Tá an méid seo a leanas bunaithe ar fhianaise oifigigh na Comhairle ar cuireadh agallamh orthu i rith an imscrúdaithe seo, ar thuairiscí chuig m’Oifig ón gComhairle, ar imscrúdú ar chomhaid na Comhairle ag an Ombudsman agus ar thagairtí don reachtaíocht ábhartha.
Is cosúil ón bhfianaise gur tógadh an tseid go luath in 1998. Chuaigh an forbróir i gcomhairle leis na gearánaithe sular thóg sé an tseid agus ní raibh aon fhadhb ag na gearánaithe le tógáil na seide ós rud é go raibh sí le húsáid ar mhaithe le riachtanais gnó an fhorbróra féin. Is nuair a lig an forbróir an tseid leis an gcuideachta gléasra ar cíos in 2000 a tháinig imní ar na gearánaithe mar gheall ar an torann ón innealra, srl. Níos déanaí, nuair a bhí imní ar na gearánaithe go bhféadfadh sé seo ar bheith ar an gcéad chéim i mbunú eastáit thionsclaíoch in aice lena dteach, rinne siad gearán leis an gComhairle faoin tseid a bheith ann agus bhí siad ag iarraidh go mbainfí í.
Léirigh cigireacht na Comhairle an 10 Lúnasa 2000 gur ceardlann arbh ea an tseid, a tógadh mar seid talmhaíochta, agus tháinig sí ar an gcinneadh go raibh an tseid féin ina fhorbairt neamhúdaraithe. Ina theannta sin, thug pleanálaí cleachta tuairisc i Meitheamh 2002 go raibh an tseid neamhúdaraithe. Ba chás soiléir d’fhorbairt neamhúdaraithe a bhí anseo sa mhéid gur tógadh an tseid gan cead pleanála agus bhí an Chomhairle tar éis an méid sin a aithint.
Bhí an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1976, arna leasú, i bhfeidhm ag an am agus cuireadh an mheicníocht ar fáil leis chun an gearán a láimhseáil. D’úsáid an Chomhairle a discréid chun an gearán a leanúint trí scríobh chuig úinéir agus áititheoir an tsuímh an 16 Lúnasa 2000 agus d’eisigh sí Fógra Rabhaidh an 4 Iúil 2001. Tháinig reachtaíocht pleanála nua (Cuid VIII den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000) i bhfeidhm an 11 Márta 2002 agus chuimsigh sí forálacha nós imeachta sainiúla maidir le gearáin faoi fhorbairt neamhúdaraithe. Ón 11 Márta 2003, bheadh sé sainordaitheach Litir Rabhaidh a eisiúint nuair a rinneadh gearán faoin bhforbairt seo - ach amháin má rinne an Chomhairle cinneadh urghaire a lorg faoi alt 160 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.
Cé go dtugann an reachtaíocht an discréid d’údaráis áitiúla gníomh forfheidhmiúcháin a ghlacadh, ní mór an discréid a úsáid go réasúnta. Tá sé soiléir go raibh sé ar intinn ag an gComhairle déileáil le húsáid na seide, gur eisigh sí Fógra Forfheidhmiúcháin maidir leis seo agus gur éirigh léi deireadh a chur leis an úsáid a bhí á baint ag an gcuideachta gléasra ar cíos aisti, ach thug sí neamhaird ar an gceist faoin tseid a bheith neamhúdaraithe cé go raibh fianaise doshéanta ann go raibh sí neamhúdaraithe.
Rinne Rannóg Forfheidhmiúcháin na Comhairle idirdhealú idir an úsáid a bhí á baint as an tseid agus an tseid a bheith tógtha gan cead pleanála. Ba é an chúis a tugadh nár glacadh aon gníomh forfheidhmiúcháin maidir leis an tseid ná go bhféadfaí cead pleanála coinneála a fháil dá mbeadh úsáid á baint aisti chun cuspóirí talmhaíochta (rud nach raibh). Cé gur thagair litir ón ngearánach chuig an gComhairle don intinn úsáid a bhaint as an tseid do chuspóirí talmhaíochta, níor tharla sé seo riamh, agus tar éis dóibh 17 gcigireacht a dhéanamh bhí an fhianaise ar a mhalairt ag an gComhairle - tar éis don chuideachta gléasra ar cíos an tseid a fhágáil bhain an t-úinéir/an forbróir úsáid aisti chun ábhair tógála a stóráil. Mar sin, ní raibh an méid a dúirt an Chomhairle faoin tseid a bheith i gcomhair úsáide talmhaíochta ábhartha, agus bhí sé míthreorach.
Nuair nach raibh an Chomhairle ag gníomhú ach maidir le húsáid na seide amháin, thóg sé beagnach bliain uirthi Fógra Rabhaidh a eisiúint. Chuir sí gníomhú breise "ar fionraí" mar go ndearnadh iarratas pleanála, rud a chruthaigh moill seacht mí eile. Nuair a bhí an próiseas seo críochnaithe, theip uirthi gníomhú ar bhonn thuarascáil Lúnasa 2000, cé go raibh gearáin leanúnacha á ndéanamh léi go raibh an tseid féin ina saincheist thábhachtach.
Níor gníomhaíodh mar thoradh ar thuarascálacha eile ó fhoireann ghairmiúil/theicniúil ach an oiread. Mar shampla:
- I ndiaidh tuarascáil dar dáta an 18 Meitheamh 2002 a bheith faighte ón bPleanálaí Feidhmiúcháin, eisíodh Litir Rabhaidh an 20 Meitheamh 2002 ag iarraidh go bhfaighfí réidh leis an tseid, ach níor leanadh uaithi;
- Mhol an Teicneoir Feidhmiúcháin, i dtuarascáil dar dáta 8 Iúil 2003, nach n-eiseofaí Fógra Forfheidhmiúcháin go dtí lár Lúnasa. Níor leanadh uaidh sin i mí Lúnasa.
- Maidir leis an iarratas pleanála dar dáta 22 Lúnasa 2003 i gcomhair athrú úsáide go trádstóras/stóras, tharraing Pleanálaí Feidhmiúcháin eile, ina thuarascáil dar dáta 13 Deireadh Fómhair 2003, aird ar an bhforbairt a bheith neamhúdaraithe agus sheol sé a thuarascáil chuig an Rannóg Forfheidhmiúcháin i gcomhair ghníomhú forfheidhmiúcháin "...sula mbeadh an suíomh fadbhunaithe i gcomhair úsáide mar chlós/iosta tógálaí...". Cuireadh in iúl go láidir leis seo go raibh úsáid á baint as an bhfoirgneamh chun cuspóir neamhúdaraithe cheana féin agus gur chóir déileáil leis an úsáid seo sula mbeadh sé ró-dheireanach. Níor dhearna an Rannóg Forfheidhmiúcháin aon ní de bhonn na tuarascála seo ón bPleanálaí Feidhmiúcháin;
- Ina thuarascáil den 10 Nollaig 2003, mhol an Teicneoir Feidhmiúcháin go gcuirfí tús le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin "...chun deireadh a chur le gach forbairt neamhúdaraithe láithreach....". Níor thagair an Fógra Forfheidhmiúcháin a eisíodh de bhonn an mholta seo ach amháin don úsáid a bhí á baint as an tseid agus as an suíomh. Níor leanadh uaidh an Fógra Forfheidhmiúcháin seo;
- Mhol an tIar-Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin, tar éis athbhreithniú a rinneadh ar an gcomhad agus cigireacht a dhéanamh ar an suíomh an 16 agus an 26 Lúnasa 2004, faoi seach, go gcuirfí an comhad faoi bhráid dhlíodóir na Comhairle le treoracha "imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh go práinneach". Cuireadh an comhad faoi bhráid an dlíodóra ach níor leanadh uaidh tar éis don dlíodóir roinnt ceisteanna gnáthúla a ardú.
Dúirt an tArdoifigeach Foirne nár cheap sé go raibh sé á éileamh ag an gComhairle go leagfaí an tseid; nach mbíodh an Chomhairle á dhéanamh sin ag an am; agus gur fheidhmigh Comhairlí eile ar an mbealach céanna. Dúirt sé nach raibh sé leagtha síos i mbeartas foirmiúil de chuid na Comhairle, ach gurbh é an cleachtas a bhí ann ag an am nach n-éileofaí go leagfaí foirgneamh agus nár leag Comhairle Contae na Mí aon fhoirgneamh timpeall an ama sin. Dúirt sé nach raibh aon treoir ann ón mbainistíocht maidir leis an ábhar agus nach raibh sé ar an eolas maidir le haon bheartas den chineál sin ag leibhéal níos sinsearaí sa Chomhairle, ach díreach nach ndearna an Chomhairle iarracht foirgnimh a bhí neamhúdaraithe a leagan. Dhírigh sé, mar sin, ar úsáid na seide agus d’éirigh leis an gComhairle deireadh a chur leis an úsáid a bhí á baint ag an gcuideachta gléasra ar cíos aisti. Tar éis don chuideachta gléasra ar cíos fágáil, áfach, lean úinéirí na seide ag baint úsáide aisti chun cuspóirí stórais, gan cead pleanála.
Nuair a cuireadh ceist orthu faoi bheartas nach raibh scríofa ná ráite a bheith ann gan éileamh a dhéanamh foirgneamh a leagan, shéan an tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Stiúrthóir Seirbhísí agus an Bainisteoir Contae aon eolas faoi bheartas den chineál sin, agus mhaígh siad nach raibh a leithéid de bheartas ann. Cé go bhfuil sé soiléir nach raibh aon bheartas scríofa den chineál sin ann, is cosúil nach raibh an tArdoifigeach Foirne tar éis fianaise ar bith a fheiceáil go ndearna an Chomhairle aon iarracht foirgnimh a leagan, bunaithe ar a thaithí féin ar nós agus ar chleachtas, agus, mar sin, go raibh sé den tuairim nach ndéantaí é agus nach ndéanfaí é sa chás seo. Bhí an tseid beartaithe do chuspóirí talmhaíochta, agus, ina thuairim, dá gcuirfeadh an forbróir isteach ar chead pleanála chun í a choinneáil mar sheid talmhaíochta, thabharfaí an cead sin. Mar sin, ba chosúil dó nach raibh mórán dóchúlacht ann go leagfaí an foirgneamh.
Ceann de na príomhchosaintí atá ag an gComhairle faoi gur theip uirthi gníomhú sa chás seo sular éag an t-am a ceadaíodh is ea an easpa acmhainní sa Rannóg Forfheidhmiúcháin le linn na tréimhse cuí agus an méadú ar an líon gearán forfheidhmiúcháin a fuarthas. I rith agallamh leis an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach agus an Stiúrthóir Seirbhísí, tharraing siad aird ar an easpa acmhainní sa Rannóg Pleanála, a bhí ina fhadhb ghinearálta, agus ar an mbrú oibre a bhí orthu féin a d’fhág nach raibh siad in ann aon am ar éigean a chaitheamh leis an Rannóg Forfheidhmiúcháin. Níl aon cheist faoi ach go raibh níos mó ná dhá oiread gearán faighte sa tréimhse 2000 (nuair a rinneadh an chéad ghearán sa chás seo) go deireadh 2004 nuair a bhí deireadh le theacht leis an teorainn seacht mbliana. Sa tréimhse céanna, níor tháinig méadú ach 50% ar an líon foirne. Is cosúil, mar sin, nach raibh dóthain foirne sa Rannóg Forfheidhmiúcháin i rith na tréimhse seo. Mar sin, tá an chosaint a bhí ag an gComhairle i dtaobh easpa acmhainní bailí go pointe éigin. Is fíor freisin, áfach, gur cuireadh an-iarracht, i dtéarmaí uaireanta oibre agus gníomhartha a gineadh, isteach sa chás seo, ach nach raibh aon toradh ceart air sin ag deireadh an lae. Léiríonn anailís ar idirbhearta comhaid go ndearnadh 17 gcigireacht (pleanáil agus comhshaol). Bhí 82 mír comhfhreagrais (isteach agus amach) ann agus gineadh 68 gníomh eile go hinmheánach (meabhráin, teachtaireachtaí ríomhphoist, teagmhálacha le tríú páirtithe srl.). Mar sin, ag cur san áireamh an t-iarracht a cuireadh isteach ann, ní sheasann an argóint maidir le hacmhainní mar chosaint ar theipeadh na Comhairle gníomhú go héifeachtach, sa chás áirithe seo. Go deimhin, is cosúil gur cuireadh acmhainní ganna na Comhairle amú, thar thréimhse ceithre bliana go leith, lena n-áirítear am agus costais dlíodóirí, gan (a) an cuspóir a bhí á lorg ag na gearánaithe, an tseid neamhúdaraithe a leagan, a bhaint amach, ná (b) oibleagáidí an údaráis áitiúil a chomhlíonadh maidir lena chinntiú gur cloíodh leis an gcód pleanála.
Bhí moilleanna fada ann i bpróiseáil an cháis. Ag céimeanna ríthábhachtacha nuair ba chosúil go rabhthas ar tí gníomh cuí a thionscnamh, tar éis go leor gníomhaíochtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, comhfhreagras srl, d’fhágtaí an comhad ar leataobh. Mar shampla:
- Tar éis go bhfuarthas an gearán tosaigh an 9 Lúnasa 2000, scríobhadh chuig an bhforbróir agus an áititheoir an 16 Lúnasa. Tar éis don fhorbróir freagairt an 21 Lúnasa 2000, níor glacadh aon ghníomh eile go dtí an 4 Eanáir 2001 - moill 20 seachtain.
- Tar éis cruinnithe leis an bhforbróir agus an áititheoir an 5 Eanáir 2001, níor glacadh aon ghníomh eile go dtí gur eisíodh Fógra Rabhaidh an 4 Iúil 2001 - moill 26 seachtaine;
- I ndiaidh na tuarascála dar dáta an 18 Meitheamh 2002 a bheith faighte ón bPleanálaí Feidhmiúcháin, eisíodh Litir Rabhaidh an 20 Meitheamh 2002 ag iarraidh go bhfaighfí réidh leis an tseid. Níor tharla aon rud eile go dtí an 3 Meitheamh 2003 - moill beagnach bliana;
- Tar éis gur eisíodh Fógra Forfheidhmiúcháin an 15 Nollaig 2003, níor tharla aon rud eile go dtí go ndearna an tIar-Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin athbhreithniú ar an gcomhad an 16 Lúnasa 2004 - moill 34 seachtaine;
- Tar éis do na gearánaithe freagra a thabhairt an 2 Nollaig 2004 ar cheisteanna a d’ardaigh an Chomhairle, níor glacadh aon ghníomh eile go dtí an 6 Nollaig 2005 tar éis don ghearánaí dul i dteagmháil leis an gComhairle ar an teileafón agus trí litir chun fiafraí faoin dul chun cinn sa chás - moill bliana - cé go nglactar leis gur dóigh go raibh an Chomhairle faoi urchosc reachta maidir le gníomh forfheidhmiúcháin a ghlacadh faoi dheireadh na bliana 2004.
Seachas an argóint maidir le hacmhainní, nach nglactar léi ach i dtéarmaí ginearálta, ní raibh aon mhíniú le fáil ar an easpa gníomhachtaithe, a bhí leantach agus athfhillteach, maidir le leanúint ó na Litreacha/Fógraí Rabhaidh agus ón bhFógra Forfheidhmiúcháin.
Is cosúil ó fhianaise ón Ardoifigeach Foirne agus ó na bainisteoirí líne ar fad ar cuireadh agallamh orthu don imscrúdú seo nach raibh aon mhaoirseacht ná monatóireacht á ndéanamh ar an Rannóg Forfheidhmiúcháin ag a bainisteoir líne, nó aon duine eile, chun a chinntiú go raibh úsáid cheart agus éifeachtacht á baint as na hacmhainní teoranta a bhí ar fáil, cé gur cuireadh an cás seo faoi bhráid gráid bhainistíochta éagsúla ar 19 n-ócáid ar a laghad thar thréimhse trí bliana. Ós rud é nach raibh bainisteoir líne an Ardoifigigh Foirne ná aon duine le freagracht ag leibhéal níos airde bainteach leis an Rannóg, d’fhéadfadh sé gur ghlac an tArdoifigeach Foirne leis, mar shampla, nach mbeadh an Chomhairle ag éileamh go leagfaí foirgnimh mar gheall ar na hacmhainní a bheith gann sa Rannóg ag an am sin. D’aontaigh oifigigh de chuid na Comhairle ar cuireadh agallamh orthu le linn an imscrúdaithe seo go raibh an tArdoifigeach Foirne fágtha faoi féin agus, go bunúsach, go raibh an Rannóg Forfheidhmiúcháin á rith aige, agus go raibh fíor-bhrú air féin agus ar a fhoireann oibre ina gcuid oibre. Dúirt a bhainisteoir oibre le m’Imscrúdaitheoirí nach raibh an t-am aige aird a thabhairt ar reáchtáil laethúil na Rannóige Forfheidhmiúcháin. Ba chosúil, áfach, go raibh iontas ar an Stiúrthóir Seirbhíse go raibh sé seo fíor.
Nuair a dhíríonn údarás áitiúil aird fhorbróra ar fhorbairt neamhúdaraithe líomhainte, tá an forbróir i dteideal iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chun an fhorbairt neamhúdaraithe a choinneáil. Baineann roinnt forbróirí úsáid as seo chun am a chaitheamh. Bhí cuid den mhoill sa chás seo mar thoradh ar an gComhairle ag cur na himeachtaí forfheidhmiúcháin "ar fionraí" chun cur ar chumas an fhorbróra iarratas a dhéanamh ar chead pleanála. Cé go bhfuil cuma réasúnta air seo, ar ócáidí áirithe cuireadh an gníomh ar fionraí mar gheall ar ghealltanas go ndéanfaí iarratas ar chead pleanála a lóisteáil leis an gComhairle. Mar shampla,
- nuair a scríobh an Chomhairle chuig an bhforbróir an 16 Lúnasa 2000, fuair siad freagra, dar dáta an 21 Lúnasa 2000, inar dúradh go raibh sé (an forbróir) tar éis an fhoirm chuí um chead pleanála a fháil agus go raibh sé á comhlánú chun í a sheoladh isteach chomh luath agus ab fhéidir. Nuair nach bhfuarthas aon iarratas roimh an 4 Eanáir 2001, chuir an tArdoifigeach Foirne glaoch teileafóin ar an úinéir agus ar an áititheoir. Dúirt an t-áititheoir go mbeadh iarratas pleanála á chur isteach aige taobh istigh de 14 lá. Níor tharla aon rud eile arís go dtí tar éis don Chomhairle Fógra Rabhaidh a eisiúint an 4 Iúil 2001. Taisceadh iarratas pleanála ansin an 1 Lúnasa 2001, agus rinne an Chomhairle cinneadh cead a dhiúltú an 26 Meán Fómhair 2001. Rinneadh achomharc chuig an mBord Pleanála an 22 Deireadh Fómhair 2001 ach tarraingíodh siar an t-achomharc an 4 Márta 2002. Mar sin, caitheadh os cionn 18 mí agus forbairt neamhúdaraithe fós ann, chun aimhleasa na ngearánaithe, agus an forbróir ag fáil buntáiste ó dhearcadh scaoilte na Comhairle maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta pleanála;
- dúirt an Teicneoir Feidhmiúcháin, ina thuairisc dar dáta an 8 Iúil 2003, go raibh iarratas pleanála á réiteach ag an bhforbróir. Fuair an Chomhairle an t-iarratas pleanála an 22 Lúnasa 2003. Diúltaíodh cead pleanála don iarratasóir an 15 Deireadh Fómhair 2003. Nuair a bhí deireadh tagtha leis an bpróiseas pleanála nua seo, níor ghníomhaigh an Chomhairle go fóill go dtí go ndearna an Teicneoir Feidhmiúcháin cigireacht eile an 10 Nollaig 2003 tar éis go bhfuarthas gearán thar ceann na ngearánaithe. Arís, mar a deirtear thuas, níor tharla aon dul chun cinn sa gcás mar thoradh air seo.
Déantar foráil mar seo a leanas in alt 162(3) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000: "Ní dhéanfar aon ghníomh forfheidhmiúcháin faoin gCuid seo ... a bhac nó a tharraingt siar mar gheall ar iarratas ar chead a choinneáil faoi alt 34(12) nó mar gheall ar dheonú an cheada sin." Go ginearálta, is cosúil go dtarlaíonn sé, nuair a chuireann forbróir iarratas isteach ar chead pleanála chun forbairt neamhúdaraithe a choinneáil, go gcuirtear gníomh forfheidhmiúcháin ar fionraí. Chuir an Chomhairle in iúl don Ombudsman sa chás seo, in ainneoin chineál sainordaitheach na bhforálacha in alt 162(3), gur dóigh go gcuirfidh breitheamh cásanna forfheidhmiúcháin ar fionraí sa Chúirt má chuireann an forbróir in iúl don Chúirt go bhfuil iarratas pleanála taiscthe. Ní raibh aon fhianaise dhíreach ag an gComhairle chun tacú leis an dearcadh seo, agus ghlac sí leis go bhféadfadh an dearcadh seo a bheith bunaithe ar chuntais starógacha amháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh údar maith ann chun gníomh forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí chomh fada is atá iarratas pleanála ar siúl, go háirithe mura bhfuil tionchar diúltach ag an bhforbairt neamhúdaraithe ar aon duine eile. Sa chás seo, is cosúil gur ábhair nach ndearnadh a mheas riamh ba ea céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur leis an bhforbairt neamhúdaraithe, trí urghaire faoi alt 160 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nó a theacht ar ais chuig an ábhar níos déanaí chun tabhairt faoin gcoir a rinneadh faoi alt 151 den Acht, cibé acu ar tugadh cead pleanála nó nár tugadh. Ní bhfuair mé aon fhianaise a léirigh go raibh sé i gceist ag an gComhairle déileáil leis "an bhfionraí" ar fhorfheidhmiú sa chás seo.
Déantar foráil in alt 157(4)(a) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 nach féidir aon ghníomhú forfheidhmiúcháin a dhéanamh i leith forbairt neamhúdaraithe tar éis seacht mbliana ón dáta ar cuireadh tús leis an bhforbairt. Tógadh an tseid seo go luath in 1998, mar sin bheadh an riail seacht mbliana i gceist go luath in 2005. In ainneoin na moilleanna agus an neamhghníomhú sa chás seo suas go dtí Lúnasa 2004, d’fhéadfaí an riail seacht mbliana a stopadh ó theacht i bhfeidhm go luath in 2005 dá nglacfaí gníomh cuí fiú ag an gcéim dhéanach sin. Bhí an tIar-Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin ar an eolas faoin bpráinn a bhain leis an gcás agus d’iarr sé go gcuirfí an comhad faoi bhráid an dlíodóra ach ní raibh na treoracha a eisíodh don dlíodóir an 30 Lúnasa 2004 chomh láidir is a bhí i gceist aige, agus níor chuir siad an phráinn a bhain leis an ábhar in iúl don dlíodóir. Dá mbeadh treoracha cearta tugtha don dlíodóir agus dá mbeadh cóip den tuarascáil ón Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin den 16 Lúnasa 2004 faighte aige, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cúis aige ceisteanna a ardú a chuir moill ar an gcás, agus d’fhéadfadh tús a bheith curtha le himeachtaí dlíthiúla roimh dhul in éag na tréimhse seacht mbliana. Níor tharla sé go dtí go ndearna an gearánach fiosrúcháin i mí na Samhna 2005 gur thug an gComhairle faoin riail seacht mbliana, agus rinne sí cinneadh nach bhféadfaí aon ghníomh eile a ghlacadh ag an am sin.
Déantar foráil in alt 46 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, má dhéanann údarás pleanála cinneadh i gcúinsí eisceachtúla gur cheart aon struchtúr a leagan nó a bhaint, gur féidir leis an údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar úinéir agus áititheoir an struchtúir nó an talaimh atá i gceist, agus ar aon duine eile a mbeidh tionchar ag an bhfógra air/uirthi, ina thuairim. Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt neamhúdaraithe i gcás ina bhfuil seacht mbliana caite ón uair a cuireadh tús leis an bhforbairt neamhúdaraithe. Níl m’Oifig ar an eolas maidir le haon chás inar bhain údarás áitiúil úsáid as an bhforáil seo.