Chuir an tOmbudsman, Emily O'Reilly, tuarascáil speisialta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid inné (24/10/12). Sa tuarascáil Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach tuairiscíonn an tOmbudsman go bhfuil scéim Liúntais Soghluaisteachta i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte, le dhá bhliain déag anuas, ar bhonn coinníll atá neamhdhleathach.Is éard atá sa Liúntas Soghluaisteachta ná íocaíocht mhíosúil a dhéanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine atá faoi mhíchumas trom "ar daoine iad nach féidir leo siúl agus a bhainfeadh leas as turais ó am go chéile amach as an teach". Tá an liúntas seo ann ón mbliain 1979 i leith agus faoi láthair is fiú é agus uasmhéid de €208.50 in aghaidh na míosa.
Bhí an Roinn ar an eolas faoin neamhdhleathacht sin ar a laghad ón mbliain 2008 ach theip ar an Roinn cúrsaí a chur ina gceart. An coinníoll neamhdhleathach atá ann ná go bhfuil uasteorainn aoise de 66 bliain d'aois ag gabháil leis an scéim agus go bhfuil sin ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000. Tuairiscíonn an tOmbudsman freisin, d'ainneoin gur aontaigh an Roinn Sláinte i mí Aibreáin 2011 a moltaí a chur i bhfeidhm an uasteorainn aoise a bhaint, nach dhearna an Roinn amhlaidh. Mar thoradh air sin, lig an Roinn don scéim leanúint de bheith i bhfeidhm ar bhonn neamhdhleathach agus an Roinn ar an eolas faoi sin. Is éard a chiallaíonn seo ná, i gcás daoine faoi mhíchumas atá os cionn 66 bliain d'aois anois, nach ndéanfar a n-iarratais a mheas fiú.
Le fíordhéanaí (Deireadh Fómhair 2012) dhiúltaigh an Roinn do mholadh comhchosúil ón Ombudsman. Rinneadh an moladh is déanaí seo ón Ombudsman tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chúig cinn de ghearáin nua ó dhaoine ar diúltaíodh an Liúntas Soghluaisteachta dóibh ar bhonn na huasteorann aoise. Rinneadh na gearáin seo tar éis dhul in éag na tréimhse inar aontaigh an Roinn an uasteorainn aoise a bhaint. An moladh a rinne an tOmbudsman ná go mbainfí an uasteorainn aoise ón scéim i gcoitinne agus go ndéanfaí athmheas ar iarratais na ngearánach gan tagairt don uasteorainn aoise.
Ina tuarascáil, dhiúltaigh an tOmbudsman do sheasamh na Roinne nach bhféadfadh an Roinn a moltaí a chur i bhfeidhm mar go "gcruthódh sé dliteanais nach raibh sé d'acmhainn airgeadais ag an Stát iad a sheasamh". Is é seasamh an Ombudsman ná nach bhfuil sé inghlactha in aon chor go dtabharfadh comhlacht tábhachtach Stáit neamhaird ar an dlí. Deir an tOmbudsman nach nglacann sí leis gur gá go gcruthófaí caiteachas nach féidir leis an Stát a sheasamh faoi láthair dá mbainfí an uasteorainn aoise. An rud nach bhfuil d'acmhainn againn a dhéanamh, dar leis an Ombudsman, ná glacadh leis go leanfadh comhlacht Stáit, go láneolach, ag tabhairt neamhairde ar dhlí na tíre.
Is tuarascáil leantach í tuarascáil an lae inné ar thuarascáil imscrúdúcháin ón Ombudsman i mí Aibreáin 2011 dar teideal Too Old To be Equal - An Investigation into the illegal refusal of Mobility Allowance to people over 66 years. San imscrúdú sin chinn an tOmbudsman go raibh áireamh na huasteorann aoise sa Liúntas Soghluaisteachta neamhdhleathach sa mhéid go raibh sin ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000. Ar cheann dá moltaí bhí go ndéanfadh an Roinn Sláinte leasú ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta ionas go mbeadh sé dleathach agus ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann agus go ndéanfaí sin laistigh de thréimhse sé mhí (faoin 21 Deireadh Fómhair 2011). Ghlac an Roinn leis go bhfuil an uasteorainn aoise neamhdhleathach agus ghlac an Roinn freisin leis an moladh agus leis an amscála dá chur i bhfeidhm. Tá dhá mhí dhéag anois imithe tharainn ó d'éag an tréimhse ama aontaithe do bhaint na huasteorann neamhdhleathaí aoise agus níl an Roinn tar éis feidhmiú go fóill.
Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le
Fintan Butler (enquiries in Irish)- 01 - 639 5650 fintan_butler@ombudsman.gov.ie
or
David Nutley, Communications Officer, 086 0231420, 01 639 5610 david_nutley@ombudsman.gov.ie