Baile  /  Nuacht  /  Óráidí & Airteagail  /  2016
 

Peter Tyndall, an tOmbudsman, aitheasc ag an gcruinniú bliantúil idir a Oifig agus na Príomhfheidhmeannaigh ar na údarás áitiúla in Éirinn.

18 Feabhra 2016

Thug an tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman, aitheasc ag an gcruinniú bliantúil idir a Oifig agus na Príomhfheidhmeannaigh ar na 31 údarás áitiúla in Éirinn.

D’athdhearbhaigh an tOmbudsman an cur chuige a ghlacann sé chun na gearáin a fhaigheann a Oifig in aghaidh an rialtais áitiúil a réiteach agus dúirt sé freisin nach ndéanann a Oifig imscrúdú ar ghearáin ach amháin sa chás nach féidir an réiteach sin a bhaint amach. Dúirt an tOmbudsman go bhfuil an cruinniú bliantúil ina ghné thábhachtach de dhea-chaidreamh oibre a áirithiú idir a Oifig agus an earnáil rialtais áitiúil.

Thug an tUas. Tyndall forbhreathnú ar na staitisticí sealadacha don bhliain 2015 agus dúirt sé nach bhfuil aon fhianaise ann ar fhadhbanna sistéamacha. Dúirt an tOmbudsman go bhfuair a Oifig 1007 ngearán faoi údaráis áitiúla sa bhliain 2015, figiúr ar méadú é ar an 900 gearán a fuarthas sa bhliain 2014. Áirítear iad seo a leanas leis na príomhábhair a ndearnadh gearán fúthu:

  • 427 ngearán – Leithdháileadh agus aistriú tithíochta (390 ceann sa bhliain 2014)
  • 112 ghearán – Pleanáil agus forfheidhmiú (86 cinn sa bhliain 2014)
  • 100 gearán – Riarachán pleanála (66 cinn sa bhliain 2014)
  • 84 ghearán – Bóithre agus trácht (61 cheann sa bhliain 2014)


Dúirt an tOmbudsman freisin nach ábhar iontais é gur sna contaetha is mó daonra a fuarthas an líon gearán is mó. Sa bhliain 2015, fuair a Oifig 134 ghearán in aghaidh Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (93 cinn sa bhliain 2014), 78 ngearán in aghaidh Chomhairle Contae Chorcaí (58 gcinn sa bhliain 2014), 61 ghearán in aghaidh Chomhairle Cathrach Chorcaí (40 ceann sa bhliain 2014) agus 56 ghearán in aghaidh Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (60 ceann sa bhliain 2014).

Dúirt an tOmbudsman gur shampla den scoth de chomhoibriú ba ea an dóigh ar déileáladh le gearáin maidir le táillí Áite Cónaithe Príobháidí Neamhphríomha go háirithe agus gur éirigh lena Oifig agus le húdaráis áitiúla dul i ngleic leis an bhfadhb shistéamach sin ar bhealach comhtháite trína bheith ag obair le chéile. Chomhaontaigh an tOmbudsman agus an Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) critéir maidir le déileáil le cásanna den sórt sin ar fud na n-údarás áitiúil uile. Chomhaontaigh an tOmbudsman agus na húdaráis áitiúla torthaí freisin ar gach cás a bhaineann le hÁit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha ar fud na hÉireann agus dhún a Oifig an 22 cheann dheireanacha de na cásanna sin i mbliana.

Mhínigh an tUas. Tyndall gurb í an fhoireann ina Oifig a d’fhorbair an Clár Brústocaireachta nua agus go bhfuil brústocaireacht ar cheann de na príomhchúraimí nua atá ar a Oifig anois. Ba é an 21 Eanáir an chéad spriocdháta tuairiscithe le haghaidh na n-oifigeach poiblí ainmnithe sin atá i mbun brústocaireachta. Bhí orthu siúd a thug faoi bhrústocaireacht ar bith sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2015 clárú agus tuairisceáin ar a ngníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach chuig an gClár Brústocaireachta ar líne faoin spriocdháta.

Dúirt an tOmbudsman freisin go raibh breis agus 1,100 eagraíocht agus duine aonair cláraithe agus go raibh 2,550 tuairisceán curtha isteach chuig an gClár amhail meán oíche an 21 Eanáir. Leag an tOmbudsman béim ar an bhfíric go dtaispeánann na figiúirí sin a éifeachtaí a bhí an feachtas poiblíochta agus for-rochtana a eagraíodh agus go gcuireann siad cuma an-mhaith ar an bhfoireann a bhí páirteach ann, a bhí an-ghnóthach agus iad ag déileáil le ceisteanna suas go dtí an spriocdháta.  Dúirt an tOmbudsman freisin gur éirigh leis an gclár ar líne déileáil go han-éifeachtach leis an méid mór gníomhaíochta a bhí ann díreach roimh an spriocdháta.  Tugtar san fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin léargas an-spéisiúil ar bhrústocaireacht in Éirinn.

Dúirt an tOmbudsman gur chríochnaigh a Oifig iniúchadh le déanaí ar na fógraí faisnéise atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin gach údaráis áitiúil. Ach amháin i gcás ceithre údarás áitiúla, dúirt sé gur i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil atá nósanna imeachta gearán lena dtugtar fógraí faisnéise faoi Oifig an Ombudsman. Déanfaidh an tOmbudsman teagmháil leis na ceithre údarás áitiúla sin ceann ar cheann. Dúirt an tUas. Tyndall freisin go bhfuil ag éirí go maith leis an gcumarsáid le húdaráis áitiúla trí theagmhálacha teileafóin agus ríomhphoist.

Labhair an tOmbudsman faoi nós imeachta eiseamláireach gearán a thabhairt isteach do gach údarás áitiúil, rud a bheidh cosúil leis an nós imeachta eiseamláireach gearán do thithe altranais príobháideacha a foilsíodh le déanaí. Mhínigh an tUas. Tyndall na tairbhí a bhaineann le córas caighdeánach a bheith ann ar fud an rialtais áitiúil, agus é ag rá go gcumasóidh an córas dúinn staitisticí ar fud na n-údarás áitiúil uile a chur i gcomparáid le chéile, go gcabhróidh sé le hoiliúint ar líne a fhorbairt lena húsáid ar fud na n-údarás áitiúil uile agus go gcuirfear na sonraí ar fáil ar bhealach atá so-chomhoiriúnach air. Má fhorbraítear foirm idirghníomhach lena húsáid ar shuíomh Gréasáin gach údaráis áitiúil, dúirt an tOmbudsman go mbeidh sé éasca do dhaoine a ngearáin a chur go díreach chuig a Oifig sa chás nach réitítear na gearáin go háitiúil sa chéad ásc.

Chuir an tUas. Tyndall fáilte roimh na pleananna atá ag an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach grúpa oibre nua riaracháin chorparáidigh a thabhairt isteach mar ghrúpa fócasach le haghaidh teagmháil lena Oifig amach anseo. Dúirt an tOmbudsman go bhfuil sé ag tnúth le córas gearán eiseamláireach a phlé leis an rialtas áitiúil sa todhchaí.