Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí  /  Déan i gCeart É - Sé Riail
 

Na Sé Riail

Ni seicliosta iad na rialacha seo ar chóir iad a chur i bhfeidhm go meicniúil. Ní mór do chomhlachtaí poiblí a dtuairimí féin a úsáid i gcur i bhfeidhm na rialacha chun torthaí réasúnta, cothroma, cuí a bhaint amach sna cúinsí sonracha ábhartha. Leanfaidh an tOmbudsman cur chuige comhchosúil agus cinneadh á dhéanamh maidir le míriarachán nó cliseadh seirbhíse, a raibh tionchar díobhálach mar thoradh air.

Riail 1 - Déan i gceart é

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) Gníomhú de réir an dlí agus leis an aird chuí ar chearta na ndaoine atá i gceist

(ii) Gníomhú de réir beartas agus treorach an chomhlachta phoiblí

(iii) Dea-chleachtas bunaithe a chur san áireamh ar bhealach ceart

(iv) Seirbhísí éifeachtacha a chur ar fáil, le foireann oilte agus inniúil

(v) Cinntí réasúnta a dhéanamh, bunaithe ar gach sonra ábhartha

(vi) Moill mhíchuí a sheachaint

Riail 2 - Bí dírithe ar chustaiméirí

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) A chinntiú gur féidir le daoine teacht ar sheirbhísí go héasca, iad siúd atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu san áireamh

(ii) A chur in iúl do chustaiméirí céard go díreach ar féidir leo bheith ag súil leis agus a bhfuil an comhlacht poiblí ag súil leis uathusan

(iii) Cloí le gealltanais, le haon chaighdeán seirbhíse foilsithe san áireamh

(iv) Déileáil le daoine ar bhealach cabhrach, pras agus tuisceanach, ag cur cúinsí ar leith an duine san áireamh

(v) Freagairt do riachtanais chustaiméirí ar bhealach solúbtha agus, nuair is cuí, freagairt a chomhordú le soláthraithe seirbhíse eile

Riail 3 - A bheith oscailte agus cuntasach

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) Bheith oscailte agus soiléir mar gheall ar pholasaithe agus gnáis agus a chinntiú go bhfuil aon eolas agus comhairle a chuirtear ar fáil ina eolas soiléir, beacht, iomlán

(ii) Na critéir atá bainteach le cinnteoireacht a lua agus fáthanna na gcinntí sin a sholáthar

(iii) Eolas a láimhseáil go ceart agus go cuí

(iv) Taifid chearta, chuí a choimeád

(v) Freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí

Riail 4 - Gníomhú go coir agus go coibhneasach

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) Déileáil le daoine ar bhealach neamhchlaonta, le meas agus cúirtéis

(ii) Aon idirdhealú nó claontacht éagórach a sheachaint, agus a chinntiú nach mbíonn aon choimhlint leasa ann

(iii) Déileáil le daoine ar bhealach oibiachtúil, comhsheasmhach

(iv) A chinntiú go bhfuil cinntí agus gníomhaíochtaí comhréireach, cuí agus cothrom

(v) A chinntiú go gcuirtear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach cothromasach

Riail 5 - Déileáil le hearráidí go héifeachtach

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) Admháil gur tharla botúin agus leithscéal a ghabháil nuair is cuí

(ii) Botúin a chur ina gceart go tapa agus go héifeachtach

(iii) Eolas soiléir, tráthúil a sholáthar ar conas agus cathain achomharc nó gearán a dhéanamh

(iv) Gnás gearán éifeachtach a reáchtáil, a chuimsíonn réiteach cóir, cuí a thairiscint nuair a sheastar le gearán

Riail 6 - Feabhsú leanúnach a éileamh

Is féidir seo a bhaint amach mar seo a leanas:

(i) Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe agus gnáis go rialta chun a chinntiú go bhfuil siad éifeachtach

(ii) Aiseolas a lorg agus leas a bhaint as chun seirbhísí agus feidhmíocht a fheabhsú

(iii) A chinntiú go bhfoghlaimíonn an comhlacht poiblí ceacht ó na gearáin agus go mbaineann siad leas as chun seirbhísí agus feidhmíocht a fheabhsú

(iv) Fadhbanna sistéamacha a aithint agus iad a réiteach.