Ar 21 Deireadh Fómhair 2011, tráth ar chóir go mbeadh moladh an Ombudsman curtha i bhfeidhm, scríobh Oifig an Ombudsman chuig an Roinn ag lorg sonraí maidir le toradh an athbhreithnithe agus maidir leis an “mbealach inar athbhreithníodh an scéim Liúntais Soghluaisteachta”. Sa chás nach raibh an t-athbhreithniú curtha i gcrích, d’iarr an tOmbudsman ar an Roinn “tuairisc chun dáta a sholáthar in éineacht le dáta ar a mbeadh moladh an Ombudsman curtha i bhfeidhm go hiomlán”.
Chuir an Roinn freagra ar a litir seo ar 28 Samhain 2011(féach ar an Aguisín). An freagra a fuarthas ná go raibh “breithniú déanta ag an Rialtas air agus tá sé i gceist aige breithniú breise a dhéanamh air. Nuair atá cinneadh déanta ag an Rialtas maidir leis an liúntas soghluaisteachta, rachaidh an Roinn i dteagmháil arís leis an Ombudsman”. Ní dhearna an Roinn trácht ar bith ar an amscála sé mhí a bhí ann moltaí an Ombudsman a chur i bhfeidhm; agus níor gabhadh aon leithscéal ann nár cuireadh an moladh céanna i bhfeidhm.
Sa mhéid nach raibh aon chumarsáid eile ann, scríobh Oifig an Ombudsman arís chuig an Roinn ar 29 Nollaig 2011. Shonraigh an litir sin gur theip ar an Roinn moladh an Ombudsman a chur i bhfeidhm agus go raibh an Roinn fós ag seasamh le scéim ina raibh “critéar cáilitheachta atá, dar leis Roinn féin, ag sárú an dlí”. Ós rud é go bhféadfaí baint de thátal as litir na Roinne ar 28 Samhain 2011 go raibh cinneadh Rialtais ag teastáil ón Roinn chun moladh an Ombudsman a chomhlíonadh, luaigh Oifig an Ombudsman gur chóir go raibh an Roinn “ag coinne leis an deacracht sin nuair a thug sí tiomantas maidir le moladh an Ombudsman a chur i bhfeidhm”.
Ar 20 Eanáir 2012 scríobh Oifig an Ombudsman chuig an Roinn ag rá go raibh dhá ghearán nua faighte aici ó dhaoine ar diúltaíodh Liúntas Soghluaisteachta dóibh de bharr na huasteorann aoise. D’iarr an tOmbudsman ar an Roinn a seasamh reatha ag an uair maidir leis an ábhar a shonrú. Tar éis roinnt meabhrúchán a chur, fuair an tOmbudsman freagra na Roinne ar 7 Márta 2012. Luaigh sé go raibh cúrsaí díreach mar a bhí sonraithe ina litir ar 28 Samhain 2011, is é sin, nach raibh cinneadh ar bith déanta maidir leis an uasteorainn aoise. Maidir leis an dá ghearán is déanaí a tháinig isteach chuig an Ombudsman, luaigh an Roinn nach raibh, toisc nach raibh an critéar cáilitheachta athraithe, sé d’údarás ag FSS “an liúntas a íoc lasmuigh de na critéir cháilitheachta”.
Ardaíodh an cheist an Liúntas Soghluaisteachta a bheith ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann mar Cheist Parlaiminte ar 31 Eanáir 2012 (Ceist Uimhir. 573) Ina freagra scríofa, rinne an tAire Stáit (Kathleen Lunch) tagairt do mholadh an Ombudsman agus dúirt sí “Tá sé luaite ag an Roinn leis an Ombudsman go bhfuil raon roghanna beartas ar ghá machnamh a dhéanamh orthu. Níl cinntí deiridh beartas déanta againn maidir leis seo go fóill”. Ní raibh aon trácht ar ghealltanas na Roinne moladh an Ombudsman a chur i bhfeidhm roimh 21 Deireadh Fómhair 2011.
Ar 18 Meitheamh 2012 scríobh Oifig an Ombudsman chuig an Roinn arís ag rá go raibh tuilleadh gearán faighte aici maidir leis an uasteorainn aoise don Liúntas Soghluaisteachta agus le sonraí a fháil maidir le cathain a mheas an Roinn a bheadh cinneadh aici ar an ábhar. Ar 13 Iúil 2012 fuair an tOmbudsman freagra na Roinne a luaigh go raibh “seasamh na Roinne faoi láthair, díreach mar a bhí i gcomhfhreagras go dtí seo”.
Idir an dá linn, chuir an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil do 2011 os comhair na Dála agus an tSeanaid ar 26 Meitheamh 2012. Ina Tuarascáil, tharraing an tOmbudsman aird ar nach raibh an Roinn tar éis an moladh a chomhlíonadh a luadh sa tuarascáil Too Old to be Equal? Luaigh sí seo ina Tuarascáil Bhliantúil :
Thug mé le fios i mo Thuarascáil Imscrúdaithe bhunaidh gurb é an toradh atá ag neamhábaltacht dealraitheach na roinne déileáil le saincheisteanna, mar choinníoll neamhdhleathach a bheith sa Scéim Liúntas Soghluaisteachta, “go bhféadfadh daoine a mheas gur cuma leo go bhfuil scéim á reáchtáil acu atá ag teacht salach ar dhlí na tíre agus ar an dlí um chearta an duine go ginearálta.” Tá sé breis agus bliain níos déanaí anois agus níor chruthaigh an roinn fós nach bhfuil údar ag daoine an dearcadh sin a bheith acu.
Lena chois sin measaim nach bhfuil sé sásúil ar chor ar bith gur theip ar an roinn teagmháil a dhéanamh liom le rá nár chomhlíon sí an moladh, nó nach raibh sí in ann é a chomhlíonadh.
Ar 20 Iúil 2012 scríobh Oifig an Ombudsman chuig Ard-Rúnaí na Roinne chun a rá, de bharr theip na Roinne moladh an Ombudsman a chur i bhfeidhm, agus ós rud é nár tugadh aon dáta ar leith faoina gcuirfí an moladh i bhfeidhm, go raibh sé i gceist ag an Ombudsman tuarascáil speisialta a scríobh agus a chur faoi bhráid an Oireachtais.
Ar 27 Iúil 2012 d’fhreagair an Roinn. Den chéad uair ó d’imigh an sprioc sé mhí in éag do chur i bhfeidhm mholadh an Ombudsman, ghabh an Roinn leithscéal mar gheall ar an “moill maidir leis an ábhar seo”. Mar leanúint leis sin, luaigh an Roinn:
Tá sé anois ina rún docht againn an cheist seo a réiteach faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair. De bharr chineáil agus íogaire na gcinntí is gá a ghlacadh i leith an liúntais seo, agus de bharr ceisteanna eile, is gá an cheist a chur faoi bhráid an Rialtais agus táimid ag ullmhú chuige seo faoi láthair.