CAIBIDIL 8

8.1 DLÍTHÍOCHT -“... déantar éiginnteacht ó thaobh na dlíthiúlachta de a thástáil agus baintear leas as...”?

"Deputy Neville:   Is the Department exploring the issue of entitlements for medical card holders in private homes who fail to obtain places in public nursing homes?

Mr. Smyth (Department of Health and Children):  We are exploring this matter, which is part of the broader issue of eligibility. As legal cases are pending I cannot say much on the subject." - From Travers Report Presentation before Joint Committee on Health and Children (4 May 2005)

"The issue of whether everyone over 70 is entitled to a bed funded by the State, and if a bed in a public facility is not available, whether the State must fund a bed in a private nursing home, is being tested in the Courts. ... I do not know how this will be determined." - Mary Harney T.D., Minister for Health and Children, Dáil Éireann, (1 June 2006)

"Has the Department accounted for the pending court cases of those who were forced to take beds in private nursing homes? Some people tried to get beds in public nursing homes but were unable to do so. As a second choice, they opted for private nursing homes. If the court rules that these people are also entitled to compensation, the figure will be much higher. What progress is being made on this?" - Senator Fergal Browne, Joint Committee on Health and Children, (22 June 2006)

"Proceedings have been instituted in 306 cases, involving patients who spent time in private nursing homes. None of the cases have yet proceeded to a hearing .... Consequently, it is considered inappropriate to estimate any potential future liability or to detail the uncertainties attaching thereto since to do so might prejudice the outcome of court proceedings." - HSE Annual Report and Financial Statements 2009

"It would seem likely then that the State has been unjustly enriched at the expense of the in-patients [who have been charged unlawfully in public hospitals] ... It would also seem likely that patients who made private arrangements under a practical compulsion or necessity or a mistake similarly unjustly enriched the State. It would also seem likely that any defences to such a claim would fail. As a consequence, the plaintiffs would be entitled to maintain personal actions in restitution for recovery of the deductions, and would in principle be entitled to simple (if not compound) interest at Court Act rate." - Eoin O'Dell, Older People in Modern Ireland - Essays on Law and Policy, Eoin O'Dell (ed)

"The Department claims that the issue is being dealt with in the Courts. [...] it does not matter a damn whether issues are before the Courts because, if a problem arises with legislation, we are supposed to act. It will be two or three years before this issue goes through the Courts. [...] We are already repaying €1 billion in respect of charges for public nursing homes and if we also end up repaying charges for private institutions on the basis of flawed legislation, the money provided through the Health (Repayment Scheme) Bill will be small change in comparison. If we continue to skirt the problem by saying it is before the Courts, we may be telling people in three years’ time that serious problems have arisen which will cost the taxpayer €3 billion.[...]" - Liam Twomey T.D., Joint Committee on Health and Children, (22 June 2006)

"While I have a responsibility to be as straight with this committee as possible, I also have a responsibility to the State to protect its position in court cases. I would be wary about saying more than that. We received advice and are following it. Given that it has been raised in parliamentary questions, Deputy Twomey would know that, as Mr. Smyth mentioned, apart from the legality of it, we are examining the policy issues around residential care for older people regardless of whether they are in public or private beds." - Michael Scanlan, Secretary General, Department of Health and Children, Joint Committee on Health and Children, (22 June 2006)

" There shall be vested in the Attorney General [...] the administration and business generally of public services in connection with the representation of the Government of Saorstát Eireann and of the public in all legal proceedings for the enforcement of law, the punishment of offenders and the assertion or protection of public rights and all powers, duties and functions connected with the same respectively, together with the duty of advising the Executive Council and the several Ministers in matters of law and of legal opinion." - Ministers and Secretaries Act 1924, section 6 (See note 1 below)

Agus é seo á scríobh, tá an Stát á chosaint féin in aghaidh breis agus 300 caingean dlí san Ard-Chúirt a thóg daoine, nó a tógadh thar ceann daoine, atá ag maíomh nár urramaíodh a gcearta chun cúraim fhadchónaithe i dteach altranais.   Is iad seo a leanas na cosantóirí, FSS, an tAire Sláinte agus Leanaí, Éire agus an tArd-Aighne nó teaglamaí éagsúla díobh.

Bhain na caingne dlí sin le dhá chatagóir leathana ar dtús: (a) éilimh de bharr táillí neamhdhleathacha a gearradh ar dhaoine a raibh cártaí leighis acu nuair a bhí seirbhísí d'othair chónaithe á soláthair dóibh ag an bord sláinte (FSS) agus (b) éilimh ag daoine a raibh orthu cúram tí altranais phríobháidigh a fháil toisc nach raibh sé ar chumas an bhoird sláinte (FSS) áit fadchónaithe a sholáthar dóibh. Is cosúil gur comhchuimsíodh mórchuid de na héilimh sa chéad chatagóir sa Scéim Aisíoca Sláinte (Nóta 1) agus go mbaineann formhór na gcaingne dlí atá fós gan réiteach leis an dara catagóir. Díol spéise don Ombudsman an dara catagóir seo - daoine atá ag iarraidh cúitimh de bharr na gcostas a thabhaigh siad toisc gur theip ar an Stát seirbhís a sholáthar dóibh a áitíonn siad go raibh teidlíocht dhlíthiúil acu a fháil.   Ní féidir leis na daoine sin tairbhe a bhaint as an Scéim Aisíoca Sláinte toisc gur cuireadh an cúram ar fáil dóibh i dtithe altranais príobháideacha. (Nóta 2)

Ní bhaineann an t-imscrúdú seo leis an gcaoi inar phléigh an Roinn agus FSS leis an dlíthíocht seo; agus ar an ábhar sin ní thabharfaidh an tOmbudsman aon torthaí nó mholtaí sonracha faoin gcaoi ar phléigh na gníomhaireachtaí poiblí sin leis an dlíthíocht. In ainneoin sin is uile, in aon bhreithniú a dhéantar ar an gcaoi ar phléigh na boird sláinte (FSS) le ceist an chúraim fhadchónaithe i dtithe altranais níl aon dul as ach go gcaithfear a léiriú go bhfuil a leithéid de dhlíthíocht ar siúl. Is é an phríomhcheist dhlíthiúil san imscrúdú seo ná - an dtugann alt 52 den Acht Sláinte 1970 ceart infheidhmithe maidir le seirbhísí d'othair chónaithe (lena n-áirítear cúram tí altranais) - agus ar cosúil go ndéanfaidh na Cúirteanna é a réiteach go deifnídeach má éistear aon cheann de na caingne. Níor mhian leis an Ombudsman an réimse seo a imscrúdú óir ba chosúil go réiteodh na Cúirteanna an phríomhcheist dlí. Ba éard a tharla ná go bhfuil breis agus cúig bliana imithe agus nár éisteadh an scéal sna Cúirteanna fós.  Is réasúnta an rud é, ó tá cúrsaí amhlaidh, an dlíthíocht sin a chur san áireamh i gcomhthéacs an imscrúdaithe reatha seo.

Nuair a bhí freagra á thabhairt ag an Roinn agus FSS ar dhéachtleagan na caibidle seo rinne siad iarracht a chur in iúil go raibh an tOmbudsman ag cur a ladhar i réimse gnó na gCúirteanna, agus (faoi mar a dúirt FSS) go raibh sí “ag iarraidh tionchar a bheith aici ar thorthaí na n-imeachtaí cúirte”. Diúltaíonn an tOmbudsman scun scan do na líomhaintí sin. Tá dhá phointe go háirithe a gcaithfear a dhéanamh: ar an gcéad dul síos ní rud nua ar chor ar bith í anailís na tuarascála seo ar fhorálacha bainteacha an Achta Sláinte 1970 agus ní hí an tOmbudsman an t-aon duine a rinne a leithéid; ar an dara dul síos ní féidir a chreidiúint nach mbeadh breitheamh de chuid na gCúirteanna Uachtaracha oibiachtúil agus neamhchlaonta in ainneoin aon tráchtas a dhéanfaí faoi cheisteanna dlí a bhfuil cinneadh le déanamh fúthu fós. Níl sé sochreidte ach oiread go gceapfadh an pobal i gcoitinne go rachadh rudaí a deir an tOmbudsman go poiblí i gcionn ar bhreitheamh de chuid na n-Uaschúirteanna.(Nóta 3)

Dhiúltaigh an Roinn agus FSS aon fhaisnéis a thabhairt don Ombudsman faoi na caingne dlíthiúla atá i gceist; níor inis siad fiú na rudaí is bunúsaí ar nós líon na gcásanna a tionscnaíodh agus níor thug siad cuntas leathan ar nádúr na n-éileamh a rinneadh.  Ní haon ionadh mar sin nár tugadh aon fhaisnéis don Ombudsman faoi conas ar chosain an Stát na caingne sin ná ar réitíodh aon cheann acu nó ar diúscraíodh aon cheann acu sa chúirt. In ainneoin sin is uile, bhíothas in ann eolas ginearálta a fháil ó fhoinsí eile, agus ó na Cúirteanna, faoi mhéid na dlíthíochta agus na ceisteanna atá á dtarraingt anuas. (Nóta 4) Go háirithe, tugadh faisnéis an-sonrach faoi nádúr ceann amháin de na cásanna sin (Nóta 5) i gcinneadh a rinne Máistir na hArd-Chúirte agus is cosúil gur féidir glacadh leis gur sampla maith de na cásanna eile an cás sin. Baineann an cinneadh seo le trí chás ar leith; i gceann amháin díobh (agus is iad FSS agus an tAire Sláinte na cosantóirí ann) baineann an cás leis an cheart um sheirbhísí d'othair chónaithe i leith duine aonair a bhí air (mar a mhaítear) glacadh le cúram príobháideach mar nach raibh an cúram sin á chur ar fáil ag an bord sláinte. (Baineann an dá chás eile le Comhairle Chondae na Gaillimhe agus leis an Aire Talmhaíochta, faoi seach.) Is cosúil gur tionscnaíodh breis agus 400 cás agus gur cásanna gníomhacha iad thart ar 340 díobh sin faoi láthair.(Nóta 6)

Nótaí

(Nóta 1) I ndiaidh bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí maidir le: Airteagal 26 agus an Bille Sláinte (Leasú) 2005 IR 105, cuireadh tús leis an Scéim Aisíoca Sláinte i Lúnasa 2006 faoin Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006.  Rinneadh foráil sa Scéim seo go n-aisíocfaí na táillí cothabhála a bhí íoctha ag daoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais poiblí nó a bhí i leapacha poiblí ar conradh i dtithe altranais príobháideacha sa tréimhse go dtí Nollaig 2004. Deir FSS “gur próiseáladh breis agus 21,300 éileamh go dtí seo agus go raibh costas €437m i gceist leis na cinntí a rinneadh fúthu" go dtí seo. (Aighneacht FSS chuig an Ombudsman, 25 Lúnasa 2010)

(Nóta 2) Tá daoine ar chuir bord sláinte i leapacha “ar conradh” i dtithe altranais príobháideacha iad i dteideal tairbhe a bhaint as an Scéim Aisíoca Sláinte.

(Nóta 3) Tá feidhm mar Choimisinéir Faisnéise ag an Ombudsman faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, agus ag gníomhú di san fheidhm sin bhí sí go minic os comhair cúirte, áit a ndearnadh achomhairc in aghaidh a cinntí maidir le saoráil faisnéise. Rinne na cúirteanna cuid de na hachomhairc sin a dhíbhe agus seas siad le cuid eile díobh, agus is léir ó na torthaí nach bhfuil aon tionchar ag stádas an Ombudsman ná an Choimisinéara Faisnéise ar bhreithiúnais na gCúirteanna.

(Nóta 4) Táthar ag déileáil leis na caingne sin i gcúirt oscailte agus tá cuid de na sonraí le fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna http://www.courts.ie. Lena chois sin, bíodh is go raibh tuairiscí sna meáin faoi chéimeanna tosaigh cásanna faoi leith, níor éisteadh aon chás fós. Bhí foireann an Ombudsman i láthair ag roinnt éisteachtaí i gCúirt an Mháistir i gcomhair foriarratais ar fhollasú inar nochtadh de ghnáth an cineál pléadála a bhí i gceist. Lena chois sin tá roinnt faisnéise ag teacht ó dhíospóireachtaí an Oireachtais agus ó roinnt tuarascálacha oifigiúla.

(Nóta 5) Baineann an cinneadh seo, dar dáta 7 Iúil 2010, le trí chás faoi leith inarb iad páirtithe an Stáit na cosantóirí: 1. Cromane Seafoods Limited & Duine Eile v an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia & Daoine eile; 2. Edward Kelly  v Comhairle Contae na Gaillimhe agus Daoine Eile; 3. Stephen MacKenzie v Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Daoine Eile

(Nóta 6) Bhí tuairisc san Irish Times an 3 Deireadh Fómhair 2007 gur tionscnaíodh 407 caingean dlí, lenar áiríodh cinn a bhain le cúram i dtithe altranais príobháideacha. Thug FSS le fios ina Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2009, (lch 115 gur imeachtaí "have been instituted in 306 cases, involving patients who spent time in private nursing homes.".  Tuairiscíodh san Irish Times ar 26 Aibreán 2010 go raibh 340 tacar caingne ullmhaithe. Tá gach aon chosúlacht ar an scéal go mbaineann formhór mór na gcásanna sin le daoine a bhfuil éilimh á ndéanamh acu toisc gur íoc siad as cúram tí altranais phríobháidigh agus nach bhfuil a n-éilimh á sásamh faoin Scéim Aisíoca Sláinte.

 

8.2 DLÍTHÍOCHT - Foras Caingne

Is féidir cur síos simplí a dhéanamh ar na héilimh trína rá gur cosúil (a) gurb é an foras atá leo ná teip líomhnaithe an Stáit a dhualgas reachtúil faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970 a chomhlíonadh maidir le seirbhísí d’othair chónaithe a sholáthar do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu agus (b) go mbaineann siad le héilimh ar chúitimh nó dhamáistí maidir leis na costais a thabhaigh gearánaithe aonair a raibh orthu socruithe a dhéanamh chun cúram tí altranais phríobháidigh a fháil agus íoc as.  Bhí sé de dhualgas ar bhoird sláinte sa tréimhse go dtí 2005 cúram fadchónaithe (seirbhísí d'othair chónaithe) a sholáthar saor in aisce dóibh siúd a raibh cártaí leighis acu; Ó 2005 i leith bhí na boird sláinte (agus FSS anois) i dteideal táillí i gcomhair cúram fadchónaithe a ghearradh ar dhaoine a raibh cártaí leighis acu.

Maíonn na gearánaithe gurb ionann an tseirbhís atá riachtanach dóibh, agus a raibh orthu íoc aisti go príobháideach, agus an tseirbhís a cuireadh ar fáil don ghearánaí i McInerney (Nóta 7) agus gurb ionann é sin, faoi mar a d’fhógair an Chúirt Uachtarach, agus seirbhísí d'othair chónaithe faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970. Diúltaíonn na gearánaithe don idirdhealú a rinne an Roinn idir “incháilitheacht” agus “teidlíocht” agus áitíonn siad nach idirdhealú bailí é ó thaobh an dlí de.  Braitheann na gearánaithe tríd is tríd ar a bhfuil i dTuarascáil Travers agus ar a léiríonn an tuarascáil sin faoin mbealach inar ghníomhaigh na boird sláinte agus an Roinn go mídhleathach, thar dheicheanna de bhlianta, in ainneoin comhairle láidir dlí a tugadh dóibh nach raibh siad ag gníomhú de réir an Achta Sláinte 1970.  Tá cúiteamh agus damáistí á lorg ag na gearánaithe.

I dtéarmaí dlíthiúla is éard atá á éileamh ag na gearánaithe ná faillí (sárú dualgais reachtúil seirbhísí d'othair chónaithe a chur ar fáil saor in aisce), go bhfuil na Rialacháin Sláinte (Seirbhísí d’Othair Chónaithe) ultra vires maidir leis an Acht Sláinte 1970, go bhfuil gníomhartha na gcosantóirí míbhunreachtúil agus go ndearnadh saibhriú agus míghníomh éagórach in oifig phoiblí. (Nóta 8) Thug Máistir na hArd-Chúirte le fios ar an iomlán, maidir leis an gcás faoi leith a tugadh os a chomhair, "[t]he ultra vires element in the claim is the mainstay of the case"..

Tá cuid de na caingne sin imithe chomh fada sin go bhfuil orduithe ar fhollasú á n-iarraidh, inar iarr na gearánaithe réimse leathan doiciméadachta lena n-áirítear: comhaid bhoird sláinte faoi chás an duine aonair, doiciméid na Roinne [cumarsáidí inmheánacha agus cumarsáidí leis na boird sláinte (FSS)] a théann siar mórán blianta agus a bhaineann le hacmhainní a bheith ar fáil, leithdháileadh acmhainní, treoracha maidir le táillí a ghearradh i gcomhair cúraim fhadchónaithe, mar aon le doiciméadacht a cuireadh ar fáil don Ombudsman é le linn an imscrúdaithe a raibh tuarascáil na bliana 2001 Nursing Home Subventions mar thoradh air.

Is cosúil go bhfuil na comhlachtaí Stáit ag brath ar na hargóintí seo a leanas chun na bearta sin a chosaint:

  • go bhfuil comhlíonadh oibleagáidí faoin Acht Sláinte 1970 faoi réir chumas nó acmhainn (nó an dá rud le chéile) na mbord sláinte (FSS) na seirbhísí áirithe a chur ar fáil agus faoi réir acmhainní a bheith ar fáil ag féachaint do na freagrachtaí, oibleagáidí agus ceanglais go léir atá orthu;
  • gur ar ná boird sláinte (FSS) atá sé cinneadh a dhéanamh, laistigh de na srianta airgeadais agus buiséadaithe atá ann, maidir le leithdháileadh airgid i gcomhair seirbhísí sláinte faoi leith nó i gcomhair daoine faoi leith a bhfuil teidlíocht á héileamh acu i leith na seirbhísí sin;
  • go mbeadh sé éagórach sna imthosca atá ann a iarradh ar na cosantóirí cúiteamh a íoc ag an am seo;
  • pléadálann na cosantóirí scaradh cumhachtaí, reacht na dtréimhsí agus gurb é atá sna himeachtaí ná dúshlán comhthaobhach neamhcheadaithe do chinntí, bhearta agus/nó neamhghníomh lucht riaracháin. 

 

Aisteach go leor, ní léir ón bhfaisnéis atá ar eolas ag baill den phobal cheana féin go bhfuil na comhlachtaí stáit ag brath go follasach ar a mbunargóint nach gcruthaíonn alt 52 incháilitheacht infheidhmithe; go bhfuil foráil ann maidir le teidlíocht agus ní i gcomhair incháilitheachta.

Nótaí

(Nóta 7) In Maidir le. Maud McInerney, Coimircí Cúirte, [1976 - 1977] ILRM 229

(Nóta 8) Chinn an tOmbudsman a bhí ann ag an am ina thuarascáil Nursing Home Subventions, 2001, go raibh na Rialacháin Sláinte (Seirbhísí d’Othair Chónaithe) 1993 ultra vires.

“Saibhriú Éagórach” - brabús nó tairbhe a fhaightear go héagórach.   (Murdoch's Dictionary of Irish Law)

“Míghníomh in oifig phoiblí” - chinn an Ard-Chúirt sa chás Giles Kennedy v an Dlí-Chumann (204) 1 ILRM 178 gurb ionann é sin agus feidhmiú airbheartaithe cumhachta nó údaráis seachas in iarracht macánta feidhmeanna a oifige a dhéanamh sa chaoi gur chaill an t-éilitheoir dá bharr (Murdoch's Dictionary of Irish Law).

Tá sé tugtha le fios ag roinnt tráchtairí acadúla go bhfuil éileamh féideartha um chúiteamh sa tort maidir le míghníomh in oifig phoiblí.   Féach mar shampla Eoin O'Dell agus Gerry Whyte in "Is this a Country for Old Men and Women - in alt maidir le Airteagal 26 agus an Bille Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2004", 2005, Dublin University Law Journal, 27

 

8.3 DLÍTHÍOCHT - mDul chun cinn maidir le hÉilimh - Réitigh

Agus an tuarascáil seo á scríobh, níor éisteadh aon cheann de na cásanna sin os comhair na hArd-Chúirte.  Is cúis iontais é sin ós rud é gur tionscnaíodh a lán de na cásanna sin breis agus cúig bliana ó shin agus nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí is atá sé don Stát go dtabharfaí breithiúnas breithiúnach faoin méid atá riachtanach de bhun alt 52 den Acht Sláinte 1970.

 Tá a fhios ag Oifig an Ombudsman gur thángthas ar réiteach in thart faoi dhosaen de na cásanna sin.(Nóta 9) Is cosúil gur íoc an Stát méid áirithe leis na gearánaithe sna réitigh sin.  Níl sonraí na réiteach sin ar fáil agus is cosúil go raibh clásal iontu maidir le rúndacht faoinar cuireadh iallach ar na gearánaithe gan téarmaí na réiteach a nochtadh.  Is cosúil ón méid ar féidir a fháil amach, cé gur iarr a lán de na gearánaithe orduithe ar fhollasú, ar an ábhar is dócha gur theip orthu follasú deonach a fháil, nach ndearnadh aon fhollasú faoi ordú na cúirte i gceann ar bith de na cásanna seo; bíodh is gurb é seo a deir FSS (mar fhreagra ar dhéachtleagan na caibidle seo) "voluntary discovery has been made in many cases to date". .  Bíodh is go séanann FSS agus an Roinn é, is cinnte nár mhiste ceist a chur faoi cibé an mbíonn taobh an Stáit sásta teacht chun réitigh i gcásanna inar cosúil go dtabharfar ordú ar fhollasú; is é sin le rá go roghnaíonn an Stát réiteach a dhéanamh in áit doiciméadacht a sholáthar don ghearánaí.  

Más fíor é sin, bheadh an cleachtas sin ar aon dul leis an gcleachtas a bhí ar siúl sna boird sláinte ar feadh na mblianta nuair a bhíothas ag gearradh táillí go mídhleathach i gcomhair cúraim fadchónaithe ar othair a raibh cártaí leighis acu.  Bhí an cleachtas sin acu le cinntiú nach dtabharfaí aon chás chun éisteachta os comhair na Cúirteanna agus go seachnófaí sa chaoi sin breithiúnas a bheadh impleachtaí níos leithne aige. Is éard a bhí ar siúl acu ná othair faoi leith “a cheannach” trí réitigh a dhéanamh leo agus iad ag leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas i gcónaí.  Ba rud é sin a cháin an tAire Sláinte agus Leanaí i ndiaidh foilsiú Thuarascáil Travers; ba é a dúirt sí sa Dáil an 23 Márta 2005:

"The advice they [health boards] were getting from the Department for many years, going back to 1978, was that they should not contest [legal actions to recover hospital charges]. Therefore, if one long-term bed occupant had a lawyer who could help him or her to take a case, he or she would no longer be charged while somebody not so fortunate in the bed beside him or her was charged in all those years. Besides the legal issues involved here, there are significant inequality issues that are unacceptable" .

Beidh cathú ar dhaoine i gcónaí teacht chun réitigh i gcásanna faoi leith nuair atá seasamh lag dlíthiúil acu maidir le ceist a bhfuil a lán daoine i mbun dlíthíochta fúithi.  Is léir ó cheist na dtáillí neamhdhleathacha go mba chathú é sin ar ghéill an Stát dó san am atá thart.  Cheapfadh duine go seachnófaí an cleas sin feasta i bhfianaise ráiteas an Aire reatha faoin scéal agus de bharr na taithí atá acu.  Is cosúil go mb’fhéidir go mbeidh sé riachtanach ár ndlí a athrú chun bearta a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an gcathú géilleadh dá leithéid de bheart straitéise. Mhol beirt acadóirí ó dhámh dlí Choláiste na Tríonóide go nglacfaimis le cleachtas na gcúirteanna i SAM go bhfeadfaidh na cúirteanna déileáil le ceist in ainneoin go bhfuil sí neamh-inchaingne de thoradh réitigh:

"... where the alleged wrong is 'capable of repetition, yet evading review'. The adoption of a similar approach here would enable Irish courts to go behind a settlement in order to rule authoritatively on the legal issues raised which, notwithstanding the settlement, would continue to affect the legal rights of many people who were not party to the litigation. The public goal attained here would be that of ensuring proper compliance with the law on the part of public bodies and thwarting the type of stratagem used to such good effect (from their perspective) by the authorities in the instant situation [illegal charges]  for the best part of thirty years." (Nóta 10)

Caithfear an cheist a chur i gcomhthéacs na tuarascála seo, faoi cibé an gcaitear níos fabhraí leo siúd a thionscnaíonn caingean dlí agus a n-éiríonn leo an caingean sin a chur ar aghaidh go maith ná le daoine a bhfuil na himthosca díreach céanna ag baint leo, nó nach bhfuil, ach nach bhfuil sé ar a gcumas caingean dlí a thionscnamh.(Nóta 11) Is cosúil nach bhfuil na ceisteanna faoi éagothroime a luaigh an tAire inghlactha sa chomhthéacs seo ach oiread.

Chuirfeadh an scéal maidir le réitithe mearbhall ar dhuine. Is é atá le rá ag an Roinn in alt 56 ina freagra ar dhréachtleagan na tuarascála seo:

"Moreover, when dealing with litigation, the Minister must be conscious of the interests of the taxpayer and must seek to protect the interests of taxpayers. The Minister - and, by extension, taxpayers - are not required to compensate people who have no legal entitlement to compensation. The public interest requires that claims for which there is no legal basis are defended."

Gan a chur san áireamh go bhfuil gach aon seans ann gur cáiníocóirí nó iar-cháiníocóirí iad na gearánaithe, is é fírinne an scéil ná gur tugadh cúiteamh do chuid acu in ainneoin ráiteas na Roinne gur daoine iad nach bhfuil aon teidlíocht dhlíthiúil acu cúiteamh a fháil. Tugann FSS míniú (ar leathanach 16 dá freagra)

"... in general terms, the HSE is required to use its resources in the most efficient way possible. If this means seeking to settle a particular case in circumstances where it makes economic sense to do so, rather than engage in lengthy and expensive legal proceedings, then the HSE is perfectly entitled to make such decisions. To do otherwise might be criticised as an unnecessary waste of public funds. Neither is it appropriate to assume that it is always the HSE who might insist on, or seek, a confidentiality agreement."

Bíodh is go bhféadfadh an cur chuige pragmatach atá glactha ag FSS a bheith oiriúnach i gcásanna faoi leith, ní mór a cheistiú an n-oireann sé d’imthosca na gcásanna seo. Ba chóir tús áite a thabhairt do shoiléiriú a dhéanamh chomh tapa agus is féidir faoi éilimh na ngearánaithe agus faoi dhualgais na mbord sláinte (FSS).  Má réitítear cásanna aonair is cosúil nach mbíonn de thoradh air sin ach moill a chur ar an soiléiriú sin. Diúltaíonn FSS don dearcadh go bhfuil moilleadóireacht bheartach ar siúl aici agus í ag déileáil leis na cásanna sin agus dearbhaíonn sí (ar leathanach 16 dá freagra): "the reason why no case has come on for hearing [is] that advisors to many of the Plaintiffs are concerned that the Defendants have a valid full defence."

Is díol spéise é go mbeadh taobh an Stáit sásta réitigh a dhéanamh ina bhfuil cúiteamh i gceist má chreideann siad go bhfuil cosaint bhailí iomlán acu. Chun an fhírinne a dhéanamh, ní mór a cheistiú cibé an bhfuil comhlacht reachtúil ag sárú a dhualgas reachtúil má réitíonn siad dlíthíocht ar chostas an Státchiste más rud é go bhfuil cosaint bhailí iomlán acu. Ceist í sin atá níos ábhartha fós nuair atá a lán dlíthithe ann a bhfuil éilimh acu atá beagnach díreach cosúil le héileamh an té ar réitíodh a chás.  Más rud é (faoi mar is cosúil go bhfuil FSS ag tabhairt le tuiscint) go raibh cásanna ann inar theip ar na gearánaithe a gcásanna a chur chun chinn toisc nach raibh muinín acu as fiúntas dlí a gcásanna, bheadh sé de cheart ag na cosantóirí ar thaobh an Stáit iarracht a dhéanamh go scriosfaí amach na cásanna sin toisc nár tugadh ar aghaidh iad.

Ní féidir a shéanadh, áfach, gur cuma cad iad na himthosca éagsúla a bhaineann le cásanna na ngearánaithe go mbraitheann siad go léir ar an bpointe céanna dlí. Bheadh duine ag súil go dtabharfaí tús áite do chinneadh a fháil faoin gceist dlí sin.  Má dhéanfar cinneadh i bhfabhar thaobh an Stáit is dócha go dteipfidh ar chásanna na ngearánaithe go léir; má dhéantar cinneadh in aghaidh thaobh an Stáit beidh sé riachtanach imthosca gach gearánaí a chruthú chun teidlíocht i leith cúitimh a chruthú. Is é sin go díreach an pointe a rinne Máistir na hArd-Chúirte i gcinneadh a rinne sé le déanaí. (Nóta 12) Tharraing an Máistir anuas ceisteanna maidir le costais dlíthíochta i gcásanna inarb é an Stát an cosantóir. Bhí trí chás roimhe a bhain leis an Aire Talmhaíochta, Comhairle Contae na Gaillimhe agus FSS/an tAire Sláinte agus Leanaí faoi seach agus mhol an Máistir ina leithéid de chásanna go mbeadh sé i bhfad ní b’éifeachtúla, agus go sábhálfadh sé mórchuid costais, dá ndéanfaí cinneadh i bprionsabal faoin gceist dlí a bhain leo go léir sula ndéanfaí cinneadh faoi imthosca ábhartha an ghearánaí faoi leith. Bíonn an chur chuige seo níos tarraingtí fós i gcásanna, cosúil leis na cásanna atá i gceist anseo, nuair atá na céadta caingean ag braith ar an gceist dlí chéanna.

Ní gá go mbeadh na socruithe faoi na nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a bpléitear leis an dlíthíocht seo faoi smacht FSS agus na Roinne. Ag an am céanna dá ndiúltódh siad a bheith páirteach i réitigh d’fhéadfadh sé tarlú gurb é an toradh a bheadh air sin ná go n-éistfí ceann amháin nó níos mó de na cásanna go luath agus go dtabharfaí breithiúnas ina leith seachas a bheith ag fanacht ar feadh na mblianta.  Caithfidh go mbeadh sé chun tairbhe na bpáirtithe go léir go mbeadh toradh air go luath. Is é an rud ba mheasa a d’fhéadfadh tarlú ó thaobh an Stáit de ná go dtabharfadh an Chúirt breithiúnas ina aghaidh agus go mbeadh sé faoi lé éileamh ar chúiteamh a bheadh i bhfad níos mó ná mar a bhí faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Ba réasúnta an rud é, fiú ar mhaithe le bainistíocht airgeadais a bheith cóir, go ndéanfadh taobh an Stáit gach rud is féidir lena chinntiú go ndéanfaí an dlí a shoiléiriú sa réimse seo.

Nótaí

(Nóta 9) Faisnéis a chuir oifigeach de chuid FSS ar fáil i Lúnasa 2009 sular chinn FSS gan faisnéis ná doiciméadacht a sholáthar maidir leis an dlíthíocht.

(Nóta 10) An Tagairt do Scaradh Cumhachtaí agus Cothromaíocht Bhunreachtúil i ndiaidh an Bhille Sláinte (Leasú) (Uimh.  2) in Older People in Modern Ireland, Oran Doyle agus Gerry Whyte in Essays on Law and Policy, Eoin O'Dell (eag.) 2006

(Nóta 11) Tugann Tuarascáil Travers (alt 3.11 - 3.12) sampla spéisiúil eile den drogall is cosúil a bhí ar an Roinn agus ar na boird sláinte go ndéanfadh na Cúirteanna soiléiriú ar an dlí maidir le seirbhísí sláinte.  Thug Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte le fios do na boird sláinte i 1978 nach mbeadh sé, ar threoir Uachtaráin na hArd-Chúirte, ag íoc aon táillí i gcomhair othar fadchónaithe (a bhí ina gcoimircithe cúirte) agus a raibh ioncaim níos lú ná £25 in aghaidh na seachtaine acu.  Ba thairseach ní b’airde í sin ná an ceann a bhain le hothair i gcointinne. Mhol an Cláraitheoir go gcuirfí an cás faoi bhráid na gCúirteanna. “Ba é a tharla faoi dheireadh ná nár ghlac na boird sláinte agus an Roinn le cuireadh an Chláraitheora dul i gcoinne a dhearcaí agus a ghníomhartha os comhair na gCúirteanna.”

(Nóta 12)Nóta 5 - Caibidil 8.1

 

8.4 DLÍTHÍOCHT - An Stát agus Dlíthíocht

Is iondúil go mbíonn sé de cheart ag aon chomhlacht Stáit é féin a chosaint sa chúirt má thionscnaítear caingean ina aghaidh. Cuirtear as dúinn, áfach nuair a thionscnaíonn baill leochaileacha an tsochaí dlíthíocht (nó nuair a thionscnaítear í thar a gceann) a bhfuil sé d’aidhm aici soiléiriú a dhéanamh ar chearta an ghearánaí agus ar dhualgais an chomhlachta Stáit atá á chosaint féin. Ní thionscnaítear cásanna mar sin go hiondúil go dtí go mbíonn triail bainte as gach bealach eile chun sásamh a fháil agus go mbíonn teipthe orthu. Feadfaimid cuimhneamh ar thuismitheoirí le blianta beaga anuas a bhfuil leanaí acu a bhfuil riachtanais speisialta acu agus a thionscain cásanna chun soiléiriú a dhéanamh ar theidlíocht a leanaí chun soláthar speisialta oideachais a fháil; nó, ar shraith cásanna i réimse gaolmhar, a tugadh thar cheann leanaí faoi phriacal a raibh cóiríocht slán riachtanach dóibh lena gcosaint.  Is í an ghné chomónta a bhaineann leis an gcineál sin dlíthíochta ná nach bhfuil an dlí soiléir faoi mar atá sé. Tharla sé freisin ina lán cásanna, agus ábhar na tuarascála seo san áireamh, gur theip ar an Stát go leanúnach soiléiriú a dhéanamh ar an dlí bíodh is eol don saol na deacrachtaí a bhaineann leis.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte agus Leanaí go dtuigeann sí go dianmhaith an gá atá ann an dlí a shoiléiriú agus a chinntiú nach mbeidh ar dhaoine dul i muinín na gCúirteanna chun léirmhíniú a fháil. Ag labhairt di sa Dáil ar 3 Márta 2005 (Nóta 13) dúirt sí:

"In an increasingly litigious society, legal uncertainty is tested and exploited in many ways that are, to say the least, not always in the public interest. The cost to the public and taxpayer of achieving legal clarity is highest when it comes from protracted and repeated litigation. The cost is lowest when it comes from coherent policy, meticulous law-making and professional public administration."

D’fhéadfadh sé tarlú uaireanta sa chineál sin dlíthíochta (agus is cosúil go raibh an tAire ag iarraidh é sin a thabhairt le fios) go mbeadh gearánaithe áirithe ag iarradh leas a bhaint as lúba ar lár sa dlíthíocht. I gcásanna, áfach, nuair is éard atá i gceist ná dualgas an Stáit i leith daoine scothaosta i gcoitinne, nó i leith leanaí nó daoine míchumasaithe, ní cosúil gur ceart tátal a bhaint as gur féinleas an ghearánaí nó a d(h)líodóraí is cúis leis.

B’fhéidir go dtarlódh sé i gcónaí i gcásanna ina bhfuil dlíthíocht tionscanta go leanfaidh an cosantóir treoir na ndlíodóirí agus go ndéanfaidh siad siúd an cás a bhainistiú. Sa chás gurb é an Stát an cosantóir agus gur ball de ghrúpa leochaileach é/í an gearánaí is féidir leis an gcaoi ina gcuirtear an dlíthíocht i bhfeidhm an-imní a chur air nó uirthi.  Tríd is tríd is féidir a rá go bhfuil dlíodóirí oilte chun gníomhú ar bhealach sáraíochta agus bíonn sé de nós acu gníomhú de réir na rialacha iompraíochta nach dtuigeann gach aon duine ach a bhíonn i bhfeidhm sna cúirteanna. Ní bhíonn i gceist sa deireadh thiar ach an cás a bhuachan nó a chailliúint agus baintear leas as gach cleas ar féidir maidir le dlíodóir a úsáid chun an cás a bhuachan.  I measc na gcleas sin tá moilleadóireacht bheartach, bagairt go ngearrfar costais in aghaidh an ghearánaí, doiléiriú, argóintí neamhábhartha a tharraingt anuas, mífhaisnéis agus a lán rudaí eile. Chun an fhírinne a dhéanamh féadfaidh luí a bheith ag dlíodóirí ar an dá thaobh a gcuid gnóthaí a reáchtáil sa chaoi seo.   Ach más cás atá tógtha ag saoránach in aghaidh a Stáit féin atá ann, agus más ábhar spéise don phobal é i ndáiríre, ní ceart gur ceist faoi bhua nó chailliúint a bheadh ann.  Is é an rud is tábhachtaí ná gníomhú ar son leas an phobail. In ainneoin sin, áfach, nuair a thugann comhlachtaí Stáit freagra ar dhlíthíocht bíonn an chosúlacht ar an scéal uaireanta gurb é atá uathu ná leas an chomhlachta a chosaint seachas gníomhú ar son leas an phobail i gcoitinne.

Go deimhin, ghníomhaigh an Stát uaireanta ar bhealaí nach féidir glacadh leo ar chor ar bith agus é á chosaint féin i gcaingne cúirte. Is dócha gurbh é an sampla ba mhíchlúití den iompar sin ná cás an Uasail Brigid McCole a rinne agra in aghaidh Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann agus in aghaidh an Stáit i 1995 toisc gur tholg sí Heipitíteas C ó tháirgí fola truaillithe. (Nóta 14) Ba é an rud a tharraing a leithéid de cháineadh ab ea an chaoi ar lig taobh an Stáit don dlíthíocht leanúint ar aghaidh ar feadh beagnach 15 mhí in ainneoin go raibh an tUasal McCole go dona tinn (fuair sí bás i nDeireadh Fómhair 1996) agus a fhios acu go dianmhaith go bhfaighfí go raibh an Stát freagrach as a breoiteacht.  Aithníodh ina dhiaidh sin gur chosain an Stát an cás ar bhealach ionsaitheach sáraíochta nach raibh gá leis.  Go deimhin, scríobh an tAbhcóide Sinsir Fidelma Macken tuarascáil ina dhiaidh sin faoin gcaoi inar phléigh an Stát leis an gcaingean dlí sin agus b’é an tAire Sláinte agus Leanaí a choimisiúnaigh an tuarascáil i 1997.  Agus é ag foilsiú na tuarascála sin i Lúnasa 1997 cháin an tUasal Brian Cowen T.D., a bhí ina Aire Sláinte ag an am, an chaoi inar chosain an Stát (agus Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann) iad féin in aghaidh na caingne a bhí tionscanta ag an Uasal McCole. Mar shampla, dúirt an tAire:

"The Hepatitis C/Anti-D issue is the biggest health scandal in the history of the State. Yet, despite the gravity of the crisis and the fact that over 1,000 people were directly impacted by it, Minister for Health Noonan chose to adopt a strategy which was more concerned with the pure legal principles and technical obligations, than effecting a fair, just and humane solution to Mrs McCole's plight. The approach adopted was bereft of compassion or sensitivity to Mrs McCole or to the interests of others who were infected through the negligence of a State institution.

[...]

Even allowing for the fact that Court proceedings are adversarial by nature, the fact that the State was aware, at an early stage, that the BTSB had a case to answer and because of the nature and magnitude of the problem, the adversarial approach should have been tempered and the contentious tactics dropped.

[...]

The lack of desire to seek a solution which recognised that a fundamental wrong was done to a citizen of the State is the biggest indictment of the State's legal approach and strategy in Bridget McCole's case. " (Nóta 15)

Níl an tOmbudsman ag iarraidh ag thabhairt le tuiscint go bhfuil cás na ndaoine scothaosta ar diúltaíodh cúram fadchónaithe poiblí dóibh ar feadh na mblianta ar aon dul le himthosca tragóideacha an Uasail McCole nach maireann, ná cás na ndaoine eile a d’fhulaing de bharr scannail na fola truaillithe. Mar sin féin, tá cosúlachtaí eatarthu agus áirítear leo sin an chaoi go mb’éigean do dhaoine leochaileacha dul chun cúirte agus iad ag iarraidh ceart bunúsach a fhíorú. Má tá tuairim le nochtadh faoi na bearta sin ba dheacair a rá go ndearna an Stát iarracht "réiteach cothrom, cóir agus daonna” a fháil nó gur “maolaíodh” ar aon bhealach an gnáthbhealach sáraíochta.

Ní cosúil gur modh oiriúnach é córas sáraíochta na gcúirteanna chun déileáil le rudaí a bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leo ó thaobh grúpaí leochaileacha sa tsochaí de. Is cosúil go raibh smaointe den chineál sin ag an Seanadóir Fergal Browne nuair a chuir sé an cheist seo a leanas ag cruinniú den Chomhchoiste um Shláinte agus Leanaí an 22 Meitheamh, 2006:

"The Travers report refers to being correct about the legal basis for decisions. If the Department is concerned about the legality of an issue, is there scope to take a legal test case? In this way it would not be obliged to wait until a member of the public took a case.  The Department could be proactive."

Ba é a dúirt Ard-Rúnaí na Roinne ina fhreagra

"If we receive legal advice from the Attorney General, we do not then go to court and take a test case. We will act on that advice. I will take away what the Senator stated on the idea of test cases. I would have thought we would only consider that if the Office of the Attorney General stated it was the correct course of action."

Ní fios an raibh aon tuairimí eile ag an Roinn faoin moladh seo idir an dá linn.

Thug Máistir na hArd-Chúirte le tuiscint agus é ag tabhairt a chinnidh le déanaí gur gá athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar na nósanna imeachta maidir le dlíthíocht faoin dlí poiblí. Ba hiad na costais a bhain lena leithéid de dhlíthíocht ba mhó a bhí ag cur as don Mháistir. Is é an Státchiste a íocann as na costais sin den chuid is mó agus rinne sé roinnt moltaí le cinntiú go mbeadh "cost effective and speedy trials [which] can only be regarded as contributing to the perception and reality of justice". Maíonn an Máistir an gá ata ann go mbeadh "culture change on the part of both parties"; agus molann sé go sonrach "[that] the State should not be so insistent on proving that it is never wrong".

Maíonn an Roinn agus FSS, i gcás na dlíthíochta maidir le ceart chun cúram tí altranais a fháil, nach bhféadfaí an costas a sheasamh dá ngéillfí do na caingne dlí; gurb é leas an phobail é gan géilleadh do na caingne toisc go mbeadh costas ábhalmhór i gceist.(Nóta 16) Is éard a bheadh san argóint sin go bunúsach ná, fiú má tá an dlí ar thaobh na ngearánaithe, níl sé ar ár gcumas é sin a admháil anois agus íoc as. Argóint a bheadh ann freisin i gcás drochiompair san am atá thart, cé go mb’fhéidir nach mbeifí ag tabhairt luaíochta dó, gur chóir é a mhaitheamh.

Go deimhin, caithfimid idirdhealú a dhéanamh idir ceart a admháil (mar shampla cearta go gcuirfí cúram tí altranais ar fáil) agus an ghné eile maidir leis an mbealach is fearr cúiteamh a thabhairt do dhaoine ar séanadh a gcearta go córasach ar feadh tréimhse ama.  Má thagann cheist chun cinn faoi chúiteamh a thabhairt do dhaoine ar séanadh a gcearta, ní gá gurb é leas an phobail é i gcónaí go ndéanfaí na daoine sin a chúiteamh láithreach agus go hiomlán. Ach cinnte dearfa tá sé chun tairbhe an phobail go n-aithneofaí cearta. Ceist eile a bhaineann le leas an phobail is ea cúiteamh a dhéanamh as cearta a shéanadh ach ní mór a lán rudaí a bhaineann le leas an phobail a chur san áireamh maidir leis an gcaoi is fearr chun cúiteamh a dhéanamh agus an tréimhse ina ndéanfar é.

Nótaí

(Nóta 13) Mary Harney T.D., an tAire Sláinte agus Leanaí, Dáil Éireann, An Bille Sláinte (Leasú) 2005 díospóireacht na Dara Céime, (3 Márta 2005)

(Nóta 14) Réitíodh an chaingean i Meán Fómhair 1996, nuair a íocadh £175,000 leis an Uasal McCole tamall sula bhfuair sí bás; tuairiscíodh ina dhiaidh sin san Irish Examiner, (10 Feabhra 1998) "her legal team's bill came to over £800,000, while BTSB lawyers earned £500,000"  - . Tugann FSS le fios nach raibh aon bhaint ag aon cheann de na boird sláinte a bhí ann roimhe le cás an Uasail McCole.

(Nóta 15) "Report by the Minister for Health and Children, Mr Brian Cowen, on the legal strategy adopted by the defence in the case of the late Mrs Bridget McCole", faoi mar a tuairiscíodh san Irish Times, (2 Lúnasa 1997)

(Nóta 16) "The financial arguments are equally stark.  To imply that in-patient services were demand–led and uncapped for the population (with full and limited eligibility) since 1970 has enormous financial implications, not just for the Department of Health but for the entirety of Government spending.  It is difficult, if not impossible, to attempt to quantify the scenario whereby all of those eligible would have to be provided with in–patient services on demand over the past forty years.  This would require not just attempting to extrapolate data for the full quantum of services and patients affected over those years, but also estimating what unmet need existed and stripping out the effect of private health insurance over that period. Aighneacht na Roinne Sláinte agus Leanaí - Alt 87

 

8.5 DLÍTHÍOCHT - Caomhnóir Leas an Phobail?

De réir Bhunreacht na hÉireann is é ról an Ard-Aighne ná bheith “comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairimí dlí” (Airteagal 30.1).  Lena chois sin tá feidhm ag an Ard-Aighne de bharr an dlí reachtaigh maidir le “dearbhú agus cosaint cearta poiblí” (Nóta 17) agus uaireanta tagraítear don fheidhm sin trína rá gurb é an tArd-Aighne cosantóir leas an phobail. San am atá thart bhíodh an ráiteas seo faoin Ard-Aighne i Ráiteas Misin Oifig an Ard-Aighne “[the AG] may exercise a role as representative of the public for assertion or defence of public rights other than in the context of criminal prosecutions”  (Nóta 18)

Níl a lán ar eolas ag an bpobal faoi ról seo an Ard-Aighne i leith leas an phobail agus ní tuigtear go maith é ach oiread, ach d’fhéadfadh an-tábhacht a bheith ag baint leis, lena n-áirítear i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo. Go deimhin thagair an Príomh-Bhreitheamh a bhí ann i 1994 don ról seo maidir le leas an phobail agus dúirt go raibh sé i bhfad níos tábhachtaí ná an ról mar chomhairleoir an Rialtais. Ag labhairt dó faoi cheapadh an Ard-Aighne nua, an tAbhcóide Sinsir Eoghan Fitzsimons, thagair an Príomh-Bhreitheamh Liam Hamilton

"to the Attorney General's responsibilities as legal adviser to the Government, but said these 'paled into insignificance' when compared with his role as 'guardian of the public interest, the person who appropriately involves the jurisdiction of the High Court to protect the Constitution and the rights of the citizen as outlined in the Constitution'. "  (Nóta 19)

Tá ceisteanna an-spéisiúla tarraingthe anuas ag an iar-Ombudsman, Kevin Murphy, faoi ról an Ard-Aighne maidir le leas an phobail.  Bíodh is go nglacann sé gur beag treorach atá ann faoi conas is fearr an ról sin a chur i bhfeidhm, deir sé go bhféadfadh an tArd-Aighne gníomhú sa chás go mbeadh an Stát féin nó ceann dá chuid eascróg ag gníomhú go neamhdhleathach. Faoi mar a dúirt Kevin Murphy:

"The public have a fundamental right to be protected against the State acting illegally. It is the AG's responsibility to ensure that protection and, in a situation where a Minister or Government might refuse to stop breaching the law, there seems to be no barrier to the AG suing them at the instance of some members of the public." (Nóta 20):

Luaigh an tUasal Murphy go sonrach, agus é ag scríobh tar éis foilsiú Thuarascáil Travers, “30 bliain neamhdhleathachta” maidir le táillí a ghearradh ar shealbhóirí cárta leighis i gcomhair cúraim fhadchónaithe.

Is soiléir áfach gur deacair é cás an Ard-Aighne sa mhéid is go mbeidh a ról mar chomhairleoir dlí an Rialtais agus a ról mar chosantóir leas an phobail ag teacht salach ar a chéile uaireanta. (Nóta 21)Aithníodh le fada go raibh an choinbhleacht sin ann. Sholáthair Roghchoiste an Oireachtas um Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta tuarascáil i 1995 faoi Oifig an Ard-Aighne agus i measc a lán rudaí eile thagair siad don choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith i gceist idir an dá ról sin. Ba é an réiteach féideartha a mhol an Roghchoiste ná go gcruthófaí oifig nua an Leas-Ard-Aighne a d’fheadfaí feidhmeanna a tharmligean chuige dá mbeadh a leithéid de choinbhleacht ann. Pléadh an cheist sin ina dhiaidh sin sa Report of the Constitution Review Group in 1996, agus cé gur aithníodh go bhfeadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann mheas siad nár ghá aon rud faoi leith a dhéanamh faoi. Ba é a mheas an grúpa freisin nár chaith an tArd-Aighne ach 5% dá chuid ama ar an meán le cúrsaí a bhain le leas an phobail agus is cosúil go raibh tionchar aige sin ar chur chuige an Ghrúpa. Mhol an grúpa, áfach, dá bhfeicfeadh an tArd-Aighne go raibh coinbhleacht leasa ann go bhféadfaí déileáil leis trí an t-ábhar sin a leagadh ar ghrúpa beag dlíodóirí.  Níor déileáladh riamh le ról an Ard-Aighne maidir le leas an phobail agus tá an cás fós faoi mar a ndearnadh foráil faoi san Acht Airí agus Rúnaithe 1924.

Maidir leis an dlíthíocht a breithníodh sa chaibidil seo, tá an tArd-Aighne freagrach sa deireadh thiar as an gcaoi a chosnaíonn an Stát na bearta.  Agus an fheidhm sin á chomhlíonadh aige, d’fhéadfadh laigí i gcosaint an Stáit a bheith ar eolas aige, agus b’fhéidir freisin an chaoi a ndearnadh neamhshuim toiliúil de chearta reachtúla na ndaoine sin a raibh cúram fadtéarmach riachtanach dóibh. Tagann an dá ról salach ar a chéile i gcásanna den sórt sin.

In ainneoin sin, d’fheadfadh feidhm an-tábhachtach mar chosantóir an leasa phoiblí a bheith ag cibé duine a mbeadh an ról sin aige nó aici.  Chinnteodh sé sa chomhthéacs reatha go bhféadfaí ceisteanna faoi chearta, a bhaineann le sciar suntasach den daonra, a réiteach ar bhealach níos tapúla agus níos saoire agus nach mbeadh sé chomh trámach. Lena chois sin dá mbeadh caomhnóir gníomhach ann ag cosaint leas an phobail (Nóta 22) d’fhéadfadh sé bac a chur orthu san laistigh de ghaireas an Stáit a mbíonn cathú orthu neamhshuim a dhéanamh den dlí - fiú más cosúil gur cathú chun dea-chríche atá ann, mar shampla, chun acmhainní ganna poiblí a shábháil. (Nóta 23)

Nótaí

(Nóta 17) An tAcht Airí agus Rúnaithe 1924, alt 6

(Nóta 18) Níl aon tagairt ina Ráiteas Misin ar láithreán gréasáin an Ard-Aighne don ról mar chosantóir leas an phobail agus níl aon tagairt don ról sin atá furasta a aithint in aon áit eile ar an láithreán gréasáin.

(Nóta 19) Tuairiscithe san Irish Times (16 Samhain 1994)

(Nóta 20) "Fresh Look at Role of AG is Needed", Irish Times, (11 Iúil 2005)

 (Nóta 21) Chun cur síos mionsonraithe a fháil ar na ceisteanna sin féach ar “A Legal Janus: Resolving the Conflict Between the Attorney General's Functions as Guardian of the Public Interest and Legal Adviser to the Government", Darren Lehane, Irish Student Law Review, 2004 - Imleabhar 12. Chun tuairisc níos déanaí a fháil féach ar a bhfuil scríofa ag Donncha O'Connell san Iris Village, 8 Meitheamh 2010.

 (Nóta 22) Tá a fhios ag an Ombudsman go ndearna Fine Gael moladh le déanaí go dtabharfaí feidhm den chineál sin maidir le leas an phobail don Ombudsman.  Dar le nóta bun leathanaigh atá acu ina doiciméad New Politics "Fine Gael will also examine whether some of the functions of the Attorney General, as they relate to his role as "guardian" of the public interest, should be transferred to the Ombudsman.  We believe there is a potential conflict of interest between this function of the Attorney General and his other function as adviser to the Government". 

Baineann na tráchtanna i gcuid dheireanach na caibidle seo leis an gcás seo, is cuma cé a bheadh ag gníomhú ar son an leasa phoiblí san am atá le teacht.

(Nóta 22) Luann Oran Doyle agus Gerry Whyte cur chuige eile maidir leis an bhfadhb sin, op. cit. Molann siad go dtabharfadh Reachtaíocht na hÉireann aitheantas do jus tertii "that would enable a civic minded citizen or a pressure group to take a case enforcing the legal rights of a vulnerable section of the population where it is difficult for any individual member of that group to pursue such litigation. ...".