Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

Imeachtaí Cúirte- Urghaire A Bhagairt

Laistigh de chúpla lá tar éis di comhaontú ar an soiléiriú seo, áfach, chuaigh FSS i dtreo eile.  Ar an 14 Samhain 2008 facsáil aturnaetha FSS litir inar dúradh gur tugadh treoir dóibh an méid seo a leanas a iarraidh orm “gealltanas nach seachadfaí an tuarascáil chríochnaithe ar an Oireachtas ag féachaint don fhíoras go bhfuil ár gcliant tar éis treorú dúinn iarratas chuig an gCúirt iomchuí a dhéanamh a luaithe agus is féidir maidir leis an tuarascáil seo". Bhí an méid seo le rá ag aturnaetha FSS freisin, “sa chás, nach cosúil nach dtabharfaí é [an gealltanas], beidh orainn iarratas chuig an Ard-Chúirt a dhéanamh ar bhonn ex parte chun srian a chur le seachadadh na tuarascála ar an Oireachtas."

Is cuma cén chaoi a mbreathnófaí air, bhí sé agus tá sé fós thar a bheith aisteach, go mbagródh comhlacht poiblí - mar a tharlaíonn an comhlacht poiblí is mó sa tír - urghaire ón Ardchúirt chun cosc a chur ar an Ombudsman cumarsáid a dhéanamh leis an Oireachtas.  Ba dhoiligh liom, agus is doiligh liom fós a thuiscint cén fáth go mbeadh gá le caingean cúirte d’aon chineál de bharr tuarascáil ghnáthaimh ar imscrúdú ón Ombudsman. Bhí mé den tuairim go raibh sé do-ghlactha, a bheith faoi bhagairt urghaire ón Ard-Chúirt mura n-aontóinn le héileamh FSS, i gcúinsí inar mhainnigh FSS na cúiseanna soiléire nár chóir don tuarascáil don Oireachtas dul ar aghaidh a leagan síos agus inar mhainnigh sí aon díobháil a shainaithint a d’fhéadfaí a dhéanamh dá dtabharfaí an tuairisc don Oireachtas. Cuireadh leis na fadhbanna seo toisc gur chúlaigh FSS, gan mhíniú, ó rún a bhí, de réir mar a thuig mise é, ionann agus comhaontaithe.

Ceann de na gnéithe a bhí le sonrú san eachtra seo tríd síos, i gcaitheamh na tréimhse Meán Fómhair 2008 - Meitheamh 2009, ná an cur chuige aibhéiseach i leith cumarsáide a léirigh aturnaetha FSS.  Bíodh sé beartaithe nó de bharr easpa scile, bhí claonadh sna cumarsáidí seo gan ach teachtaireachtaí páirteacha a chur in iúl agus easnaimh mhóra san ábhar nach mór a thomhas nó, tátal a bhaint astu, agus talamh slán á dhéanamh de (go mícheart) go raibh siad ar eolas ag m’Oifig cheana féin. Ábhar tuairimíochta a bhí ann den chuid is mó den tréimhse seo, maidir le cad go díreach a ghoill FSS, cad a bhí sí ag iarraidh ar m’Oifig a dhéanamh agus (mar atá sonraithe thíos) cad a bhí sí ag iarraidh ar na cúirteanna a dhéanamh.

Cibé scéal é, chuir mé litir mhionsonraithe chuig Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ar an 18 Samhain 2008, a bhí marcáilte lena cur faoina bhráid go pearsanta, ina ndearna mé iarracht mo sheasamh a shoiléiriú agus inar dheimhnigh mé go mbeinn ag dul ar aghaidh le mo thuarascáil bheartaithe don Oireachtas (Féach ar Aguisín 6 (pdf 18kb)). Thug an POF freagra gearr le rá go raibh na cúrsaí seo á láimhseáil ag “gníomhaire dlí” FSS.

Bhí roinnt cumarsáide ina dhiaidh sin le haturnaetha FSS go dtí gur tháinig roinnt eolais níos cuimsithí ar sheasamh FSS chun solais, faoi dheireadh, sa dara ceann de dhá litir arna dátú 19 Samhain 2008. Ag an bpointe seo bhí an cuma ar an scéal go raibh imní ar FSS go bhféadfaidís a bheith i ndíspeagadh ar an gcúirt mar gheall ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid áirithe i dtaobh imeachtaí cúirte ina raibh leanaí páirteach a nochtadh do m’Oifig, le linn an imscrúdaithe.  Ina theannta sin, tháinig sé chun solais go raibh FSS den tuairim go bhféadfaí a bheith i ndíspeagadh ar an gcúirt, de bharr na rialach “i gcúirt iata” a shárú dá bhfoilseofaí roinnt den ábhar i mo thuarascáil ar an imscrúdú.

An chéad fhreagairt a bhí agam, ná, beag beann ar an tábhacht a bhain leo, gur mhór an trua é nár ardaigh FSS na saincheisteanna seo le linn an imscrúdaithe, ná, go deimhin, sna míonna óir tugadh chun críche í. Maidir leis an riail “i gcúirt iata” a shárú, tar éis dom an tuarascáil ar an imscrúdú a athbhreithniú, ba dheimhin liom nach raibh ábhar den chineál sin inti gur shárú ar an riail sin é a nochtadh. D’fhonn FSS a chur ar a suaimhneas, áfach, chinn mé an cúpla tagairt sin, ina raibh ábhar, dar leo, go mb’fhéidir gur shárú ar “an riail i gcúirt iata”  é a nochtadh, a bhaint ón tuarascáil don Oireachtas. Mar a tharla sé, níor iarr mé aon chuid den ábhar seo go sonrach le linn an imscrúdaithe; níor sainaithníodh aon leanbh áirithe ná aon imeachtaí áirithe ann, agus ní raibh aon chuid de cáinteach i dtéarmaí sláine an phróisis imscrúdaithe ná cinntí agus moltaí an imscrúdaithe.   Anuas air sin, ba dheimhin liom (agus is deimhin liom fós anois) gurbh i gcás go mbeinn, fiú, tar éis rochtain a iarraidh, chun críocha an imscrúdaithe, ar ábhar atá cuimsithe ag an riail “i gcúirt iata” go bhfuil na cumhachtaí dlí den chineál sin agam a cheanglódh ar FSS déanamh dá réir.  Ní aontaíonn FSS áfach gurb amhlaidh atá sé.

Faoin bpointe seo, ag deireadh mhí na Samhna 2008, bhí imeachtaí dlí tionscanta ag FSS sa Chúirt Dúiche ina ndearnadh páirtí de m’Oifig. I dtéarmaí an-ghinearálta, tarraingíodh FSS isteach, ar bhealach éigin le linn na n-imeachtaí seo, i ndearbhú don chúirt go raibh an riail “i gcúirt iata” sáraithe aici de thaisme trí ábhar áirithe a sholáthar do m’Oifig; agus é le tuiscint as an méid sin go raibh m’Oifig tar éis an riail “i gcúirt iata” a shárú freisin trí ghlacadh leis an ábhar seo. Thairis sin, ba sheasamh FSS, de réir cosúlachta, gur phróiseas lochtach a bhí in aon phróiseas (de leithéid m’imscrúdaithe) inar tugadh aird ar an ábhar sin. I dteannta na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche, chuir aturnaetha FSS m’Oifig ar an eolas go mbeadh sí ag iarraidh na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche a chur ar atráth ar an mbonn go mbeadh imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh á dtionscnamh aici san Ard-Chúirt.  Níor luaigh aturnaetha FSS, ní nach ionadh, cad faoi a mbeadh na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ná níor shainaithin siad na páirtithe beartaithe sna himeachtaí.

Ag an bpointe seo, chinn mé, agus drogall mór orm, aturnaetha m’Oifige a tharraingt isteach agus abhcóide a fhruiliú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Oifig i cibé imeachtaí a d’fhéadfadh leanúint as. Chinn mé freisin; agus drogall níos mó orm, mo thuarascáil don Oireachtas a thréigean; ar an mbonn gur shíl mé dá gcuirfinn in iúl do FSS (ar bhonn gnáthchúirtéise) go raibh sé i gceist agam mo thuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais, go mb’fhéidir go rachadh FSS ar aghaidh leis an urghaire ón Ard-Chúirt a bhagair sí, nó go léireodh sí mo chinneadh í a fhoilsiú mar dhrochmheas ar an gcúirt in aon imeachtaí cúirte ina dhiaidh sin.  Bhí mé an-fheasach freisin ar an ngá le costais dlí a thabhú ag dhá comhlacht arna chistiú ag an bpobal, i gcaitheamh díospóide eatarthu, a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus gur fearr iad a sheachaint ar fad.  An fóram cuí inar chóir plé oscailt a thabhairt do dhíospóid idir an Ombudsman agus comhlacht poiblí ná dul os comhair an Choiste Oireachtais iomchuí.

Toisc go bhféadfaidh roinnt srianta a bheith ar an méid is féidir liom a rá i ndáil le teagmhais ina dhiaidh sin sa chúirt, fiú ó thaobh tuairisciú don Oireachtas, roghnaigh mé déileáil leis na teagmhais go measartha tapa.

Maidir leis na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh san Ard-Chúirt a bagraíodh, níor tháinig siad riamh i gcrích. Tá sé réasúnta a fhiarfaí an raibh sé i gceist riamh go gcreidfí an bhagairt seo i gceart, nó, mar a tharlaíonn go minic i ndlíthíocht sáraíochta, an é nach raibh ann ach go raibh seasamh poiblí á ghlacadh aici chuici féin. Go deimhin, mar a bheidh cuntas breise thíos air, chuaigh sraith imeachtaí cúirte eile a thionscain FSS san Ard-Chúirt i ndísc gan aon toradh orthu, sa chiall nach raibh aon bhreithniú ón gCúirt sin, imeachtaí a bhain de réir cosúlachta, le nithe gaolmhara i ndáil leis an Ombudsman do Leanaí.