Freagra na Roinne
Tugadh an deis don Roinn barúil a chur in iúl maidir le dréacht den tuarascáil seo. D’fhreagair Ard-Rúnaí na Roinne i litir dar dáta 3 Deireadh Fómhair 2012 (tá téacs iomlán na litreach sin ina aguisín den tuarascáil seo agus tá sé le fáil ag www.ombudsman.gov.ie)
Seo a leanas na príomhphointí a rinne an tArd-Rúnaí:
- I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cinneadh maidir leis an scéim, ó thaobh costais bhreise ar an státchiste nó caillteanas ioncaim do ghrúpa leochaileach daoine, is léir gur iomchuí é an cás a chur faoi bhráid an Rialtais. Forchoimeádann an tAire an ceart agus an lánrogha cinneadh a dhéanamh maidir le céard is iomchuí a chur faoi bhráid na Comh-aireachta.
- Níl an Deontas Mótariompair inchomparáide leis an Liúntas Soghluaisteachta ó thaobh a chuspóra de agus ó thaobh leibhéal an chaiteachais i gceist. Mar sin ní ghlactar leis an maíomh gur chóir an aoisteorainn a bhaint sa Liúntas Soghluaisteachta.
- Cuireadh roghanna faoi bhráid an Rialtais agus d’eascair saincheisteanna suntasacha polasaí agus dlí astusan a bhfuil sé beartaithe ag an Roinn iad a réiteach go gasta.
- Tá meas an-mhór ag an Roinn ar chearta daoine faoi mhíchumas.
- Is gá don Roinn aird a bheith aici ar an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun a chinntiú go ndéantar na hacmhainní sin a spriocdhíriú ar na daoine is mó a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.