Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

Cuireann an tOmbudsman Emily O’Reilly a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2011 faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais

Dáta eisiúnta: 26.06.2012

Cuireann an tOmbudsman Emily O’Reilly a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2011 faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

  • An bhliain is gnóthaí i stair 28 bliana na hOifige
  • 3,602 gearán faighte; díreach faoin líon is mó gearán riamh a fuarthas in 2010
  • Fuarthas 11,541 fiosrúchán; méadú 23%
  • Láimhseáil an Oifig 4,220 gearán - méadú 38% tar éis gur cuireadhmór-athbhreithniú eagraíochtúil i bhfeidhm

 Ag labhairt di ag seoladh na Tuarascála, dúirt an tOmbudsman Emily O’Reilly:

“Bhí tionchar leanúnach an choir chun donais eacnamaíoch le brath arís ag m’Oifig in 2011, agus an líon is mó riamh daoine ag lorg cabhrach uainn.  Tá áthas orm a chur in iúl go rabhamar ábalta 38% níos mó gearán a láimhseáil in 2011 ná in 2010, mar thoradh ar mhór-athchóiriú inmheánach a díríodh ar ár gcleachtais oibre agus ar ár n-aschur. Creidim gur éacht suntasach é sin agus go léirítear leis ár dtiomantas maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht a chinntiú sa riarachán poiblí.”

Miondealú ar ghearáin a fuair comhlachtaí poiblí

  • An Roinn Coimirce Sóisialaí: 31.5%
  • Údaráis Áitiúla: 27.7%
  • FSS: 24.4%
  • Ranna Rialtais eile: 14.9%
  • An Post: 1.5%

 Cásanna Suntasacha a Réitíodh in 2011

 An Roinn Coimirce Sóisialaí:-

  • Liúntas Cúramóra diúltaithe d’athair a bhfuil fadhbanna sláinte meabhrach agus stair féinmharaithe ag a iníon - an cinneadh freaschurtha agus riaráistí €10,287 íoctha.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:-

  • Imscrúdú a rinne Ospidéal Mhuire, Cromghlinn, maidir le gortú neamhthimpisteach linbh a bhí breoite go dona, i ngan fhios do na tuismitheoirí. Bhí an gortú mar thoradh ar chóireáil leighis. Fuair na tuismitheoirí leithscéal scríofa mar gheall ar an dochar a rinneadh dóibh, an anó a bhí orthu, agus mar gheall ar an damáiste a rinneadh dá gclú.
  • Seasadh le gearán sceithire faoi imscrúdú lochtach FSS - ghlac FSS leis nár cloíodh le dea-chleachtas agus gur diúltaíodh don cheartas aiceanta. Ordaíodh imscrúdú nua.
  • Aisíocadh €85,442 le lánúin as Corcaigh faoin Scéim Aisíoca Sláinte i leith muirear Tí Altranais; aisíocadh €77,317 le beirt ghearánach eile.
  • Seasadh le gearán a rinne iníon faoi dhá ospidéal i mBaile Átha Cliath- caitheadh go dona lena hathair, ar fear scothaosta ardchleithiúnach é, agus tugadh droch-chúram dó. Rinneadh leithscéal a ghabháil as na heasnaimh agus fuarthas dearbhú ó na hospidéil maidir le cleachtais níos fearr.

Údarás Áitiúil:-

  • Rinne Comhairle Chathair Luimnigh neamhaird de réamhfhógra faoi fhorbairt neamhúdaraithe seide agus dheonaigh sí cead pleanála. Tar éis idirghabhála, chuir an Chomhairle nósanna imeachta nua rianaithe agus cumarsáide inmheánacha i bhfeidhm.

An Státseirbhís:-

  • Aisíocaíocht €5,500 d’oide ar baineadh a ranníocaíochtaí ÁSPC dó ar shlí mhícheart.

 Athchóiriú an Rialtais agus Ról an Ombudsman

“Tá m’Oifig ag obair i gcónaí leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun an Bille Ombudsman (Leasú) atá geallta le fada a chur chun cinn.  Tá sé níos tábhachtaí fós, tráth a bhfuil strus mór ar go leor daoine agus deacrachtaí airgeadais acu, rochtain a bheith ag na daoine sin ar Oifig neamhspleách a éistfidh lena gcuid gearán faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an Stáit agus a láimhseálfaidh na gearáin sin. Tá sé bunriachtanach go dtabharfaí faoina sainchúram na codanna sin den riarachán poiblí nach bhfuil faoi réir ag maoirsiú neamhspleách.

“Táim ag súil freisin le comhoibriú níos déine le Comhchoiste an Oireachtais um Imscrúduithe, Maoirseacht agus Achainíocha. Tá súil agam gur féidir linn ár ról a imirt in éineacht chun a chinntiú go bhfuil na seirbhísí a sholáthraíonn an riarachán poiblí don phobal cóir, réasúnach, cothrom agus daonnachtúil.”

Dúirt an tUasal O’Reilly ar deireadh:

“Ó 1984 i leith, tá cabhair curtha ar fáil againn d’os cionn 80,000 duine a raibh gearáin bhailí acu agus do na céadta mílte daoine eile ar theastaigh faisnéis agus comhairle uathu.

Leanann m’Oifig ag dul i dtaithí ar chúinsí athraithe geilleagracha agus sóisialta inár gcuid iarrachtaí an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil do líon méadaitheach gearánach. Is maith mar a thuigim go bhfuil ar na comhlachtaí poiblí atá á mbreithniú againn níos mó oibre a dhéanamh le níos lú acmhainní, mar is amhlaidh do m’fhoireann féin. Bíodh is go bhfuil níos lú airgid agus níos lú acmhainní daonna ag comhlachtaí poiblí, ní féidir caighdeáin bhunúsacha a thréigean.

Dúirt mé roinnt uaireanta go bhfuil gá níos mó ná riamh leis an Ombudsman i dtréimhsí mar seo. Déanann an Rialtas roghanna trína bheartas fioscach, agus d’fhéadfaí seirbhísí agus sochair áirithe a chealú nó a laghdú. Is é ról an Ombudsman a chinntiú go ndéantar na hathruithe sin a chur chun feidhme ar bhealach cóir, ceart agus cothrom agus aird a tharraingt ar aon aimhrialtachtaí a tharlaíonn. Is é an toradh is measa ná go bhfágtar daoine gan eolas cuí, go mbíonn drochmheas orthu nó go gcuirtear ó dhoras iad, mar a scríobh gearánaí amháin chugam. Más rud é go ndearnadh roghanna deacra polaitíochta agus riaracháin, bíonn freagracht go fóill ar an tseirbhís phoiblí as a bheith soiléir faoi thorthaí na roghanna sin agus freagracht a ghlacadh as an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar leis na hacmhainní atá ar fáil.  Tá m’Oifig ann chun a chinntiú go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí a gcuid oibre go cothrom agus go cóir.

Imríonn caighdeán ár seirbhísí poiblí tionchar díreach ar cháilíocht na beatha do dhaoine aonair agus do theaghlaigh. Cé nach seasann m’Oifig le gearáin i gcónaí, is féidir liom scrúdú atá neamhspleách, neamhchlaonta agus cothrom ar a gcuid gearán a ghealladh don phobal.”

Le haghaidh fiosruithe na meán déan teagmháil le: 

Dave Glynn - Ceann Cumasráide agus Taighde

Teil: 01 6395714 / 087 2361884   

ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie