1.1 BAINEANN AN TUARASCÁIL SEO LE...
"... investigation which looks at the actions of the Department of Health and Children, of the Health Service Executive, and of some of the non-HSE public hospitals in providing for patients who are found to require in-patient services on a long-term basis. ...an "own initiative" investigation by the Ombudsman ... prompted by a persistent stream of complaints to the Ombudsman in recent years in which it is alleged that the HSE ... and/or a public hospital acting on behalf of the HSE, failed to provide in-patient services to a person in need of such services on a long-term basis." - Ombudsman Notification of Investigation (30 July 2009)
"It is not acceptable that the availability of a [higher rate] subvention depends on where one lives rather than on one's assessed need for a higher level of nursing home subvention. It is reasonable to expect that the HSE would arrange its affairs in a manner that the provision in particular of cash payments (whatever about other services) would be standardised across the country. One cannot, for example, imagine that the Department of Social and Family Affairs would pay an old age pension to people from Donegal but refuse such a pension to people from Mayo; or that the Revenue Commissioners would allow medical expenses income tax relief to people from Dublin but refuse such relief to people from Cork. One of the motivations for the creation of the HSE in January 2005 was to establish consistency of service provision across the entire country." - Ombudsman Investigation, (September 2010)
"The legislation on public nursing home care theoretically provides that everyone is eligible for such care...That theoretical entitlement of course is not realised in practice. We do not know how many people apply for a public nursing home place. The former health boards did not have a uniform application process (and the HSE has not introduced one) and some had no formal application process at all. Many people do not bother to apply because they know that they will not get a place." - Ita Mangan in Care of Older People, (SIPTU), (May 2006)
"By his availability to the citizen, coupled with his direct reporting relationship to the Oireachtas, the Ombudsman will provide a direct link between the people and the Legislature. Not only will he provide a means for the remedy of grievances about administrative actions but he will also help us as legislators to become more aware of the effects of the legislation which we enact."- John Boland, Minister for the Public Service, Dáil Éireann, (8 July 1983)
"Individuals are eligible for public nursing home care regardless of income. Access appears to be based on high nursing care needs, luck, ability to apply pressure, reluctance to entertain other alternatives (usually motivated by fear of high costs in private nursing homes) or a combination of all three." - Virpi Timonen, (2006)
"When you see a social admission coming in, your heart sinks. You think when are they going to go home, because when they're well there's nowhere for them to go." - Hospital Doctor quoted in National Council on Ageing and Older People (2005)
Baineann an tuarascáil seo le ról na seirbhíse sláinte poiblí maidir le cúram tí altranais a sholáthar do dhaoine scothaosta. Soláthraíodh an tuarascáil toisc go bhfuil mearbhall, éiginnteacht, neamhréir agus go mór mór conspóid ann le breis agus 30 bliain, maidir leis an gceist i dtaobh cén oibleagáid atá ar an Stát cúram tí altranais a sholáthar do dhaoine scothaosta. Mura bhfuil a fhios ag daoine a bhfuil céim leochaileach ina gcuid saol bainte amach acu, agus a dteastaíonn cúram tí altranais costasach anois uathu, cad iad na teidlíochtaí dlíthiúla atá acu chun an cúram sin a fháil, agus má bhíonn an cás seo gan réiteach le breis agus 30 bliain, caithfidh gur faillí mór rialtais é. Agus ní féidir a mhaíomh nár aithníodh agus nár pléadh na fadhbanna sa réimse seo i gcaitheamh na mblianta.
Tharraing an tOmbudsman aird go rialta ar na fadhbanna sin i dTuarascálacha Bliantúla a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais; pléadh an cheist seo go háirithe i dtuarascálacha na mblianta 1988, 1989, 1991, 1992 agus 1994. Anuas air sin pléadh í i dTuarascáil an Ombudsman 2001 Nursing Home Subventions, i dTuarascáil Travers (Nóta 1) 2005 agus i dtuarascáil lena mbaineann do Chomhchoiste um Shláinte agus Leanaí an Oireachtais in 2005 agus i roinnt tráchtaireachtaí dlíthiúla agus acadúla eile chomh maith. Déarfaidh roinnt daoine nach bhfuil gá le tuarascáil eile faoin gceist seo toisc (mar a áitítear) go bhfuil cibé fadhbanna a bhí ann réitithe anois. Dealraíonn sé gurb é sin an seasamh a nglacann an Roinn Sláinte agus Leanaí (an Roinn) chuici. Nuair a tugadh fógra don Roinn faoi imscrúdú seo an Ombudsman ar dtús, dúirt sí go raibh sé deacair a thuiscint conas a bheadh an tOmbundsman den tuairim "that circumstances exist that would warrant an 'own initiative' investigation at this time". Admhaíonn an Roinn agus an tAire go raibh fadhbanna móra ann maidir lenár socruithe do chúram tí altranais do dhaoine scothaosta ach dealraíonn sé go bhfuil siad den tuairim go bhfuil na fadhbanna sin réitithe anois mar gheall ar thosach feidhme an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009.
Cibé ar réitíodh nó nár réitíodh na fadhbanna sin, sin ceist a pléitear níos deireannaí sa tuarascáil seo. Is fiú a mheabhrú nár éirigh in aon chor le hiarracht a rinneadh roimhe seo na fadhbanna sin a réiteach, faoi mar a admhaíonn an tAire Sláinte agus Leanaí reatha. In 1993, ar thosach feidhme an Achta Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990, tugadh isteach scéim d’fhóirdheontais tithe altranais do chónaitheoirí i dtithe altranais príobháideacha. Déanta na fírinne, bhí an scéim sin, a bhfuil an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais á cur ina hionad anois, an-chonspóideach agus rinneadh go leor gearán faoi. Go deimhin, tá na gearáin sin fós á ndéanamh sa lá atá inniu ann. Tá roinnt gearán faoi fhóirdheontais tí altranais réitithe ag an Ombudsman ar bhonn neamhfhoirmiúil le bliain anuas; anuas air sin, le linn na tréimhse sin thug sí cásanna gearánach chun críche agus sheas sí leo, i dtrí imscrúdú leithleacha a d’eascair as gearáin ar leith, lena n-áirítear imscrúdú ilchodach amháin ina raibh deich ngearán leithleacha. (Nóta 2)
Níl ghlacann an tOmbudsman aon seasamh chuici féin maidir leis an leibhéal soláthair Stáit ba chóir a bheith in aon réimse seirbhíse sláinte ar leith. Is é an t-ábhar is cúram di ná gur chóir don dlí a bheith soiléir agus gur chóir do na gníomhaireachtaí Stáit an dlí a chur i bhfeidhm mar atá sé seachas mar a bheidís ag iarraidh go mbeadh sé. Mura bhfuil fáil ar acmhainní chun dualgais reachtúla a chomhlíonadh, ba chóir an deacracht a aithint agus iarracht a dhéanamh a chur faoi deara go leasófar an dlí chun cleachtas a léiriú. Mura bhfuil reachtaíocht leasaithe ann, agus más rud é go gcaithfear seirbhísí a chiorrú, ba chóir tús áite a thabhairt do sheirbhísí éigeantacha seachas seirbhísí lánroghnacha a chothabháil.
Ní ceist an-chasta inti féin í an cheist de cibé ar chóir don Stát a bheith rannpháirteach i gcúram tí altranais a sholáthar, nó ar chóir dó cuidiú leis sin; cé go ndealraíonn sé gur ceist chasta ó thaobh na polaitíochta de í. Is roghanna measartha simplí iad na roghanna beartais:
- ní bheidh aon tacaíocht Stáit ar fáil agus is faoin duine aonair a bheidh sé a riachtanais chúraim a sholáthar dó féin nó di féin; nó,
- cé go mbeidh an duine aonair freagrach as a riachtanais chúraim féin a sholáthar, soláthróidh an Stát roinnt tacaíocht airgeadais, in imthosca sonraithe; nó
- glacfaidh an Stát an fhreagracht chuige féin chun cúram tí altranais a sholáthar do dhaoine scothaosta (díreach mar a sholáthraíonn sé oideachas do leanaí nó cóireáil ospidéil do dhaoine i gcoitinne).
Is fíor gur féidir socruithe níos sainiúla a dhéanamh laistigh de na roghanna sin (tástálacha acmhainne, teorainneacha aoise, leibhéil spleáchais, faoiseamh cánach, táillí a fhorchur) ach tá na roghanna bunúsacha iad féin simplí. Is fíor freisin go dtiocfadh iarmhairtí polaitíochta as dá roghnófaí rogha amháin seachas ceann eile. Beag beann ar leibhéal rannpháirtíochta an Stáit, tá sé ríthábhachtach go mbeidh méid na rannpháirtíochta sin an-soiléir. Tá sé fíorthábhachtach gur fios go cruinn an leibhéal rannpháirtíochta a bhfuil sé i gceist ag an Stát a bheith aige agus conas atá an rannpháirtíocht sin le soláthar. Sa ghnáthchúrsa, bheifí ag súil go mbeadh na socruithe sin leagtha síos i reachtaíocht atá soiléir agus gan débhrí. Le 25 bliain anuas tá gearáin á ndéanamh don Ombudsman, bliain i ndiaidh bliana, ó theaghlaigh a bhfuil fadhbanna móra acu cúram tí altranais a fháil do thuismitheoir scothaosta nó do ghaol nach bhfuil in ann cónaí sa bhaile a thuilleadh. Is fíor go ndéantar gearáin faoi réimsí áirithe den riarachán poiblí, bliain i ndiaidh bliana, mar shampla teidlíocht chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó chun deontais tithíochta nó feirme a fháil. Ach, tá na rialacha agus rialacháin atá i bhfeidhm i dtaobh na ngearán deireanach sin measartha soiléir; agus is é an cheist atá le cinneadh ag an Ombudsman ná cibé ar cuireadh na rialacha agus na rialacháin sin chun feidhme go cothrom agus i gceart maidir le himthosca an cháis áirithe. Ní hionann iad sin agus na gearáin faoi chúram tí altranais. Sna cásanna sin:
- tá díospóid leanúnach ann maidir lena bhforáiltear sa dlí;
- tá taithí fhada ar neamhchomhlíonadh teidlíochtaí dlíthiúla;
- tharla forchuireadh muirir neamhdhleathacha;
- tharla measúnú ar acmhainn daoine den teaghlach nuair a bhí an measúnú sin neamhdhleathach;
- bhí neamhréir mhór le sonrú ar fud na tíre maidir lena mhéid a comhlíonadh an ceart chun cúram tí altranais príobháideach a bheith ag an duine.
Os cionn gach uile ní, tá gearánaigh ag insint don Ombudsman le 25 bliain anuas, go n-airíonn siad éagumasach, mearaithe agus buartha agus gur cuireadh faoi bhrú airgid iad mar thoradh ar an tslí inar chaith na boird sláinte, agus le déanaí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), leo. Is léir nach bhfuil gair ná gaobhar ag na gearáin faoi thithe altranais ar na gearáin eile a fhaigheann an Ombudsman de ghnáth.
Tá sé soiléir, ag féachaint siar ar na gearáin atá faighte go rialta ag an Ombudsman le cúig bliana is fiche anuas, go dteastaíonn ar a laghad ionracas agus eolas iomlán ó na gearánaigh maidir leis an méid a fhoráiltear faoin dlí trí bhíthin seirbhísí ón Stát. Ar an drochuair, níl faighte acu ach brilléis, nach bhfreagraíonn ceisteanna bunúsacha faoi theidlíocht agus a dhíríonn ina ionad ar réitigh ad hoc. Caitheann na gearáin a rinneadh don Ombudsman amhras ar na socruithe rialtais faoina bhfuil na cleachtais do-ghlactha sin, fós i bhfeidhm, gan cosc nach beag, le tamall chomh fada sin.
Le blianta beaga anuas tá an téarma “imscrúdú sistéamach” á úsáid chun cur síos a dhéanamh ar chás ina dtógann an tOmbudsman roinnt gearán gaolmhar agus déanann sí imscrúdú ar mhaithe le fáil amach (a) an bhfuil bonn cirt leis na gearáin sin agus (b) i gcás go bhfuil bonn cirt leis na gearáin, cad iad na bunchúiseanna sistéamacha leis na gníomhartha iomardaithe. Tá roinnt imscrúduithe den chineál sin déanta ag Oifig an Ombudsman thar na blianta. (Nóta 3) D’fhéadfaí a chur in iúl leis an téarma “sistéamach” nach bhfuiltear ag féachaint ach ar chóras feidhme an riaracháin phoiblí; ach i gcásanna áirithe beifear ag plé freisin le ceisteanna bunúsacha ag baint le cúrsaí rialtais.Eascraíonn an tuarascáil reatha seo as cás dá leithéid. Is fadhb í atá fréamhaithe i réimse atá fíorthábhachtach don phobal i gcoitinne, agus atá gan réiteach le breis agus 30 bliain, tugann fadhb den chineál sin le tuiscint go bhfuil níos mó i gceist ná córas feidhme an riaracháin phoiblí amháin.
Is ábhar iontais é go gceapann an Roinn nach ceart don Ombudsman (mar a dhéanann sí sa Tuarascáil seo) tuairimí gearánaithe a léiriú. De réir na Roinne:
"The [Ombudsman] Act does not confer any jurisdiction on the Ombudsman to articulate questions about government on behalf of complainants. In considering that it does and in purporting to conduct an investigation and prepare a report on that basis, it is obvious that the Ombudsman fundamentally misunderstood the extent of her statutory role." (Nóta 4)
Ach tá an dearcadh seo ag teacht salach ar an tuiscint faoi ról an Ombudsman a léirigh Aire na Seirbhíse Poiblí i 1985:
"Above all else the Ombudsman was appointed to speak and act on behalf of individual citizens. On their behalf he examines the actions of public officials and seeks a satisfactory remedy in those instances where he finds that a citizen has a genuine grievance. [...] I am glad to note, and Members of the House I am sure will feel likewise, that the Ombudsman's perception of his role is concerned not only with the legal aspects of complaints, but also with the question of equity and fair play". (Nóta 5)
Tá an Tuarascáil seo ag teacht leis an tuisciint faoi ról an Ombudsman a léirigh an tAire i 1985. Den mheon sin, déanann an tOmbudsman na gearáin a rinne breis is míle gearánaí a leagan amach sa tuarascáil seo, agus déanann sí iarracht na ceisteanna bunúsacha sin faoin rialtas atá mar bhunús leis na gearáin ar leith a chur in iúl thar a gceann.
I gcomhthéacs na tuarascála seo, dá bhrí sin, breithníonn an tOmbudsman
- conas a tháinig fadhbanna maidir le soláthar poiblí cúraim tí altranais chun cinn; agus,
- níos tábhachtaí fós b’fhéidir, cén fáth a bhfuil na fadhbanna sin gan réiteach le tamall fada; agus
- cén fáth ar theip orainn, le cuid mhaith blianta, a shoiléiriú cad atá an Stát toilteanach a sholáthar i dtéarmaí cúraim tí altranais.
I measc na gceisteanna gaolmhara atá le háireamh tá:
- cén fáth ar theip ar FSS (agus ar na boird sláinte rompu) agus ar an Roinn go seasta oibleagáidí dlíthiúla FSS sa réimse sin a aithint; agus
- más rud é, mar is cosúil, gur dóigh leis na comhlachtaí Stáit lena mbaineann nach bhfuil sé d’acmhainn againn an leibhéal soláthair a éilíonn an dlí, de réir cosúlachta, a sholáthar, cén fáth nach bhfuil an dlí leasaithe againn lena chinntiú go mbeidh soláthar an Stáit ag teacht leis na hacmhainní atá ar fáil?
B’fhearr go mbeadh an t-imscrúdú seo déanta roimhe seo. Ní dhearna an an tOmbudsman imscrúdú roimhe seo ar dhá chúis, áfach. An chéad chúis ná gur chuir an Roinn in iúl (i mí na Samhna 2001), nuair a foilsíodh tuarascáil an Ombudsman 2001 Nursing Home Subventions, go raibh sé i gceist aici reachtaíocht nua a chur chun cinn san Oireachtas a dhéanfadh soiléiriú ar theidlíocht chun cúram tí altranais a fháil agus a chuirfeadh bonn soiléir gan débhrí faoi na seirbhísí. Ghlac an an tOmbudsman leis go ndéanfadh an Roinn beart de réir a briathar, ach ar an drochuair, níor tháinig reachtaíocht ábhartha ar an bhfód go dtí 2009 agus is ceist oscailte fós é cibé an soláthraítear an tsoiléire a mbeifí ag súil léi.
An dara rud a cuireadh san áireamh i gcinneadh an Ombudsman ná go raibh sí ag súil go gcinnfeadh na Cúirteanna an pointe dlí a bhí i gceist - cibé an bhfuil ceart dlíthiúil infheidhmithe ag daoine cúram tí altranais a bheith curtha ar fáil dóibh ag FSS - agus go mbeadh sé ciallmhar fanacht leis an mbreithniú sin. Le blianta beaga anuas tionscnaíodh na céadta caingean dlí ar leith i gcoinne na mbord sláinte/FSS, na Roinne agus an Stáit mar thoradh ar mhainneachtain an Stáit cúram tí altranais a sholáthar dóibh siúd a bhfuil an cúram sin de dhíth orthu. Tuigeann an tOmbudsman go bhfuil na gearánaithe sna caingne sin ag lorg cúitimh i leith na gcostas a tabhaíodh toisc go raibh orthu leas a bhaint as cúram i dteach altranais príobháideach. Shíl an an tOmbudsman, go dtabharfaí breithiúnas críochnaitheach maidir leis an gceist dlí ríthábhachtach sin, mar thoradh ar an dlíthíocht sin. Go deimhin féin, agus an tuarascáil seo á scríobh, níor éisteadh cás dá leithéid os comhair na hArd-Chúirte agus ní dhearnadh breithniú faoin gceist dlí sin. An cheist atá anois ann ná cibé an raibh sé ar intinn ag na gníomhaireachtaí Stáit lena mbaineann é a chur faoi deara nach ndéanfaí breithniú in aon cheann de na cásanna sin. Tuigeann an tOmbudsman gur socraíodh roinnt de na cásanna sin lasmuigh den chúirt agus go raibh leibhéal éigin cúitimh, a mhaoinigh an Státchiste, le haghaidh na ngearánaithe áirithe i gceist sna socruithe sin. Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a cheistiú anois, cibé an rachaidh aon cheann de na cásanna sin os comhair na cúirte agus an dtabharfar breithiúnas ina leith i ndáiríre. Is dóigh leis an Ombudsman, i leith an chúlra sin, nach bhfuil an cinneadh imscrúdú a chur ar atráth, agus fanacht le rialú ó na Cúirteanna, bailí a thuilleadh.
Nótaí
(Nóta 1) Choimisiúnaigh an tAire Sláinte & Leanaí “Tuarascáil Travers" - ar a bhfuil an teideal oifigiúil Tuarascáil Eatramhach maidir leis an Tuarascáil ón Saincheisteanna Áirithe Bainistíocha agus Riaracháin sa Roinn Sláinte & Leanaí a bhaineann leis an gCleachtas i dtaobh Táillí do Dhaoine i gCúram Fadchónaí i bhForais Bhoird Sláinte agus le Nothe Gaolmhara (Márta 2005) i mí na Nollag 2004 chun “scrúdú a dhéanamh agus tuairisciú ar bhainistíocht an chleachtais fhadtéarmaigh sa Roinn Sláinte agus Leanaí i dtaobh táillí d’othair chónaitheacha in institiúidí boird sláinte”. Coimisiúnaíodh an tuarascáil le linn conspóide i dtaobh cathain a fuair an Roinn amach gur cleachtas neamhdhleathach a bhí sa chleachtas táillí a ghearradh ar shealbhóirí cártaí leigheas i leith seirbhísí d’othair chónaithe.
(Nóta 2) Féach na tuarascálacha is déanaí
(Nóta 3) Foilsithe ag Deireadh Fómhair 2008 - Na Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola arna Riar ag Údaráis Áitiúla, Deireadh Fómhair 2007 - Complaints against the General Register Office, Lúnasa 2001 -Passengers with Disabilities agus 1999 - Report on Lost Pension Arrears
(Nóta 4) Aighneacht na Roinne, Alt 36
(Nóta 5) Díospóireachtaí Seanaid, 17 Deireadh Fómhair 1985 - Tairiscint maidir le Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman, 1984.
1.2 BAINEANN AN TUARASCÁIL SEO LE... AN tIMSCRÚDÚ A DHÉANAMH ...
Ar an 30 Iúil 2009 thug an tOmbudsman fógra do Phríomhfheidhmeannach FSS agus d’Ard-Rúnaí na Roinne go raibh cinneadh déanta aici imscrúdú a dhéanamh “ar a tionscnamh féin” ar chúrsaí a bhaineann leis an gceart chun cúram tí altranais a bheith curtha ar fáil ag an Stát. Bhí an fógra a tugadh don dá chomhlacht cosúil lena chéile cé nárbh ionann iad. Bhí sé soiléir sna fógraí gurbh éard a bhí i gceist leis an imscrúdú, cé gur spreag gearáin ar leith thar na blianta é, ná feidhmíocht fhoriomlán FSS (lena n-áirítear na boird sláinte suas go dtí 2005) agus na Roinne maidir le déileáil le ceist na teidlíochta chun cúram tí altranais a mheas. Dúradh sna fógraí go mbeadh an t-imscrúdú ag díriú go háirithe ar chora ó 2001 i leith, nuair a chuir an tOmbudsman roimhe seo tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais, inar pléadh ceisteanna dá samhail go mion. Dúradh leis na gníomhaireachtaí go mbeadh an t-imscrúdú ag féachaint go háirithe ar an méid seo a leanas:
- méid na teidlíochta dá bhforáiltear in alt 52 den Acht Sláinte 1970;(Nóta 6)
- a mhéid atá FSS (lena n-áirítear ospidéil phoiblí ag feidhmiú thar a ceann) ag comhlíonadh na teidlíochta sin;
- cleachtais éagsúla FSS (lena n-áirítear na hospidéil phoiblí sin atá ag feidhmiú thar a ceann) i gcásanna nár soláthraíodh seirbhísí d'othair chónaithe d’othair agus go raibh orthu, dá bhrí sin, leas a bhaint as cúram i dteach altranais príobháideach;
- gníomhartha na Roinne maidir le haon easpa soiléireachta a réiteach i dtaobh rún an Oireachtais maidir le halt 52 den Acht Sláinte 1970 a achtú;
- gníomhartha na Roinne agus FSS mar fhreagairt d’imeachtaí dlí a thionscain othair nó a tionscnaíodh thar ceann othar a bhí ag iarraidh a dteidlíochtaí faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970 a chosaint. (Nóta 7)
Dúirt an an tOmbudsman le FSS agus leis an Roinn go mbeadh rochtain ar raon leathan taifead i seilbh an dá chomhlacht sin ag teastáil uaithi. I gcás FSS, ar an 6 Lúnasa 2009, chuir an tOmbudsman in iúl di "in the context of the wider investigation the Ombudsman's Office proposes to investigate the facts of a number of specific complaints made to the Ombudsman"; gur sainaithníodh naoi ngearán den chineál sin. (Nóta 8) Ar an 20 Lúnasa 2009 agus ar an 31 Lúnasa 2009, scríobh Oifig an Ombudsman chuig FSS agus chuig an Roinn faoi seach agus d’iarr siad orthu faisnéis agus doiciméadúchán ábhartha a sholáthar. Ba ionann an fhaisnéis agus an doiciméadúchán a iarradh ar an dá chomhlacht tríd is tríd agus clúdaíodh an méid seo a leanas iontu:
- faisnéis faoi na himeachtaí dlí i gcoinne na gcomhlachtaí lena gcuimseofaí líon na gcásanna, nádúr na n-éileamh sna himeachtaí, an cur chuige atá á ghlacadh ag an dá chomhlacht agus sonraí faoi aon chásanna a socraíodh agus faoi théarmaí na socraíochtaí;
- doiciméadúchán a bhí ina seilbh i dtaobh na n-imeachtaí dlí lena gcuimseofaí nótaí inmheánacha na gcomhad, cumarsáidí le haon chomhlacht eile (an Roinn nó FSS) agus cóipeanna de dhoiciméid na socraíochtaí;
- i gcás ábhair a bhí cosanta ar shlí eile trí phribhléid dhlíthiúil (mar shampla comhairle dlí), shoiléirigh Oifig an Ombudsman go raibh an fhaisnéis sin á hiarraidh seachas á héileamh faoi reacht.
Ba é freagairt na Roinne don fhógra imscrúdaithe, agus don iarratas ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadúchan, ná agóid a dhéanamh in aghaidh dhlínse an Ombudsman an t-imscrúdú áirithe a dhéanamh agus diúltú d’aon chuid den ábhar á bhí á lorg a sholáthar. Is éard a bhí sa fhreagairt sin ná an toradh deiridh tar éis cumarsáidí a mhalartú leis an Roinn le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair 2009. Cé nach nglacann an Roinn leis an gconclúid seo, is léir don Ombudsman gur dhiúltaigh an Roinn oibleagáid reachtúil a chomhlíonadh, is é sin comhoibriú le himscrúdú de chuid an Ombudsman agus is ionann sin agus cosc agus bacadh ar imscrúdú de shárú ar alt 7(3) den Acht Ombudsman 1980.(Nóta 9)
I gCaibidil 2 den tuarascáil seo déantar plé réasúnta mion ar mhainneachtain FSS agus na Roinne comhoibriú leis an imscrúdú.
Bhí sé i gceist ag an Ombudsman tuilleadh eolais agus doiciméadúcháin a lorg ón dá chomhlacht agus bhí sé beartaithe aici, go gcuirfí agallamh ar bhaill foirne shinsearacha sa dá chomhlacht ar an ngnáthbhealach. A luaithe agus a tháinig sé chun solais nach raibh siad ag comhoibriú, ba léir nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an imscrúdú de réir mar a bhí beartaithe ar dtús. Sa chás nua seo gan fasach, bhí an tOmbudsman den tuairim go raibh sé ríthábhachtach go leanfaí leis an imscrúdú fiú mura ndéanfadh FSS agus an Roinn an cion ríthábhachtach a mbeifí ag súil leis. (Nóta 10) Is é atá sa tuarascáil seo ná toradh an imscrúdaithe sin.
Nótaí
(Nóta 6) Is é alt 52 den Acht Sláinte 1970 an fhoráil faoina gceanglaítear ar bhoird sláinte (agus ar FSS anois) “seirbhísí d'othair chónaithe” a chur ar fáil do dhaoine incháilithe; aithnítear gur cuid de ‘sheirbhísí d'othair chónaithe’ é cúram tí altranais.
(Nóta 7) I gcomhfhreagras ina dhiaidh sin (litir chuig an Roinn an 25 Meán Fómhair 2009), shoiléirigh an tOmbudsman nár chuimsigh na “gníomhartha” a bhí á n-imscrúdú "the Department's handling of the litigation concerning the right to be provided with in-patient services" ina ionad sin, is éard a bhí á imscrúdú ná "the actions of the Department of Health and Children, of the Health Service Executive, and of some of the non-HSE public hospitals in providing for patients who are found to require in-patient services on a long-term basis". . Shoiléirigh sí freisin, áfach, go raibh baint ag faisnéis maidir leis an gcaoi ina raibh an dlíthíocht á stiúradh leis an imscrúdú agus, dá bhrí sin, go raibh sí ag iarraidh go gcuirfear faisnéis agus doiciméadúchán maidir le stiúradh na dlíthíochta ar fáil di.
(Nóta 8) Tá achoimre ar na cásanna sin foilsithe ar láithreán gréasáin an Ombudsman <www.ombudsman.gov.ie> in éineacht leis an tuarascáil seo.
(Nóta 9) Foráiltear le hAlt 7(3) den Acht Ombudsman, 1980
"Ní dhéanfaidh aon phearsa, trí ghníomh ná trí fhaillí, toirmeasc ná bac a chur ar an Ombudsman agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna ná ní dhéanfaidh aon phearsa aon ní eile arbh éard é, dá mba chúirt an tOmbudsman agus cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, díspeagadh ar an gcúirt sin".
(Nóta 10) Go híorónta, agus í ag freagairt do dhréachtleagan den tuarascáil seo, cháin an Roinn mainneachtain an Ombudsman le linn an imscrúdaithe "a genuine engagement with the body and its personnel who are the subject matter of the report ..." (Alt 42, Aighneacht na Roinne) a dhéanamh
1.3 BAINEANN AN TUARASCÁIL SEO LE...FREAGAIRTÍ DON DRÉACHT-TUARASCÁIL ...
Mar is gnáth i gcás tuarascálacha imscrúdaithe an Ombudsman, tugadh deis do FSS agus don Roinn uiríll a dhéanamh chuig an Ombudsman sular críochnaíodh an tuarascáil. Éilítear an nós imeachta sin go sonrach faoi alt 6(6) den Acht Ombudsman 1980 (Nóta 11) agus is ceanglas tríd is tríd é de réir nós imeachta chothroim chomh maith. Cuireadh na codanna sin den dréacht-tuarascáil a d’fhéadfaí a mheas gur codanna iad ina bhfuil ábhar a cháineann nó a thagann salach ar leasanna na gcomhlachtaí sin ar fáil don Roinn agus do FSS. Go deimhin féin, ba ionann an t-ábhar a cuireadh ar fáil agus mórchuid na tuarascála. Níor cuireadh roinnt dá raibh sa dréacht-tuarascáil ar fáil toisc nach raibh ábhar den chineál lena mbaineann ceart freagartha faoi nós imeachta cothrom ann.(Nóta 12) Sa chás seo, rinne an dá chomhlacht aighneachtaí móra, agus d’áitigh siad go raibh rochtain ar an dréacht-tuarascáil ina hiomláine de dhíth orthu. (Nóta 13) Ina dhiaidh sin, tar éis a thuilleadh comhfhreagrais, agus ionas nach mbeadh bonn faoi aon éileamh gur leanadh nós imeachta éagórach, chuir an tOmbudsman cóip de na codanna sin den dréacht-tuarascáil nár soláthraíodh roimhe sin ar fáil don Roinn.
Agus an tuarascáil seo á tabhairt chun críche aici, thug an tOmbudsman aird ar na nithe a d’ardaigh an dá chomhlacht ina gcuid aighneachtaí. Tá an méid a áitíonn an dá chomhlacht agus an seasamh atá acu maidir leis na ceisteanna ar leith a ardaítear sa tuarascáil leagtha amach sna caibidlí ar leith, de réir mar is cuí.
Nótaí
(Nóta 11) Foráiltear le hAlt 6(6) den Acht Ombudsman, 1980 nach ndéanfaidh an tOmbudsman
"cinneadh ná lochtú a bheidh dochrach do phearsa i ráiteas, i moladh ná i dtuarascáil faoi fho-alt (1), (3) nó (5) den alt seo gan deis a thabhairt don phearsa an cinneadh nó an lochtú a mheas agus uiríolla a dhéanamh chun an Ombudsman i ndáil leis an gcéanna."
(Nóta 12) Míníodh é sin don Roinn (litir an 6 Lúnasa 2010).
"For your information, the content of the draft report which has not been provided to the Department consists, for the most part, of
- suggested legal analysis of relevant health service legislation,
- a historical summary of complaints relating to long-stay care received by the Ombudsman (much of which has featured in earlier reports from the Ombudsman),and
- some commentary on governance issues generally.
While this material may be of interest to the Department in a general sense, none of it constitutes material which might be regarded as affecting adversely the interests of the Department."
(Nóta 13) Tá téacsanna iomlána na n-aighneachtaí sin foilsithe, in éineacht leis an Tuarascáil seo, ar láithreán gréasáin an Ombudsman