Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Scéim um Chailliúint ar Muir
 

Cuid a Dó - Tuarascáil an Fhiosraithe

Réamhfhocal

Tugadh cóip iomlán de Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe do na príomh-pháirtithe a bhí bainteach leis an bhfiosrú seo. Fuair mé tuairimí faoin Dréacht Tuarascála ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (a thóg freagracht an Iascaigh orthu féin, feidhm a bhí roimhe sin ag an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha), agus ó iar-Aire na Roinne, an tUas. Frank Fahey, TD. Ar chuireadh a fuair mé ón iar-Aire, bhuail mé leis freisin chun éisteacht lena thuairimí ar an Dréacht Tuarascála. Atá sa Tuarascáil seo, de réir mar is cuí, tuairimí uaim féin ar na haighneachtaí a fuair mé.

 

1. An Gearán

1.1  I Mí na Samhna 2004 rinne an tUas. Danny Byrne gearán chuig an Oifig seo agamsa maidir le cinneadh a rinne an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (mar a bhí). Diúltaíodh d’iarratas óna mháthair, Ms Winifred Byrne, faoin Scéim um Chailliúint ar Muir maidir leis an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjoid, rud a thoirmisc aon bhronnadh de thoilleadh ionadach dí maidir leis an árthach sin. Tá cóip den Scéim um Chailliúint ar Muir gafa mar Aguisín 1 leis an Tuarascáil seo. Bhíodh  an MÁI Skifjord faoi úinéireacht agus faoi scipéireacht ag Francis Byrne, athair Danny Byrne. Chuaigh sí go tóin poill le linn stoirme ar chósta Iar-Thuaiscirt Dhún na nGall ar 31 Deireadh Fómhair, 1981. Chailleadh cúigear sa tubaiste .i. Francis Byrne agus a mhac sé bhliana déag -  James (Jimmy) Byrne (deartháir Danny Byrne), Tony O’Brien, James Laverty agus Des McGovern. Sula bhfuair Francis Byrne an MÁI Skifjord bhí bád eile aige ó 1975 i leith, an Lorettto. Tógadh an bád seo go speisialta dó san Inbhear Mór. Nuair a chailleadh an MÁI Skifjord fágadh Mrs Byrne go beo bocht le muirear óg de chúigear gasúr agus triúr chailíní.

1.2 Líomhnaigh an gearánaí nach raibh cinneadh na Roinne cóir ná cothrom toisc:

  • nach raibh na tosca a bhain le cás a theaghlaigh curtha san áireamh mar ba chóir ag an Roinn nuair a bhí an Scéim um Chailliúint ar Muir á dhréachtú acu;
  • nach ndearnadh an fhógraíocht mar ba cheart ar an Scéim um Chailliúint ar Muir agus go raibh an t-iarratas déanach dá bharr sin;
  • gur scríobh an Roinn nuair a seoladh an Scéim chuig iarratasóirí ionchais lena rá leo go raibh a leithéid ann ach níor scríobhadh chuig muintir Byrne;
  • go raibh tuairiscí faighte ag an Roinn cheana féin faoi chásanna de Chailliúint ar Muir agus ba chóir go mbeadh eolas acu faoi chás an Skifjord;
  • gur shásaigh an t-iarratas a rinne an teaghlach Byrne na critéir a bhain leis an Scéim um Chailliúint ar muir, ach amháin an dáta dúnta i gcomhair iarratais;
  • nár chóir gurb ionann an choinníoll cháilithe sa Scéim a thagraíonn do ‘mhór-thréimhse ama’ agus dhá bhliain mar úinéir agus scipéir an árthaigh a chailleadh, gan cuntas a bheith tógtha do thréimhse eile caite mar úinéir agus mar scipéir ar bháid eile.

 

2. Cúlra

2.1 Sa bhliain 1990 tháinig córas nua rialála i bhfeidhm do Chabhlach Iascaigh na hÉireann. Ba é an chiall a bhí le seo dáiríre ná go raibh ‘toilleadh ionadach’ .i. tonnáiste agus cileavatanna, riachtanach anois ag úinéirí bád iascaigh mhara, dá mba mhian leo leanúint leis an iascach, nó iascach a dhéanamh as bád nua nó as bád ní ba mhó, nó fiú amháin tosú ag iascach. Chiallaigh sin go raibh teorainn le toilleadh for-iomlán an chabhlaigh, agus chun toillidh nua a fháil níor mhór d’úinéir an bháid an sean-toilleadh a ‘bhaint amach’. Is éard a lean as sin ná gur fhás margadh san ‘toilleadh ionadach’.

2.2 Faoi mar a tharlaíonn go minic má athraítear córas rialála, bhí deacracht ag roinnt iar-úinéirí bád leis an réimeas nua. Chreid siad go raibh an córas nua mí-chothrom agus nach raibh siad ábalta, sa staid ina rabhadar, an toilleadh ionadach a cheannach. I Mí Mheithimh, 2001, sheol an Roinn an Scéim um Chailliúint ar Muir. Dúirt an Roinn go raibh an Scéim deartha chun freastail ar riachtanais úinéirí bád, daoine a raibh báid caillte ar muir acu idir 1980 agus 1989, agus, murach an mí-ádh a bhain díobh, go mbeadh bád acu agus an toilleadh ionadach inti measúnaithe faoin scéim nua rialála 1990. Thabharfaí toilleadh ina gcearta féin d’iarratasóirí dá n-éireodh lena n-iarratas, rud a thabharfadh an deis dóibh leanúint le traidisiún an iascaigh. Ní raibh aon soláthar sa scéim le haghaidh airgid a thabhairt d’iarratasóirí a n-éireodh leo le haghaidh árthaigh iascaigh eile a cheannach iad féin. Níorbh fholáir an toilleadh ionadach   (.i. oll-tonnáiste agus cumhacht an innill) a bhronnfaí faoin Scéim a úsáid ag an áthrach iascaigh nua a bhfaighfí agus níor fhéadfaí é a thrádáil ná leas mar shócmhainn airgeadais a bhaint as i margadh an tonnáiste. Ba é Aire na linne sin, Frank Fahey TD a thionscain an Scéim tar éis uiríll a bheith faighte aige ó roinnt iascairí a bhí ag lorg athsholáthair tonnáiste.

2.3 Ar 8 Meitheamh, 2001 chuir an Roinn litreacha maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir go dtí na heagraíochtaí seo a leanas: Sean O’Donoghue, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga (EICB), Frank Doyle, Eagraíocht Iascairí na hÉireann, Jason Whooley, Eagraíocht Táirgeoirí Iasc an Iarthair agus an Deiscirt (ETI) agus Mark Lochrin, Eagraíocht Táirgeoirí Iasc na hÉireann. Chuireadh litreacha freisin chuig seisear déag a bhí bainteach le cásanna a bhí ar chomhad i Rannán Iascaigh Mhara na Roinne – an Rannán a bhí freagrach as an Scéim a chur le chéile agus a fheidhmiú. Sna litreacha, fógraíodh seoladh na Scéime agus an dáta deireanach i gcomhair iarratas. Bhí cóip den Scéim sa litir freisin agus an treoir go gcaithfí na h-iarratais a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil maille le cibé doiciméid a bhí riachtanach. Fógraíodh an Scéim um Chailliúint ar Muir freisin i gcuid mhaith foilseachán tráchtála iascaigh, ach níor foilsíodh í in aon nuachtán áitiúil nó náisiúnta.

2.4  Ba é an dáta deireanach chun glacadh le h-iarratais ná 31ú Nollaig 2001. Ba é an dáta a bhí ar an iarratas a chuir muintir Byrne isteach ná 31ú Nollaig 2002 agus fuair an Roinn é ar 7 Eanáir 2003. Dhiúltaigh an Roinn glacadh leis an iarratas toisc go raibh sé déanach. Dúirt an Roinn freisin dá mba rud é, fiú amháin, dá mbeadh an t-iarratas faighte laistigh den teorainn ama de réir na Scéime go dteipfeadh ar an iarratas toisc nach raibh Francis Byrne ina úinéir agus ina scipéir ar an Skifjord ar feadh ‘mór-thréimhse ama’ (féach mír (c), Aguisín 1, a chiallaigh tréimhse dhá bhliain de réir míniú na Roinne). Ní raibh ach tamall gairid ón am a cheannaigh Francis Byrne an bád agus an am a chailleadh í. Le fírinne, bhí Francis Byrne ag iascach go leanúnach ó 1975 i leith, ar an Loretto go dtí 1981 agus ar an Skifjord ó Iúil 1981 go dtí gur chuaigh sé go tóin poill i Mí Dheiridh Fómhair 1981. Fuair an Roinn 67 iarratas ar fad nuair a foilsíodh an Scéim. D’éirigh le sé chinn acu sin, agus dhá cheann as na sé chinn déag a bhí ar chomhad i Rannán Iascaigh Mhara an Roinne a chur san áireamh.

 

An Réamh-Fhiosrú

3.1  In iomlán, mar chuid de phróiseas an réamh-fhiosraithe, fuaireas ceithre tuarascáil ón Roinn faoi na dátaí 5 Eanáir 2005, 4 Feabhra 2005, 4 Bealtaine 2005 agus 20 Nollaig 2005.


3.2 Tuarascáil na Roinne den dáta 5 Eanáir 2005

Sa chéad tuarascáil, 5 Eanáir 2005, dúirt an Roinn inter alia go ndearnadh uiríll chuig an Roinn i gcaitheamh na bliana 1999-2000 thar cheann daoine ag bhí ag iarraidh toillidh ionadaigh a fháil le húsáid in áit an toillidh a bhí ag árthaigh a chailleadh. Ba í an ghnáth-choinníoll a bhain le ceadúnas a thabhairt do bhád iascaigh agus í a iontráil  ar Clár na mBád Iascaigh ná go mbainfí toilleadh bháid iascaigh amach as an gClár, cothrom i méid le toilleadh an bháid iascaigh agus ráite i dtéarmaí oll-tonnaí agus cileavatanna de chumhacht innill. De réir an chleachtais, is éard a bhí i dtoilleadh dá leithéid, ná earra a d’fhéadfaí a thrádáil, neamhspleách ó luach an bháid iascaigh féin. Bhí daoine ann a dtugadh ‘bróicéirí tonnáiste’ orthu, a shocraíodh toilleadh a fháil nó fáil réidh le toilleadh thar cheann úinéirí nó daoine a bheadh molta mar úinéirí ar bháid iascaigh. De réir tuarascáil na Roinne athraíonn costas toillidh na mbád iascaigh ag brath ar sholáthar agus ar éileamh. Níor ghlac an Roinn páirt ar bith maidir le ceannach nó le díol an toillidh idir daoine ná leis an praghsanna a shocrófaí. Thug an Roinn le fios gur thuigeadar go raibh praghas an tonne i gcomhair toillidh idir €2000 agus €4000 le blianta beaga anuas ach nach raibh léargas ró-chruinn acu maidir le sin. Mar sin féin, thug an Roinn le fios go soiléir gur earra sár-luachmhar ba ea toilleadh bháid iascaigh i measc lucht iascaigh. 

Mhínigh an tuarascáil go ndearnadh Clár Bád Iascaigh nua a thionscnamh sa bhliain 1989 in áit an Chláir a bhí ann roimhe sin. Tugadh an Clár nua seo isteach mar gheall ar riachtanais an Phobail Eorpaigh maidir le bainistiú na gcabhlach iascaigh sna Ballstáit, riachtanais a chuir san áireamh an gá a bhí le cabhlaigh a dhéanamh nua-aoiseach agus ag an am gcéanna dul i ngleic le toilleadh iomarcach sna cabhlaigh. Ionas go bhféadfaí bád a bhí cláraithe ar shean-Chlár na mBád Iascaigh a chur ar an gClár nua níor mhór iarratas a bheith déanta i gcomhair cláraithe ag an úinéir roimh 31 Eanáir 1990. Leagadh an riachtanas seo síos i Rialacháin (Clárú, Litreoireacht agus Uimhriú Bád Iascaigh) an Loingis Trádála (I.R. uimh. 344, 1989) agus bunaíodh an Clár nua faoi na Rialacháin seo. D’áiríodh toilleadh gach aon bhád a iontráladh sa Chlár nua i gcoinne toillidh chabhlaigh iascaigh na hÉireann a bhí faoi rialacháin an AE. Ní raibh soláthar ar bith i gcomhair bád a chláraíodh faoin sean-chóras, ach ar bhí caillte ar muir roimh an am sin, chun a bheith glactha isteach sa Chlár nua.

Lean an Roinn lena rá, gur dhealraigh sé óna gcuid taifead, ar iarraidh ó Aire na linne sin (An tUas. Frank Fahey TD), agus in ainneoin mí-shuaimhnis áirithe sa Rannán, gur chuireadh scéim le chéile a ghlacfadh, mar thoilleadh ionadach, faoi réir chritéir áirithe, an toilleadh a bhí ag árthaigh a chailleadh ar muir roimh thionscnamh chláir na mbád iascaigh sa bhliain 1990. De réir tuarascáil na Roinne, rinne an Rannán an-chúram den ghá a bhí le deimhin a dhéanamh de go bhfanfadh Éire laistigh de theorainneacha an toillidh faoi mar a bhí leagtha síos ag an AE. Ag an am sin bhí eolas ag an Roinn faoi 10 gcásanna nó mar sin d’áthraigh den sórt a chailleadh ar muir idir 1980 agus 1989.  I Mí Eanáir 2001 d’fhaomh an tAire an scéim faoi réir na gcoinníollacha a leagadh síos agus faoi réir toiliú an PO nach mbeadh a thuilleadh cásanna seachas iad siúd atá ar eolas againn cheana. I Mí na Feabhra 2001 chuathas i gcomhairle le lucht an tionscail maidir le forálacha na scéime a bhí molta.  Fuarthas freagraí measctha ar ais sa mhéid gur fháiltigh cuid de na heagraíochtaí ionadaíochta roimh an scéim, ach bhí deacrachtaí ag cuid eile go mbeadh toilleadh saor in aisce á thabhairt do dhaoine áirithe agus é á dhiúltú ar dhaoine eile.

Lean an tuarascáil lena rá gur seoladh an Scéim um Chailliúint ar Muir i Mí Mheithimh 2001. Ba é an dáta deireanach chun iarratais a fháil ná 31ú Nollaig 2001. Scríobhadh le sonraí na Scéime chuig gach ceann de na heagraíochtaí ionadaíochta chomh maith le iarratasóirí ionchais a bhí ar aithne ag an am. Bhí méadú tagtha ar liosta na gcásanna a bhí ar aithne go dtí 16 faoin dtráth sin. Chuireadh fógraí freisin ar an Marine Times, ar The Skipper agus ar Fishing News. Thug an Roinn le fios go bhfuarthas 67 iarratas san iomlán roimh an dáta dúnta, agus as an méid sin faomhadh sé chinn. Diúltaíodh don chuid eile go léir ar an mbonn gur theip orthu ceann amháin nó breis de chritéir na Scéime a shásamh (féach Aguisín 1).

Chuaigh an tuarascáil ar aghaidh lena rá go bhfuarthas an fhoirm iarratais ó mhuintir an ghearánaí i Mí Eanáir 2003 faoi chlúdach litreach ón Aire Máire Ní Chochláin TD, a bhí ina Aire Gnóthaí Sóisialta, Pobail agus Teaghlaigh ag an am. Chuireadh in iúl don Aire an mhí chéanna nach bhféadfaí an t-iarratas a bhreithniú toisc nach bhfuarthas é roimh dáta dúnta na Scéime. Dúirt an tuarascáil go ndearna muintir an ghearánaí roinnt pointí chun tacú lena n-iarratas. (Féach Alt 1.2 thuas).

I ndáil leis na ceisteanna áirithe a d’ardaigh an Oifig agamsa, thug an Roinn freagraí mar a leanas:

Dúirt an Roinn go ndearnadar gach iarracht réasúnta, mar a achoimríodh, lena dheimhniú go raibh foilsiú forleathan déanta ar an Scéim agus go raibh a fhios sin tugtha do gach chás a bhí ar aithne. Sa tréimhse sé mhí a tugadh le hiarratais a dhéanamh bhí raidhse ama ann chun eolais na Scéime a bheith leata ó bhéal go béal. Sa chás gur fhás líon na n-iarratas ó 16 go dtí 67, thaispeáin sin an tionchar a bhí ag an bpoiblíocht a tugadh don Scéim.

Dúirt an Roinn go ndearna Rannán Ceadúnaithe agus Cláraithe na mBád Iascaigh fiosrú roimh seoladh na Scéime féachaint an raibh taifid ábhartha laistigh don Roinn. Fuaireadar amach áfach nach raibh taifid dá leithéid ‘in aice láimhe’. Theastódh cuardach i measc comhad aonaracha maidir le tarlúintí ar muir, laistigh den Rannán um Shábháilteacht ar Muir , agus ní bheadh ach beagán díobh sin ag baint le hárthaigh iascaigh. Tharlódh freisin nach mbeadh tuairisc curtha chuig an Roinn faoi cuid de na tarlúintí céanna. Ní raibh aon taifead i Rannán an Iascaigh Mhara mar gheall ar chás an Skifjord agus ní raibh aon iarratas ar thoilleadh ionadach maidir leis an árthach sin sula bhfuarthas an t-iarratas faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Níor cheapadh go mba ghá an cuardach sin a dhéanamh chun an Scéim a thionscnamh.

Dúirt an Roinn dá mbeadh an t-iarratas faighte roimh an dáta dúnta go ndiúltófaí é ar aon chuma ar an mbonn go raibh teipthe ar cheann de na critéir.  Is é deir Alt (c):  ‘taispeántar go raibh an bád atá i gceist, de réir tagairtí i dtuairisc na log-bhileoige , nó i dtaifid ábhartha eile, a bheith á húsáid go gníomhach agus go leanúnach, ar feadh mór-thréimhse de bhlianta, ag an duine atá i gceist, le haghaidh iascaigh mhara de chatagóir atá clúdaithe faoi rialacháin an toillidh ionadaigh, go dtí gur chailleadh ar muir í’.  Ag measúnú na n-iarratas dóibh is í an chiall a bhain an Roinn as ‘mór-thréimhse de bhlianta’ ná dhá bhliain ar a laghad. Chailleadh an Skifjord an bhliain chéanna a cheannaíodh í. Cé gur dheimhnigh muintir Byrne go raibh an Slifjord acu mar mhalairt ar árthach eile a raibh iascach déanta acu aisti ar feadh tamall de bhlianta roimhe sin, mar sin féin bhí téarmaí na Scéime righin go leor agus ní cheadófaí árthach roimh ré a áireamh chun cáilíocht a bhaint amach. Dá mbeadh an Roinn bog ar an gcritéar seo níor mhór athbhreithniú ar gach iarratas eile ar an dóigh chéanna. Tugadh le fios go raibh trí chás eile a diúltaíodh toisc gur theip orthu ar an gcritéar seo amháin.  Rinne ceann amháin ar a laghad díobh sin tagairt do bhád a bhí acu roimhe sin. 

Cé go soláthraíonn alt (a) de chritéar na Scéime (féach Aguisín 1) gur cheart don iarratasóir a bheith ina úinéir agus ina scipéar ar an árthach a chailleadh, mar sin féin ní dhiúltódh an Roinn d’iarratais ó neasghaolta teaghlaigh faoin gcritéar sin i gcás mar seo. Bhí seo ag teacht le foráil na Scéime a cheadaigh don toilleadh a bhronnfaí faoin Scéim do dhul chun leasa an iarratasóra nó chun leasa neasghaoil teaghlaigh an iarratasóra. 

Dúirt an Roinn dá ngéillfí d’iarratas an ghearánaí go mba ghá dhá leasúchán a dhéanamh ar chritéir na Scéime agus bheadh fasaigh dá réir curtha síos sa mhéid go gcaithfí caitheamh le hiarratais eile agus le hiarratais ionchais eile sa tslí chéanna. Ag seo a leanas na fadhbanna:

  • Dá nglacfaí leis an iarratas i gcomhair a bhreithnithe b’ionann sin agus an dáta dúnta a chur siar níos mó ná bliain. Seachas é sin bhí dhá iarraidh eile faighte tar éis an dáta dúnta ag an Roinn le bheith páirteach sa Scéim. Freisin fuair foireann na Roinne roinnt glaonna teileafóin tar éis an dáta dúnta ó iarratasóirí ionchais ach níor rinneadh na glaonna seo a thaifeadadh. Mheas an Roinn go bhfuarthas cúig ghlaoch mar sin ar a laghad. Dúradh leis an lucht glaoite seo go raibh an Scéim dúnta agus nach ndéanfaí a n-iarratais a mheas. Níorbh fhios cé méid cásanna eile a bheadh ann dá ndéanfaí  an dáta dúnta a chur siar. 
  • I ndáil le leasú a déanamh ar Alt (c) den Scéim maidir le stair-chuntas an iarratasóra – leagtar amach seasamh na Roinne thuas.

 

Dúirt an Roinn gur thuigeadar go dian-mhaith gur tarlúint an-tubaisteach ar fad ba ea cailliúint an chúigir nuair a chuaigh an t-árthach go tóin poill agus gan aon amhras go raibh mór-anró fulaingthe ag na teaghlaigh áirithe dá bharr. Ach bhíodar freisin den tuairim go bhféadfadh iarratasóirí eile a mhaíomh go raibh an-tubaiste freisin ag baint le cailliúint na n-árthach acusan. Ach, dúirt an Roinn go raibh sé de cheangal orthu, ar mhaithe le cothromaíocht, chomh fada agus a bhain le gach iarratasóir an Scéim a oibriú de réir na gcritéar a bhí leagtha síos.  

Dá gcaillfí árthach ar muir, bád ar Chlár na mBád Iascaigh, bheadh an toilleadh ar fáil don úinéir sa bhealach céanna a bhíonn an toilleadh ar fáil d’úinéirí a dhíolann nó a dhí-chláraíonn a gcuid bhád. Faoi na Rialacháin um Chlárú mar atá siad, tig leis an Ard-Chláraitheoir árthach a bhaint amach as an gClár atá go intuigthe a bheith caillte, briste suas, gan acmhainn farraige nó éirithe as an iascach ar fad. De réir an pholasaí reatha chun ceadúnais a thabhairt do bháid iascaigh, má tá toilleadh bháid iascaigh ‘bainte den Chlár’, ní foláir an toilleadh sin a ‘aischur’ sa Chlár (.i. é a úsáid chun bád iascaigh a chur isteach sa Chlár) laistigh de dhá bhliain ó dhí-chláraíodh é. Mura ndéantar sin caillfidh an t-úinéir an teideal ar an dtoilleadh. Toisc gur cailleadh an Skifjord roimh thionscnamh an Chláir reatha ní raibh an toilleadh áirithe sin ar fáil i gcomhair aischurtha.

Chríochnaigh tuarascáil na Roinne lena rá gur scéim fhinideach theoranta a bhí sa Scéim nár bhronn ach teideal teoranta d’iarratasóirí cáilithe, mar eisceacht ó na ghnáth-rialacháin. Bhí téarmaí na Scéime teoranta agus sriantach cuid mhaith. Tá an Scéim dúnta anois agus ní raibh soláthar ar bith faoi pholasaí ceadúnaithe na mbád iascaigh chun go bhféadfadh an tÚdarás Ceadúnaithe an Scéim a ath-oscailt nó athrú a dhéanamh ar an modh a bhí aon chuid de na coinníollacha á chur i bhfeidhm.

Dúirt an Roinn nach raibh aon bhonn eile lena bhféadfaí an t-iarratas ó mhuintir Byrne a mheas nó a cheadú ach amháin ar bhonn treorach ón Aire a shíneodh dáta dúnta na Scéime agus a leasódh alt (c) den chritéar chun go gceadófaí stair-chuntas báid ó ré roimhe a chur san áireamh. Chuir an Roinn in iúl go mbeadh ciall níos faide anonn ná cás an teaghlaigh Byrne ag athruithe dá leithéid. Bhí daoine eile a rinne iarratas tar éis an dáta dúnta, agus bhí daoine ann a dhéanfadh iarratas dá bhfaigheadh siad an deis. Ar son an chothromais ba cheart an deis a thabhairt dóibh sin freisin. Dá ndéanfaí athrú ar alt (c) chuirfeadh sin árthach amháin eile, ar a laghad, isteach sa mheasúnú i gcomhair a fhaofa. Chuirfeadh toradh iomlán na n-athruithe sin le chéile le toilleadh iomlán an chabhlaigh Éireannaigh agus chuirfí freisin le cúram na Roinne chun dílseacht do na teorainneacha a dheimhniú. Dá mbeadh aon bhaol ann go sárófaí na teorainneacha, bheadh sé riachtanach, trí mheán treorach polasaí ón Aire, leasú a dhéanamh ar théarmaí an réimis ‘ceann-ar-cheann, isteach-amach’ ionas go mbeifí ag iarraidh toilleadh níos mó a tharraingt as ná mar a thabharfaí isteach sa chabhlach. B’ionann sin is a rá go mbeadh iascairí eile ag íoc as luach an lamháltais a tugadh dóibh siúd a bhainfeadh tairbhe as a leithéid d’ath-oscailt ar an Scéim um Chailliúint ar Muir.

3.3 Tar éis dom freagra na Roinne a mheas, fuaireas go raibh gá le tuilleadh faisnéise agus soiléire a lorg ón Roinn, agus freisin d’iarr mé orthu comhaid áirithe a bhain leis an gcás a chur go dtí an Oifig agamsa.  


3.4 Tuarascáil na Roinne den 4ú Feabhra 2005

Sa dara tuarascáil seo dúirt an Roinn nach raibh an Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara, an Rannán a bhí freagrach as ceadúnú agus as clárú na mbád iascaigh ag an am, nach raibh eolas acu ar chás an Skifjord. Dá bhrí sin, ní raibh aon eolas acu an ndearnadh aon fhiosrú maidir le cailliúint an árthaigh nó an raibh tuairiscí ann ar an gcailliúint sin ann nó nach raibh. Dúirt an Roinn go raibh fiosruithe déanta leis an Oifig Suirbhéireachta Mara agus le Stiúrthóireacht na Sábháilteachta Mara sa Roinn féachaint an raibh taifid ar bith acu maidir le cailliúint an Skifjord. Tar éis dóibh domhain-chuardach a dhéanamh bhí Stiúrthóireacht na Sábháilteachta Mara anois tar éis comhaid a aimsiú a bhain le cailliúnt an Skifjord.

Dúirt an Roinn gur dhealraigh sé ón gcomhad go ndearna oifigeach as Oifig na Suirbhéireachta Mara fiosrú maidir le dul go tóinn poill an árthaigh. Bhí tuarascáil an fhiosraithe sin ar an gcomhad agus bhí moltaí áirithe sa tuarascáil. Dúirt an Roinn go raibh sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, sa toisc seo, nach raibh eolas ar bith faoi chás an Skifjord  ag an dream sa Roinn a bhí freagrach as an Scéim um Chailliúint ar Muir ag an am a seoladh an Scéim sin i 2001. Rinneadar roinnt fiosruithe leis an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  roimh an seoladh maidir le árthaigh iascaigh a chailleadh ach dúradh leo nach raibh aon fhaisnéis faoi chailliúint árthach iascaigh go caoithiúil in aice láimhe. 


3.5 Tuarascáil na Roinne den 4ú Bealtaine 2005

Chuireadh comhfhreagras eile chuig an Roinn ar an 10ú Feabhra 2005 agus, inter alia, d’ardaíodh na ceisteanna seo a leanas:

  • Dhealraigh sé go raibh easpa taifead sonracha ar chomhaid na Roinne maidir leis an modh inar cheapadh an Scéim um Chailliúint ar Muir agus nár léir go raibh nótaí ar bith sna comhaid i dtaobh comhráití ar na choinníollacha sin sular chuireadh an dréacht deireanach den Scéim chuig an Aire i gcomhair a fhaofa;
  • Tugadh faoi deara go raibh, i measc na gcásanna a raibh eolas sonrach ag Rannáin Riaracháin an Iascaigh Mhara orthu, an MÁI Joan Patricia,  an MÁI Spes Nova agus an MÁI Kreis an Avel. Bhí na trí chás seo i measc na sé n-iarratas ar éirigh leo ag deireadh thiar nuair a chuireadh an Scéim i bhfeidhm. Ní raibh sé soiléir as na taifid cé méid tionchair a bhí ag sonraí na gcásanna seo ar chinntí a rinneadh maidir le chruthú na Scéime le linn an dréachtaithe. 
  • Tuairimíodh go mbeadh sé ní ba chríonna b’fhéidir ó thaobh riarachán de, mar chuid de phróiseas chruthaithe na Scéime, dá mbeadh taighde déanta faoi shonraí chásanna eile a bhí stóráilte ag an Rannán um Shábháilteacht ar Muir. Ní raibh sé soiléir cén chúis nach ndearnadh a leithéid. Dá ndéanfaí taighde sna comhaid seo, b’fhéidir go dtiocfaí ar shonraí teagmhála iarratasóirí ionchais eile, iarratasóirí a d’fhéadfaí eolas na Scéime a chur díreach chucu tar éis a sheolta.  
  • Tugadh faoi deara nach raibh foráil ar bith i gcoinníoll (c) na Scéime (féach Aguisín 1) chun go gcáileodh iarratasóir faoi Scéim dá mba rud é go raibh sé/sí mar scipéir nó mar úinéir a bhí ag iascach go leanúnach ar feadh mór-thréimhse de bhlianta, ach amháin ar dhá bhád, go raibh ceann acu trádáilte isteach chun bád eile a cheannach, agus gur chailleadh an dara bád.
  • Nochtadh roinnt imní freisin maidir le scóip theoranta na fógraíochta a rinneadh tar éis seoladh na Scéime, go háirithe toisc nach raibh eolas sonrach ag Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara ach ar uimhir theoranta de chásanna, agus gur chuir an Roinn scéala díreach chuig na daoine seo maidir le seoladh na Scéime, rud a chuir ar a gcumas an t-iarratas a dhéanamh;
  • Tuairimíodh go mba cheart don Roinn machnamh ar thaighde ní ba shonraí a dhéanamh ar gach chomhad ábhartha a bhí ar fáil lena fháil amach an raibh cásanna eile ann a d’fhéadfaí a mheas go dlisteanach i gcomhair cáilíochta faoin Scéim;

 

3.6 Thug an Roinn tuarascáil eile chuig m’oifig den dáta 4ú Bealtaine 2005 ina ndúirt siad athuair gur tionscnaíodh an Scéim um Chailliúint Árthach Iascaigh ar muir sa bhliain 2001 agus níor mhór iarratais a bheith curtha isteach faoi 31ú Nollaig 2001. Leanadh lena rá, inter alia, gur tionscnaíodh an Scéim i gcomhthéacs bheartais iascaigh an AE a bhí in áit ag an am.

De réir Rialachán AE (2371/2002), a bhí infheidhmithe go díreach i ngach Ballstát, ní foláir deonú na gceadúnas do bháid iascaigh agus clárú na mbád iascaigh ar Chlár na mBád Iascaigh a fheidhmiú sa bhealach a fhorálann, nuair a thugtar bád iascaigh isteach sa chabhlach, go ndéantar lán-toilleadh ionadach a tharraingt amach as an gcabhlach ag an am céanna. Thionscain an tAire an polasaí nua i leith na mbád iascaigh i Mí na Samhna 2003 agus leagtar síos ann, inter alia:

Fanfaidh an  riachtanas 1:1 i gcomhair toillidh ionadaigh in áit  i dtéarmaí GT (oll-tonnáiste) agus KW (cileavatanna), ach amháin maidir leis na cásanna teoranta atá luaite thíos.  Bainfidh an polasaí seo freisin leis an rannán áirithe den chabhlach.

Dúirt an Roinn go gcaithfí a thabhairt faoi deara gur bhain na cásanna teoranta a bhí luaite sa pholasaí le tosca áirithe dá dtarlódh an riachtanas le toilleadh ionadach  a bheith os cionn 1:1, agus dá bhrí sin bheadh seo lán-cheadmhach faoi fhorálacha Rialacháin na Comhairle 2371/2002. Bhí cionroinnt an toillidh sna cásanna a bhí faofa faoin Scéim um Chailliúint ar Muir curtha san áireamh ag ríomhadh méid an toillidh a bhí le baint amach ag úinéirí bád áirither faoi mhír H de Threoir Pholasaí 2/2003. Dá bhrí sin bhí sé ag teacht le Rialachán an AE. Dar leis an Roinn, dá ndéanfaí breis toillidh a chionroinnt, ar bhonn athbhreithnithe a dhéanfaí ar an Scéim um Chailliúint ar Muir, de réir an smaoinimh ón Oifig agamsa, .i. a chionroinnt ar dhaoine a mbeadh cead acu dá réir sin báid iascaigh a thabhairt isteach sa chabhlach, agus gan an comhionann de thoilleadh a bhaint amach, bheadh a leithéid sin, dar leis an Roinn, ag sárú téarmaí reachtaíochta an AE, sa mhéid go mbeadh na hárthaigh ceadúnaithe agus iontráilte ar Chlár na mBád Iascaigh, in éagmais a gcomhionann de thoilleadh a bheith bainte as Clár na mBád Iascaigh.  

Lean an Roinn lena rá, i ndáil leis an Stát do cheannach toilleadh le cionroinnt ar iarratasóirí faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, go raibh a leithéid toirmiscthe faoi rialacha an AE. Dúradar nach dtugann Rialachán AE 2371/2002 cead don Stát aon toilleadh a bhaint as Clár na mBád Iascaigh le tacaíocht phoiblí, ná é a aischur isteach i gClár na mBád Iascaigh i gcás ar bith. Dúirt an Roinn go ndearcann Coimisiún an AE ar an bpolasaí seo mar chloch chúinne den Chomhbheartas Iascaigh nua, sa mhéid is a dheimhnigh sé nach rachadh toilleadh na mbád iascaigh os cionn leibhéil an 1ú Eanáir 2003.


3.7 Tuarascáil na Roinne den 20 Nollaig 2005

Ar 11 Bealtaine 2005 scríobh an Oifig seo chuig an Roinn arís ag iarraidh orthu smaoineamh a dhéanamh ar bhealach éigin chun sásaimh a thabhairt sa chás seo. Ag an am céanna tugadh tuairisc chruinn don ghearánaí ar staid an cháis mar a bhí. Nochtadh an tuairim don Roinn agus don ghearánaí go mb’fhéidir go raibh an Scéim um Chailliúint ar Muir fabhtach nó easpach sna nithe a imlínigh an litir don Roinn ón Oifig agamsa ar 10 Feabhra (féach alt 3.5 thuas). Dúirt an Roinn go mbeadh comhairle dhlíthiúil á lorg acu faoin scéal.

In Acht an Ombudsman, 1980, tá idirdhealú déanta idir réamh-fhiosrú agus fiosrú foirmiúil ar ghearán. Ní féidir teacht ar fhionnachtana ná moltaí a déanamh ag lorg sásaimh ó chomhlacht poiblí ach amháin i ndiaidh fiosruithe fhoirmiúil. Ag an tráth sin bhí an cás fós faoi réamh-fhiosrú agus ní raibh ach réamh-tuairimíocht nó tuairimíocht shealadach nó trialach á dhéanamh faoi leorgacht  na Scéime a bhí ag an Roinn, tuairimíocht a bhí oscailte don Roinn i gcomhair a séanta.

3.8  Thug an Roinn freagra ar an Oifig seo ar 20ú Nollaig 2005. Níor ghlacadar go raibh an Scéim fabhtach ar chor ar bith. Dúradar go bhfacthas dóibh go raibh an Oifig seo ag nascadh méid na taighde a rinne an Roinn ar a gcuid chomhad féin roimh fhoilsiú na Scéime – go rabhamar á nascadh sin le heaspa cothromais éigin i ndearadh na Scéime. Dúirt an Roinn nár ghlacadar gur bonn cóir chun cinnidh a dhéanamh i ndáil le cothromas i ndearadh Scéime méid na taighde a dhéantar faoi chásanna a bhí ann roimhe sin. Dúradar go raibh sé de cheart ag an Roinn an Scéim a dhearadh ar bonn an pholasaí reatha, bainteach le nithe a bhí gaolmhar le bainistiú cabhlaigh iascaigh na hÉireann. Mheas an Roinn go rabhadar i dteideal coinníollacha sriantacha a chur i bhfeidhm ag éirí as an bpolasaí sin agus freisin sprioc daingin a leagan síos chun glacadh le hiarratais.  Lean an Roinn á rá nach raibh sé riachtanach aithne a chur ar gach chás ionchais eile sula ndéanfaí an Scéim a sheoladh. Dúradar, faoi mar atá an cás in aon ghlaoch ar thairiscintí nó i ráitis spéise, nach bhféadfadh aon bhealach deimhneach a bheith ag an Roinn chun fios a fháil roimh ré maidir le líon na n-árthach a d’fhéadfadh a bheith clúdaithe ag an Scéim. Ba leor fógairt na Scéime ar an bpreas trádála agus an t-am réasúnta fada a fágadh i gcomhair iarratas a chur isteach – ba leor iad sin chun eolais na Scéime a leathadh dar leis an Roinn. Lean an Roinn lena rá toisc gur fhás líon na n-iarratas ó 16 go dtí 67 ar an dáta dúnta, thaispeáin sin go raibh toradh an-láidir ag an bpoiblíocht a rinneadh. Dúirt an Roinn gurb é cuspóir na Scéime go soiléir ná traidisiún iascaigh na dteaghlach a chothú agus a chothabháil.  Níor mhór aon toilleadh ionadach a bhronnfaí a bheith á úsáid ag muintir an iarratasóra amháin agus níor cheadmhach é a dhíol. Dá bhrí sin, de réir na Roinne, bhí sé réasúnta, nuair a bhí an tAire ag tionscnamh na Scéime, go ndéanfaí sin ar bhealach go ndíreofaí go réasúnta ar lucht iascaigh agus sin an cuspóir a bhí taobh thiar den Scéim sa chéad áit. Dúirt an Roinn, fiú amháin mura raibh díriú déanta ar dhaoine nach raibh bainteach a thuilleadh leis an iascach, nárbh  ionann sin agus a rá nach raibh seo ag teacht le bun-chuspóir na Scéime. Mhaíodh go raibh measúnú cothrom déanta ar na hiarratais ar fad agus gur dealraitheach go raibh glactha le sin. Thugadar le fios nach raibh sé rompu an Scéim a athbhreithniú ná a oscailt arís.


3.9 An Fiosrú

Nuair a bhí athbhreithniú dian déanta ar a raibh d’fhianaise cruinnithe go dtí sin shocraigh mé ar fhiosrú foirmiúil ar dhéanamh ar an ngearán. Maidir le seo, bhraith mé, in ainneoin go raibh an Oifig agamsa ag áiteamh tuillteanais an cháis le fada, dhiúltaigh an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a cinneadh agus chuir an Roinn i gcoinne aon smaoinimh go raibh mí-riarachán de shórt ar bith ag baint leis a rachadh chun aimhleasa an ghearánaí. Bhraith mé freisin, gur cás a bhí agam anseo a mbeadh ceachtanna le fáil as  b’fhéidir, i gcomhair saincheisteanna córasacha ní ba leithne fós sa riarachán poiblí. Chuireadh an cinneadh seo chun fiosrú a dhéanamh in iúl do Ard-Rúnaí na Roinne i Mí Iúil 2006, maille le Ráiteas um Ghearán a rinne cur síos ar na fíricí a tháinig chun solais le linn an réamh-fhiosraithe.


3.10 Freagra na Roinne ar an Ráiteas um Ghearán

Líomhnaigh an Ráiteas um Ghearáin, inter alia,

  • nach raibh breithniú mar ba chóir déanta ag an Roinn ar thosca speisialta an teaghlaigh le linn don Scéim um Chailliúint ar Muir a bheith á dhréachtú;
  • go ndeachaigh an Rannán Iascaigh Mhara i mbun dréachtú na Scéime bunaithe ar fhaisnéis shonrach faoi 16 cásanna a bhí ar fáil laistigh den Rannán sin;
  • i gcas an teaghlaigh Byrne, gur dealraitheach go ndeachaigh an chaoi a chuaigh an Roinn i mbun deartha agus foilsithe na Scéime i gcoinne an chuspóra agus na méine a bhí taobh thiar den Scéim .i. traidisiún an teaghlaigh san iascach mara a chothú agus a chothabháil;
  • in ainneoin go raibh meamram ar chomhad ag cur sios cúiseanna nár cheart a leithéid de Scéim a thionscnamh cor ar bith, nach raibh taifead ar bith ann le cruinn-eolas ar an gcúis a chuathas ar aghaidh leis an Scéim nó ar an mbonn taobh thiar de na seacht gcritéir cáilitheachta a leagan síos.

 

An tUas. Brendan Touhy a bhí ina Ard-Rúnaí ag an am agus thug seisean freagra ar an Ráiteas um Ghearán, 31ú Iúil 2006 (gafa le seo mar Aguisín 2).  I ndáil leis na pointí luaite thuas dúirt sé gur cosúil go raibh na ráitis seo bunaithe ar an smaoineamh go raibh tionchar nach beag ag leibhéal an eolais faoi chásanna áirithe, ar scóip na Scéime faoi mar a dréachtaíodh í ar dheireadh thiar. Ní raibh seo fíor a dúirt sé. Dúirt sé gurb é cuspóir an iarratais chuig an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  i Mí Dheiridh Fómhair 2000, ag lorg faisnéise faoi árthaigh iascaigh a chailleadh (féach alt 5.3 thíos), ná teacht ar mheastachán ar líon na n-árthach iascaigh a bhí caillte b’fhéidir, ach ní raibh sé i gceist na cásanna a anailísiú d’fhonn scéim um thoilleadh ionadach a cheapadh. Dúirt sé nach raibh aon scéim molta ná á tharraingt suas. ag an Rannán Iascaigh Mhara ag an dtráth sin. Lean sé lena rá gur coincheap simplí a bhí sa Scéim agus nach raibh anailís mar sin ag teastáil. Go simplí, is éard a bhí ann ná cásanna cruthaithe de árthaigh gníomhacha iascaigh, caillte ar muir, a ghlacadh i gcomhair toillidh ionadaigh, laistigh le thréimhse áirithe, nuair nach raibh na húinéirí ábalta, ar chúiseanna bona fide, árthaigh ina n-ionad a fháil, roimh nó i ndiaidh thionscnaimh an Chláir nua sa bhliain 1990. Chuireadh coinníollacha na Scéime le chéile mar léiriú ar an gcuspóir sin. D’fhonn deacrachtaí a sheachaint le cuspóirí cabhlaigh CTI (Clár Treorach Ilbhliantúil) na hÉireann, bhí sé mar chúram ar an Roinn a dheimhniú nach mbeadh sé mar thoradh ar an Scéim go mbeadh cásanna de chineál eile cáilithe i gcomhair toillidh ionadaigh. Dúirt an Roinn go raibh cuspóir neamh-iata ag an Scéim agus nár bhain sé ach amháin le daoine a shásaigh critéir na cáilíochta. Chuireadh srianta i bhfeidhm chun na críche céanna maidir le húsáid toilleadh ar bith a bhronnfaí. Thug an Roinn an tuairim nár mheasadar go mbeadh tionchar ar bith ag aon eolas speisialta faoi chás muintir Byrne nó faoi aon chás eile ar scóip na Scéime mar a chruthaíodh í ar dheireadh. Níor ghlacadh le líomhain na h-Oifige agamsa go raibh easpa cothromais i ndearadh na Scéime ná go raibh dearadh na Scéime ag dul i gcoinne leasa an teaghlaigh Byrne.

Maidir leis an tslí a fógraíodh an Scéim thagair an Roinn don litir uathu den 20ú Nollaig (féach alt 3.7 thuas). Thugadar le fios nár ghlacadar leis an smaoineamh ón Oifig seo go raibh an tslí a chuaigh an Roinn i mbun poiblíochta na Scéime ag dul i gcoinne cuspóra nó méine na Scéime a bheith bainte amach i gcás mhuintir Byrne.

Ar dheireadh, thagair an Roinn don rud a dúradh sa Ráiteas um Ghearán go raibh easpa taifead ann ag cur síos ar na cúiseanna a chinneadh go rachfaí ar aghaidh leis an Scéim, díreach ar bhonn na seacht gcritéar a leagadh síos. Ina thaobh sin, dúirt an Roinn go rabhadar tar éis gach doiciméad a bhí ar fáil a sholáthar agus go rabhadar soiléir sásta maidir leis an gceist sin.

 

4. Agallaimh a chuireadh le linn an Fhiosraithe

4.1 Rinne mo chuid oifigeach agallaimh a chur ar na daoine seo a leanas a raibh baint lárnach acu i ngníomhartha riaracháin na Roinne maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir, eadhon:

  • An tUas. Joe Ryan, iar-Phríomh-Oifigeach, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara;
  • Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta;
  • An tUas. Tom Carroll, iar-Ard-Rúnaí;
  • An tUas. Frank Fahey TD, iar-Aire Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

 

Chuir m’oifigigh agallamh ar an ngearánaí freisin, an tUas. Danny Byrne agus ar a dheartháir an tUas. Anthony Byrne agus ar an Uas. Brendan Touhy, a bhí ina chomharba ar an Uas. Tom Carroll mar Ard-Rúnaí na Roinne agus a bhí sa phost sin go dtí an 6ú Meán Fómhair 2007. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd go léir ar chuireadh agallaimh orthu agus buíochas freisin leis an Roinn agus leis an iar-Aire as a gcomhoibriú le linn an fhiosraithe seo.

 

5. Comhaid agus Eochair-Thaifid na Roinne

5.1 Le linn an réamh-fhiosraithe, tháinig roinnt saincheisteanna chun solais as an measúnú a rinneadh ar chuid d’eochair-thaifid a bhí ar chomhaid na Roinne, taifid a chruthaíodh le linn tréimhse goir na Scéime. Bhí na taifid seo mar chúlra ag an gcur chuige i leith na n-agallamh a chuireadh ar na daoine a bhí lárnach i gcruthú na Scéime. Déanaim achoimriú thíos ar shonraí na dtaifead seo in ord ama: 


5.2 Aighneacht den 19ú Iúil 2000

Scríobh oifigeach de chuid na Roinne, an tUas. Donegan, aighneacht den dáta 19ú Iúil 2000 a thug le fios gur scríobhadh í tar éis teagmháil a bheith faighte aige ón Aire Fahey thar cheann duine dá thoghthóirí, an tUas. Tony Faherty, faoi gceist, inter alia,  an ionchais go bhfaighfí toilleadh ionadach a thabhairt don Uas. Faherty ar son árthaigh den ainm Joan Patricia, a chailleadh sa bhliain 1983, agus nach raibh, dá réir sin, iontráilte sa Chlár a bhunaíodh i 1990 i gcomhair bád iascaigh a bhí ann ag an dtráth sin. Chuir an aighneacht in iúl go raibh an fhadhb seo ag tarlú go leanúnach agus go raibh deich gcásanna eile den chineál sin ar eolas ag an oifigeach agus nótáil sé iad seo sa chuntas. Chuir an aighneacht in iúl freisin, maidir le ceann de na cásanna seo, a bhain le hárthach leis an ainm Kreis an Avel, go raibh dúshlán na Roinne tugtha sna cúirteanna, agus go raibh an Roinn ag cosaint an tseasaimh a bhí acu .i. gan cead toilleadh ionadach a sholáthar do bháid a chailleadh. Bhí rabhadh san aighneacht dá ngéillfí i gcás an Joan Patricia go n-osclófaí geataí na dtuiltí do gach éilimh eile.


5.3 Meamram den 22ú Meán Fómhair 2000

Bhí meamram den dáta 22ú Meán Fómhair 2000 ar chomhad a chruthaigh oifigeach sa Rannán um Shábháilteacht ar Muir  leis an dteideal Iarraidh ón Rannán Iascaigh Mhara – Árthaigh Iascaigh a Chuaigh Go Tóin Poill 1980-2000.  Achoimrítear sa mheamram seo athbhreithniú a rinneadh ar chomhaid áirithe a bhí i seilbh an Rannáin um Shábháilteacht ar Muir. Dúirt an meamram go raibh os cionn 500 comhad a osclaíodh agus gur bhain os cionn 120 acusan le heachtraí a bhain le hárthaigh iascaigh. Thug an meamram le fios freisin gur bhain 20 go soiléir le hárthaigh iascaigh a throchlaigh nó a chuaigh go tóin poill.  Ach i bhformhór na gcásanna níor luadh sa teideal nádúr an eachtra a bhí i gceist. Lean an meamram á rá go mbeadh sé riachtanach, d’fhonn faisnéis ní ba chruinne agus ní ba shonraí a chur ar fáil don Rannán Iascaigh Mhara – go mbeadh sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar na 120 comhad, ceann ar cheann, ach amháin go raibh a bhformhór scaipthe i stóir difriúla sa bhfoirgneamh. Chríochnaigh an t-oifigeach an meamram lena rá “is é mo bhuille faoi thuairim go dtógfadh an tasc seo cuid mhaith ama lena chríochnú”. Scríofa de láimh ag bun an mheamraim, leis an dáta 22ú Meán Fómhair 2000, scríobh oifigeach ní ba shinsearaí sa Rannán um Shábháilteacht ar Muir  chuig an Uas. Joe Ryan ag tabhairt le fios nach raibh “an fhaisnéis a bhí á lorg go caoithiúil in aice láimhe” agus go mbeadh cuid mhaith ama de dhíth chun comhaid na dtubaistí a athbhreithniú. Léirigh an meamram an tuairim go dtárlódh, cé nach dóchúil é, go raibh árthaigh caillte gan fhios don Roinn, go háirithe mura raibh aon tuairisc déanta ar an dtarlúint. 


5.4 Meamram den 10ú Samhain 2000

Ar an 10ú Samhain 2000 chuir an tUas. Joe Ryan, an Rannán Iascaigh Mhara, nóta sonraithe chuig Ms Sarah White, an Rúnaí Cúnta agus chuig Rúnaí Príobháideach an Aire. Ba é an teideal a bhí ar an nóta ná: “Messrs T. Faherty agus P. Mullen – Éileamh i gcomhair toillidh ionadaigh d’árthach iascaigh”. Sa nóta rinne sé cur síos ar pholasaí fadtéarmach na Roinne gan géilleadh d’éilimh i gcomhair toillidh ionadaigh, sna cásanna a luadh agus i gcásanna cosúil leo. Léirigh sé comhthéacs an pholasaí maidir leis an AE, agus an chaoi go raibh ar dhaoine a chuireadh ar an gClár ar 1ú Bealtaine 1990,  iarratas a dhéanamh chuig an Roinn chun a bheith cláraithe ag an am sin. Dúirt an nóta dá ndéanfaí lamháltas sna cásanna seo go mbeadh impleachtaí ann do chás cúirte a bhí ar siúl ag an am i gcoinne na Roinne, agus a bhain le hárthach iascaigh darbh ainm dí Kreis An Avel. Dúirt an nóta, inter alia, freisin :

"Dá ndéanfaí lamháltas ar bith  d’úinéirí árthach a chailleadh nó a chuaigh go tóin poill bheifí ag coinne dá bharr sin go mbeadh  éilimh ó úinéirí árthach eile nach raibh curtha ar an gClár nua ar chúiseanna éagsúla (díomhaoine, gan acmhainn farraige, iarratas déanach etc.) Bheadh sé deacair an diúltú a thabhairt dá leithéidí siúd, mar d’fhéadfadh na húinéirí a mhaíomh go raibh an cás chomh maith acusan agus a bhí ag úinéirí árthach nach raibh ann a thuilleadh nuair a tháinig an Clár nua i réim."


Meamram den 11ú Samhain 2000

I nóta scríofa de láimh ag bun an mheamraim ón Uas. Ryan den dáta 11ú Samhain 2000, agus seolta chuig an Aire Fahey, d’aontaigh an Rúnaí Cúnta, Ms Sarah White, le seasamh an Uas. Ryan agus dúirt sí, inter alia :

“Is é iomlán na faidhbe ná cén teorainn a chuirfí lena leithéid.  De bhreis ar na sé chás eile is aithnid dúinn (agus nílim cinnte cé méid tacaíochta atá acusan) agus an t-árthach a bhfuil an cás fúithi san Ard-Chúirt, tig leat deimhin a dhéanamh de go mbeidh líon mór daoine ag iarraidh an tsásaimh chéanna a fháil.”

Ag deireadh an nóta mhol Ms White go ndéanfaí an cheist a phlé sula ndéanfaí an cinneadh deireanach.

Iar sin, i nóta eile ag bun an mheamraim ó Ms White thug an tAire Fahey freagra uirthi mar a leanas:

“Tá uaim a fháil amach cén chaoi is féidir imfhálú a dhéanamh  ar na sé nó a hocht d’fhior- chásanna atá ann, agus iad siúd atá os comhair na hArd-Chúirte a chur san áireamh (más cásanna sa bhfíor-aicme iad san) agus cad iad na himpleachtaí atá ann don CTIB* (*An Clár Treorach Ilbhliantúil).  Tá uaim na báid sin a cheadúnú más féidir sin a dhéanamh.”

I mbun-scríbhinn eile de láimh go dtí Joe Ryan den dáta 14ú Samhain 2000 thug Ms White treoir dó mar a leanas: “déan athbhreithniú go práinneach ar scóip an imfhálaithe.”


5.5 Meamram den 12ú Nollaig 2000

Ar 12ú Nollaig 2000 chuir an tUas. Joe Ryan meamram chuig an Ard-Rúnaí dar dteideal Toilleadh na mBád Iascaigh a Chailleadh. Thagair an meamram ar dtús de “comhráití le deireanas” ar an ábhar. Lean an meamram ag achoimriú polasaí fadtéarmach na Roinne ar an ábhar ach tugadh le fios go raibh athbhreithniú déanta “de bharr dearcadh an Aire ar an gceist.”  Luaigh am meamram “eagla dáiríre go dtiocfadh drochthoradh as” ach rinneadh cur síos ar an mbealach a d’fhéadfaí scéim a chur le chéile bunaithe ar chritéir áirithe. Ba iad seo a leanas na critéir an mholadh sa mheamram:

"(i) Go gcruthaítear, chun sástacht na Roinne, gur cailleadh an t-árthach sa mhuir tar éis an dáta 1ú Eanáir 1980.

(ii) Go gcruthaítear, chun sástacht na Roinne, go raibh an t-árthach gníomhach san iascach mara go dtí gur cailleadh ar muir í; agus

(iii) nach raibh an t-úinéir ábalta, ar chúiseanna inghlactha ag an Roinn le bheith bona fide, malairt árthaigh a fháil roimh theacht isteach don chóras nua cláraithe”.

Lean an meamram, inter alia, mar a leanas:

“Má aontaítear na critéir seo, tig linn comhfhreagras a dhéanamh leis na húinéirí maidir le cásanna aithnide ar láimh.” Moladh freisin go ndéanfaí comhairle a chur ar eagraíochtaí tionscail/ionadaíochta ionas go bhféadfadh aon dream eile leis an gcás céanna é a chur faoi bhráid na Roinne.  Lean an meamram lena rá: “Is aithnid dúinn 10 gcásanna de bháid a chuaigh síos idir 1980 agus 1989." Tugadh rabhadh áfach go bhféadfadh úinéirí bád eile a chailleadh a gcás féin a chur i láthair chomh luath is a rachadh an scéala faoin athrú polasaí amach.

Chríochnaigh an meamram le tagairt don chás a bhí ar siúl san Ard-Chúirt i dtaobh an Kreis An Avel agus dúradh go bhféadfadh na húinéirí cás a dhéanamh b’fhéidir as na critéir a bhí á moladh anois.


5.6 Meamram den 18ú Nollaig 2000

I ngearr-nóta cumhdaigh den dáta 18ú Nollaig 2000, a raibh ceangaltán leis, chuir an tUas. Joe Ryan ón Rannán Iascaigh Mhara dréacht Scéim um Chailliúint ar Muir chuig Ard-Rúnaí na linne sin, an tUas. Tom Carroll. Ag tagairt don chritéar sa dréacht Scéim chuir sé in iúl sa nóta cumhdaigh, inter alia, go raibh “Iad seo de réir na dtreorach a pléadh an tseachtain seo chaite, agus tá siad deartha chun déileáil le fíor-chásanna anró agus ag an am céanna chun aon droch-iarmhairt a sheachaint  a thiocfadh chun cinn dá nglacfaí go coitianta le báid caillte nó le báid  neamh-ghníomhacha i gcomhair toillidh ionadaigh.”


5.7 Meamram den 19ú Nollaig 2000

Ar an 19ú Nollaig 2000 i nóta cumhdaigh lámhscríofa le seoladh chuig an Uas. Tom Carroll, Ard-Rúnaí, rinne an tUas. Joe Ryan tagairt do dhoiciméad athbhreithnithe a bhí churtha mar cheangaltán leis an nóta, “mar a pléadh”. I nóta lámhscríofa eile (gan dáta) thagair an tArd-Rúnaí do leasuithe a bhí molta don doiciméad. Ceangailte leis sin bhí dréacht scéime agus sraith de leasuithe lámhscríofa ar chuid des na míreanna.


5.8 Meamram den 21ú Nollaig 2000

Ar 21ú Nollaig 2000 chuir an tUas. Joe Ryan gearr-nóta cumhdaigh chuig Ms Josephine Kelly, Príomh-Oifigeach (a bhí ag aistriú chuig an Rannán chun dul i mbun an phoist a bhí ar an Uas. Ryan). Bhí dréacht scéime athnuaite ceangailte leis an nóta ag cur san áireamh na leasuithe a bhí déanta ag an Uas. Carroll. Chuir sé in iúl sa nóta go raibh an scéim deartha chun déileáil le “cásanna d’anró”. Chuir sé in iúl freisin go raibh páipéir a bhain le Mr Faherty agus Mr Mullen curtha chuig oifig an Aire maille le haighneacht ar an ábhar.


5.9 Leasuithe ar an Dréacht Scéime

Bhí sé de thoradh ar chuid de na leasuithe a rinne an tUas. Carroll ar an dréacht scéime go ndearnadh é a theorannú nó a shrianadh, ach is beag an t-athrú ar bhí ar chuid eile de na leasuithe. Taobh amuigh de cheist an iarratais ón dteaghlach Byrne a bheith faighte i ndiaidh an dáta dúnta, bhí leasú amháin ann a bhí an-ábhartha ar fad don bhreithniú a rinne an Roinn ar an iarratas a chuir an teaghlach [Byrne] isteach iar sin. Leasú a bhí anseo ar Alt (c) mar a leanas:

Dréacht Bunaigh

“(c) taispeántar go raibh an bád atá i gceist, le tagairtí i dtuairiscí sa log-bhileog nó i dtaifid ábhartha eile, go raibh sí gníomhach agus in úsáid leanúnach i gcomhair iascaigh mhara ag an duine atá i gceist go dtí gur chailleadh ar muir í.”

Dréacht Athbhreithnithe (leasuithe i gcló trom)

“(c) taispeántar go raibh an bád atá i gceist, le tagairtí i dtuairiscí sa log-bhileog nó i dtaifid ábhartha eile, go raibh sí gníomhach agus in úsáid leanúnach i gcomhair iascaigh mhara de chatagóir atá clúdaithe anois ag rialacha an pholasaí aischurtha, ag an duine atá i gceist ar feadh mór-thréimhse de bhlianta go dtí gur chailleadh sa mhuir í.”

Tá an Scéim dheireanach iomlán (mar a foilsíodh) curtha le seo mar Aguisín 1.  Nuair a tháinig sé go dtí measúnú a déanamh ar iarratais áirithe is í an chiall a bhain an Roinn as “mór-thréimhse de bhlianta” ná dhá bhliain ar a laghad (féach paragraf 2.4 thuas).


5.10 Meamram dar dteideal “Toilleadh na mBád in Íochtar Mara”

Tá nóta mion-shonraithe ar chomhad atá gan dáta agus gan síniú, ach is dealraitheach gur chumadh é timpeall na Nollag 2000 nó Eanáir 2001 agus is é an teideal atá air ná “Toilleadh na mBád in Íochtar Mara”. Tá agóidí an-láidre sa nóta seo i gcoinne aon lamháltas a dhéanamh d’úinéirí bád in íochtar mara a bheadh ag lorg toillidh ionadaigh. Tá téacs iomlán an nóta seo ceangailte mar Aguisín 3. Críochnaíonn an nóta mar seo: “Dá ndéanfaí athruithe beagán ar bheagán ag freagairt d’achainíocha speisialta ó aonaránaigh, sa chás go mbeadh na hathruithe seo contrártha ar fad le cuspóir an pholasaí - thabharfadh a leithéid gnóthachain mhóra in aisce dos na daoine sin agus d’osclófaí an bealach le haghaidh iarrataí eile leis an “dtuillteanas” céanna – ní fhéadfaí a leithéid a mholadh”. I nóta lámhscríofa ag bun an mheamraim seo deir an tAire Fahey: Gabh ar aghaidh leis na Tograí faoi réir na gcoinníollacha leagtha síos sa mheamram is deireanaí agus faoi réir aontú PO nach bhfuil cásanna ar bith eile ann seachas iad siúd atá ar eolas againn”.


5.11 Litir an Aire den 2ú Feabhra 2001

An 2ú Feabhra 2001 scríobh an tAire Fahey chuig roinnt eagraíochtaí iascaigh ag cur in iúl go raibh curtha roimhe “lamháltas teoranta agus lán-imfhálaithe” a thionscnamh i ndáil le húsáid an toillidh de bháid a bhí caillte ar muir sula dtáinig an Clár 1989 ar an saol. Sa litir dúirt an tAire gurb é a thuairim nach mbeadh ach líon an-bheag d’árthaigh cáilithe faoin scéim de dheasca na gcritéar a bhí leagtha síos. D’iarr sé tuairimí ó na heagraíochtaí iascaigh ar an scéim a bhí á mholadh aige.


5.12 Meamraim den 2ú Feabhra 2001

Bhí dhá mheamram ar leith ar chomhaid na Roinne agus is dealraitheach gurb é an tUas. Paddy Mullen agus an tUas. Tony Faherty a dhréachtaigh iad.  Bhíodar ag leagan amach an bhaint a bhí acu leis na báid iascaigh leo a chailleadh ar muir. Ba iad an dá bhád a bhí i gceist ná an Spes Nova agus an Joan Patricia.  Bhí an dáta 2ú Feabhra 2001 ar na meamraim seo agus an teideal “Toilleadh á úsáid mar ”thoilleadh ionadach” chun críche an cheadúnaithe”. Déileálann na meamraim le roinnt rudaí a bhaineann leis an dá bhád faoi roinnt cheannteideal e.g. Úinéir agus Scipéir, Cailliúint an Bháid Deimhnithe, Úsáid Leanúnach i gcomhair Iascaigh sa Chatagóir Iomchuí etc. Tá na ceannteidil seo mar an gcéanna leis na gnéithe éagsúla de chritéir cáilitheachta na Scéime um Chailliúint ar Muir a foilsíodh ina dhiaidh sin í (féach Aguisín 1).


5.13 Nóta faoi Chruinniú ar 5ú Feabhra 2001

Tá meamram eile gan dáta agus gan síniú ann maidir le cruinniú a tionóladh i nGaillimh ar 5ú Feabhra 2001 idir Mr Paddy Mullen , Mr Tony Faherty agus an tAire Fahey. Sé an teideal atá ar an meamram ná “Ceisteanna a bhfuil soiléiriú de dhíth orthu maidir le Paddy Mullen agus Tony Faherty agus Tonnáiste Ionadach". Déantar nithe áirithe a scagadh i ndáil lena gcáilitheacht faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, faoi mar a bhí an scéim dréachtaithe ag an am.  Ag seo a leanas samplaí de na saincheisteanna a bhí sa mheamram:

“1. Coinníoll an Toillidh Ionadaigh

" An gcuirfidh an tAire nó an Roinn ina choinne má roinntear an toilleadh ionadach ón mbád a chailleadh ar dhá bhád, an dá bhád faoi úinéireacht an iarratasóra, nó faoi úinéireachta an iarratasóra agus a neasghaol?..”

"4.  An Choinníoll Deich mBliana

Maidir leis an gcoinníoll deich mbliana atá molta, tá fadhbanna á gcruthú maidir le hairgead a fháil ar iasacht ó institiúidí airgeadais, ag úsáid tonnáiste an bháid mar chuid den mhorgáiste.  Bhí sé ráite ag an Aire, dá mbeadh fadhb ag baint le seo, go mb’fhéidir go mbeadh bealaí eile ann chun déileáil leis an scéal.  An bhféadfadh an tAire na bealaí eile seo a chur i scríbhinn?"

I mbun-scríbhinn láimhe sa mheamram seo iarrann an tAire Fahey ar a chuid oifigeach soiléiriú a thabhairt ar na ceisteanna a ardaíodh sa mheamram.


5.14 Meamram den 19ú Aibreán, 2001

Chuir Ms Josephine Kelly, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara, meamram den dáta 19ú Aibreán 2001 chuig Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta agus chuig an Rúnaí Aire (Rúnaí Príobháideach an Aire) maidir leis an aiseolas a fuarthas ó ionadaithe an tionscail, daoine a iarradh orthu tuairimí a thabhairt ar théarmaí na Scéime um Chailliúint ar Muir (féach 5.11 thuas). Thug an meamram le fios go raibh cuid de na hionadaithe ag cur i gcoinne an smaoinimh taobh thiar den Scéim. Chuir dhá ghrúpa in iúl “go mbeadh deacrachtaí móra ag baint leis an dtogra chun toilleadh a bhronnadh saor in aisce agus deir siad go bhfaighidh daoine áirithe tonnáiste gan costas ar bith in ainneoin go n-íocann an tromlach £4,000 an tonne.  Bhí cuid de na grúpaí i bhfabhar na Scéime.” Dúirt an meamram nár thug na heagraíochtaí ionadaíochta aon leide faoi líon na n-árthach a bheadh cáilithe faoin Scéim.  Luadh sa mheamram go raibh glaonna teileafóin faighte sa Rannán ó iascairí áirithe a chuir suim sa Scéim agus glaonna eile ó dhaoine a bhí ag gearán “gur deis ba ea í seo a bhí á thabhairt tríd an chúl doras do dhaoine áirithe in ainneoin go mbíonn ar thromlach an n-iascairí íoc as tonnáiste.” Dúirt an meamram, dá gcuirfí an Scéim i bhfeidhm, go gcaithfí scríobh chuig gach duine a loirg creidmheas i gcoinne árthach a chailleadh ar muir, agus go n-iarrfaí orthu a gcáilitheacht a  chur ar bhonn foirmiúil. Ina thaobh seo, thug an meamram le fios: “Faoi láthair tá 16 iarratais faighte ag an Rannán ó iascairí ag lorg creidmheasa i gcomhair toillidh ar bhonn árthach a chailleadh ar muir.  Bunaithe ar an bhfaisnéis atá faighte ag an Rannán faoi láthair, is léir nach sásóidh cuid acu coinníollacha na Scéime."


5.14 Meamram den 8ú Bealtaine 2001

I bhfonóta lámhscríofa sa mheamram deiridh thuas, dátaithe 8ú Bealtaine 2001, agus chuig seoladh an Aire, ó Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, tugadh faoi deara go raibh grúpaí áirithe ag cur i gcoinne na Scéime, is éard a dúirt an nóta ná: “cé go bhfuil an Scéim deartha chun cosaint i gcoinne na barbúsaíochta murab ionann agus fíor-chásanna, tá an baol láidir ann go mbeidh dúshlán á thabhairt ag páirtithe leasmhara éagsúla.  B’fhéidir go mba maith leat an cás a phlé sula ndéanfaidh tú an cinneadh deireanach.”


5.16  Faomhadh na Scéime ag an Aire

Iar sin tugadh le fios ar nóta lámhscríofa den dáta 17ú Bealtaine 2001 ó Ms Josephine Kelly, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara, go raibh an Scéim faofa faoi réir leasuithe ag an Aire. Ag seo a leanas na h-athbhreithnithe a rinne an tAire ar an Scéim:

Dréacht Bunaigh

Ní ghlacfar le toilleadh árthaigh iascaigh a chailleadh ar muir mar “thoilleadh ionadach” ach chun críche ceadúnaithe amháin agus ar choinníoll go n-úsáidfear é chun traidisiún teaghlaigh san iascach mara  a chothú agus a chothabháil. Mar sin, aon toilleadh a ghlacfar leis mar “thoilleadh ionadach”, ní mór é a úsáid mar úinéir/scipéir ag na daoine ar leo an t-árthach a chailleadh, nó ag a neasghaolta, d’fhonn árthach a chur in ionad an árthaigh a chailleadh. Ní féidir toilleadh ó árthach a chailleadh a úsáidtear mar sin a dhíol nó a dhiúscairt ar aon bhealach eile go ceann 10 mbliana.


Dréacht Athbhreithnithe

Ní ghlacfar le toilleadh árthaigh iascaigh a chailleadh ar muir mar “thoilleadh ionadach” ach chun críche ceadúnaithe amháin agus ar choinníoll go n-úsáidfear é chun traidisiún teaghlaigh san iascach mara  a chothú agus a chothabháil. Mar sin, aon toilleadh a ghlacfar leis mar “thoilleadh  ionadach”, ní mór é a úsáid chun árthach a chur in ionad an árthaigh a chailleadh a bhéas faoi úinéireacht agus scipéireacht an iarratasóra nó neasghaol den iarratasóir. Ní féidir toilleadh ó árthach a chailleadh a úsáidtear mar sin a dhíol nó a dhiúscairt ar aon bhealach eile.


Alt Nua (g) Curtha Isteach

(g) ní bhfuair an t-iarratasóir aon sochar airgid as an gcailliúint

Tá an leagan deireanach iomlán den Scéim um Chailliúint ar Muir mar a foilsíodh í ceangailte mar Aguisín 1.


5.17 Meamram den 31ú Bealtaine 2001

Ar an 31ú Bealtaine 2001, chuir Ms Josephine Kelly, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara, meamram chuig Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, agus chuig an Rúnaí Aire, Rúnaí Príobháideach an Aire, maille le cóip den Scéim leasaithe, athnuaite, agus litir a bhí le síniú ag an Aire agus le cur chuig na heagraíochtaí ionadaíochta ag tabhairt eolas na Scéime dóibh. Bhí tábla gafa leis an litir ag tabhairt sonraí faoi 16 úinéirí a bhí ag lorg toillidh ionadaigh, a raibh eolas ag an Rannán fúthu cheana, agus ag tabhairt sonraí freisin faoina gcuid árthach. Bhí dréacht litreacha ceangailte freisin i gcomhair sínithe ag an Aire a bhí le cur chuig Mr Paddy Mullen agus Mr Tony Faherty ag tabhairt eolais dóibh faoi sheoladh na Scéime. Bhí an dáta 31ú Nollaig 2001 leagtha síos le haghaidh dúnadh na Scéime.  

5.18 Tar éis na hiarratais a bheith faighte agus measúnú déanta orthu bhí meamram curtha ar chomhad ina dhiaidh sin a thug le fios go raibh seisear iarratasóir ar éirigh leo as an 67 san iomlán a chuireadh isteach. Ba iad seo a leanas na hárthaigh ar éirigh leo: MÁI Fidawn, MÁI Joan Patricia, MÁI Spes Nova, MÁI Kreis an Avel (ach do chomh-úinéir amháin), MÁI Sea Hunter II agus MÁI Rising Sea (chomh-úinéir amháin).

 

6. Fianaise a Bhailíodh ag na hAgallaimh

6.1 Agallamh le hArd-Rúnaí na linne, an tUas. Brendan Touhy

Ba é an cuspóir a bhí leis ag gcruinniú leis an Uas. Tuohy (a bhí ina Ard-Rúnaí ar an Roinn nuair a thosaigh mé ag déanamh fiosruithe), ná caoi a thabhairt do mo oifigigh achoimriú a dhéanamh ar na gnásanna coitianta a bhaineann le fiosruithe foirmiúla agus na céimeanna a leanann an Oifig seo lena dheimhniú go gcuirtear gnásanna cothroma i bhfeidhm. Dhearbhaigh an tUas. Tuohy dom oifigigh go bhfaigheadh siad lán-chomh-oibriú ón Roinn le linn don fhiosrú a bheith ar siúl.


6.2 Agallamh leis an Uas. Joe Ryan, iar-Phriomh-Oifigeach, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara

Bhí an tUas. Ryan ag obair mar Phriomh-Oifigeach i Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara ó Mhí na Samhna 1997 go dtí Mí na Nollag 2000. Ag an tráth sin thug sé suas an fhreagracht a bhí aige as obair a dhéanamh ar an Scéim um Chailliúint ar Muir go dtí Ms Josephine Kelly. Bhí sé soiléir ó chomhaid na Roinne, go raibh brú ann sna blianta tar éis den Chlár nua a bheith bunaithe, chun réiteach éigin a aimsiú i gcomhair úinéirí ar chailleadh báid leo sular bhunaíodh an Clár nua. Dheimhnigh an tUas. Ryan gurb amhlaidh a bhí an scéal agus go raibh líon beag úinéirí ag dul i gceannas ar an mbrú sin, daoine cosúil le Mr Paddy Mullen and Mr Tony Faherty. Bhí an brú ag teacht ar bhealaí éagsúla, trí theagmhálacha ó na húinéirí féin, ó ionadaithe an tionscail agus ó pholaiteoirí éagsúla ag déanamh ionadaíochta ar a son. Bhí ar an tUas. Ryan dul go dtí cruinnithe le húinéirí bád agus le hionadaithe polaitíochta chun polasaí na Roinne a mhíniú dóibh. Bhí an Roinn go daingin i gcoinne lamháltais de chineál ar bith a dhéanamh.

Chuir an tUas. Ryan in iúl gur iarracht a bhí sa teagmháil a rinne sé leis an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  i Mí Mheáin Fhómhair 2000 (féach paragraf 5.3 thuas), gur iarracht a bhí ann chun teacht ar uimhir na gcásanna a thiocfadh chun cinn, b’fhéidir, dá ndéanfaí Scéim um Chailliúint ar Muir a thionscnamh. Nuair a chuir an Rannán in iúl nach raibh an t-eolas sin in aice láimhe ná furasta a theacht air, ghlac sé le sin. 

Maidir leis an dáta tosaithe 1ú Eanáir 1980 a bheith ceaptha i dtéarmaí báid a chuaigh síos tar éis an dáta sin a bheith cáilithe faoin Scéim a bhí á mholadh, ní fhéadfadh sé aon réasúnú ar leith a thabhairt chun a chuimhne ar an gcúis gur socraíodh go díreach ar an dáta sin mar dháta gearrtha, cé gur bhraitheadh b’fhéidir go mbeadh tréimhse deich mbliana (1980-1990) réasúnta mar theorainn. Dá mbeifí ag iarraidh dul siar níos faide b’fhéidir go mbeadh deacrachtaí riaracháin i gceist.  

Ag leanúint den nóta ón Uas. Ryan den dáta 10ú Samhain 2000 (féach paragraf 5.4 thuas), iarradh air an scéal a athbhreithniú de dheasca na dtreoracha ón Aire. Ba é a chuimhne nár rinne sé an t-ábhar a phlé le Ms Sarah White, an Rúnaí Cúnta, ag am mar bhí sí gafa go láidir le hobair eile sa Bhruiséil le linn an ama sin. Bhí formhór na dteagmhálacha aige le hArd-Rúnaí na linne, an tUas. Tom Carroll. Go bunúsach, de réir mar a bhí an Scéim ag teacht le chéile, is é féin agus an tUas. Carroll a rinne an dréachtú agus na hathbhreithnithe.

Maidir leis an dtreoir a fuair sé ón Aire ag an am gur theastaigh uaidh sin “sconsa nó ‘imfhálú’ a chur thart faoina sé go dtí a hocht d’fhíor-chásanna”, dúirt an tUas. Ryan go ndeachaigh sé i mbun an Scéim a dhearadh “ar bhonn na mbun-phrionsabal” agus, mar sin, nach raibh sé ag iarraidh an Scéim a bhunú ar chásanna a bhí ar aithne ag an Roinn cheana féin. Bhí stocaireacht déanta maidir le cuid de na cásanna agus bhí eolas faoi chásanna eile ar chúiseanna éagsúla. Dúirt sé nach raibh a fhios aige cad a thuig an tAire le “fíor-chásanna” agus nár phléigh sé an cheist sin riamh go díreach leis an Aire. Chreid sé gur chiallaigh an tAire cásanna bona fide.Dúirt sé nach raibh sé ar an eolas maidir le sonraí an cháis a bhí ar siúl ag an am san Ard-Chúirt, sé sin cás an  Kreis an Avel.

Ag dul i mbun dréachtú na Scéime dúirt an tUas. Ryan gurb é an pointe tosaithe a bhí aige ná Clár Treorach Ilbhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh (CTIB) i ndáil le cuspóirí chabhlaigh iascaigh na hÉireann. D’oibrigh sé ar bhonn cúng caol, le súil ar na bun-phrionsabail a rialaíonn an ceadúnú ina iomláine, agus níor dhearc sé ar shonraí cásanna aonair agus níor scrúdaigh sé comhaid a bhí ar fáil sa Rannán aige féin. Níor mhachnaigh sé ar shonraí ní ba chruinne a lorg maidir leis na comhaid a bhí ar fáil don Rannán um Shábháilteacht ar Muir. Ar dtús, d’aimsigh sé trí chritéar cáilitheachta (féach paragraf 5.5 thuas) ach theastaigh ón Uas. Carroll go mbeadh sonraí ní ba mhine fite isteach sa Scéim. Maidir lena chuid nótaí den 12ú agus den 18ú Nollaig 2000 (féach paragraif 5.5 agus 5.6 thuas) tharla na comhráite a bhfuil tagairt dóibh ansin idir é féin agus an tUas. Carroll.

Dheimhnigh an tUas. Ryan gurb é an tUas. Carroll a rinne an sraith de leasuithe lámhscríofa ar a dhréacht a bhí cuimsithe sa dréacht athbhreithnithe a chuir sé isteach ar an 19ú Nollaig (féach paragraf 5.7 thuas). Dúirt an tUas. Ryan nár phléigh sé na leasuithe áirithe seo leis an Uas. Carroll ach gur ghlac sé leo mar a bhíodar. Dúirt sé gurb é sin an bhaint dheireanach a bhí aige le dréachtú na Scéime mar a mholadh í. 


6.3  Agallamh le Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta

Bhí an fhreagracht ar Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, as an Iascach Mara ó Mhí na Nollag 1994 go Mí na Márta 2002. Chuir sí in iúl go raibh spéis i gcónaí ag ionadaithe poiblí, a raibh iascairí mar thoghthóirí acu, i nithe a bhain leis an bpolasaí i leith an iascaigh. I ndáil leis an scéim a bhí molta i gcomhair thoillidh ionadaigh, ní mar a chéile an dearcadh a bhí ag na hEagraíochtaí Iascaigh go léir mar bhí daoine a bhainfeadh as an Scéim agus daoine a chaillfeadh. 

Maidir leis an nóta uaithi den 11ú Samhain 2000 (féach paragraf 5.4 thuas) níor chuimhin léi aon chomhráití a dhéanamh faoi sin leis an Aire ina dhiaidh sin.  Dúirt sí nach raibh aon nóta faoina leithéid de chomhrá ar an gcomhad. Bhí chuid mhór ama caite aici sa Bhruiséil ag déanamh obair an AE sa ráithe dheireanach den bhliain 2000 agus den bhliain 2001. 

Maidir leis an nóta a chuir sí chuig an Uas. Ryan den dáta 14ú Samhain 2000 (féach paragraf 5.4 thuas), dúirt sí nach bhféadfadh sí sonraí an cháis san Ard-Chúirt a thabhairt chun cuimhne. Dúirt sí go raibh saincheisteanna fíora ag baint le roinnt de na cásanna a tháinig chun aire na Roinne agus ba é an chuimhne a bhí aici ná go raibh a dhearcadh féin ag Aire na linne sin ar cad a thuigfeadh sé le cás fíor. Bhraith sí gur theastaigh uaidh na báid a bhí ar aithne aige a cheadúnú. Bhí imní sa Roinn go raibh cásanna eile a bhí fós ceilte agus bhí an-imní ar fad ann go ndéanfaí fasach a leagan síos. 

Dúirt Ms White gurb iad an tUas. Ryan agus an tUas. Carroll, go príomha, a rinne an dréachtú agus an t-athbhreithniú ar dhréachtaí éagsúla na Scéime.  Níor chuimhin léi aon aiseolas a fháil maidir le céimeanna deiridh an dréachtaithe.

Dúirt Ms White nár chreid sí gurb ise a bhí in húdar ar an meamram, gan dáta, gan síniú a chuir i gcoinne na Scéime (féach paragraf 5.10 agus Aguisín 3) ach thug sí an tuairim de réir na foirme a bhí air, go mb’fhéidir gurb é an tUas. Carroll a scríobh é. Roghnaigh sí an cur chuige ginearálta ag teacht le dearcadh na Roinne i ndáil leis an Scéim a bhí molta, trí na rioscaí a bhí ann ó thaobh polasaí de a shoiléiriú. 

Nuair a thug an tAire an treoir ar 30ú Eanáir 2001 (féach paragraf 5.10 thuas) ní fhéadfadh sí aon chomhráití leis ar an ábhar sin a thabhairt chun chuimhne, cé go mbíodh comhráití rialta aici leis an Aire mar chuid den ghnáth-obair a bhíodh ar siúl aici. Is í an chiall a bhain Ms White as an dtagairt i meamram an Aire do “aontú an PO” ná gur tagairt do Phríomh-Oifigeach a bhí ann agus mheas sí gurb é sin an t-aon chiall a bhféadfaí a bhaint as. Bhraith sí, ar bhonn praiticiúil, chomh luath is a fógraíodh an Scéim go poiblí, nach raibh urraíocht ar bith ann nach dtiocfadh cásanna eile chun cinn nach raibh eolas ag an Roinn fúthu ag an am. Bhí an baol ann i gcónaí go mbeadh an Scéim cosúil le cnoc oighir agus cuid mhór de i bhfolach faoin uisce. 

Nuair a chuir Ms White an smaoineamh chuig an Aire sa nóta den 8ú Bealtaine 2001 (féach paragraf 5.15) go mb’fhéidir go mbeadh fonn air tuilleadh plé a dhéanamh faoi na tograí, ní fhéadfadh sí a thabhairt chun cuimhne go raibh comhráití aici leis faoin ábhar ina dhiaidh sin. 

I ndáil leis an dá athrú déanacha a rinneadh ar an Scéim (féach paragraf 5.16 thuas) ní fhéadfadh Ms White a thabhairt chun cuimhne cathain go díreach a tharla seo ná cé a bhí freagrach astu. 

Bhí a fhios ag Ms White go rabhthas chun an Scéim a fhoilsiú sna nuachtáin trádála agus go ndéanfaí na sonraí a scaipeadh tríd an tionscal.  Ní raibh deacracht ar bith aici le seo mar cheap sí go raibh oibleagáid áirithe ar na heagraíochtaí iascaigh an scéala faoin Scéim a chur timpeall. 

Faoin am a bhí an Scéim foilsithe go poiblí, dúirt Ms White go raibh sí sásta, ó thaobh riaracháin agus cothromais de, go raibh rud éigin déanta agus in áit ag an Roinn. Maidir le seasamh an Aire i dtaobh na Scéime, dúirt Ms White gur léir nach bhféadfadh sé féachaint isteach i gcroí an Aire, ach ón méid a bhíodh á rá aige agus á thabhairt le fios, go raibh a fhios aici go raibh buairt air “faoi na daoine beaga a bhí ag strácáil leis an saol” agus gan aon amhras go raibh aithne phearsanta aige ar chuid acu agus gur theastaigh uaidh go ndéanfaí rud éigin ar son fíor-chásanna anró. Dúirt sí go raibh roinnt polaiteoirí i gcaitheamh na mblianta, as páirtithe difriúla, a bhí ar aon aigne leis an Aire agus iad ag cur brú chun lamháltais a thabhairt. 


6.4 Agallamh leis an Uas. Tom Carroll, iar-Ard-Rúnaí

Tháinig an tUas. Tom Carroll chuig an Roinn sa bhliain 1988 mar Rúnaí Cúnta an Iascaigh Mhara, sin cuid den ghnó a bhí aige. Cheapadh mar Ard-Rúnaí é sa bhliain 1994 agus chuaigh sé amach ar scor i Méan Fomhair 2001. Chuir an tUas. Carroll in iúl go raibh an scéal in aimhréidh ar fad maidir le polasaí i leith an iascaigh nuair a chuaigh seisean isteach sa Roinn. Faoi 1990, áfach, bhí éirithe leis an Roinn polasaí soiléir a chruthú, bunaithe ar choincheap an toillidh ionadaigh. Ba é nádúr tionscail an iascaigh in Éirinn go mbíodh an polasaí seo oscailte d’ionsaí i ndiaidh ionsaí. Cé go mbíodh an-deacracht ag an Roinn ag cosaint an líne, dhéanfaidís a ndícheall i gcónaí. 

D’aontaigh an tUas. Carroll go raibh meon dhiúltach ag na hoifigigh maidir le hathrú polasaí faoi mar a shamhlaíodh sa Scéim um Chailliúint ar Muir, agus bhí Aire na linne sin an-dhiongbháilte faoin ábhar sin. Cé nach mbíodh sé féin go hiondúil sáite chomh  domhain sin sna cúrsaí, bhí air páirt a thógáil ann faid is a bhí Ms White sa Bhruiséil. Bhíodh teachtaireachtaí ag teacht chuige go hindíreach freisin ón Rúnaí Aire (Rúnaí Príobháideach an Aire) ar an ábhar. 

Maidir leis an ath-dhréachtú sonraithe a bhí déanta (féach paragraf 5.9 thuas) dúirt sé gurb é an aidhm a bhí aige ná an Scéim a theorannú. Faoi seo b’fhéidir go raibh gearr-chomhráití aige leis an Uas. Ryan ar an ábhar. Dúirt sé go raibh an dearcadh  leathan coitianta ag an Uas. Ryan; níor bhac siad le cásanna faoi leith agus níor cheist í chun aon duine faoi leith a choimeád istigh nó amach as, ach amháin ag iarraidh an Scéim a dhéanamh chomh sriantach agus ab fhéidir.

Dúirt an tUas. Carroll nach bhféadfadh sé sonraí an cháis san Ard-Chúirt a thabhairt chun a chuimhne, an cás ag an am a bhain leis an Kreis an Avel, ach bhí sé cinnte nár chuir sé an cás sin san áireamh nuair a bhí sé ag dréachtú na Scéime. Dúirt sé gurbh iomaí dúshlán dlíthiúil a tháinig os chomhair na Roinne agus bhí sé mar chúram ar lucht na gcásanna dlí déileáil lena leithéidí.  

Maidir leis an tagairt a rinne an tAire do “d’fhíor-chásanna” (féach paragraf 5.4 thuas) dúirt an tUas. Carroll nach raibh aon eolas ar leith aige faoi na cásanna sin agus bhí a aigne oscailte mar gheall orthu. Rinne sé an pointe gur beag an fhulaingt a bhí ann anois, ó theacht na Saorála Faisnéise agus Acht an Ombudsman, i gcomhair cinntí ad hoc a dhéanamh ar mhaithe le daoine áirithe, agus d’fháiltigh sé roimh an athrú sin. Sa chur chuige a bhí aige féin ag dréachtú na Scéime níor loirg sé aithne phearsanta a chur ar chásanna aonair. 

Maidir leis an leasú a rinne sé ar mhír (c) den Scéim (féach paragraf 5.9 thuas), a bhí go díreach ábhartha do chás an teaghlaigh Byrne, dúirt an tUas. Carroll, chomh fada agus ab eol dó, gurb é cás mhuintir Byrne an t-aon cheann amháin ina raibh gearán ann faoin gclásal seo. Ba é an cuspóir a bhí aige leis an ath-dhréachtú ná cás a eisiamh mura mbeadh duine ag iascach ach ar feadh dhá lá cur i gcás, agus ansin, go rachadh an bád go tóin poill. Is éard a bhí ann dáiríre ná an tuiscint chruinn cheart a bhaint as an gcoinníoll sin. Dúirt sé nach raibh ann ach go raibh mion-eisceacht ar pholasaí sean-bhunaithe á dhréachtú ag an Roinn. Chomh fada is a bhain an Roinn leis an scéal ba é an bun-phrionsabal ná go gcaithfeadh an Scéim a bheith sriantach teoranta.   Rinne sé an pointe nach raibh dúshlán ar bith i gcoinne an choinníll seo curtha suas ag eagraíochtaí an tionscail nuair a chuireadh an chomhairle orthu agus nach raibh fadhb ar bith leis nuair a bhí iarratais á gcur isteach, bíodh is go raibh an t-iarratas ó mhuintir Byrne déanach ag teacht. Dúirt an tUas. Carroll gur Scéim riaracháin a bhí sa scéim seo, agus bhraith sé dá mbeadh an t-iarratas faighte in am ó mhuintir Byrne go mb’fhéidir go mbeadh scóip ann chun tuiscint éigin sholúbtha a bhaint as an gcoinníoll, ach faoin am a raibh na cinntí deireanacha á dhéanamh maidir le hiarratais aonair, bhí seisean imithe ón Roinn. 

Maidir leis an meamram gan síniú a chuir i gcoinne na Scéime a moladh (féach paragraf 5.10 thuas agus Aguisín 3), ní raibh an tUas. Carrall ábalta a rá le cinnteacht arbh é féin a scríobh é agus dúirt sé go mb’fhéidir go ndearna sé é a dheachtú do Ms. White. Ach, dúirt sé gur léirigh an meamram seo an dearcadh a bhí ag an Roinn ag an am.

Maidir leis an meamram ón Aire den 30ú Eanáir 2001 (féach paragraf 5.10 thuas) bhí an tUas. Carroll den tuairim gur thagair na focail  “le haontú an PO” d’Eagraíochtaí na dTáirgeoirí (“Producers’ Organisations”). Dúirt sé gur chuir an nóta sin isteach air beagán ag an am mar ní fhéadfadh aon toradh a bheith leis, sa mhéid nuair a bhí an Scéim curtha amach bhí sí amach agus ní fhéadfaí a bheith cinnte cé méid iarratas a thiocfadh aisti. Rinne sé an pointe freisin go mbeifí ag coinne le freagraí difriúla ó Eagraíochtaí na dTáirgeoirí mar bhí daoine i dtionscal an iascaigh ag an am a raibh airgead mór tugtha ar bháid ionadacha acu agus bheidís i gcoinne aon toilleadh sa bhreis a thabhairt do dhaoine eile.

Maidir le comhráití idir an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  agus Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara (féach paragraf 5.3 thuas) d’áitigh an tUas. Carroll go láidir go raibh an tSábháilteacht ar Muir neamhspleách ar fad laistigh de Roinn na Mara. Bunaíodh é a dúirt sé sa bhliain 1987 nuair a aistríodh an feidhmeannas sin ó Roinn eile. Bhí feidhm riaracháin agus dlíthiúil go hiomlán neamhspleách ag baint leis. Ni aontódh sé leis an argóint a rinne an Ombudsman gur ceart go gcuardófaí na comhaid a bhí istigh ann le linn don Scéim a bheith á dhréachtú.

Tar éis na bhfreagraí measctha a fuarthas ón tionscal ar an Scéim a bhí á mholadh, ní fhéadfadh an tUas. Carroll aon chomhráití idir é féin agus an tAire a thabhairt chun cuimhne ag an tráth sin. I dtuairim an Uas. Carroll bhí an aigne socair ag an Aire go rachadh an Scéim ar aghaidh.

Maidir leis an méid a dúradh nach raibh scóip na fógraíochta an-leathan don Scéim, dúirt an tUas. Carroll go mbeadh costas na fógraíochta an-tábhachtach i Roinn bheag. Ba dhóigh leis gur pobal an-dhlúth ba ea an lucht iascaigh agus go raibh na nuachtáin trádála iascaigh cosúil leis an Farmer’s Journal.  Shíl sé go mba leor an scóip a tugadh don fhógraíocht sna cúinsí sin.


6.5 Agallamh le Frank Fahey, Uas., T.D., iar-Aire Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

Bhí an Teachta Frank Fahey ina Aire Mara agus Acmhainní Nádúrtha sa tréimhse idir Eanáir 2000 agus Meitheamh 2002. Dúirt sé gur tháinig sé isteach sa phost nuair a bhí an rialtas sin i lár-téarma. Rinne sé cuaird ar na calafoirt iascaigh go léir chun é féin a thumadh isteach san obair. Chreid sé go raibh earnáil an iascaigh ar sceabha i dtreo réimis rialála agus go raibh an fasach an-tábhachtach i dtéarmaí pholasaí. Chreid sé go raibh scoite siar go mór ar an gcur chuige forbartha agus bhí sé tagtha ar an dtuairim go raibh an réimeas rialála a tugadh isteach sa bhliain 1990, nuair a rinneadh sócmhainne den tonnáiste, ansmachtúil ann féin, agus gurb í an aimhrialtacht a bhí mar thoradh leis i gcásanna áirithe, ach ní i ngach chás. Shíl sé go raibh cuid de na hargóintí a rinneadh chun lamháltais a thabhairt amhrasach ó thaobh nádúr de. Bhí sé an-soiléir ar fad nach ndéanfadh sé rud ar bith maidir le leis na báid úd a chuaigh faoi uisce sa chuan nó sna dugaí (a bhféadfaí ceist a ardú faoi b’fhéidir go raibh rud éigin amhrasach ar siúl) toisc go mbeadh a leithéid seo mí-chothrom ar fad ó thaobh prionsabail de. Bhí fonn mór air díriú isteach ar chásanna maithe inchreidte agus a chuid argóintí a dhéanamh mar léiriú ar an bpointe a bhí á dhéanamh aige. Phioc sé cásanna Mr Faherty agus Mr Mullen mar shamplaí.

Mar Aire ag an am sin, bhí uiríll faighte aige ó gach taobh den tír, Dún na nGall, Gaillimh, Corcaigh agus Ciarraí san áireamh. Bhí sé curtha ar an eolas faoin scéal cheana féin ag Éamon Ó Cuív TD agus daoine eile. Bhí an cás is so-áitithe amuigh á lorg aige agus ba é an cás tástála a thogh sé ná cás Mr Faherty agus Mr Mullen. Dúirt sé go raibh cuid mhór cruinnithe aige lena chuid oifigeach agus bhí sé d’oibleagáid air ceann a thógáil dá gcuid tuairimí. Luaigh sé cruinnithe a bhí aige leis an Uas. Donegan agus le Ms White ach dúirt sé gur beag an doiciméadú a rinneadh ar na cruinnithe sin.

Thoimhdigh sé gur phléigh sé cás an Kreis an Avel lena chuid oifigeach agus chuir sé in iúl go mb’fhéidir gur casadh na húinéirí leis, mar bheadh sé tar éis casadh ar mhór-chuid daoine sna Cealla Beaga (baile chuain an Kreis an Avel).  Ach ní fhéadfadh sé a bheith lán-chinnte, mar ní thiocfadh sé cruinn chun a chuimhne. Chreid sé go raibh thart faoi 100 cás ar siúl ag an am.

Cé nach raibh sé ábalta cás cúirte an Kreis an Avel a thabhairt chun cuimhne, bheadh a fhios aige ag an am, go mbeadh an prionsabal ann, ar thaobh na Roinne de, go raibh seasamh rialála 1990 na Roinne faoi dhúshlán sna cúirteanna, agus, dá bhrí sin, nár mhór aon cheist faoi scéim de shórt an Scéim um Chailliúint ar Muir a chur siar ar na bacáin ar eagla go mbeadh iarmhairt éigin ar argóint na Roinne sa chúirt.

Tar éis an mheamraim a scríobh an tUas. Joe Ryan ar an 10ú Samhain 2000, scríobh Ms Sarah White nóta den dáta 11ú Samhain 2000 (féach paragraf 5.4 thuas) ag cur chomhbhá in iúl faoi na cásanna Mullen agus Faherty, ach ag moladh ag an am céanna gan aon lamháltas a thabhairt de bharr cás na hArd-Chúirte agus an baol ceart a bhí ann go dtiocfadh cásanna eile chun cinn. Bhí comhrá idir é féin agus Ms White ag an am. Ba é a chuimhne go ndúirt sí go raibh cás ann ceart go leor, ach dá ndéanfaí athrú ar bith go mb’fhéidir go n-osclófaí geataí na dtuiltí. Bhí comhrá mar gheall ar fhíor-chásanna agus bhí sé lán-soiléir ina aigne cad a chiallaigh sin .i. daoine a raibh báid caillte acu agus a raibh iarrachtaí déanta acu chun tosaithe arís ar an iascach – teaghlaigh ar theastaigh a mbáid féin uathu agus a bhí ag gabháil don iascach i gcónaí. Is é an pointe a bheadh á dhéanamh aige nach raibh ach líon teoranta díobh ann mar sin. Luaigh sé cás amháin a bhí ar aithne aige nuair a chuaigh iascaire isteach san iascach arís trí thoilleadh úr a cheannach. Bheadh a leithéid sin coinnithe amach as an áireamh ar chuma ar bith. Chreid sé dá ndéanfaí an Scéim um Chailliúint ar Muir a fhoilsiú go dtiocfadh na fíor-chásanna chun cinn.

Maidir le nóta an Aire ina ndúirt sé gur theastaigh uaidh “imfhálú a chur thart faoi na sé go dtí a hocht d’fhior-chásanna” (féach paragraf 5.4 thuas), dúirt sé go bhfuair sé an figiúr sin ón fhaisnéis a bhí le fáil aige ón Roinn, ach, i ndeireadh na dála, nach raibh sé ró-bhuartha fiú amháin dá mbeadh 50 cás ann ag deireadh, mar gur ag obair ar an bprionsabal a bhí sé. Chreid sé, nuair a úsáid sé an focal “imfhálú” go raibh argóint na Roinne mar gheall ar oscailt geataí na dtuiltí á shárú aige. Bhí eolas aige ar chásanna nár shíl sé go n-éireodh leo faoin Scéim, e.g. bád a tréigeadh. Bhí na téarmaí tagartha sa Scéim chun na gceisteanna a tháinig chun cinn i gcomhráití lena chuid oifigeach a chlúdach. Ba í an aidhm a bhí leis ná freastal ar na daoine a fhulaing de dheasca na n-athruithe a rinneadh i 1990 agus iar sin, daoine a bhí fós i ngnó an iascaigh. Dar leis, ba dhaoine iad siúd a bhí i ndrochbhail de bharr chinnidh ansmachtúil, mar gheall ar riachtanas an tonnáiste. Bhíodar fós ag iascach ach ní fhéadfaidís seilbh a fháil ar a mbád féin.

Mar gheall ar dheacracht faoi lamháltais a thabhairt do dhaoine le linn do chás cúirte a bheith ar siúl, tháinig sé chun a chuimhne gur iarr sé comhairle dhlíthiúil agus go ndúradh leis dá dtabharfaí an Scéim isteach gurb é an toradh a bheadh ar sin ná go dtarraingeofaí siar an cás cúirte.

Maidir le ceist tuilleadh taighde a dhéanamh roimh seoladh na Scéime, dúirt sé gurb é an ghnáth nós an Scéim a fhoilsiú agus dáta dúnta a thabhairt.  Chomh luath is a bhí an cinneadh déanta maidir le polasaí agus na téarmaí tagartha leagtha síos, ní raibh baint a thuilleadh ag an Aire leis. Ba í cúis na comhairle a lorgaíodh ó na heagraíochta iascaigh, agus cóipeanna den dréacht Scéime a bheith tugtha dóibh, ná gur theastaigh uaidh an dearcadh a bhí acu a mheas, agus freisin bheadh eolas acu faoi dhaoine a bhí fós ag iascach agus faoi mhí-bhuntáiste mar gheall ar bháid a chailleadh.

Cé nach raibh sé indéanta méid na n-iarratas a thiocfadh isteach a thuaradh go cruinn ceart roimh ré bhraith sé nach mbeadh iarmhairtí ar bith ann mar sin féin don CTIB (An Clár Treorach Ilbhliantúil). Chreid sé go raibh na srianta a tugadh isteach sa bhliain 1990 ansmachtúil agus idirdhealaitheach. Bhí labhartha aige le cúpla Aire eile a bhí ar an aigne chéanna dar leis. Chreid sé nach mbeadh an oiread sin cásanna ann ar fad. Bhí sé lán-chinnte go bhféadfadh an Roinn agus é féin na cásanna a bhí neamhbhailí a aithint gan dua.  Níor dhóigh leis, a dúirt sé, go raibh na céadta díobh ann. Ba í an chomhréiteach a rinne sé leis an Roinn ná na fíor-chásanna bailí a thabhairt isteach agus srianta an bliana 1990 a fhágáil slán de réir sainmhíniú. Dúirt sé gur úsáid sé cásanna Faherty agus Mullen mar “mhuca guine”. Go bunúsach d’iarr sé orthu cruthúnas a thabhairt dó, a dúirt  sé, .i. bheadh orthu a chruthú dó dé chúis ar cheart iad a bhreithniú faoi Scéim ar bith a mholfaí.  Sa mhéid sin “theilg sé chucu” ceisteanna den sórt a bhí curtha níos luaithe ag a chuid oifigeach ar féin le linn dóibh a bheith ag plé dréachtú na Scéime.

Maidir le Eagraíochtaí an dTáirgeoirí tháinig sé chun a chuimhne nach mbeadh cuid acu ró-shásta dá dtarlódh sé go bhfaighfí tonnáiste a dhíol faoin Scéim um Chailliúint ar Muir (rud a bhí ceadaithe faoin chéad dréacht den Scéim a rinneadh) mar ní bheadh cothrom na féinne ansin i súile na ndaoine a raibh orthu a gcuid tonnáiste a cheannach. D’fhéadfadh tionchar a bheith freisin ar luach mhargaidh an tonnáiste a bhí ann faoi láthair.

Maidir leis an gcruinniú a bhí aige ar 5ú Feabhra 2001 le Mr Paddy Mullen, úinéir an árthaigh  Spes Nova agus le Mr Tony Faherty, úinéir an árthaigh Joan Patricia dhá bhád a chuaigh go tóin poill (féach paragraf 5.13 thuas), dúirt sé go dtagaidís isteach chuige i gceann dá chlinicí. Bhí Mr Mullen ina chocsain ar bhád tarrthála Árann chomh maith agus bheadh ceisteanna aige maidir le sin le cur ar an Aire. Dúirt sé nár tugadh cóipeanna den dréacht Scéime dóibh ag an gcruinniú ach bheadh ráite aige leo cad a bhí inti. Bhí buairt ar an mbeirt, Mullen agus Faherty, mar gheall ar na gcoinníoll 10 mbliana i gcomhair tonnáiste a dhíol faoin dréacht Scéime, agus theastaigh uathu go mbainfí sin amach, ionas go bhféadfadh daoine a mbeadh cead acu filleadh ar an iascach ina mbáid féin agus an tonnáiste a dhíol chomh luath is ab áil leo.

Thagair sé don nóta faoi Thoilleadh na mBád in Íochtar Mara (féach paragraf 5.10 thuas agus Aguisín 3). Chreid sé gurb i Ms Josephine Kelly, Rannán Riaracháin an Iascaigh Mhara a scríobh an nóta sin. Dúirt sé gur theastaigh uaidh nach mbainfeadh daoine brabús airgid as an Scéim, agus mar sin chuir sé dhá athrú isteach tar éis an nóta sin a fháil .i. níor chóir go mbeadh sochar airgeadais faighte ag an iarratasóir as an gcailliúint agus ní bheadh aon bhealach ina bhféadfaí tonnáiste a ghnóthaíodh faoin Scéim a dhíol (féach paragraf 5.16 thuas). Dúirt sé gur léiriú é sin nach raibh sé ag dul as a bhealach chun sochair mhóir airgeadais a bhronnadh ar a thoghthóirí.

Dúirt sé nár thug sé leide ar bith don Uas. Mullen ná don Uas. Faherty go n-éireodh lena n-iarratas faoin Scéim. Ní fhéadfadh sé a thabhairt chun chuimhne ar bhuail sé leo tar éis an chruinnithe i Mí na Feabhra. Casadh daoine eile air agus baill d’eagraíochtaí iascaigh. Dúirt sé, agus chuir sé béim láidir ar seo, go raibh sé ag iarraidh foirmle cheart a aimsiú ó thaobh  pholasaí de, nuair a bhí an Scéim á dhearadh. Ag cuimhneamh siar freisin, dúirt sé go raibh an-díomá ar an Uas. Mullen agus ar an Uas. Faherty nuair nach raibh caoi ar bith ann go bhféadfaí an tonnáiste faoin Scéim a dhíol. Dúirt sé go ndúirt an tUas. Mullen leis nach mbeadh aon mhór-bhuntáiste ann i ndeireadh thiar, agus nach raibh mórán tairbhe ann chor ar bith de bharr an chaiteachais bhreise go léir a tharraing sé ar féin, cosúil le bád a cheannach.

Nuair a bhí dréachtú na Scéime geall le bheith críochnaithe bhí cuid mhór chomhráití aige leis an Uas. Carroll. Mhínigh sé gurb é a bhí i gceist aige leis an dtagairt do “aontú PO” ná Eagraíochtaí na dTáirgeoirí (‘Producers Organisations’), (féach paragraf 5.10 thuas). Bhraith sé dá gcuirfí an scéala chuig Eagraíochtaí an dTáirgeoirí go ndéanfaí deimhin de go rachadh eolas na Scéime chuig gach aon duine a bhí ag iascach fós. Rinne sé an pointe gur raibh éirithe ag muintir Byrne as an iascach sa bhliain 1983 de dheasca na mór-thubaiste a bhain díobh, agus, de réir na tuisceana a bhí aige féin ar an Scéim, fiú amháin dá mbeadh an t-iarratas curtha isteach in am acu, nach mbeadh aon chás bailí acu dáiríre. Bhí a fhios aige go mbeadh iarrachtaí á dhéanamh chun báid a bhí as feidhm le fada a chur isteach sa Scéim agus chreid sé gurbh aithnid dó féin thart faoi leathchéad cás den chineál agus nárbh ionann an tuillteanas a bhain leo go léir i dtéarmaí na Scéime.

Mar gheall ar an tábla de chásanna a chuireadh faoi bhráid an Aire nuair a bhí an dearbhú sínithe á chur leis an Scéim (féach paragraf 5.17 thuas) dúirt sé go mbeadh sé tar éis casadh le roinnt díobh mar bhí comhaid ar a gcuid chásanna ag dul siar thar na blianta. Rinne sé an pointe gurbh í an chúis a scríobh sé go pearsanta chuig Mr Mullen agus Mr Faherty (a bhí ar an liosta sa tábla) lena rá leo faoi sheoladh na Scéime, ná go raibh prótacal seanbhunaithe go dtabharfadh an tAire féin freagra ar aighneachtaí ó thoghthóirí agus go bhfaigheann aighneachtaí eile freagraí ón Roinn féin.

Dúirt sé nach raibh gnó ar bith aige le pleanáil ná leis an bhfeachtas fógraíochta tar éis don Scéim a bheith seolta. Dúirt sé freisin nach ndeachaigh aon duine i gcomhairle leis ar aon bhealach maidir le measúnú na n-iarratas a fuarthas faoin Scéim tar éis a seolta.


6.6 Agallamh leis an nGearánaí, an tUas. Danny Byrne agus lena dheartháir an tUas. Anthony Byrne

Ag an agallamh, chuir muintir Byrne in iúl go raibh an bád Loretto ag a n-athair ó 1975 i leith. Fuair sé an Skifjord sa bhliain 1981. Bhí an bád sin 130 troigh ar fhaid agus chreideadar go raibh sí sa raon 200-300 tonnaí. Duine as clann ochtar déag ba ea an t-athair agus iascairí ba ea cuid mhór dá ghaolta. Fágadh an teaghlach go beo bocht nuair a chailleadh an bád orthu.

Chuireadar in iúl go bhfuaireadar amach mar gheall ar an Scéim um Chailliúint ar Muir ó dhuine a bhí muinteartha le cara dóibh.  Ach, tharla sin go maith i ndiaidh dáta dúnta na Scéime an 31ú Nollaig 2001. Chuireadar a n-iarratas isteach leis an dáta 31ú Nollaig 2002 agus litir den dáta céanna óna ndeartháir Francis Óg ceangailte leis an iarratas. Ag an am sin chuir Máire Ní Chochláin TD, An tAire Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an t-iarratas isteach agus fuarthas sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha é i Mí Eanáir 2003. Dá n-éireodh leis an iarratas bhí an choinne acu go ndéanfaí bád a cheannach nó ceann a fháil ar léas agus bhí súil ag duine gaolmhar le muintir Byrne agus ag Anthony Byrne úsáid a bhaint as cibé tonnáiste a gheofaí.

Chuir muintir Byrne an tuairim in iúl go mba chóir tonnáiste a bheith faighte acu faoin Scéim um Chailliúint ar Muir agus chreideadar go raibh an scéal acu ar aon dul le hiarratasóirí eile ar éirigh leo tonnáiste a fháil roimhe sin.

 

7. Anailís ar na Mór-Cheisteanna

7.1 Ag Cur an Ghearáin ina Chomhthéacs

Ní bhaineann an fiosrú seo ach le gearán amháin .i. gearán an teaghlaigh Byrne. Cosúil le gearán ar bith eile, is cuma cé láimhseáiltear é trí réamh-fhiosrú nó trí fhiosrú foirmiúil, bíonn roinnt ceisteanna lárnacha nach mór dom a scrúdú. Ní mór don ghearán a bheith faoi ghníomhartha riaracháin chomhlachta phoiblí a thagann faoi mo dhlínse agus ní mór fianaise prima facie a bheith ann go mb’fhéidir gur fhulaing an gearánaí nó na gearánaithe iarmhairt dhíobhálach éigin de dheasca na ngníomhartha úd.

In ainneoin an tseasaimh dhlíthiúil i ndáil le cuntasacht Airí agus a gcuid oifigeach (féach paragraf 9 thíos), faoi Acht an Ombudsman, 1980, tharlódh go gcuimseodh na gníomhartha riaracháin gníomhartha na n-oifigeach sa Roinn atá i gceist nó, neachtar acu, gníomhartha na n-oifigeach agus gníomhartha an Aire ábhartha le chéile. Ag taighde faoi ghearáin aonair, déanaim iarracht a fháil amach an raibh mí-riarachán taobh thiar de na gníomhartha a bhí mar ábhar an ghearáin.  Má bhím sásta gurb amhlaidh a bhí, breathnaím ansin chun a fháil amach an bhfuil sásamh tuillte sa chás. Déanaim iarracht i gcónaí a bheith siúráilte, má bhíonn sásamh molta, gur sásamh iomchuí é, ag braith ar scála agus ar nádúr na hiarmharta díobhálaí a fhulaingíodh. Ar réim níos leithne fós, le linn dom cás ar bith a scrúdú, bím ag faire amach i gcónaí ar na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ón ngearán maidir le teipeanna gnáis nó teipeanna córais a thabhairt chun solais, agus ag taispeáint an bealach is fearr chun a leithéidí a sheachaint. Is féidir feabhsuithe ginearálta a theacht sa chomhlacht poiblí féin mar thoradh ar sin agus sa riarachán poiblí go ginearálta, sa chaoi nach mbíonn earráidí den chineál sin á ndéanamh amach anseo.

Sa chás áirithe seo, líomhnaigh an teaghlach Byrne go raibh diúltú an iarratais uathu faoi Scéim um Chailliúint ar Muir, sé míchothrom agus míréasúnta agus mhaíodar gur tharla sin mar gheall ar an mbealach a chuireadh an Scéim le chéile agus an bealach a fógraíodh í. Bhí teorainneacha an fhiosruithe sa chás seo bunaithe ar an líomhain seo, ar na hargóintí déanta ag muintir Byrne ag tacú lena gcás (féach paragraf 1.2 thuas) agus ar an Ráiteas um Ghearán ón Oifig agamsa (féach paragraf 3.10 thuas). Mar gheall ar nádúr an cháis seo bhraith mé go mba ghá mion-anailís fhóiréinseach a dhéanamh ar an Scéim ‘ó ghor go beireatas’ lena dheimhniú an raibh bunús cóir cothrom leis an ngearán. 


7.2 Scéim nó gan Scéim?

Tá sé soiléir ó fhianaise a bhailíodh as na comhaid agus ó agallaimh a rinneadh le daoine a bhí lárnach san obair seo go raibh na hoifigigh, iad féin , go diongbháilte i gcoinne aon lamháltais a thabhairt do dhaoine a chaill árthaigh ar muir agus nach raibh ar an gClár. Bhí an Roinn den tuairim gurbh é an toradh a bheadh ar aon lamháltas i gcás cásanna aonair, go dtiocfadh carn mór éileamh anuas orthu ina dhiaidh sin agus go ndéanfaí díobháil do pholasaí na Roinne maidir le tonnáiste agus ceadúnais a roinnt amach – agus bhí polasaí na Roinne ag teacht le polasaí iascaigh an AE. Cur i gcás, dúirt an tUas. Carroll ag an agallamh go mbíodh an polasaí iascaigh in Éirinn in aimhréidh ar fad, ach, faoin mbliain 1990 go raibh éirithe leis an Roinn polasaí soiléir a chumadh, bunaithe ar choincheap an toillidh ionadaigh.  Ba é nádúr tionscail an iascaigh in Éirinn go mbíodh an polasaí sin faoi shíor-ionsaí, agus cé go raibh sé deacair ar an Roinn an fód a sheasamh, dhéanfaidís a ndícheall i gcónaí.

Bunaithe ar an eolas a bhí aige ar chásanna aonair, bhí an tAire den tuairim go raibh fíor-chásanna bailí ann, agus, ar son an chothromais agus in ainneoin a raibh ráite faoin bpolasaí féin, bhí sé den tuairim go mba ghá freastal ar na cásanna sin. Chreid sé go raibh an iomarca rialála i bhfeidhm nár thug aon cheann de na constaicí agus na deacrachtaí a thagann sa bhealach ar iascairí aonair. Ba dhóigh leis freisin go bhféadfadh Scéim a chuirfí le chéile go teann righin – go bhféadfadh a leithéid na fíor-chásanna a shásamh ach a bheith inniúil ag an am gcéanna gan aon lamháltas a thabhairt d’iarratais nach raibh a leithéid tuillte acu. B’fhacthas don Aire go raibh cásanna Mr Mullen agus Mr Faherty sa riocht a bheith fíor agus bailí, agus nuair a bhí a chuid oifigeach ina choinne faoi sin, d’úsáid sé na cásanna úd mar shamplaí maithe do chás dar chóir go ndéanfaí freastal orthu dar leis. Is léir go raibh tuairimí láidre difriúla ann maidir le Scéim a chur ar bun nó gan Scéim a chur ar bun.  

Ba mhaith liom a bheith an-soiléir, ag scrúdú an ghearáin ón dteaghlach Byrne, ní hí an cheist ar cheart Scéim a bheith tionscanta nó a mhalairt, ní hé sin an cúram ná an díriú aigne atá orm. I gcroí-lár mo mhachnaimh ar an ngearán is ea an bealach a chumadh agus a seoladh an Scéim tar éis don chinneadh i bprionsabal a bheith déanta go raibh a leithéid de Scéim le bheith ann.  Tar éis an méid sin a rá áfach, is dóigh liom gur dóchúil go mbeadh tionchar éigin ag an gcúlra a bhí leis an gcinneadh sin ar an mbealach a chuireadh an Scéim le chéile agus a rinneadh i a sheoladh. 

Bheadh méid na tairbhe eacnamaíche a bhfaigheadh iarratasóir a n-éireodh leis ag brath ar scála an tonnáiste a chuirfí ar fáil agus ar shocruithe an cheadúnais. Bheadh speansais bunaithe agus speansais leanúnach i gceist ar ndóigh chun sochair a bhaint as glan-thairbhe na Scéime .i. costas bháid a cheannach nó a fháil ar léas chun an tonnáiste a úsáid, bheadh gnáth-fhorchostais cosúil le hárachas, trealamh, cothabháil agus costas an chriú.  Bheadh leibhéal an ioncaim freisin ag brath ar athruithe in aon tréimhse mar a bheadh staid na haimsire, an stoc éisc agus an cineál éisc a mharófaí.  Is féidir le luach an tonnáiste a athrú ó am go ham freisin, agus de réir meastacháin na Roinne (féach paragraf 3.2 thuas) athraíonn praghas an tonna de thoilleadh idir €2000 agus €4000, ach chuireadar in iúl nach raibh aon phictiúr cruinn ceart acu faoi sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara maidir le daoine ar bhronnadh tonnáiste orthu faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, nár cheadaíodh dóibh an tonnáiste sin a dhíol, murab ionann agus iascairí eile a bhí ar an gClár. Mar sin féin, de bharr an ard-éilimh ar bhí ar an Scéim um Chailliúint ar Muir ar feadh achair fada agus méid na n-iarratas a chuireadh isteach, tá sé soiléir go gceaptar go raibh luach an-mhór eacnamaíoch ag baint le lamháltais a bheadh le fáil faoi scéim den sórt sin. 


7.3 Dréachtú na Scéime

Bhí an Scéim seo a moladh dírithe ar aicme áirithe so-aitheanta daoine .i. úinéirí bád a raibh báid caillte ar muir acu idir 1980 agus 1989 agus nach raibh a n-ainmneacha ar an gClár.  Na daoine a n-éireodh le faoin Scéim ar dheireadh, gheobhaidís sochar eacnamaíoch as tonnáiste a ghnóthú a chuirfeadh ar a gcumas dul ag iascach arís mar úinéirí/scipéirí ar árthaigh. Bheadh an sochar sin séanta orthu siúd a rinne iarratas faoin Scéim ach nár éirigh leo critéir na cáilitheachta a shásamh. I ndeireadh na dála, is léir go mbeadh buaiteoirí agus caillteoirí i gceist.

Is ag an Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara a bhí an fhreagracht chun na Scéime a dhearadh agus a chur i bhfeidhm agus bhí faisnéis sonraithe acusan mar gheall ar 16 cásanna nó mar sin a bhí tagtha faoina n-aire, ar iliomad chúiseanna, i gcaitheamh na mblianta. 

I Rannán eile, sa Roinn chéanna, an Rannán um Shábháilteacht ar Muir, bhí os cionn 500 comhad a chruthaíodh agus bhain os cionn 120 díobh sin le tarlúintí a bhain le hárthaigh iascaigh (féach paragraf 5.3) Is léir go raibh os cionn 20 comhad ag an Rannán um Shábháilteacht ar Muir a d’fhéadfadh baint a bheith acu le hárthaigh a throchlaigh nó a chuaigh go grinneall i rith na tréimhse a bhí i gceist, agus a bheadh, b’fhéidir, oiriúnach do chuspóirí na Scéime.  Mar a choimríodh i bparagraf 5.3 thuas nuair a dúradh leis an Roinn Riaracháin Iascaigh Mhara nach raibh aon eolas ní ba shonraithe go caoithiúil in aice láimhe, agus go mbeadh am de dhíth chun teacht ar a leithéid, ní dheachadar níos sia leis an scéal, agus chuadar ar aghaidh níos déanaí fós ag dréachtú na Scéime gan a thuilleadh faisnéise a lorg ar na cásanna sin ón Rannán um Shábháilteacht ar Muir.

Ba é an tAire féin a rinne an cinneadh chun dul ar aghaidh leis an Scéim. Ón scrúdú a rinne mé ar chomhaid na Roinne ní bhfuair mé ach treoir an-ghairid amháin ón Aire go dtí a chuid oifigeach ag cur an chinnidh sin in iúl. Sa treoir ghairid seo rinne sé iarracht ar theorainneacha leithne a leagan síos maidir le dréachtú na Scéime. Is é a dúradh sa treoir seo (féach paragraf 5.4 thuas):

"Tá uaim a fháil amach cén chaoi is féidir imfhálú a dhéanamh ar na sé go dtí a hocht d’fhior- chásanna atá ann, agus iad siúd atá os comhair na hArd-Chúirte a chur san áireamh (más cásanna sa bhfíor-aicme iad san) agus cad iad na himpleachtaí atá ann don CTIB.  Tá uaim na báid sin a cheadúnú más féidir sin a dhéanamh."

I ndiaidh ráitis a fháil iar sin ó oifigigh ag cur imní in iúl faoin Scéim a moladh, thug an tAire treoir an-ghairid amháin eile, scríofa ar an 30ú Eanáir 2001 ina ndúirt sé (féach paragraf 5.10 thuas):

“Gabh ar aghaidh leis na Tograí faoi réir na gcoinníollacha leagtha síos sa mheamram is deireanaí agus faoi réir aontú PO nach bhfuil cásanna ar bith eile ann seachas iad siúd atá ar eolas againn”.

Tá roinnt cur síos i gcomhaid na Roinne sa tréimhse roimh críochnú na Scéime a thagraíonn do chomhráití a rinneadh nó a moladh idir an tAire agus a chuid oifigeach. Féach, mar shampla, na paragraif thuas 5.5, 5.6, 5.7 agus 5.15.  Níor éirigh liom taifead foirmiúil a bith a aimsiú faoi na cruinnithe nó na comhráití úd. Cheistíodh faoi sin le linn agallaimh a chuireadh ar dhaoine éagsúla agus ní raibh duine acu ábalta cuimhneamh siar ar dhoiciméadú a bheith déanta ar aon cheann de na cruinnithe sin ag an am, cé gur admhaíodh go raibh roinnt comhráití ann a bhain le dréachtú na Scéime.


7.4  Cuspóir mór na Scéime um Chailliúint ar Muir

D’fhonn fiúntais agus tuillteanais an ghearáin a rinne an teaghlach Byrne a mheas bhí orm mór-chuspóir na Scéime um Chailliúint ar Muir a shoiléiriú.  Maidir le seo chuir tuarascáil na Roinne den 20ú Nollaig 2005 (féach paragraf 3.8 thuas) in iúl don Oifig agamsa gurb é “cuspóir na Scéime go soiléir ná traidisiún iascaigh na dteaghlach a chothú agus a chothabháil”. Nuair a foilsíodh an Scéim (féach Aguisín 1) bhí an ráiteas ann ná bhronnfaí an toilleadh ionadach chun críche ceadúnais “ach amháin dá n-úsáidtí í chun críche traidisiún teaghlaigh san iascach mara a chothú agus a chothabháil”

Nuair a scríobh an tAire chuig eagraíochtaí an tionscail ar an 2ú Feabhra 2001 (féach paragraf 5.11 thuas) ag lorg a dtuairimí maidir leis an dréacht Scéime, rinne sé cur síos air mar “lamháltas teoranta lán-imfhálaithe”.


7.5   Ábhar Buartha

(a) Idirghníomhaíocht idir an Aire agus a chuid Oifigeach

Scéim ad hoc neamh-reachtúil riaracháin ba ea an Scéim um Chailliúint ar Muir a chumadh d’aon ghnó chun sochair a bhronnadh ar úinéirí bád cáilithe as catagóir áirithe. Rinne an hoifigigh critéir na cáilitheachta a dhréachtú faoina ndéanfaí na hiarratas a mheas ach rinneadar é sin i ndlúth-chaidreamh rialta leis an Aire. Ag teacht gairid don chinneadh chun dul ar aghaidh leis an Scéim bhí oifigigh na Roinne go daingin i gcoinne a leithéid a thabhairt isteach agus chuireadar síos go mion i scríbhinn na cúiseanna go rabhadar i gcoinne na Scéime. Tá sé soiléir ó na doiciméid ar chomhad agus ó agallaimh an fhiosruithe, chomh luath agus a bhí an cinneadh dul ar aghaidh déanta, go rabhthas ag díriú ar an Scéim a dhéanamh chomh caol cúng agus sriantach agus ab fhéidir, chun déileáil leis an imní a bhí ann maidir le fasaigh a leagan síos agus geataí na dtuiltí a oscailt. Go deimhin, bhí a fhios ag an Aire féin mar gheall ar seo agus ba shoiléir ón litir a chuir sé chuig ionadaithe an tionscail (féach paragraf 5.11 thuas) gur theastaigh uaidh Scéim an-teoranta a chruthú. Gan amhras, bheadh cuid mhór d’eagraíochtaí an tionscail ar aon intinn leis, daoine a bhí i gcoinne an smaoinimh taobh thiar den Scéim iad féin.  

Maidir leis na critéir cáilitheachta speisialta a chuireadh isteach sa Scéim, ní raibh taifead ar bith ann a thug le fios na cúiseanna ar leith a bhí taobh thiar de na critéir áirithe sin a roghnú agus ní raibh anailís i scríbhinn ar na buntáistí nó mí-bhuntáistí a bhain le critéir áirithe a fhágáil istigh nó amuigh. Níl taifead ar bith ar chruinniú ar bith ina ndearnadh na critéir a phlé ná a anailísiú. Tá sé soiléir ón ath-dhréachtú go ndearnadh é chun an Scéim a choimeád chomh cúng, teoranta agus ab fhéidir. Tá codarsnacht an-mhór idir teirce seo na dtaifead scríofa agus méid na gcúiseanna a bheachtaíodh go mion i roinnt aighneachtaí scríofa i gcoinne na Scéime, mar a moladh í.

Ag na hagallaimh bhí na oifigigh cúramach ag tabhairt le fios nár ghlacadar aon chás a bhí ar aithne cheana mar phointe tagartha chun an Scéim a dhréachtú.  Glacaim uaidh seo, i bhfocail an Uas. Tom Carroll, iar-Ard-Rúnaí, nár “cheist í chun aon duine faoi leith a choimeád isteach nó amach as” (féach paragraf 6.4 thuas). Deir na hoifigigh gur dréachtaíodh an scéim as an eolas ginearálta ar bhí acu féin ar an dtionscal, as polasaí na Roinne agus an AE agus le fonn chun an Scéim a theorannú chuid mhór. Rachaidh mé ar ais go dtí an cheist seo i bparagraf 9 den Tuarascáil seo. 

I bpáirt an Aire féin, theastaigh Scéim uaidh a dhéanfadh “imfhálú ar na sé go dtí a hocht d’fhíor-chásanna atá ann, agus iad siúd atá os comhair na hArd-Chúirte a chur san áireamh”.  Maidir leis an dtreoir seo, dúirt sé ag an agallamh (féach 6.5 thuas) go raibh an tagairt a rinne sé do “sé go dtí a hocht de chásanna” bunaithe ar fhaisnéis a fuair sé ón Roinn féin. 

Sa Dréacht Tuarascála thuairimigh mé go raibh sé soiléir ón agallamh a chuir mé ar an Aire, agus ó na doiciméid ar chomhad go mbeadh fonn ar an Aire imfhálú a déanamh ar chásanna an Joan Patricia agus an Spes Nova agus chomh maith le Kreis An Avel a bhí mar chás os comhair na hArd-Chúirte. Mar a tharla, d’éirigh leis an cásanna seo faoin Scéim. Sa bhfreagra a thug an tAire ar mo Dhréacht Tuarascála  Fiosraithe cheistigh sé go dian mo thuairim gur theastaigh uaidh cásanna an Joan Patricia, an Spés Nóva agus an Kreis An Avel a imfhálú, nó go raibh cásanna áirithe in aigne aige nuair a luaigh sé go raibh fonn air imhfhálú a dhéanamh. Dúirt sé go raibh fonn air fíor-chásanna a imfhálú agus dá mba ionann sin is go mbeadh 50 cás cáilithe ag deireadh na dála, ba chuma leis é sin, chomh fada is gur fíor-chásanna a bhí iontu. Dúirt sé nach raibh sa tagairt a rinne sé do “sé go dtí a hocht d’fhíor-chásanna” ach athrá ar an méid a dúirt a chuid oifigeach leis agus nach raibh iontu siúd ach uimhreacha táscacha. Dúirt sé freisin gur fhéach sé ar chás an Joan Patricia agus an Spes Nova (chuaigh an dá árthach síos sa chiotrainn chéanna) mar chuidiú leis chun cinneadh a dhéanamh ar an bhfiúntas nó a mhalairt a bhí leis an bpolasaí a athrú. Fillfidh mé ar an gceist áirithe seo sa Ráiteas Clabhsúir (féach paragraf  9 thíos).

Níl sé soiléir in iomlán ó na doiciméid ar chomhad cad iad na cásanna eile a bhí ar aigne ag an Aire – maíonn an tAire nach raibh ceisteanna ar leith ar aigne aige – mar is dealraitheach go raibh eolas sonraithe ag an Roinn faoi chásanna difriúla ag tréimhsí difriúla. Mar shampla, i meamram den dáta 19ú Iúl 2000 (féach paragraf 5.2 thuas) rinne oifigeach sa Roinn, an tUas. Donegan liosta de naoi n-árthach (ar éirigh le trí chinn díobh faoin Scéim ar dheireadh thiar) a chailleadh ar muir idir 1980 agus 1989.  Luadh dhá chás eile freisin ach cailleadh iad sin lasmuigh de fráma ama na Scéime. Tá  tagairt sa mheamram ó Ms White den 11ú Samhain 2000 (féach 5.4 thuas), maidir leis na trí cásanna ar éirigh leo ar dheireadh thiar  “De bhreis ar an sé chás eile is aithnid dúinn”. Deir an meamram ón Uas. Ryan den 12ú Nollaig 2000 (féach paragraf 5.5 thuas): “Is aithnid dúinn 10 gcásanna de bháid a chuaigh síos idir 1980 agus 1989”. Nuair a chuireadh dréacht deireanach na Scéime faoi bhráid an Aire bhí tábla ina fhochair agus sonraí sé n-árthach déag ar liosta ann.  

Nuair a thagair an tAire “d’fhíor-chásanna” chuir na hoifigigh ar chuireadh agallamh orthu in iúl nach raibh tuiscint shoiléir acu ar cad díreach a bhí i gceist aige maidir le seo. Níl aon fhianaise scríofa ar chomhad go ndearnadh iarracht ar bith chun é seo a shoiléiriú le linn don Scéim a bheith á dhréachtú.  Tugaim faoi deara go ndúirt an tUas. Ryan sa mheamram a scríobh sé ar an 18ú Nollaig 2000 (féach paragraf 5.6 thuas) go raibh dréacht na Scéime a bhí á chur faoi bhráid an Ard-Rúnaí ag an am, go raibh sé  “deartha chun déileáil le fíor-chásanna anró…”

Sa bhfreagra a thugadar ar Dréacht Tuarascála an Fhiosraithe  (féach mír (5) faoi Aguisín 4) rinne an Roinn an pointe go raibh réimeas nua reachtúil i bhfeidhm ó achtaíodh An tAcht Iascaigh (Leasú) 2003. Dúirt an Roinn gur tugadh an tAcht seo isteach chun údaráis cheadúnaithe neamhspleách a bhunú a dhéanfadh an cinneadh faoi iarratais aonair i gcomhair ceadúnaithe agus cláraithe na mbád iascaigh mhara. Dúirt an Roinn gur bhunaíodh na t-údarás ionas go mbeadh na cinntí déanta ar mhodh trédhearcach agus saor ó thionchar pholaitiúil.


(b) Taighde nó easpa Taighde

Bhí an Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara freagrach as an Scéim um Chailliúint ar Muir a dhréachtú. Faoi mar atá ráite agam, Scéim ba ea í a bhí dírithe ar aicme áirithe daoine.  Díreach roimh seoladh na Scéime, ní raibh d’eolas ag an Rannán féin ach na sonraí a bhí taobh thiar de 16 cásanna, ach bhí sé soiléir freisin go mbeadh taifid ag an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  maidir le formhór, nó an t-iomlán b’fhéidir, d’eachtraí, a bhain le hárthaigh iascaigh a chuaigh go tóin poill idir 1980 agus  1989. Nuair a chuir an Rannán um Shábháilteacht ar Muir  in iúl nach raibh na comhaid go caoithiúil in aice láimhe, ní dheachaigh an Rannán Rialacháin Iascaigh Mhara níos sia leis an scéal. 

Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh na hoifigigh a bhí ag dréachtú na Scéime lán-chinnte, chomh luath is a sheolfaí an Scéim, go mbeadh cásanna eile ag teacht chun cinn nach raibh aon mhion-eolas acu fúthu roimhe sin. Mar sin, mar shampla, bhí rabhadh san aighneacht den dáta 19ú Iúil 2000 (féach paragraf 5.2 thuas) dá bhfoilseofaí Scéim  “go n-osclófaí geataí na dtuiltí do gach éileamh eile”.

Sa mheamram a scríobh sé ar an 10ú Samhain 2000 (féach paragraf 5.4 thuas) dúirt an tUas. Joe Ryan inter alia:

“Dá ndéanfaí lamháltas ar bith  d’úinéirí árthach a chailleadh nó a chuaigh go tóin poill bheifí ag coinne dá bharr sin go mbeadh  éilimh ó úinéirí árthach eile nach raibh curtha ar an gClár nua ar chúiseanna éagsúla (díomhaoine, gan acmhainn farraige, iarratas déanach etc).  Bheadh sé deacair an diúltú a thabhairt dá leithéidí siúd, mar d’fhéadfadh na húinéirí a mhaíomh go raibh an cás chomh maith acusan agus a bhí ag úinéirí árthach nach raibh ann a thuilleadh nuair a tháinig an Clár nua i réim.”

D’aontaigh Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, leis na tuairimí a nocht an tUas. Ryan, agus dúirt sí, inter alia:

“Is é iomlán na faidhbe ná cén teorainn a bheadh lena leithéid.  De bhreis ar an sé chás eile is aithnid dúinn (agus nílim cinnte cé méid tacaíochta atá acusan) agus an t-árthach a bhfuil an cás fúithi san Ard-Chúirt, tig leat deimhin a dhéanamh de go mbeidh líon mór daoine ag iarraidh an tsásaimh chéanna a fháil.”

I meamram eile den dáta 12ú Nollaig 2000 (féach paragraf 5.5 thuas), thug an t-Uas. Ryan an rabhadh go bhféadfadh: “úinéirí bád eile a chailleadh a gcás féin a chur i láthair chomh luath is a rachadh an scéala faoin athrú polasaí amach”.

Sa nóta atá gafa mar Aguisín 3 den Tuarascáil seo (féach paragraf 5.10 thuas) is éard a deir an scríobhaí:

“Dá ndéanfaí athruithe beagán ar bheagán ag freagairt d’achainíocha speisialta ó aonaránaigh, sa chás go mbeadh an hathruithe seo contráilte ar fad le cuspóir an pholasaí - thabharfadh a leithéid gnóthachain mhóra in aisce dos na daoine sin agus d’osclófaí an bealach le haghaidh iarrataí eile leis an “dtuillteanas” céanna – ní fhéadfaí a leithéid a mholadh”.  

Bhí an Scéim a moladh le bheith mar dheis aon-uaire ag codán áirithe d’aicme mion-shonraithe daoine a bhainfeadh tairbhe aisti chomh luath is a shásaíodar na critéir a leagadh síos. Bhí sé soiléir in iomlán go dtiocfadh cásanna chun cinn seachas na sé gcás déag a bhí tagtha chun eolais ag an Rannáin Riaracháin Iascaigh Mhara.

Mar a tharla, tháinig 67 iarratas isteach san iomlán agus d’éirigh le 6 acusan. Dúirt na hoifigigh go raibh scéim á dhearadh acu bunaithe ar a n-eolas ar an dtionscal agus leis an intinn í a choimeád chomh docht dírithe agus ab fhéidir. Bhí a fhios acu nach raibh an pictiúr iomlán acu i dtéarmaí an chineáil nó an nádúr de gach iarratas a d’fhéadfadh a theacht, ach  gan amhras, b’fhurasta a thuaradh go dtiocfadh cásanna chun cinn seachas na cásanna a raibh eolas cruinn baileach acu fúthu. Bhí a fhios ag an Roinn go raibh faisnéis ní ba shonraí ar fáil maidir le cásanna i Rannán eile (Sábháilteacht ar Muir). 

Le linn de na coinníollacha a bheith á gceapadh, sílim go raibh sé de dhualgas ar an Roinn taighde forleathan a dhéanamh chun gach eolas dá mb’fhéidir a thabhairt dóibh féin i dtaobh an sórt agus an nádúr d’iarratais ba dhóichí a gheobhaidís, agus ansin dul i mbun na Scéime a dhearadh agus an méid eolais sin ina n-aigne acu.  Bheadh ábhar curtha ar fáil as sin a lamhálfadh anailís ní ba mhachnamhaí a bheith déanta ar iarmhairt dhóchúil na Scéime, agus scrúdú freisin a bheith déanta ar bhuntáistí agus mí-bhuntáistí na gcritéar cáilitheachta éagsúla a bheadh le chur isteach. Dar liom féin, agus an cúlra a bhí taobh thiar den ghnó ar fad mar atá léirithe anseo, bheadh sé thar a bheith tábhachtach, ar mhaithe le cothroime, dá mbeadh rogha dhiscréide éigin fite isteach sa Scéim ionas go bhféadfadh an Roinn meas cóir a dhéanamh ar aon iarratais a thiocfadh isteach, fiú iarratais nach sásódh go hiomlán na critéir a bhí leagtha síos b’fhéidir, ach a bheadh ina ainneoin sin laistigh den mhór-chuspóir a bhí taobh thiar den Scéim.

Ba mhaith liom a bheith an-soiléir nach bhfuil an méid atá á rá agam maidir le heaspa aon ghné de dhiscréid sa Scéim, nach bhfuilim á rá sin de bharr buntáiste an iar-eolais, bunaithe ar an méid is eol dúinn anois faoi chás an teaghlaigh Byrne, ná mar iarracht éigin chun cás Byrne a shníomh isteach idir teorainneacha an Scéime a foilsíodh. Ní h-ea, baineann an ráiteas seo uaim le heasnamh sa Scéim, sa mhéid go dteipeann uirthi freastal ceart a déanamh ar phrionsabail bhunaigh an dea-riaracháin.

Faoi mar a shonraítear i dTuarascáil Bhliantúil na h-Oifige seo don bhliain 1995, leagadh síos na Prionsabail um Dhea-Riarachán a luaim chomh fada siar leis na hochtóidí i sraith moltaí ó Choiste na nAirí i gComhairle na hEorpa agus rinne na  ballstáit iad a fhormhuiniú. Ag úsáid a gcumhachtaí, ag áireamh na gcumhachtaí chun cinntí a dhéanamh, bídís lán-roghnach, discréideach nó a mhalairt, ní foláir do chomhlachtaí poiblí a bheith siúráilte go n-adhrann siad na Prionsabail seo.  I measc nithe eile sna Prionsabail, tá an gá le hoibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a dheimhniú, le hidirdhealú mhíchothrom a sheachaint agus na cumhachtaí lánroghnacha a úsáid ar mhodh réasúnta.  Ag seo a leanas an prionsabal a bhaineann le cumhachtaí lánroghnacha:

“má úsáidtear cumhachtaí roghnacha, ní mór do chomhlachtaí poiblí a dheimhniú go n-úsáidtear iad ar mhodh réasúnta, le súil ar na prionsabail thuasluaite agus ar thosca uile an cháis airithe, agus gan aon laincis mhíchuí a chur ar an bhfíor-rogha atá acu, e.g. trí aicmí daoine a choimeád amach ó bheith cáilithe i gcomhair seirbhísí nó eile” (uaim féin an bhéim anseo).

Bunaithe ar na Prionsabail seo, d’fhorbair m’Oifigse Treoir an Ombudsman do Sheirbhísigh Poiblí um Chaighdeáin an Chleachtais is Fearr. Foilsíodh an Treoir sin don chéad uair sa bhliain 1997 agus rinneadh í athnuachan agus a athfhoilsiú sa bhliain 2003 (Féach suíomh idirlíon www.ombudsman.gov.ie). Tá an sliocht seo a leanas as an dTreoir ábhartha don chás áirithe seo:

“Is ionann déileáil ‘go cothrom’ le daoine agus:-

  • caitheamh le daoine atá cosúil le chéile agus sna tosca céanna ar an dóigh chéanna;
  • tá rialta agus rialacháin tábhachtach chun cothroime a dheimhniú, ach glactar nár chóir iad a fheidhmiú chomh righin docht sin go gcruthaítear mí-chothromas;
  • pionóis a sheachaint atá as chuimse leis an méid is gá chun géilleadh do sna rialacha a dheimhniú;
  • a bheith réidh chun rialacha agus gnáis a athbhreithniú agus a athrú más gá.....”

 

B’fhéidir go raibh sé caoithiúil ó thaobh riaracháin agus ag teacht leis an gcuspóir a luadh, scéim chúng imfhálaithe a fhoilsiú, ní raibh sé cothrom ná ag teacht leis an gcleachtas riaracháin is fearr gan rogha ar bith a lamháil faoin Scéim le linn an mheasúnaithe. Maidir le seo, tá sé tábhachtach a mheabhrú go raibh an Scéim féin-theorannach ó thús, sa mhéid nach raibh cead ach úinéirí bád a chuaigh síos ar muir laistigh de thréimhse áirithe iarratas a dhéanamh. Mar sin, dá mbeadh comhpháirt éigin discréide fite isteach sa Scéim, ní fhéadfaí an argóint a dhéanamh go raibh acmhainn ann chun méadú mór a dhéanamh ar an líon daoine a bheadh cáilithe i gcomhair measúnaithe. Freisin, níl aon dabht ná go dtiocfadh iarratais eile chun cinn seachas na 16 cásanna a bhí ar eolas cheana féin ag an Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara agus ní fhéadfaí tuillteanas dóchúil na n-iarratas eile a thuaradh gan taighde ní ba dhoimhne a bheith déanta ar  chomhaid na Sábháilteachta Mara sular seoladh an Scéim. Cuireann sin go mór leis an gcás chun gné éigin discréide a chur isteach sa Scéim. D’fhéadfadh discréid den sórt sin a bheith ceangailte le critéir cáilitheachta aonair sa Scéim nó d’fhéadfaí clásal ginearálta maidir le discréid a chur isteach a cheadaigh breithniú speisialta ar chásanna eisceachtúla le linn measúnaithe. 

De bharr na dtuairimí codarsnacha a bhí ag an Aire agus ag a chuid oifigeach maidir le Scéim a cheapadh nó a mhalairt, is é an pictiúr iomlán a bhfaighim anois ná: chomh luath is a rinneadh an chinneadh chun dul ar aghaidh, chaill na páirtithe go léir (oifigigh agus Aire) an léargas ar an ngá ní ba leithne a bhí ann chun prionsabail an chothromais a chur i bhfeidhm i gceapadh critéar na Scéime. 

Ba cheart dom a rá anseo gurb í mo thuairim go raibh roinnt de na critéir a foilsíodh sa Scéim seo cothrom agus réasúnta, bíodh is go raibh an Scéim ag imeacht ón ngnáth-pholasaí agus bhí gá le teorainneacha agus coinníollacha inti. Ag an agallamh dúirt an tAire faoin gcinneadh a rinne sé chun leasú a dhéanamh ar an bhforáil a bhain le hath-dhíol tonnáiste ag iarratasóirí ar éirigh leo (féach paragraf 5.16 thuas), go raibh an cinneadh sin mar fhreagra ar imní áirithe a luaigh roinnt dá chuid oifigeach. Mar sin féin, mar atá ráite thuas, i dtéarmaí an mhór-chuspóra thaobh thiar dí, bhí cothromas de dhíth ar an Scéim. 


(c) An Chaoi a Foilsíodh an Scéim

Foilsíodh an Scéim san Fishing News den 22ú Meitheamh 2001, san Irish Skipper, Mí Iúil 2001 agus in eagrán na Lúnasa den Marine Times.  Bhí an méid seo de bhreis ar na tuairiscí a chuireadh ar an 8ú Meitheamh 2001 chuig Eagraíochtaí na dTáirgeoirí. Scríobh an Roinn freisin go díreach chuig daoine a bhain le 16 cásanna a raibh sonraí fúthu i Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara, rannán de chuid na Roinne, ag cur eolais chucu faoi sheoladh na Scéime.

Dúirt na hoifigigh a chuireadh faoi agallamh go rabhadar sásta le cineál agus le scála na fógraíochta a rinneadh ag an am. Dúradh go raibh dualgas ar na h-Eagraíochtaí Iascaigh an scéala a chur timpeall. Dúradh go raibh an pobal iascaigh an-dhlúth agus go raibh na páipéir trádála ar aon dul leis an Farmer’s Journal ag feirmeoirí.

Is léir gur oibrigh an feachtas fógraíochta go héifeachtach, mar tháinig 67 iarratas isteach chuig an Roinn i ndeireadh na dála, ach dar ndóigh níor éirigh leis an bhfeachtas an scéala a chur abhaile chuig muintir Byrne. Chomh maith le sin, tuigim ó thaifid na Roinne gur tháinig dhá iarratas eile isteach i ndiaidh an dáta dúnta. Freisin, fuair an Roinn thart faoi chúig ghlaoch teileafóin ó dhaoine eile a bhí ag iarraidh iarratais a dhéanamh i ndiaidh an dáta dúnta. 

Tá sé an-soiléir go raibh cuid de na h-Eagraíochtaí Táirgeoirí go láidir i gcoinne na Scéime agus tá sé soiléir ó nóta an Aire den 30ú Eanáir 2001 (féach paragraf 5.10 thuas), má bhí an Scéim chun a bheith ann chor ar bith, gur theastaigh uathu í a dhéanamh chomh sriantach agus ab fhéidir. Freisin, nuair a chuireadh comhairle orthu, iarradh ar na heagraíochtaí céanna a dtuairimí a thabhairt faoin dteoiric ná beadh ach uimhir theoranta árthach ábalta cáiliú faoin Scéim a bhí molta. Dealraíonn sé nach bhfuarthas aon tuairim ar ais uathu faoin gceist seo. Tríd is tríd, measaim nach bhfuil sé mí-réasúnta teacht ar an dtuairim, tar éis don Scéim a bheith seolta, nár dhóichí go mbeadh na h-Eagraíochtaí Táirgeoirí gníomhach ag fógairt na Scéime ná ag iarraidh iarratasóirí ionchais ar chur ar eolas fúithi.   Is daoine aonair seachas eagraíochtaí a bhí ag stocaireacht thar na blianta i ndiaidh scéime den sórt, agus ba é an ról dáiríre a bhí ag na heagraíochtaí táirgeoirí ná leas na n-úinéirí bád ar bhí ar an gClár cheana féin a chosaint, daoine a raibh an toilleadh iascaigh ina gcearta féin acu cheana. Maidir le hoifigigh na Roinne, bhíodar san den tuairim go bhféadfadh an Scéim an bonn a bhaint de pholasaí seanbhunaithe a bhí ann chun an toillidh iascaigh a shrianadh, agus, mar sin, go gcaithfeadh aon scéim a fhoilseofaí a bheith chomh sriantach agus a d’fhéadfaí í a dhéanamh.

Is léir, nuair a scríobh an Roinn go díreach chun na daoine a bhain leis na sé chásanna déag (féach thuas), bhí na daoine sin curtha i riocht buntáisteach, seachas iarratasóirí ionchais eile, sa mhéid gur tugadh lán-eolas faoin Scéim dóibh ón dtosach agus bhíodar inniúil an chinneadh a dhéanamh pé acu ar theastaigh uathu iarratas a dhéanamh nó a mhalairt.

Feicim ceangal anseo arís idir an easpa taighde sa Roinn (féach mír 7.5 (b) thuas) agus éifeacht na fógraíochta a rinneadh. Dá mbeadh anailís déanta ar na comhaid sa Rannán um Shábháilteacht ar Muir  bheadh tuilleadh faisnéise curtha ar fáil a bheadh cúntach b’fhéidir chun feachtais eolais níos sprioc-dhírithe a dhéanamh. Mar shampla, tharlódh go mbainfí eolas as na comhaid sin faoi ainmneacha agus sonraí teagmhála nó fiú ainmneacha árthach áirithe agus cá háit agus cá ham a bádh iad. D’fhéadfadh an Roinn faisnéis den sórt sin a úsáid sa bhfeachtas fógraíochta nó trí chomhfhreagras díreach chun grúpa ní ba leithne d’iarratasóirí ionchais a chur ar a n-aire.  Sa chás áirithe seo is mó de thábhacht agus de riachtanas fós a bheadh le feachtas cuimsitheach fógraíochta, maille le feachtas faisnéise dea-thaighdte sprioc-dhírithe, de bhrí gur Scéim aon-uaire fhinideach a bhí inti, agus gan ach deis theoranta aon-tréimhse amháin á thabhairt chun iarratais a chur isteach.

Tá ábharthacht anseo arís le Treoir an Ombudsman do Sheirbhísigh Poiblí um Chaighdeáin an Chleachtais is Fearr faoi mar a léirítear sa sliocht seo a leanas:

“Is ionann déileáil ‘go hoscailte’ le daoine agus:

  • faisnéis chuimsitheach faoi na rialacha agus na gnáis a rialaíonn scéimeanna agus cláir poiblí a chur ar fáil agus a choimeád athnuaite;
  • a dheimhniú gurb eol do dhaoine cén fhaisnéis atá ar fáil, an áit chun í a fháil agus gurb eol dóibh a gcearta chun í a fháil faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus eile…”

 

Sa bhfreagra a thugadar ar an Dréacht Tuarascála Fiosraithe (Féach Aguisín 4) dúirt an Roinn go raibh a dtuairim tugtha cheana gur ceart dáta nó sprioc cinnte i gcomhair a dúnta a bheith ag an scéim, dála formhór na scéimeanna eile. Dúradar freisin go mb’fhéidir go dtuigfí go raibh an Dréacht Tuarascála ag iarraidh a rá go mba chóir go seolfaí an scéim ar bhonn dothomhaiste nó gan teorainn. Chuireadar le sin go bhfuarthas an t-iarratas ó mhuintir Byrne os cionn dhá mhí déag i ndiaidh an dáta dúnta, agus, ar chaoi ar bith, nár shásaigh sé coinníollacha cáilithe uile na Scéime, agus gurb í tuairim shoiléir na Roinne go raibh an ceart acu an t-iarratas a dhiúltú. 

Glacaim nár shásaigh an t-iarratas  ón dteaghlach Byrne coinníollacha cáilithe uile na scéime. Glacaim freisin gur cóir na critéir a bhaineann le scéimeanna i gcoitinne a tharraingt go cruinn beacht. Is cúnamh é sin chun cothroime agus ionannais a dheimhniú sa tslí a dhéantar iarratais aonair a mheas. Ach, faoi mar atá ráite agam roimhe seo, tá sé tábhachtach freisin a dheimhniú nach gcuirtear na rialta nó na rialacháin a bhaineann le scéimeanna a fheidhmiú chomh docht daingin sin go ndéantar mí-chothromas a chruthú. 

Ag casadh ar an Scéim um Chailliúint ar Muir arís is é an rud ba mhaith liom a rá anois le dearfacht ná gur tábhachtaí agus gur riachtanaí go mór go mbeadh feachtas fógraíochta lán-chuimsitheach, sprioc-dhírithe déanta, go díreach toisc gur Scéim aon-uaire, am-teoranta a bhí inti a bhéarfadh sochar do dhaoine as aicme cúng-shonraithe d’iarratasóirí ionchais. Freisin bheadh sé ní ba chríonna ó thaobh riaracháin de, agus ní ba chothroime, i gcomhthéacs na Scéime seo, dá mbeadh comhpháirt rogha nó discréide éigin fite isteach inti i ndáil le measúnú a dhéanamh ar na hiarratas a tháinig. Tá argóint láidir ann go raibh tairbhe faoin Scéim tuillte ag iarratas Byrne ach rinneadh aon fhaomhadh a dhéanfaí ar sin a thoirmeasc leis an gcaoi a fógraíodh an Scéim agus leis an easpa discréide i gcritéir na Scéime


(d) Taifid á gCoimeád

Ba mhór an cúnamh d’fhiosrú an ghearáin seo dá mbeadh taifid scríofa comhaimseartha déanta ag an Roinn maidir leis na comhráití éagsúla a tharla idir an Aire agus a chuid oifigeach, idir na hoifigigh féin maille le ráitis scríofa ar an anailís a rinneadh ar dréachtaí éagsúla na Scéime.  Bíonn dea-choimeád taifead lámh ar láimh le dea-riarachán agus tá aire tarraingthe agam ar an dtábhacht atá le dea-choimeád taifead chun cuntascacht chóir a dheimhniú sna comhlachtaí poiblí.  Tá coimeád na dtaifead thar a bheith tábhachtach ar an gcomhéadan polaitiúil/riaracháin agus is gné lárnach den chás seo é sin, agus, go deimhin i gcásanna eile arbh ábhar buartha don phobal iad le blianta anuas (féach freisin a bhfuil agam le rá faoi seo i bparagraf 7.6 thíos).  Ina ainneoin sin, go hámharach, d’éirigh liom teacht ar fhionnachtana cinnte agus moltaí a dhéanamh i ndáil leis an ngearán áirithe seo de bharr na dtaifead a chuireadh ar chomhad agus as an leibhéal comh-oibre a fuaireas ón Aire agus ó oifigigh na Roinne.

Mar fhreagra ar Dhréacht Tuarascáil an Fhiosraithe (féach Aguisín 4) dúirt an Roinn nár aontaíodar le m’fhionnachtain (Uimhir 4) i ndáil le coimeád na dtaifead agus dúradh mar a leanas:

“Tá an Roinn go láidir den tuairim gur coimeádadh taifid soiléir, aon-bhríoch, sa mhéid a bhain le cuspóir riachtanach na scéime, le cinneadh soiléir an Aire chun an scéim a sheoladh, le rialta agus coinníollacha soiléire na scéime, le riarachán cothromasach na scéime agus le toradh na scéime” 

Nílim ag easaontú go bunúsach le ráiteas na Roinne. Mar sin féin, ní ghlacaim gur bréagnú cruinn ceart ná iomlán é ar mo bhreithiúnas. Mar is léir óna bhfuil ráite agam thuas, tá an cáineadh atá agam ar an Roinn faoi fhionnachtain uimh. 4 ag baint go príomha leis an bhfaillí chun taifead a choimeád maidir le comhráití/cruinnithe idir an Aire agus a chuid oifigeach agus idir na hoifigigh iad féin. 


7.6 Próiseas Ullmhaithe na Scéime agus Ceisteanna níos Leithne den Riaracháin Poiblí

Ag breithniú ar an gcás seo le leathan-dhearcadh an riaracháin phoiblí i gcoitinne, bhíos spreagtha chun cuairt eile a thabhairt ar an Tuarascáil dar dteideal “Ceisteanna Áirithe faoi Bhainistíocht agus Riarachán sa Roinn  Sláinte agus Leanaí a bhaineann le Cleachtas muirir a ghearradh ar Dhaoine faoi Chúram Fadtéarmach in Institiúidí Bord Sláinte agus Ábhair Gaolmhara” (ar a dtugtar Tuarascáil Travers), a foilsíodh i Mí na Márta 2005.  Rith sé liom go raibh ábhar agus saincheisteanna sa Tuarascáil sin a bhí ábhartha don chás áirithe seo. Sa tréimhse i ndiaidh foilsiú an Tuarascáil Travers d’eisigh Tánaiste na linne agus an tAire Sláinte agus Leanaí, Mary Harney, TD, ráiteas a dúirt go raibh sa tuarascáil seo  “ábharthacht níos leithne do gach duine atá bainteach le riarachán na seirbhísí sláinte agus don státseirbhís…”

Cé gur bhain an Tuarascáil Travers leis an Roinn Sláinte agus Leanaí agus gur foilsíodh í i ndiaidh imeachtaí an cháis seo, tá macalla inti má scrúdaítear í i gcomhthéacs an cháis reatha seo, agus is fiú cuid de na ráitis déanta sa Tuarascáil seo a athrá anseo. I  gcaibidil 6 (leathanach 76) féachann Mr Travers ar na ceachtanna riaracháin dar chóir a bheith foghlamtha ó chonspóid na dtithe altranais. Maidir le seo molann sé go ndéanfaí athruithe áirithe ar cleachtais agus gnásanna na Roinne. Ina measc na cinn seo a leanas:

" (2) Cumas Anailíse:  Déantar deimhin de go mbíonn méid na hanailíse a dhéantar ar chinntí tábhachtacha a dhéantar ar leibhéal na Roinne, an Aire agus an Rialtais ar cóimhéid leis an bpolasaí agus le tábhacht oibríoch na gcinntí a dhéantar.

(3) Trédhearcacht: Déantar deimhin de go mbíonn gach mír eolais a réitítear i gcomhair Airí cuimsitheach faoi cheisteanna tábhachtacha polasaí nó oibríochtaí, agus go mbíonn gach uile (béim sa tuarascáil féin) fíric inti agus dóthain taifead déanta dí.

(4) Taifid:  Déantar deimhin de go mbíonn, ar a laghad, taifead de minimus déanta de chinntí a dhéantar laistigh den Roinn ar an leibhéal oifigiúil agus ar leibhéal an Aire.

(6) Cinntí á nDéanamh:  Déantar deimhin de go ndéantaí cinntí agus go dtaifeadtar iad ar mhodh soiléir, trédhearcach agus tráthúil… Tógtar athbhreithnithe ar pholasaí agus ceisteanna oibríocha chuig clabhsúr soiléir agus déantar taifead de gach cinneadh chomh maith leis an réasúnaíocht taobh thiar de.

(8) Saincheisteanna le h-Íogaireacht Pholaitiúil: Bítear aireach faoi shaincheisteanna le híogaireacht pholaitiúil.  Bítear mothálach ag déileáil leo ach ná lamháiltear do shaincheisteanna le híogaireacht pholaitiúil maolú ar ionracas na hanailíse a dhéantar agus a bheirtear chun cinn, ná ar na roghanna i gcomhair cinntí gaolmhara ar bith nach bhfoláir a dhéanamh, ná ar urlabhraíocht iomlán na n-iarmhairtí dóchúla a thiocfadh as cinntí nach iad."

Dá mbeadh na prionsabail réamhráite curtha i bhfeidhm sa chás áirithe seo is iad seo a leanas na torthaí a bheadh leis:

  • Anailís chuimsitheach ar gach chomhad ábhartha a bhí ar fáil sa Roinn;
  • Anailís shonraithe i scríbhinn ar aidhmeanna, cuspóir, buntáistí agus mí-bhuntáistí na Scéime agus ar gach chritéar ar leith a bhaineann léi;
  • Díol an cháis de thaifid scríofa ar gach idirghníomhaíocht mhór, ag áireamh cruinnithe, comhráití idir oifigigh agus idir oifigigh agus an tAire.

 

I dtéarmaí an cháis áirithe seo, is é an dearcadh atá agamsa, nuair a chuireann seirbhísigh poiblí scéimeanna le chéile gur ceart dóibh féachaint ar phrionsabail an chothromais agus na comhréire. Ba cheart an scóip atá riachtanach a lorg i gcomhair discréide nó rogha, ionas gur féidir an breithniú cóir a dhéanamh ar chásanna nach rachadh go caoithiúil faoi chúngach na gcritéar cáilitheachta ach go m’fhéidir, in ainneoin sin, go mbeadh fiúntas nó luaíocht iontu, de bharr tuillteanais an cháis ina rabhadar. Mar a dúradh cheana, baineann Treoir an Ombudsman do Sheirbhísigh Poiblí um Chaighdeáin an Chleachtais is Fearr go mór le hábhar anseo.

 

8. An Teaghlach Byrne agus an Scéim um Chailliúint ar Muir

Faoi mar a dúradh cheana, tá na fiosrú seo ag baint le scrúdú a dhéanamh ar aon ghearán amháin, an gearán a rinne an teaghlach Byrne. Ag fiosrú an ghearáin seo níor scrúdaigh mé ná níor bhreithnigh mé ar fhiúntas aon iarratais eile a chuireadh isteach agus nár éirigh leis, faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Ba cheart dom a rá anseo go seasann an gearán áirithe seo, nó teipeann air, ar a fhiúntas féin amháin ag brath ar an réasúnaíocht taobh thiar den Scéim agus an chaoi ar chuireadh le chéile í agus a ndearnadh í a fhógairt. Níor cheart dóighe a dhéanamh de as an dtoradh a thiocfaidh as an ngearán seo go gcaithfeadh toradh cosúil leis a theacht as gearán éigin a dhéanfadh iarratasóirí eile nár éirigh leo chuig an Oifig seo amach anseo. Maidir le seo, ba cheart a mheabhrú, cé is moite den mhéid a dúirt mé faoi easpa na comhpháirte discréide, dealraítear dom go bhfuil mórchuid de na critéir, mar a foilsíodh iad, cothrom agus réasúnta agus ag teacht le cúl-chuspóir na Scéime. Ba mhaith liom a thabhairt le fios freisin, de bhreis ar an ngearán atá déanta ag an teaghlach Byrne, go bhfuil an Oifig agamsa tar éis a bheith ag plé le cúig ghearán difriúla ó dhaoine a shíl go rabhadar i dteideal sochair a fháil faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Nuair a scrúdaigh mé na gearáin seo tháinig mé ar an gcinneadh, sa chás áirithe ina rabhadar, nach raibh cúis réasúnta acu le cur i gcéill go rabhadar i dteideal toillidh ionadaigh de réir téarmaí na Scéime mar a foilsíodh í agus chuir mé an méid sin in iúl dóibh. Ach is mór an difríocht a bhí idir iad seo agus cás an teaghlaigh Byrne.

Sa bhfreagra a thugadar ar Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe, dúirt an Roinn go ndearnadar an Scéim a riaradh go scrupallach sa mhéid gur chaitheadh go cothrom le gach iarratasóir faoin Scéim, laistigh de na téarmaí, na rialacha agus na coinníollacha ábhartha. Níl fianaise ar bith agam nárbh amhlaidh a rinneadh agus glacaim le dearbhú na Roinne ar an bpointe áirithe seo.

Ag dréachtú na Scéime, fiú amháin dá mbeadh níos mó cúl-thaighde déanta (féach paragraf 7.5 (b) thuas) ní bheadh sé indéanta ag an Roinn scála agus nádúr cruinn díreach na n-iarratas ionchais a thuaradh roimh ré. Ba í an réasúnaíocht ar chúl na Scéime, achoimrithe chugam ag an Roinn, ná “ba é cuspóir na Scéime go soiléir ná traidisiún iascaigh na dteaghlach a chothú agus a chothabháil”. Tá mé tagtha ar an gconclúid go mba cheart go réasúnta cás an teaghlaigh Byrne a mheas mar chuid den aicme cásanna a thuillfeadh cúnamh faoi théarmaí na Scéime, faoi réir an mhór-chuspóra a bhí taobh thiar den Scéim.

Is dealraitheach gurb iad na cúiseanna ar chinn an Roinn nárbh fhéidir go n-éireodh leis an iarratas ón dteaghlach Byrne ná a) toisc nár chuireadh isteach é faoin dáta dúnta den 31ú Nollaig 2001 agus b) fiú amháin dá bhfaighfí an t-iarratas in am, nár shásaigh sé coinníoll (c) den Scéim a éilíonn mar a leanas: ‘taispeántar go raibh an bád atá i gceist, de réir tagairtí i dtuairisc na log-bhileoige , nó taifid ábhartha eile, a bheith á húsáid go gníomhach agus go leanúnach, ar feadh mór-thréimhse de bhlianta, ag an duine atá i gceist, le haghaidh iascaigh mhara de chatagóir atá clúdaithe faoi rialacháin an toillidh ionadaigh, go dtí gur chailleadh ar muir í’.  Chun críocha measúnú a dhéanamh ar iarratais faoin Scéim ba í an chiall a bhain an Roinn as ‘mór-thréimhse de bhlianta’ na tréimhse dhá bhliain, ach níor cheannaigh an tUas. Byrne an Skifjord go dtí 1981 agus chuaigh sí síos i Mí Dheiridh Fómhair na bliana céanna. Go dealraitheach mar sin, bhí na cúiseanna seo le haghaidh an diúltaithe de réir na dtéarmaí a fógraíodh faoin Scéim.

Ina ainneoin sin, is í mo thuairim, toisc an tslí a rinneadh an Scéim a thaighde agus a fhógairt agus gur tugadh í chun aireachais iarratasóirí áirithe murab ionann agus daoine eile (féach paragraf 7.5 (c) thuas), gur chuir sin an-dhóchúlacht sa scéal go mbeadh iarratasóirí ionchais eile ann a chuirfeadh iarratais isteach déanach (an teaghlach Byrne san áireamh) agus go ndiúltófaí aon cháilitheacht faoin Scéim go mí-chothrom orthusan.  Tá mé den tuairim freisin, bíodh an réasúnaíocht a deirtear a bheith taobh thiar den Scéim agus cruachás an teaghlaigh Byrne, go raibh an choinníoll (c) nár lamháil discréid ná rogha ar bith, sriantach thar fóir agus mí-chothrom. Dúirt an Roinn féin liom gurb é mór-chuspóir na Scéime ná “traidisiún an teaghlaigh san iascach mara a chothú agus a chothabháil”. De bhrí gur bhain an teaghlach Byrne, agus daoine eile b’fhéidir, úsáid as roinnt bád i ndiaidh a chéile chun slí bheatha a bhaint as an iascach, níor cheart go mba leor an méid sin chun iad a dhúnadh láithreach glan amach as an Scéim. An t-am a fuaireadar an dara bád – ceithre mhí sula ndeachaigh sí go tóin poill – níor laghdaigh sin ar pháirtíocht ná ar dhílseacht na clainne don iascach mara.  Ach an fhíric aondeonach seo, agus rialacha neamh-roghnacha na Scéime – is iad san a chuirfeadh lasmuigh den Scéim iad, is cuma fiú dá mbeidís in am don dáta dúnta. 

De réir m’aigne-se, bhí dearadh na Scéime fabhtach agus mí-chothrom mar, chomh luath is nár sásaíodh an choinníoll (c), níor thug sé rogha ar bith don Roinn (lasmuigh de cheist na n-iarratas déanacha) chun breithniú níos doimhne ar fhiúntas nó ar thuillteanas an iarratais ón dteaghlach Byrne. Ag teacht le cúlra agus foirmiú na Scéime, is é rud a mholfadh an dea-chleachtadh riaracháin ná gur mba chóir gné roghnach discréide a bheith mar chuid den Scéim a foilsíodh, ionas go bhféadfaí breithniú chóir a dhéanamh ar gach iarratas bunaithe ar fhiúntas aonair gach uile cheann díobh. 

Glacaim gur tháinig 67 iarratas as an bhfeachtas fógraíochta agus nach raibh ar eolas ach 16 cásanna ar thosach ag an Rannán Riaracháin Iascaigh Mhara.  Mar sin féin, táim tagtha ar an gconclúid go raibh an chaoi a fógraíodh an Scéim (féach paragraf 7 (c) thuas) ró-shriantach. D’fhéadfadh sé a bheith níos cuimsithí agus níos sprioc-dhírithe. Tá sé soiléir gur, seachas an teaghlach Byrne, go raibh suas go dtí seachtar eile ag iarraidh cás a dhéanamh i ndiaidh an dáta dhúnta, agus b’fhéidir go raibh daoine nach eol dúinn nach ndearna teagmháil ar bith leis an Roinn nuair a fuaireadar amach go raibh an Scéim dúnta.

Ag an agallamh, agus arís sa mhéid a dúirt sé faoin Dréacht Tuarascála, dúirt an t-iar-Aire nár thuig sé go raibh sé i gceist go mbainfeadh an Scéim le hiarratasóirí ionchais ar nós an teaghlaigh Byrne, toisc, bunaithe ar a chuid eolais, go raibh an tionscal fágtha acu sa bhliain 1983. Freisin, sa bhfreagra a thugadar ar an Dréacht Tuarascála (féach mír 3, Aguisín 4) dúirt an Roinn go raibh an feachtas fógraíochta dírithe ar “an scéala a chur chuig iarratasóirí ionchais atá ag obair i dtionscal an iascaigh mhara agus ag cothabháil traidisiún teaghlaigh san iascach mara.”  Is í fírinne an scéil, faoi réir na gcritéar eile, ba é an sórt daoine a bhí i dteideal iarratais a dhéanamh, mar a sainmhíníodh sna critéir a foilsíodh, ná iar-scipéirí agus íar-úinéirí (ach tugadh lamháltais freisin do neasghaolta teaghlaigh), daoine ar chailleadh báid leo ar muir i ndiaidh an 1ú Eanáir 1980. Gan aon amhras bhí an teaghlach Byrne san aicme seo.

 

9. Fionnachtana

Focail Clabhsúir

Is cás neamhghnách é seo ar iliomad slite. Má fhaighim gearán ó dhuine ar dhiúltaíodh sochar dó faoi scéim áirithe (mar shampla, cárta leighis nó sochar dífhostaíochta), is gnách, ach ní i gcónaí, go mbíonn an scrúdú a dhéanaim ar sin teoranta do bhreithniú ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime sin agus don anailís a dhéanfaí chun a fháil amach ar shásaigh an gearánaí na critéir ábhartha, nó nár shásaigh sé iad. 

Sa chás áirithe seo, caithfidh mé machnamh a dhéanamh, ní hamháin ar chinneadh na Roinne chun iarratais an teaghlaigh Byrne a dhiúltú faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, ach caithfidh mé ceisteanna a bhaineann le cuspóir, dearadh agus foilsiú na Scéime a scrúdú freisin. Tá na ceisteanna deiridh seo ábhartha sa chás áirithe seo mar gheall ar nádúr na Scéime. Scéim neamh-reachtúil, aon uaire ba ea í deartha chun sochair a thabhairt do dhream áirithe daoine, agus, níos tábhachtaí fós bhí teorainn ama uirthi. Ní raibh ag iarratasóirí ach an t-aon dheis amháin chun cáilithe agus chun sochair a bhaint as téarmaí na Scéime. Go bunúsach, ba é an cur chuige a bhí agam i dtús báire ná breithniú a dhéanamh féachaint ar shásaigh an teaghlach Byrne dáiríre na coinníollacha cáilitheachta faoin Scéim. Tá sé soiléir ón dtuarascáil seo nár shásaíodar dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha a luadh. An dara cheist a chuir mé romham: bíodh an chailliúint thragóideach a fhulaing an teaghlach agus an cuspóir a chuireadh síos don Scéim, an raibh an Scéim deartha mar ba chóir ó thuas agus ar leor an phoiblíocht a tugadh di?  I bhfocail eile, ní hamháin gur bhreithnigh an fiosrú a  rinne mé ar an gceist ar shásaigh an teaghlach Byrne coinníollacha na Scéime, ach, sa chéad áit, an raibh tionchar ag an dearadh agus ag an bhfoilsiú a rinneadh ar an gcúis nár éirigh leo faoin Scéim? 

Is cás neamhghnách é seo freisin mar clúdaíonn sé gníomhartha Aire agus a chuid oifigeach le chéile. Baineann formhór na ngearán a fhaighim le gníomhartha na n-oifigeach amháin. Ní haon ionadh sin. Ní ghá ach smaoineamh ar an lear mór de chinntí a dhéanann státseirbhísigh agus seirbhísigh poiblí i gcaitheamh an lae agus iad ag tabhairt seirbhísí don phobal. I dtéarmaí na n-idirbheart iomlán, beidh an uimhir a bhainfidh le h-Airí agus an uimhir gearán ag éirí astu íseal dá réir. Ar ndóigh, de réir dlí, chomh fada is a bhaineann an scéal le státseirbhísigh, is gníomh de chuid an Aire gach gníomh Roinne agus gach gníomh oifigigh Roinne, de bharr stádais dhlíthiúil an Aire mar chorparáid aonair. Fanann an scéal amhlaidh in ainneoin athruithe i gcuntasacht Ard-Rúnaithe agus státseirbhíseach sinsir san Acht um Bainistíocht an Seirbhíse Poiblí 1997.

Aithníonn Acht an Ombudsman, 1980, seasamh dlíthiúil Airí vis-à-vís a gcuid Ranna, ach deirtear go speisialta ann, maidir le haon tagairt san Acht d’aon Roinn ar leith – cur i gcás má dhéantar gearán maidir le gníomhartha Roinne – go n-áirítear ansin tagairtí don Aire, do na h-Airí Stáit agus do na hoifigigh sa Roinn. Mar seo tugtar saoirse don Ombudsman chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha riaracháin na n-oifigeach neamhspleách ó ghníomhartha an Aire nó an Aire Stáit, agus aithnítear sa dóighe sin an fhírinne gurb iad na hoifigigh iad féin, murab ionann agus na hAirí, a dhéanann mórchuid gníomhartha. Ach, dar ndóigh, níl an Ombudsman teoranta faoin Acht chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha na n-oifigeach amháin.

Is í an idirghabháil ghnáith a bhíonn idir oifigigh agus an tAire ná go dtugann na hoifigigh comhairle faoi pholasaí, déanann na hAirí na cinntí maidir le polasaí agus is gnó na n-oifigeach cur i bhfeidhm an pholasaí sin. I gcodarsnacht le formhór na gcásanna a scrúdaím, tá fianaise shoiléir sa chás áirithe seo go raibh páirt ghníomhach ag an Aire agus ag a chuid oifigeach le chéile le linn don Scéim seo a bheith á chur le chéile. Bhí sé féin agus a chuid oifigeach gafa go domhain le cuspóirí na Scéime um Chailliúint ar Muir a shainmhíniú; bhíodar gafa le dearadh freisin (mar shampla leasaigh an tAire gnéithe áirithe i gcritéir na Scéime a chuir srian lena scóip iomlán agus a rinne í a chosaint ó mhí-úsáid (féach 5.16 thuas); bhíodar gafa le forbairt critéar na cáilitheachta agus le tabhairt  na Scéime chun aireachais ag roinnt iarratasóirí ionchais. 

Is léir freisin go raibh an dearcadh contrártha ag an Aire lena chuid oifigeach maidir le Scéim mar sin a thabhairt isteach sa chéad áit. Is léir go raibh an tAire diongbháilte chun scéim a thabhairt isteach agus shíl sé go raibh a leithéid inmhianaithe, bunaithe ar an eolas ó thaithí phearsanta a bhí aige ar roinnt cásanna d’anró a tháinig faoina bhráid. I gcodarsnacht le seo, bhí imní ar na hoifigigh go mbeadh sé deacair an Scéim a theorannú go dtí cásanna fíor-thuillteanais, go n-osclódh sin geataí na dtuilltí i gcomhair éileamh eile agus, faoi seach, go ndéanfaí creimeadh ar pholasaí na Roinne maidir le rialáil agus cionroinnt an tonnáiste agus na gceadúnas.

Dáiríre, níl dada mí-cheart leis an gcur chuige seo chun scéim a dhearadh. Go deimhin, cuimsíonn sé an bealach a oibríonn rialtas. Ní mór breithnithe difriúla a chur le chéile, mar shampla: orduithe polaitiúla, cásanna d’anró aitheanta, mian chun éagothroime a cheartú, cosaint an phróisis rialála i ndáil le cionroinnt an tonnáiste, na gceadúnas agus leas an phobail – tagann siad go léir le chéile, agus ní mór chomhréiteach sa deireadh chun na leasa iomaíocha seo a mheá agus a chothromú. Mar sin féin, le comhréiteach ar bith, ní féidir gan súil a choimeád ar phrionsabail an chothromais maidir le gach duine a bheadh ar ionchas a bheith thíos leis an gcomhréiteach céanna.

Faoi mar atá achoimrithe sa tuarascáil seo agam, tá fianaise an-soiléir i gcomhaid na Roinne maidir le diongbháilteacht an Aire chun brú ar aghaidh le scéim.  Tá fianaise soiléir freisin, achoimrithe arís sa tuarascáil seo maidir leis na cúiseanna a raibh na hoifigigh i gcoinne na Scéime. Ach, is ar éigin atá fianaise ar bith sna comhaid faoin mbealach a d’éirigh leis an Aire agus a chuid oifigeach a theacht le chéile nó conas mar a thángthas ar chomhréiteach nó ar na critéir áirithe a ráinigh le bheith ina mbonn faoin scéim a foilsíodh ag deireadh.  Is é atá soiléir gurb é an toradh a bhí le gníomhartha an Aire agus a chuid oifigeach le chéile ná go raibh an scéim ró-sprioc-dhírithe ar chásanna a bhí ar aithne agus gur fágadh amach go héagórach roinnt cásanna tuillteanacha.  Bhí an dearadh fabhtach ina iomláine, níor fágadh scóip ar bith chun rogha nó discréid a imirt, sa chás go dtiocfadh cásanna tuillteanacha eile chun solais tar éis na n-iarratas a fháil.  Níor tógadh ceann ceart de na bun-Phrionsabail um Dhea-Riarachán ná de Threoir an Ombudsman do Sheirbhísigh Poiblí um Chaighdeáin an Chleachtais is Fearr.

Sa bhfreagra a thugadar ar Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe (féach Aguisín 4) chuir an Roinn i gcoinne an áitithe a bhí agamsa gurb é an toradh a bhí le gníomhartha an Aire agus a chuid oifigeach le chéile ná gur fágadh iad le scéim a bhí “ró-sprioc-dhírithe ar chásanna a bhí ar aithne agus gur fágadh amach go héagórach roinnt cásanna tuillteanacha”.  Dúradar freisin go raibh sé curtha in iúl ag na hoifigigh a chuireadh faoi agallamh nár dréachtaíodh an Scéim ag tagairt do na cásanna aitheanta seo, ach ina áit sin gur dearadh í ó phrionsabail bunaigh, i gcomhthéacs an pholasaí cheadúnaithe iomláin.  Maidir leis an Aire féin, dúirt sé (féach 7.5 (a) thuas), cé go raibh tagairt déanta aige d’imfhálú a dhéanamh ar 6-8 cásanna faoin Scéim, nach raibh cásanna ar leith ar aigne aige, agus gur figiúirí táscacha iad seo a fuair sé ón Roinn. 

Maidir leis an ráiteas nár dréachtaíodh an Scéim ag tagairt do chásanna aitheanta, faoi mar atá ráite agam cheana (féach paragraf 7.5(a) thuas), glacaim go gciallaíonn sin, i bhfocail an Uas. Tom Carroll,  iar-Ard-Rúnaí,  nár “cheist í chun aon duine faoi leith a choimeád istigh nó amach as” (féach paragraf 6.4 thuas). Deir an oifigigh gur dréachtaíodh an Scéim bunaithe ar an eolas ginearálta a bhí acu ar an dtionscal agus ar pholasaí na Roinne agus an AE agus le fonn an Scéim a dhéanamh sriantach go maith. Cé go dtig liom a ghlacadh gurb amhlaidh a bhí an scéal, is léir ón scrúdú a rinne mé ar na comhaid go raibh na sonraí a bhain le cuid mhaith cásanna aonair ar eolas ag na hoifigigh, cásanna ionchais a bhainfeadh sochar b’fhéidir as aon scéim a thabharfaí isteach. Bheadh ionadh orm mura raibh tionchar éigin ag eolas na gcásanna seo, ar leibhéal éigin, ar dhearadh na Scéime. Tar éis an tsaoil, níl aon rud as an mbealach chun úsáid a bhaint as fíor-chásanna chun cuspóir agus aidhm na Scéime, mar a moladh í, a thástáil. Go deimhin, tá sé inmholta a leithéid a dhéanamh de ghnáth ó thaobh an riaracháin de – ar choinníoll go lamhálann an leagan deireanach den Scéim go gcaitear ar an dóigh chéanna le gach cás eile cosúil leo. Sa chás áirithe seo dealraíonn sé domsa go ndeachaigh na hoifigigh i mbun Scéim a dhearadh a bhí cóir cothromasach agus acmhainn inti ligean do chásanna eile cáiliú fúithi, cásanna lasmuigh díobh siúd a bhí tagtha chun a n-aireachais cheana.  Is dealraitheach go raibh an tAire den aigne chéanna, mar tá sé sa chuntas go ndúirt sé go raibh fonn air cásanna tuillteanacha a imfhálú, agus má chiallaigh sin go mbeadh 50 cás cáilithe, ba chuma sin, a dúirt sé, dá mba chásanna tuillteanacha iad. Ach, is é an bunphointe atá á dhéanamh agam ná nar thaispeáin an Scéim go cóir, faoi mar a chuireadh i bhfeidhm í, an intinn ná an cuspóir a bhí taobh thiar dí. Ar na cúiseanna atá ráite agam ag 7.5(b) agus 7.6 thuas, ba cheart taighde níos cuimsithí a bheith déanta ar fud na Roinne  ar na cásanna de chailliúint ar muir. Mar thoradh, níor ghabh na critéir gach cás tuillteanach a bhí ann agus níor fágadh spás ar bith i gcomhair rogha nó discréide i ndáil leis an líon beag de chásanna do-thuartha, nár shásaigh na critéir, ach mar sin féin, a tharla san aicme a bhí le freastal orthu de réir cuspóir na Scéime. Creidim go mbeadh sé indéanta an Scéim a riaradh ar an mbonn seo, agus í a theorannú ag an am gcéanna do na cásanna a bhí ar intinn a chlúdach.

Ag tagairt don Dréacht Tuarascála (féach Aguisín 4), dúirt an Roinn go mb’fhéidir go léifí an tuairim ón Dréacht Tuarascála go mba chóir go seolfaí an scéim ar bhonn dothomhaiste nó ar bhonn gan teorainn. Ba chóir go dtuigfí ón méid atá ráite agam thuas go bhfuil dearmad ar an Roinn leis an dtuairim sin.

Maidir lena bhfuil ráite thuas agam, baineann na fionnachtana thíos atá déanta agam leis an Aire agus lena chuid oifigeach faoi seach.

Ag tagairt don Dréacht Tuarascála Fiosraithe, dúirt an t-iar-Aire go raibh sé mí-chothrom agus éagothromasach mo chuid fionnachtana a chur síos don Aire agus dá chuid oifigeach mar an gcéanna.  I measc na n-argóintí a rinne sé, dúirt sé go soláthraíonn an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 idirdhealú idir freagrachtaí Ard-Rúnaí Roinne agus an tAire, agus go háirithe, forálann sé go mbeidh ag Ard-Rúnaí na Roinne “faoi réir cinneadh faoi ábhair a bhaineann le polasaí ag Aire Rialtais ..go mbeidh aige an t-údarás, an fhreagracht agus an chuntasacht maidir le cur i bhfeidhm  roinnt dualgas, lena n-áirítear “ag cur i bhfeidhm” polasaithe an Rialtais” (an t-iar-Aire féin a chuir an bhéim isteach).  Dúirt sé gur admhaigh sé riamh gur cinneadh polasaí dá chuid féin mar Aire na linne ba ea tionscnamh na Scéime, ach bhí cur i bhfeidhm agus riaradh na Scéime déanta ag a chuid oifigeach sa Roinn.

Maidir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, tá an seasamh dlíthiúil curtha síos agam sna paragraif roimhe seo. Is fíor go leagann an tAcht sin síos freagrachtaí Ard-Rúnaí Roinne, ach níl siad seo, de réir dlí, comheisiatach ó fhreagrachtaí an Aire. De réir dlí, in ainneoin na n-athruithe i gcuntasacht a sholáthraítear faoin Acht, is gníomh de chuid an Aire gach gníomh a dhéantar i Roinn Rialtais nó gach gníomh a dhéanann oifigigh Roinne de bhíthin seasaimh dhlíthiúil an Aire mar chorparáid aonair. Cé gurb é sin an seasamh teann dlíthiúil, díreach mar atá, ba chóir go mbeadh sé soiléir ón dTuarascáil atá déanta agam go raibh fianaise ghlan ann maidir le comhpháirt gníomhach ag an Aire féin agus ag a chuid oifigeach i gcaitheamh an phróisis go léir nuair a bhí an Scéim á chur le chéile.


Fionnaim mar a leanas:

  1. Níor shásaigh iarratas an teaghlaigh Byrne dhá cheann ar a laghad de choinníollacha na Scéime um Chailliúint ar Muir, mar a foilsíodh an Scéim.  Chuireadh iarmhairt dhíobhálach ar an dteaghlach mar gheall ar an gcinneadh chun an iarratais faoin Scéim ó Ms Winifred Byrne a dhiúltú
  2. Bhí an chaoi a dearadh an Scéim um Chailliúint ar Muir contrártha le riarachán slán agus cothrom. I measc na laigí áirithe a bhí sa Scéim bhí, easpa dóthain taighde, easpa domhain-thaighde doiciméadaithe maidir le buntáistí agus mí-bhuntáistí na gcritéar éagsúla agus gan aon soláthar le haghaidh discréide nó rogha ag measúnú na n-iarratas.
  3. Bíodh is gur Scéim fhinideach, aon-uaire ba ea í, dírithe ar aicme áirithe daoine, ní dhearnadh go leor fógraíochta fúithi. Ba cheart don fhógraíocht a bheith níos iomláine, níos cuimsithí agus níos sprioc-dhírithe. Freisin, bhí cuid de na hiarratasóirí ionchais curtha i staid níos buntáistí ná cuid eile, mar scríobh an Roinn agus an tAire chucu go díreach ag cur eolais chucu faoin Scéim nuair a seoladh í. 
  4. Tá fianaise shoiléir ann nach raibh na taifid á gcoimeád de réir an chleachtais is fearr sula ndearnadh an dearbhú sínithe ar an Scéim. Bhí ganntanas taifead ann, easpa taifead scríofa ar chruinnithe agus ar bhreithniúcháin, easpa anailíse scríofa ar dhréachtaí éagsúla na Scéime um Chailliúint ar Muir, gan ach uimhir theoranta de thaifid maidir le hidirghníomhartha/treoracha idir an Aire agus a chuid oifigeach.   

Maidir le fionnachtain uimhir a 3 nuair a bhí an t-iar-Aire ag cur freagra ar an Dréacht Tuarascála Fiosraithe, rinne sé agóid, inter alia, i gcoinne an smaoinimh gurb eisean a bhí freagrach as an bhfeachtas fógraíochta. Dúirt sé gur gnó ba ea é sin do na státseirbhísigh sa Roinn. Agus é sin ráite, dúirt sé freisin gur cheap sé go raibh an feachtas fógraíochta réasúnta agus sásúil. Glacaim gurb iad oifigigh na Roinne a rinne an feachtas ar na meáin a phleanáil agus a chur i bhfeidhm, ach tugaim faoi deara gur scríobh an tAire chuig roinnt iarratasóirí ionchais (féach paragraf 5.17 thuas) ag an am a seoladh an Scéim, chun iad a chur ar a n-aire. Sa mhéid sin, baineann fionnachtain uimhir 3 leis an Aire chomh maith lena chuid oifigeach. Ba mhaith liom a chur le seo, nach bhfuilim ar dhóigh ar bith ag ceistiú an phrótacail shean-bhunaithe lenar ghnáth d’Airí cumarsáid dhíreach a dhéanamh lena dtoghthóirí. Is é an ní is ábhar buartha dom, ná an buntáiste a tugadh do roinnt iarratasóirí ionchais murab ionann agus daoine eile nach bhfuair an buntáiste céanna.

Mar gheall ar rudaí eile a dúirt an t-iar-Aire, (féach Aguisín 5), sa mhéid is a bhí a leithéid iomchuí, rinne mé mo Thuarastal a leasú nó chuir mé a chuid ráiteas isteach i gcorp na Tuarascála.

Maidir leis an Roinn, tá rudaí ráite acusan freisin i dtaobh mo chuid fionnachtana (féach Aguisín 4). Sa mhéid is a bhí a leithéid iomchuí, rinne mé mo Thuarastal a leasú nó chuir mé a chuid ráiteas isteach i gcorp na Tuarascála.

 

10. Moltaí

An Teaghlach Byrne

Sna ráitis deireanacha faoi rannóg na bhfionnachtana sa Tuarascáil seo rinne mé an cur chuige a bhí agam i leith an ghearáin ón dteaghlach Byrne a achoimriú.  Mar a dúirt mé, ba é an cur chuige a bhí agam i leith an cháis seo ná machnamh a dhéanamh ar dtúis ar shásaigh an teaghlach Byrne coinníollacha cáilitheachta na Scéime dáiríre.  Sa dara háit, ag cuimhneamh ar an gcailliúint thragóideach a d’fhulaing an teaghlach agus an cuspóir a bhí curtha síos don Scéim, machnamh a dhéanamh an raibh an Scéim sin deartha mar ba chóir ó thosach, agus níos déanaí fós, an raibh dóthain poiblíochta tugtha dí. I bhfocail eile, bhreithnigh an fiosrú a rinne mé, ní hamháin an cheist ar shásaigh an teaghlach Byrne coinníollacha na Scéime, ach freisin an raibh tionchar ag dearadh na Scéime agus na socruithe a rinneadh faoi phoiblíocht ar an gcúis nár cháilíodar sa chéad áit. 

Tá fionnta agam nár shásaigh an t-iarratas ón dteaghlach Byrne dhá choinníoll faoin Scéim mar a foilsíodh í.  Tá fionnta agam freisin gur fágadh iarmhairt dhíobhálach ar an dteaghlach ón gcinneadh a rinneadh chun a n-iarratas a dhiúltú faoin Scéim.  D’fhionn mé freisin go raibh dearadh na Scéime agus an chaoi a fógraíodh í contrártha le riarachán slán agus cothrom.  Bunaithe ar an anailís atá déanta agam ar an bhfianaise a bhí romham tá mé sásta go raibh tionchar ag na laigí seo sa chás nár cháiligh an teaghlach Byrne le haghaidh cúnaimh a fháil faoin Scéim agus go mba chóir dóibh leigheas nó sásamh a fháil as an iarmhairt dhíobhálach a fhulaingíodar de bharr laigí na Scéime seo. 

Toisc go bhfuil deireadh leis an Scéim le fada, agus de bharr cúinsí eile atá tagtha chun cinn idir an dá linn i ndáil le toilleadh iascaigh mhara na hÉireann, níor chóir iarracht a dhéanamh ar théarmaí na Scéime a chur i bhfeidhm chun leighis a fháil – cé gurb é sin díreach atá á lorg ag an dteaghlach Byrne. Thairis sin, ní fhéadfainn a mholadh don Roinn téarmaí na Scéime a chur i bhfeidhm i gcás an teaghlaigh Byrne, nuair nár shásaigh an t-iarratas uathu dhá cheann ar a laghad de na coinníollacha cáilitheachta.  Ach, mar atá ráite agam, tá mé sásta go raibh tosca an teaghlaigh Byrne de chineál go mba cheart go bhfaigheadh siad sochar faoin Scéim, agus ba dhóichí go bhfaigheadh siad é dá mbeadh an Scéim ní ba leithne ó thaobh scóipe de agus foráil iomchuí inti faoi dhiscréid agus fógraíocht ní ba leithne déanta uirthi.

Agus an scéal mar atá, is dóigh liom gurb é an leigheas is fearr atá ar an iarmhairt dhíobhálach  atá fulaingthe ná cúiteamh airgid a thabhairt. Ach, dar ndóigh, aithním dá ndéanfainn figiúr áirithe a mholadh b’fhéidir go measfadh an Roinn, nó an gearánaí, nó an dá thaobh, gur cinneadh aondeonach ba ea é sin.

Dá bhrí sin, mar chéim uimhir a haon, le fonn cur chuige réadúil réasúnta a cheapadh chun an chúitimh a ríomhadh, molaim go mbainfidh an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia úsáid as na modhanna ríofa atá leagtha síos sa Scéim Dhíchoimisiúnaithe 2008 mar a fheidhmítear le daoine eile ar éirigh leo faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.  Ba cheart cibé suim a áirítear a chur faoi bhráid m’Oifigse chun í a mheas mar aon le cur sios ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an suim a mholfaí.  Chomh luath is a gheobhaidh mé an t-áireamh sin ón Roinn beidh mé inniúil ar fhigiúr a mholadh i gcomhair cúitimh. 


Coimeád na dTaifead

Molaim go ndéanfaidh an Roinn machnamh domhain ar an méid atá ráite agam agus ar m’fhionnachtana maidir le coimeád an dtaifead sa chás áirithe seo d’fhonn socruithe níos fearr a chur in áit agus cuntasacht níos fearr a dheimhniú maidir le cinntí a dhéanamh, go háirithe i ndáil leis an gcaidreamh idir Airí agus oifigigh.