus Taighde
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie