Dáta eisiúnta: 08.06.2011
- Mhéadaigh líon na ngearán a rinneadh chuig a hOifig go 3,727 i 2010 - ardú 30% ar an mbliain 2009, an líon is airde ar taifead le níos mó ná 10 mbliana.
- Bhí 1,317 de na gearáin a rinneadh i 2010 lasmuigh dá sainchúram - ardú 22% i gcomparáid le 2009.
- Rinneadh 9,390 fiosrú lena hOifig.
Athchóiriú an Rialtais - Ról Oifig an Ombudsman
Ar an 2 Feabhra seo caite sheoil mé cáipéis chuig gach páirtí polaitiúil agus gach ball den Oireachtas dar teideal "Ról an Ombudsman a fhorbairt agus a bharrfheabhsú". Míníodh sa cháipéis sin conas a chreidim go bhféadfadh ról níos iomláine a bheith ag an Ombudsman le tacú leis na srianta agus na ceartúcháin atá riachtanach do dhea-Rialtas. Shonraigh mé ceithre mholadh ar leith, a cheadódh do m'Oifig a cion i leith athchóiriú Rialtais a uasmhéadú agus athchothromú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tOmbudsman agus an Rialtas d'fhonn muinín an phobail in oibriú éifeachtúil Institiúid an Ombudsman a mhéadú tuilleadh.
Áiríodh i measc na moltaí:
Stádas bunreachtúil d'Oifig an Ombudsman,Feabhsúchán ar an gcaidreamh tuairisceoireachta leis an OireachtasLeathnú ar shainchúram an Ombudsman leis na príosúin agus gach saincheist a bhaineann le hinimirce, teifigh, lucht iarrtha dídin agus eadóirseacht a chur san áireamh.
Dúirt an tOmbudsman
"Beidh reachtaíocht nua ag teastáil le haghaidh fhormhór na n-athruithe atá á moladh agam, agus ní bhainfidh ach beagán caiteachais breise leo, nó caiteachas ar bith. Go deimhin is dealraitheach go ndéanfaí sábháil mar gheall ar chuid de na hathruithe atá molta. Cuireadh cuid de na moltaí atá i mo cháipéis san áireamh sa Chlár Rialtais don Téarnamh Náisiúnta, a foilsíodh ar an 1 Márta i mbliana".
Agus í ag labhairt faoin athchóiriú, dúirt an tOmbudsman O'Reilly,
"Cuirim fáilte mhór roimh thiomantas an Rialtais i leith leathnú a dhéanamh ar shainchúram an Ombudsman chuig gach comhlacht atá maoinithe go poiblí. Fáiltím freisin roimh bhunú Choiste nua Oireachtais - an Coiste um Imscrúduithe, Maoirseacht agus Achainí. Cuirfidh sé seo bealach foirmiúil cormhairliúcháin agus comhoibriú atá de dhíth go géar ar fáil idir an tOireachtas agus an tOmbudsman. Beidh sé freagrach as glacadh le mo Thuarascálacha Bliantúla agus Speisialta agus iad a phlé agus a chinntiú go ndéanfar gníomh de réir mo chuid cáintí agus mo chuid moltaí mar Ombudsman. Tá moltaí áirithe déanta agam cheana féin leis an Roinn Airgeadais maidir le forfheidhmiú a dhéanamh ar na ceisteanna praiticiúla a bhaineann leis na moltaí ó thaobh sainchúram m'Oifige a leathnú. Tá dóchas agam gur féidir dul chun cinn a dhéanamh go luath d'fhonn na tiomantais seo a sheachadadh, tiomantais ar cuid riachtanach iad dar liom den chlár um an tseirbhís phoiblí a athchóiriú."
Dúirt an tOmbudsman chomh maith go raibh sí ag súil go mbeadh idirphlé dearfach aici leis an Rialtas agus leis na hAirí cuí agus lena n-oifigigh maidir leis an gClár Rialtais de réir mar a bheadh tiochar aige ar a hOifig, agus go deimhin ar na moltaí ginearálta atá aici i leith ról an Ombudsman a fhorbairt.
Agus í ag labhairt le déanaí faoina moladh go dtabharfaí stádas bunreachtúil d'Oifig an Ombudsman, is é a dúirt Emily O'Reilly:
"Ba cheart go mbeadh stádas bunreachtúil ag Oifig an Ombudsman má tá sí le bheith slán ó ionsaí agus ó chlaontacht pholaitiúil. Chuirfeadh státas bunreachtúil le húdarás na hOifige agus chinnteodh sé go gcaithfí go cuí leis nuair a éireoidh aighnis leis an rialtas. Thabharfadh sé aitheantas breise chomh maith don Oifig mar mhalairt ar na cúirteanna, le rochtain a fháil ar cheartas ar bhealach neamhfhoirmiúil saor ó chostas".
Gearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí - na huimhreacha
- An Státseirbhís: 1,675 - ardú 39% ar 2009, 45% de na gearáin go léir a fuarthas i 2010.
- FSS: 1,088 - ardú 44% ar 2009, 27% de na gearáin go léir a fuarthas i 2010.
- Údaráis Áitiúla: 979 - ardú 14% ar 2009, 26.3% de na gearáin go léir a fuarthas i 2010.
- An Post: 58 - ardú 23% ar 2009, 1.5% de na gearáin go léir a fuarthas i 2010.
Ina ráiteas dúirt an tOmbudsman
"Is léir ón méadú ollmhór sna gearáin a rinneadh liom i 2010, líon níos mó ná riamh, go bhfuil deachtrachtaí ag níos mó daoine lenár seirbhísí poiblí, go háirithe le dífhostaíocht agus le sochair. Ní haon iontas an méadú 53% sna gearáin a fuarthas faoin Roinn um Chosaint Shóisialaí i 2010 thar 2009 1,181 i gcomparáid le 772 - nuair a chuirtear staid na heacnamaíochta san áireamh. Is léir go bhfuil níos mó idirphlé ag daoine le comhlachtaí poiblí, ach níor cheart go mbeadh caighdeáin níos ísle ann dá bharr ná go gcaithfí go míchothrom le daoine. Gan aon amhras, tar éis amharc ar chuid de na staidéir ar chásanna atá i mo Thuarascáil, tá géarghá ag roinnt daoine lenár gcabhair agus leis an tseirbhís in aisce a íocann an cáiníocóir sinn lena sholáthar. Cuireann an fás leanúnach ar líon na ngearán ó bhliain go bliain béim ar an gcúram dian atá orainn i leith chaighdeáin na seirbhíse poiblí a ardú i ngach slí."
Luaigh an tOmbudsman chomh maith an leibhéal ard fiosruithe ar phléigh a hOifig leo: 9,390 sa bhliain 2010.
"Cé go mbíonn daoine i dteagmháil le m'Oifig faoi fhadhbanna nach mbaineann lenár sainchúram ní chiallaíonn sé sin nach mbíonn sé ar ár gcumas comhairle a chur ar dhaoine agus iad a threorú sa treo ceart. Nuair a bhíonn sé ar ár gcumas, molann na baill foirne seirbhísí eadráine cuí ag brath ar an bhfadhb. Tá méadú ar na fiosruithe lasmuigh dár ndlínse a bhfuil Ombudsmen agus gníomhaireachtaí eile in ann cabhair a thabhairt ina leith, go háirithe maidir le ceisteanna airgeadais agus pinsin", adúirt sí.
Tosaíonn an t-athchóiriú ar an teallach - leasú ó bhonn ar láimhseáil gearán
I rith na bliana 2010, rinneadh athchóiriú mór ar Oifig an Ombudsman ó thaobh struchtúir agus próisis - an tionscadal athrú bainistíochta is mó is dócha ó bunaíodh an Oifig i 1984.
Le rannpháirtíocht chuiditheach iomlán na foirne agus le sainchabhair ón taobh amuigh, d'athraíomar struchtúr, córais agus próisis na hOifige ó bhonn, le seirbhís níos fearr fós a sholáthar dár gcustaiméirí.
Bhrúigh muid an éifeachtúlacht chun cinn, rinne muid idirphlé le comhlachtaí poiblí eile atá faoinár sainordú agus d'iarr muid orthu cabhrú linn trí na comhaid agus an fhaisnéis eile a sholáthar don Oifig laistigh de fhrámaí ama níos giorra. Tá muid an-bhuíoch de na comhlachtaí poiblí as a gcúnamh maidir leis seo go dtí seo. Tá éifeachtúlacht na gcóras nua á rianú againn nuair atá líon na ngearán ag méadú go mór agus srianta á gcur ar acmhainní an Státchiste.
"Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil méadú suntasach ar líon na ngearán a dúnadh i gcomparáid le blianta roimhe seo, agus go bhfuil clabhsúr níos tráthúla á gcur ar ghearáin. Molaim go mór dúthracht agus dícheall an fhoireann bhainistíochta agus na foirne go ginearálta as an gcur chuige fhonnmhar a ghlac siad leis an struchtúr agus na próisis a dhearadh agus a fhorfheidhmiú i dtréimhse ama chomh gearr. Tá siad le moladh as an toilteanas iontach atá acu i leith glacadh le hathrú an-suntasach agus i leith oibriú d'fhonn feabhsúcháin nithiúla infhíoraithe a dhéanamh ar an tseirbhís a sholáthraíonn muid do dhaoine a thagann chugainn le cabhair a fháil".
Ní thugann ranna Rialtais agus údaráis áitiúla aird ar éileamh an Ombudsman go n-éascófaí atreorú a ngearánaithe míshásta chuig a hOifig le cúnamh a fháil.
I dtaca lenár gclár feasachta poiblí, táimid tiomanta don bhfor-rochtain is leithne is féidir. Is mian linn ár seirbhís a thabhairt chuig an oiread daoine agus is féidir a bheadh in ann leas a bhaint as ár gcabhair i gcathair ghríobháin an mhaorlathais a bhíonn rompu uaireanta. Dá bhrí sin mhothaigh mé go mba mór an chabhair do gach ball den phobal é dá mbeadh nasc ceart cruinn chuig suíomh idirlín an Ombudsman ar shuímh idirlín gach ranna agus gach comhlachta poiblí atá faoinár sainchúram. Sa bhliain 2008 rinne m'Oifig athbhreithniú ar shuímh idirlín na gcomhlachtaí poiblí atá i gceist agus fuair siad amach nach raibh aon nasc idirlín acu nó gur thug siad sonraí míchruinne faoi m'Oifig.
Scríobh m'Oifig ar cheithre ócáid éagsúla chuig na comhlachtaí poiblí seo a raibh faisnéis teagmhála lochtach acu nó nach raibh sé acu ar chor ar bith. Fuarthas freagra dearfach ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí cé nár tháinig sé láithreach i gcásanna áirithe. Ní raibh roinnt acu chomh dearfach céanna. Tar éis dom aird a dhíriú air seo sa dá Thuarascáil Bhliantúil seo caite, níl de rogha agam anois ach "ainmniú agus náiriú". Tá liosta curtha agam ar ár suíomh idirlín ag www.ombudsman.ie - ina n-ainmnítear an cúig roinn rialtais agus an sé údarás áitiúil nár thug aird ar iarratas simplí nach gcosnódh tada. Mar eolas dá ngearánaithe míshásta, le heolas teagmhála iomlán cruinn, tá fáil acu ar sheirbhísí réiteach gearán m'Oifige agus níl deireadh an róid sriochta acu.
Mar adúirt an tOmbudsman O'Reilly:
"I bhfianaise an tiomantais i leith athchóiriú na seirbhíse poiblí, is cúis spéise agus díomá é an t-easpa comhoibriú a léiríonn na comhlachtaí poiblí seo atá maoinithe ag an gcáiníocóir. Léiríonn sé go soiléir na deacraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ag baill den phobal agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí mar seo, rud a fhágann nach mbíonn aon rogha eile acu ach gearán a dhéanamh le m'Oifig féin. Tugann an t-aiseolas ónár suirbhéanna ar chustaiméirí le fios go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a thagann ar sheirbhísí m'Oifige tríd an idirlíon. Tá sé soiléir mar sin go bhfuil soláthar faisnéise atá suas chun dáta agus cruinn ina ghné thábhachtach den chumarsáid nua-aimseartha, ní hamháin mar áis chun eolas a thabhairt don phobal faoi na seirbhísí atá á soláthar ag comhlachtaí poiblí ach faoi conas gearán a dhéanamh nuair a bhíonn an chuma orthu go bhfuil rud éigin cearr agus cé leis is cóir gearán a dhéanamh. Ní dóigh liom gur éileamh míréasúnta é sin".
An Fiche Seachtú Tuarascáil Bhliantúil ón Ombudsman
Is í seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil ó Emily O'Reilly mar Ombudsman agus an seachtú ceann is fiche ó bunaíodh Oifig an Ombudsman sa bhliain 1984. Agus í ag trácht faoin mbuaicphointe i líon na ngearán, 3,727, a rinneadh léi i 2010, dúirt Emily O'Reilly:
"Tá seirbhís gearáin an Ombudsman ar fáil do chách a dteastaíonn sí uathu, le húsáid saor in aisce. Ó 1984 i leith chabhraigh muid le os cionn 76,000 duine a raibh gearáin bhailí acu - is féidir a bheith bródúil as an taifead gnóthachain sin. Bímid ag dul in oiriúint go leanúnach do na cúinsí athraithe eacnamaíocha agus sóisialta sna hiarrachtaí a dhéanann muid an tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt, leis na hacmhainní atá againn faoi láthair, do líon gearánaithe atá ag dul i méid.
An Tuarascáil "An cuma faoi Chúram?" - Tráchtaireacht
Tá tráchtaireacht curtha le mo Thuarascáil faoi Thuarascáil Speisialta Imscrúdaithe a chuir mé faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid i mí na Samhna 2010. "AN CUMA FAOI CHÚRAM?" ba theideal don Tuarascáil - imscrúdú faoin gceart cúram teach altranais a fháil in Éirinn.
Bhí mo Thuarascáil Imscrúdaithe bunaithe ar 1,200 gearán a fuair m'Oifig thar 25 bliana maidir leis an gceart atá ag daoine scothaosta cúram teach altranais a fháil go fadtéarmach. Ba théama comhleanúnach sna gearáin seo gur theip ar na boird sláinte ag an am (an FSS anois) soláthar a dhéanamh do dhaoine scothaosta i dtithe altranais poiblí, cé go raibh ceart dlíthiúil acu go soláthrófaí an cúram sin dóibh, agus dá bharr sin go raibh orthu cúram costasach a fháil i dtithe altranais príobháideacha. Maíodh chomh maith nár leor an chabhair airgeadais a bhí ar fáil i leith costas cúraim i dithe altranais príobháideacha.
D'fhéach mo Thuarascáil ar chearta daoine scothaosta agus ar oibeagáidí na mbord sláinte a bhí ann ag an am ó thaobh cabhrach. Pléadh ann chomh maith ról na Roinne Sláinte agus Leanaí mar a bhí, a bhí ag geallúint le blianta go ndéanfaí creatlach nua reachtúil a fhorbairt le haghaidh teidlíocht sa tseirbhís sláinte. Cé go ndeirtear go glan soiléir in Acht Sláinte 1970 go gcuirfidh bord sláinte seirbhísí cónaitheacha, lena n-áirítear cúram tithe altranais, ar fáil, d'áitigh an Roinn le blianta beaga anuas nach mbronnann sé sin ceart ar sheirbhísí cónaitheacha; áitítear cé go bhfuil daoine 'incháilithe' le haghaidh na seirbhise seo, nach bhfuil siad 'i dteideal' í a fháil. Creidim nach bhfuil an t-idirdhealú seo bailí agus go bhfuil daoine i dteideal seirbhísí othair chónaitheacha (lena n-áiritear seirbhís tí altranais) a fháil.
Ba é tátal an imscrúdú a rinne mé gur theip ar na boird sláinte a n-oibleagáidi do dhaoine scothaosta a chomhlíonadh faoin Acht Sláinte 1970 agus gur tharla an teip seo le léireolas agus le toil na Roinne. I bhfianaise na ndeacrachtaí airgeadais agus eacnamaíocha gan fasach atá ag an tír, ní dhearna mé aon mholadh sonrach ag eascairt as an toradh seo. Bhreithnigh mé áfach cad a fhéadfaí a dhéanamh d'fhonn cúnamh a thabhairt do na daoine seo a d'fhulaing cruatan mór airgeadais chun freastal ar chostais tí altranais agus rinne mé roinnt moltaí lena n-áirítear go n-aithneodh an Stát gur theip air sa réimse seo agus gur cheart smaoineamh ar chúnamh airgeadais éigin a thabhairt dóibh siúd a d'fhulaing an cruatan.
Spotsholas ar ghearáin spéisiúla
Is cleachtas seanbhunaithe é don Ombudsmen an spotsholas a dhíriú ar chásanna spéisiúla ina dTuarascálacha Bliantúla ar mhaithe le leas an phobail. Is maith leis an Ombudsman go háirithe díriú ar chásanna ina raibh torthaí maithe ann do na gearánaithe, nó a spreag athrú córasach sa bhealach a soláthraíonn comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí don phobal.
Cé go bhféadfadh sonraí chuid de na cásanna cur isteach ar dhaoine, tá sé tábhachtach mar sin féin béim a chur ar ócáidí inar caitheadh le daoine go míchothrom nó le heaspa dínite nó measa - go háirithe ionas gur féidir ceachtanna a fhoghlaim.
Le haghaidh Tuarascáil na bliana 2010 roghnaigh mé 19 staidéar ar chásanna, agus d'fhéadfadh cuid acu a bheith ábhartha do dhaoine a bhfuil fadhbanna nó eispeiris chosúla acu. Tá daoine as gach réimse den saol i gceist sna cásanna atá roghnaithe agam le poiblíocht a thabhairt dóibh i mo Thuarascáil (agus ainmneacha bainte amach le céannacht na gearánaithe a chosaint). Bhí cuid acu i gcruachás agus mhothaigh siad gur fheall an córas go mór orthu. Cé nach mbíonn údar gearáin ag formhór na ndaoine a dhéanann idirghníomhaíocht le comhlachtaí poiblí, bhí ualach oibre eisceachtúil dúshlánach ag m'Oifig le níos mó gearán ná riamh agus níos mó daoine ag lorg cabhrach i 2010.
Tugtar achoimre anseo thíos de chásanna a cuireadh i gcrích i 2010, a léiríonn an cineál gearáin ar phléigh muid leo agus na torthaí a baineadh amach. Léiríonn siad uile luach na maoirseachta agus na torthaí inbhraite a seachadadh mar chúiteamh nó mar réiteach do na gearánaithe a bhí i gceist.
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2010
Caibidil 4: Roinn na Seirbhísí Sóisialacha agus na Sláinte Poiblí - Cásanna Roghnaithe
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Cás 4.1.1
Cinneadh na Roinne maidir le liúntais leasa sóisialaigh aisiompaithe - riaraistí €10,785 íoctha
Cás 4.1.2
Riaraistí sochar leanaí €3,348 íoctha ag an Roinn le máthair linbh le míchumas as contae na Mí.
Cás 4.1.3
Cinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí iarratas ar shíordhátú iomlán a dhéanamh ar phinsean míthreorach a dhiúlta do Gharda a gortaíodh agus é ar dualgas aisiompaithe - riaraistí €11,178 íoctha.
Cás 4.1.4
Faigheann bean chéile scartha aisiompú ar chinneadh inar diúltaíodh íocaíocht do theaghlach aon-tuismitheora - riaraistí €16,708 íoctha.
Cás 4.1.5
Aisiompaíonn an Roinn an cinneadh sochar linbh a dhiúltú ar bhonn gnáthchónaí - riaraistí €1,316 íoctha.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Cás 4.2.1
Diúltú an FSS siardhátú a dhéanamh ar liúntas cúram baile do mháthair linbh le tinneas fadtéarmach aisiompaithe - riaraistí €24,476 íoctha.
Cás 4.2.2
Gearán faoi nósanna imeachta scaoileadh abhaile in Ospidéal N. Uinsinn i leith fir gan dídeann as Bangladeis a raibh tinneas ainsealach air (a d'éag ó shin).
Cás 4.2.3
Diúltaíonn an FSS cóireáil thráthúil fiacail d'fhear as Contae na Mí le cárta leigheas.
Cás 4.2.4
Gearán ó bhaintreach faoi chúram agus faoi chóireáil dá céile básaithe in Ospidéal Beaumont - molann an tOmbudsman nósanna imeachta nua agus socraithe faisnéise agus cuireann fáilte roimh leithscéal an ospidéil don ghearánaí.
Cás 4.2.5
Íocaíocht ex gratia €780 déanta ag FSS le lánún scothaosta ar aistarraingíodh a gcártaí leighis go mícheart.
Cás 4.2.6
Aisiompú cinneadh FSS i leith fordheontas ús morgáiste - úsáideadh an clásal roghnach chun íoc ar feadh 12 mí.
Cás 4.2.7
Déanann an tOmbudsman comhghairdeas leis an FSS as an láimhseáil a rinneadh ar riachtanais cúraim speisialta mháthar óige le míchumas tromchúiseach.
Cás 4.2.8
Moladh d'othar scothaosta in ospidéal i gceantar an deiscirt den FSS bogadh go teach altranais príobháideach tar éis teascadh coise - d'íoc an FSS Fóirdheontas €6,814 do Theach Altranais i leith costaisí tar éis dom cinneadh a dhéanamh gur tugadh droch-chomhairle dó.
Cás 4.2.9
Aisíocann an FSS €8,000 i muirir teach altranais.
Caibidil 5: Roinn na Rialtas Áitiúla - Cásanna Roghnaithe
Cás 5.1
Aisíocann Comhairle Contae Chill Mhantáin cuid d'éarlais áirithinte le ceannaitheoir sa scéim tithíochta inacmhainne. Níl a leithéid de rud ann agus "táille teaghmhais".
Cás 5.2
Aisiompaíonn Comhairle Contae Luimnigh cinnedh gan tarscaoileadh a dhéanamh le haghaidh táillí bailiú bruscair - leithcheal déanta ar chúpla mar go raibh leanbh acu.
Cás 5.3
Gearán faoi tháille bliantúil €200 ar an dara áitreabh - conas fad 2km ón bpríomháitreach a thomhas.
Cás 5.4
Níor chóir go mbeadh iachall ar lánúin cónaí le tuismitheoirí - glacadh le hiarratas tithíochta.
Caibidil 6: Roinn na Státseirbhíse - Cás roghnaithe
Cás 6.1
Íocaíocht ex gratia €22,073 déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí le baintreach Gharda - cáin éigeandála gearrtha ar phinsean ar feadh ocht mbliana.