Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
 

Barúlacha an Ombudsman maidir leis an bhFreagra

Shoiléirigh an tOmbudsman cheana féin nach raibh sí ag maímh go raibh aon cheart aici a mholadh cén toradh deiridh a bheadh ann tar éis athbhreithniú na Roinne ar an scéim le haghaidh Liúntas Soghluaisteachta.  Anuas air sin níl aon ról in aon chor aici i ndáil le cúrsaí a d’fhéadfaí a chur faoi bhráid an Rialtais faoi thodhchaí na scéime nó scéimeanna bainteacha. An t-aon chúis imní ag an Ombudsman ná nár chóir go ndéanfaí scéim, a bhunaigh an Roinn ar bhonn riaracháin, a fheidhmiú ar bhonn critéir incháilitheachta atá neamhdhleathach. 

Fáiltíonn an tOmbudsman roimh dhearbhuithe na Roinne i ndáil le cearta dlíthiúla na ndaoine faoi mhíchumas agus aithníonn freisin go gcaithfidh an Roinn an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil di. 

Ní féidir leis na cearta agus na riachtanais sin, ámh, an Roinn a scaoileadh óna dualgas foriomlán feidhmiú de réir an dlí. D’ainneoin na mínithe atá tugtha ag an Roinn tá an cás fanta mar a bhí, is é sin go simplí, go bhfuil an Roinn fós ag feidhmiú scéime riaracháin ar bhonn critéir incháilitheachta atá neamhdhleathach.