Riail 3 - A bheith oscailte agus cuntasach
(i) Bheith oscailte agus soiléir mar gheall ar pholasaithe agus gnáis agus a chinntiú go bhfuil aon eolas agus comhairle a chuirtear ar fáil ina eolas soiléir, beacht, iomlán
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- eolas a láimhseáil ar an tslí is oscailte agus trédhearcaí agus is féidir faoin dlí
- eolas a thabhairt do dhaoine agus, nuair is cuí, comhairle freisin. Ní mór dó bheith soiléir, cruinn, iomlán, ábhartha agus tráthúil
- a chinntiú go mbíonn daoine feasach ar an eolas atá ar fáil, cá háit is féidir teacht air agus conas teacht air de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus eile
- gnáis, foirmeacha agus eolas a shimpliú maidir lena dteidlíochtaí agus seirbhísí
- sonraí soiléire, cruinne a sholáthar ar theorainneacha ama nó coinníollacha a d’fhéadfadh pionós nó dícháiliú bheith mar thoradh orthu
(ii) Na critéir atá bainteach le cinnteoireacht a lua agus fáthanna na gcinntí sin a sholáthar
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- a gcritéir don chinnteoireacht a lua agus fáthanna iomlána a chur ar fáil dá gcustaiméirí maidir lena gcinntí, go háirithe do chinneadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige orthu. (Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá sé de cheart ag daoine fáthanna na gcinntí a bhfuil tionchar acu orthu a fháil)
- bheith oscailte agus fírinneach nuair atá cuntas á thabhairt acu ar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí
- a chinntiú go bhfuil scéim, nuair atá seirbhís bunaithe ar scéimeanna tosaíochtaí, ina scéim oscailte, thrédhearcach
(iii) Eolas a láimhseáil go ceart agus go cuí
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- eolas a láimhseáil agus a phróiseáil i gceart agus go cuí de réir an dlí
- meas a léiriú ar phríobháideacht eolais phearsanta agus rúnda, faoi mar a éilítear de réir dlí. (Féach forálacha an Achta um Chosaint Sonraí mar shampla)
(iv) Taifid chearta, chuí a choimeád
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- taifid iontaofa agus inúsáidte a chruthú agus a chothabháil mar fhianaise ar a gcuid gníomhaíochtaí
- taifid a bhainistiú de réir caighdeáin aitheanta chun a chinntiú gur féidir iad a aisghabháil
- taifid a choimeád chomh fada agus atá dualgas reachtúil agus / nó riachtanas gnó ann
(v) Freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí
Ní mór do chomhlachtaí poiblí freagracht a ghlacadh gníomhaíochtaí a bhfoirne atá bainteach le riarachán nó gnó.