Sa bhliain 2006 tharraing ionadaí poiblí m’aird ar scéim um tharscaoileadh dramhaíola arna feidhmiú ag Comhairle Contae Phort Láirge. Chuir sé gearán faoi bhráid m’Oifige thar ceann líon áirithe de theaghlaigh ar ioncam íseal a phléadáil nach raibh ar a gcumas na muirir dhramhaíola a íoc ach nár cháiligh i gcomhair faoisimh faoi scéim na Comhairle um tharscaoileadh dramhaíola. Fuarthas gearán eile ina dhiaidh sin go díreach ó theaghlach eile a bhí i gcás comhchosúil. Dhiúltaigh an Chomhairle na muirir dhramhaíola a tharscaoileadh do na hiarratasóirí seo ar an mbonn nach raibh foinse a n-ioncaim ar cheann de na cineálacha ioncaim leasa shóisialaigh a bhí ar liosta na Comhairle don scéim um tharscaoileadh. Bhraith na gearánaigh go raibh sé sin éagórach agus éagothromasach.
Sonraí faoi na Gearáin
Is iad seo a leanas sonraí na ngearán a fuarthas:
Gearán A
Tá Bean Uasal A ag maireachtáil ina haonar agus bhíodh Pinsean Easláine agus Liúntas Maireachtála Aonair Leasa Shóisialaigh á bhfáil aici agus b’ionann sin agus €179 in ioncam iomlán in aghaidh na seachtaine. Diúltaíodh dá hiarratas ar tharscaoileadh ó tharla nach raibh an t-ioncam a bhíodh á fháil aici ar cheann de na hioncaim leasa shóisialaigh a bhí liostaithe ar Scéim na Comhairle. Dá mbeadh Pinsean Seanaoise Neamh-Ranníocach agus an Liúntas Maireachtála Aonair á bhfáil aici cháileodh sí don tarscaoileadh d’ainneoin gurbh €189.70 an t-ioncam iomlán a bheadh aici in aghaidh na seachtaine (€10.70 níos mó ná a hioncam iarbhír).
Gearán B
Bhí Sochar Míchumais á fháil ag an Uasal B agus bhí Pinsean Easláine á fháil ag a bhean. Diúltaíodh tarscaoileadh dóibh ó tharla nach bhfuil sochair den sórt liostaithe ar Scéim na Comhairle. Cuireadh comhairle air dá mbeadh Liúntas Míchumais seachas Sochar Míchumais á fháil aige go gcáileodh sé. Líomh an gearánach go n-íoctar an Liúntas agus an Sochar ag an ráta seachtainiúil céanna agus dá réir sin níor fhéad sé a thuiscint cén fáth go nglacfaí le ceann thar an gceann eile.
Gearán C
Banchéile thréigthe í Bean Uasal C a mbíonn €185.80 in aghaidh na seachtaine i Liúntas Teaghlach Aontuismitheora á fháil aici. Diúltaíodh tarscaoileadh di ó tharla nach bhfuil an cineál ioncaim sin liostaithe ar Scéim na Comhairle. Cháileodh duine a mbeadh bunráta an tSochair Bhanchéile Thréigthe (€191.30 an tráth sin) á fháil aige nó aici don tarscaoileadh, áfach.
I dteannta na ngearán thuas, fuair mé gearán san am atá caite i ndáil le téarmaí na scéime um tharscaoileadh arna feidhmiú ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ní sholáthraíonn an Chomhairle seo seirbhís bhailithe dramhaíola a thuilleadh áfach agus is oibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís anois. Agus an tuarascáil seo á hullmhú agam fuair mé comhfhreagras ó bhean, thar ceann Cumann Pobail i gContae Chorcaí, a bhain le mainneachtain oibreoirí príobháideacha faoiseamh ar bith a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal.
Freagra Chomhairle Contae Phort Láirge ar na gearáin
D’iarr m’Oifig ar Chomhairle Contae Phort Láirge (an Chomhairle) tuarascáil a chur chuici ar na gearáin a ardaíodh. Sholáthair an Chomhairle cóip dá Scéim um Tharscaoileadh Dramhaíola ina freagra agus mhínigh sí go bhfuil a Scéim um Tharscaoileadh teoranta den chuid is mó do dhaoine ar ceann de liúntais na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh a bhíonn tástáilte ó thaobh acmhainní de agus a liostaítear ar an scéim an t-aon fhoinse ioncaim a bhíonn ag an teaghlach. Is í an chúis atá leis sin, de réir na Comhairle, go dtugann an modh sin measúnú oibiachtúil don Chomhairle faoi imthosca airgeadais an duine. Nuair a théann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i mbun tástáil acmhainní breithníonn sí ioncam an iarratasóra agus a chéile nó a céile. Ceanglaíonn an Chomhairle chomh maith ar an iarratasóir mar chuid den iarratas a dheimhniú an í an íocaíocht/an é an liúntas an t-aon fhoinse ioncaim atá ag an teaghlach. Ar an mbealach sin déantar gach iarracht réasúnach chun a chinntiú go dtugtar an tarscaoileadh do na daoine siúd is mó a mbíonn gá acu leis.
I ndáil le liúntais nach dtástáiltear ó thaobh acmhainní de, bhí an Chomhairle den dearcadh go bhféadfadh an teaghlach a bheith ag fáil cineálacha eile ioncaim nach mbreithníonn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ó tharla go n-íoctar na liúntais seo go hiondúil bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC agus nach ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní ar bith mar shampla Pinsean Easláine agus Pinsean Seanaoise Ranníocach. Chuir an Chomhairle m’Oifig ar an eolas go dteastódh iomarca acmhainní dá mba rud é go seolfadh an Chomhairle tástáil acmhainní ar gach iarratasóir a rinne iarratas ar tharscaoileadh agus dá réir sin go dtéann sí in iontaoibh na hoibre arna déanamh ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh cheana féin mar gurb í sin an bonn is fearr atá ann chun measúnú a dhéanamh ar staid airgeadais duine.
Thug m’Oifig faoi deara go bhfuil Sochar Banchéile Thréigthe san áireamh ar liosta na gcritéar incháilithe don scéim cé nach gá gur íocaíocht í a thástáiltear ó thaobh acmhainní de agus nach n-áirítear Liúntas Teaghlach Aontuismitheora ar an liosta d’ainneoin gur íocaíocht í a thástáiltear ó thaobh acmhainní de. Is cosúil gur neamhréir í seo sa scéim um tharscaoileadh agus go bhfuil sí ar neamhréir leis an réasúnaíocht ghinearálta ar ar bunaíodh an scéim um tharscaoileadh. Mhínigh an Chomhairle ina dhiaidh sin gur measadh go raibh iarratasóirí a fhaigheann Sochar Banchéile Thréigthe incháilithe don tarscaoileadh ó tharla gur dheonaigh an Chomhairle san am atá caite faoiseamh d’fhaighteoirí na híocaíochta seo faoi scéimeanna roimhe seo a sholáthair faoiseamh ar fhorais chruatain. Mhínigh sí chomh maith gur tháinig Liúntas Teaghlach Aontuismitheora in ionad Sochair Bhanchéile Thréigthe i mí Eanáir 1997 agus dá thoradh nach bhfuil ann anois ach líon beag de dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leanúnacha faoi Shochar Banchéile Thréigthe. Mhínigh an Chomhairle chomh maith gur chinn sí gan Liúntas Teaghlach Aontuismitheora a thabhairt san áireamh mar fhoinse incháilithe ioncaim ó tharla gur suíodh trí bhíthin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlach go raibh líon mór daoine i gceantar an údaráis áitiúil ag fáil na híocaíochta seo agus ar an mbonn sin nach mbeadh na hacmhainní ag an gComhairle deonú an tarscaoilte a mhaoiniú do líon den sórt sin d’iarratasóirí féideartha.
Thug m’Oifig faoi deara chomh maith nach raibh soláthar ar bith sa scéim um tharscaoileadh a cheadódh don Chomhairle a bhreithniú an ndeonófaí tarscaoileadh d’iarratasóirí ar fhorais chruatain i gcás nach gcáileodh an t-iarratasóir faoi théarmaí sonracha na scéime. Mhínigh an Chomhairle do m’Oifig gurb é an beartas a bhí aici coinneáil le teorainneacha na scéime agus gurb annamh eisceachtaí á ndéanamh aici. I mí na Samhna na bliana 2006 ní dhearnadh ach dhá eisceacht as beagnach 500 iarratasóir nár éirigh leo an bhliain sin agus deonaíodh tarscaoileadh sa dá chás sin ar fhorais mhíochaine.
Ghlac an Chomhairle leis tar éis a thuilleadh comhfhreagrais idir an Chomhairle agus an t-ionadaí poiblí a rinne an gearán le m’Oifig nach raibh an scéim cóir amach is amach ó tharla nach ndéantar tástáil iomlán ó thaobh acmhainní de ar gach iarratasóir agus gur scéim níos córa a bheadh inti dá mbeadh tarscaoileadh ar fáil do gach duine ar ioncam a bheadh níos ísle ná an leibhéal áirithe a bheadh leagtha amach. Léirigh an Chomhairle, áfach, go dteastódh rochtain ar fhoinse neamhspleách de dhearbhú ioncaim chun scéim den sórt a riar agus nach raibh an céanna ar fáil don Chomhairle.
An Tuarascáil seo
Mar a luadh cheana féin ba é an líon áirithe gearán a fuarthas i gcoinne Chomhairle Contae Phort Láirge a spreag mé staidéar níos forleithne a dhéanamh ar na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla tríd is tríd agus cuireadh an t-athbhreithniú seo in iúl do na gearánaigh aonair. Cuirtear síos sa Tuarascáil seo ar m’fhionnachtana, mo chonclúidí agus mo mholtaí i ndáil le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.