Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
 

Moltaí Diúltaithe – Barúil an Ombudsman

Dhiúltaigh an Roinn do mholtaí an Ombudsman. Ina litir ón Ard-Rúnaí dar dáta 22 Deireadh Fómhair 2012 – foilsithe in Aguisín na tuarascála seo - dúirt an Roinn nach raibh sé “in ann an ciorclán a leasú a bhain leis an Liúntas Soghluaisteachta”. De bhreis air sin, deir an Roinn go dtabharfadh na “moltaí, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, neamhaird ar shrianta tromchúiseacha airgeadais atá ar an Roinn, an FSS agus ar an Stát i gcoitinne.” Deir an Roinn go ndéanfadh: “cur i bhfeidhm na moltaí dliteanais a chruthú nach bhfuil sé d’acmhainn airgid ag an Stát iad a sheasamh”. Mar chríoch, deir an Roinn, cibé scéal é go mbeidh sí “ag féachaint le réiteach a fháil ar na saincheisteanna atá fós idir lámha chomh gasta agus is féidir é”.

Cuireann an Roinn an cás seo i láthair mar choinbhleacht mhí-ámharach idir ceanglais an dlí agus srianta ar chaiteachas poiblí. D’fhéadfaí bheith tuisceanach ina leith seo dá mba rud é gur deacracht seo a tháinig chun solais le déanaí. D’fhéadfaí glacadh leis go bhféadfaí tréimhse réasúnta ama a thabhairt don Roinn chun an choinbhleacht a réiteach. Déanta na fírinne, ámh, tugadh tréimhse imleor don Roinn réiteach a fháil air seo. Bhí an bonn neamhdhleathach i bhfeidhm ó bhí 2000 ann, sin le dhá bhliain déag anuas. Bhí an Roinn ar an eolas faoin neamhdhleathacht sin ón tús, nó ba chóir go raibh. Bhí an Roinn  ar fógra sonrach réiteach a fháil ar an scéal ó mhí Aibreáin 2011. D’aontaigh an Roinn an fhadhb a réiteach i mí Aibreáin 2011.

Cibé scéal é diúltaíonn an tOmbudsman don seasamh, i bhfianaise na géarchéime airgeadais sa Stát faoi láthair, nach féidir a moltaí a chur i bhfeidhm. Ní cás é seo a mbeadh méadú substaintiúil ann ar chaiteachas poiblí dá gcloífí leis an dlí. Bhí an tOmbudsman thar a bheith soiléir maidir leis seo ina tuarascáil bunaidh i mí Aibreáin 2011 mar ar thagair sí go sonrach don ghá a bhí ann meaitseáil a dhéanamh ar théarmaí incháilitheachta faoin scéim le leibhéal na n-acmhainní ar fáil. Cé nach réimse é seo inar chóir don Ombudsman a túsrogha a chur in iúl, is léir go bhfuil roghanna ann don Roinn, idir dheireadh a chur leis an scéim ina hiomláine, laghdú ar luach airgeadais na scéime, nó thabhairt isteach coinníll theorannaithe incháilitheachta eile (ach é bheith dleathach).

Tá saincheist shuntasach muiníne léirithe i bhfreagra na Roinne ar an Ombudsman. Faoi láthair, tréimhse ina bhfuil géarchéim thromchúiseach náisiúnta, tá soláthar seirbhísí sláinte agus leasa ríthábhachtach do dhaoine i gcoitinne.  Is gá go mbeadh daoine muiníneach go ndéanfadh an Roinn Sláinte, agus go deimhin as gach gníomhaireacht Stáit, feidhmiú go freagrach, go cóir cothrom agus go dlíthiúil.  Is réimse thar a bheith casta é réimse na seirbhísí sláinte agus leasa, agus go minic bíonn sé deacair cloí le gach mionsonra is gá chun a chinntiú go ndéantar na seirbhísí a sholáthar ar an mbonn ina iomláine agus is féidir laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Cé go bhfuil na forbairtí seo faoi réir díospóireachta san Oireachtas agus sna meáin, bíonn ar dhaoine glacadh leis ar bhonn muiníne, go bhfuil an Stát agus a ghníomhaireachtaí ag feidhmiú go hionraic. 

De bhreis air sin, tá gá le hoscailteacht ó ghníomhaireachtaí Stáit agus ní mór go mbraithfeadh daoine go bhfuil gach saincheist atá ábhartha dóibhsean á chur faoina mbráid. Ní foláir do dhaoine a bheith soiléir faoi go ndéanfar measúnú oscailte, macánta ar gach breithniúchán cuí is cuma cibé cinneadh deacair is gá a dhéanamh. Ba chóir go gcuirfí daoine ar an eolas faoin bhféidearthacht go gcuirfí deireadh leis an scéim Liúntais Soghluaisteachta, nó go ndéanfaí teorannú ar raon na scéime. Mar sin, níl aon dul as ach go gcruthóidh aon chinneadh deireadh nó srian a chur leis an tseirbhís nó íocaíocht impleachtaí polaitiúla; ach ní cúis é seo bearta riachtanacha de réir dlí a dhiúltú nó a chur siar. 

Mar chríoch, ardaíonn diúltú na Roinne do mholtaí an Ombudsman ceist bhunúsach faoi láidreacht ár dtiomantais náisiúnta do noirm idirnáisiúnta chearta an duine. Feictear an tAcht um Stádas Comhionann 2000 mar aitheantas inár ndlí ar phrionsabal an chomhionannais ó chearta idirnáisiúnta an duine. An teip le dhá bhliain déag anuas an uasteorainn aoise a bhaint ón scéim Liúntais Soghluaisteachta – is diúltú díreach é do phrionsabal chearta an duine atá cumhdaithe san Acht um Stádas Comhionann 2000. Tugann teip leanúnach na Roinne dul i ngleic leis an tsaincheist seo le fios nach samhlaíonn an Roinn mórán tábhachta le tacú le prionsabail chearta an duine agus, go deimhin féin, nach samhlaíonn an Roinn mórán tábhachta le riail an dlí agus lena dualgais feidhmiú de réir an dlí.

Is é barúil an Ombudsman ná gur cás é seo anois ina chóir an tuarascáil a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Cuirfidh sí fáilte roimh aon chuireadh, i gcás go ndéanfar é, an tuarascáil a phlé le Comhchoiste Oireachtais maidir le Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha.

-------------------------------
Emily O’Reilly
Ombudsman
Deireadh Fómhair 2012