Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
 

Moltaí

Tar éis di imscrúdú a dhéanamh faoi alt 4 den Acht Ombudsman 1980, agus ag eascairt ó na cinntí leagtha amach thuas, iad seo a leanas moltaí an Ombudsman don Roinn Sláinte:

  1. Go mbainfeadh an Roinn láithreach bonn, gan réamhchlaontacht mar gheall ar aon chinneadh a d’fhéadfaí a dhéanamh mar gheall ar thodhchaí na scéime i gcoitinne, an uasteorainn aoise mar choinníoll sa scéim Liúntais Soghluaisteachta.
  2. Go dtabharfadh an Roinn údarás do FSS athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais na gceathrar (féach ar nóta 1) gearánach a bhfuil a gcásanna luaite thuas sa tuarascáil seo agus nach mbeadh an uasteorainn aoise san áireamh san athbhreithniú sin.
  3. Go gcuirfeadh an Roinn de cheangal ar FSS (i) gach iarratas a aithint ar Liúntas Soghluaisteachta a fuarthas ó 1 Aibreán 2011 agus ar diúltaíodh dóibh de bharr na huasteorann aoise amháin, nó inar cuireadh cinneadh ar atráth toisc go rabhthas ag feitheamh ar shoiléiriú maidir leis an uasteorainn aoise, agus (ii) go ndéanfadh an Roinn athbhreithniú ar na hiarratais seo gan an uasteorainn aoise san áireamh.

Nóta 1:

Glacann an tOmbudsman leis nach bhfuil an gearánach i gCás 5 ag súil go ndéanfadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte athbhreithniú ar a iarratas.