Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí  /  Déan i gCeart É - Sé Riail
 

Riail 5 - Déileáil le hearráidí go héifeachtach

(i) Admháil gur tharla botúin agus leithscéal a ghabháil nuair is cuí

Ní mór do chomhlachtaí poiblí a admháil nuair a tharlaíonn botúin, leithscéal a ghabháil, míniú a thabhairt ar céard a tharla agus rudaí a chur ina gceart go tapa agus go héifeachtach.

(ii) Botúin a chur ina gceart go tapa agus go héifeachtach

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • aon chinneadh a thugtar faoi deara atá mícheart a chur ina cheart
  • athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar aon pholasaí nó gnás a meastar é bheith mí-éifeachtach, dodhéanta nó éagórach
  • rabhadh oiriúnach a thabhairt sula n-athraítear rialacha, go háirithe nuair a bheadh an seans ann go mbeadh drochthionchar aige seo ar theidlíochtaí duine

(iii) Eolas soiléir agus tráthúil a sholáthar ar conas agus cathain achomharc nó gearán a dhéanamh

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • eolas soiléir agus tráthúil a sholáthar mar gheall ar mhodhanna inar féidir le daoine achomharc nó gearán a dhéanamh.  (Faoin Acht Ombudsman tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí eolas a sholáthar do dhaoine mar gheall ar aon cheart a bheadh acu achomharc nó athbhreithniú a dhéanamh)   
  • eolas a sholáthar mar gheall ar bhealaí cuí eagraíochtúla nó neamhspleácha a bheadh ag daoine gearáin a réiteach
  • smaoineamh ar eolas a sholáthar mar gheall ar fhoinsí tacaíochta eile do chustaiméirí, go háirithe dóibh siúd a mbeadh an próiseas gearáin scanrúil dóibh

(iv) Gnás gearán éifeachtach a reáchtáil, a chuimsíonn réiteach cóir, cuí a thairiscint nuair a sheastar le gearán

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • gnáis éifeachtacha gearán a reáchtáil a dhéanann iniúchadh críochnúil, tapa agus neamh-chlaonta ar ghearáin agus atá de réir phrionsabail an ghnáis chóir agus an cheartais aiceanta
  • córas athbhreithnithe inmheánach a bheith acu chun gur féidir féachaint ar chinntí díobhálacha an athuair agus gur féidir le duine nach raibh bainteach leis an gcéad chinneadh athbhreithniú a dhéanamh air
  • raon cuí réiteach a sholáthar don ghearánach, agus d’aon duine eile a raibh tionchar ag an gcás orthu, nuair a sheastar le gearán. D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas cuimsithe sa réiteach:
  1. míniú agus leithscéal ón gcomhlacht poiblí don ghearánach,
  2. gníomh réitithe ón gcomhlacht poiblí,
  3. cúiteamh airgid don ghearánach nó,
  4. meascán díobh seo.

Ní mór go mbeadh mar aidhm ag an réiteach an gearánach a chur ar ais sa suíomh ina mbeidís murar tharla aon rud mícheart. Nuair nach bhfuil seo indéanta , rud nach mbeidh uaireanta, ní mór don réiteach a mholtar an díobháil don ghearánach a léiriú ar bhealach cóir.

Ní mór do chomhlachtaí poiblí glacadh le polasaithe chun déileáil le líon beag daoine a bheadh á n-iompar féin ar bhealach cráiteach nó le meon diúltach, a bhainfeadh an chothromaíocht amach idir leas an chomhlachta phoiblí, a gcuid foirne agus an duine lena mbaineann.