Tusa an tOmbudsman – Déan Cinneadh
Tá seo a leanas bunaithe ar fhíorchás a ndearna an tOmbudsman scrúdú air.
Bíonn páirceáil achrannach ina aon bhaile in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as rialú a dhéanamh ar pháirceáil agus i roinnt mhaith cásanna tá ‘íoc agus taispeáin’ i bhfeidhm acu – seo an córas mar a mbíonn ar thiománaithe diosca a chur ar taispeáint i bhfuinneog an chairr chun cead a thabhairt dóibh páirceáil in áit ar feadh tréimhse ar leith ama.
I gceantar áirithe bhí an pháirceáil seo i bhfeidhm. Bhí bean ar cuairt sa bhaile mar go raibh coinne aici leis an dochtúir. Pháirceáil sí i limistéar “dioscaí páirceála amháin” ach ní raibh sí sa bhaile áirithe sin cheana agus mar sin ní raibh fhios aici cá gceannódh sí an diosca páirceála. Ní raibh aon chomharthaí ann le taispeáint di cá gceannódh sí an diosca. Ghlaoigh sí ar oifigí an údaráis áitiúil ach bhí na hoifigí dúnta don lón. D’fhág sí a carr sa spás páirceála gan diosca agus d’imigh chuig an dochtúir. Nuair a d’fhill sí ar a carr bhí ticéad páirceála faighte aici.
Rinne an bhean gearán leis an údarás áitiúil ag míniú céard a tharla an lá úd ach dúirt siad léi gurb ise a bhí tar éis páirceáil go neamhdhleathach agus nach raibh diosca páirceála ar taispeáint aici. Ghlac siad leis go raibh na hoifigí dúnta gach lá ag am lóin agus nach raibh aon chomharthaí ag léiriú cá bhféadfaí na dioscaí páirceála a cheannach, ach dúirt siad go bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach in asraonta éagsúla sa bhaile.
Tusa an tOmbudsman.
Scríobh an bhean litir chugatsa, an tOmbudsman, le go bhfeidhmeofá mar réiteoir sa chás. Dúirt sí go ndearnadh éagóir uirthi agus gur ghlac sí céimeanna réasúnta chun cloí le rialacha páirceála agus nár chóir fíneáil a ghearradh uirthi.
Cé acu seo a dhéanfása:
(a) A chinneadh go raibh sí páirceáilte go neamhdhleathach agus nach raibh sí ag cloí le rialacha páirceála agus go mbeadh uirthi an fhíneáil pháirceála a íoc?
Cé gur fíor go raibh sí páirceáilte go neamhdhleathach agus go bhfuil sí faoi dhliteanas fíneáil pháirceála a íoc d’fhéachfadh an tOmbudsman freisin lena chinntiú gur chóir don údarás áitiúil gach deis a thabhairt don tiománaí cloí leis na rialacha. Sa mhéid nach raibh aon chomhartha ná léiriú ann ar cá bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach ní raibh an t-údarás áitiúil ag cloí leis an gceanglas sin.
(b) A chinneadh go raibh sí páirceáilte go neamhdhleathach agus nach raibh sí ag cloí le rialacha páirceála agus go mbeadh uirthi an fhíneáil pháirceála a íoc ach gur chóir don údarás áitiúil céimeanna a ghlacadh freisin chun poiblí a dhéanamh ar cá bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach sa cheantar ?
Tá seo níos fearr agus chuirfeadh sé feabhas ar an scéal amach anseo ach ní chuideodh sé leis an duine atá ag déanamh an ghearáin
(c) A chinneadh gur chóir don údarás áitiúil an fhíneáil a chur ar ceal mar gurb orthusan atá an dualgas an t-eolas cuí a chur ar fáil ionas gur féidir leis an bpobal, go háirithe daoine nach bhfuil cur amach acu ar an gceantar, dioscaí páirceála a cheannach agus gur chóir don údarás áitiúil céimeanna a ghlacadh poibliú a dhéanamh ar cá bhféadfaí dioscaí páirceála a cheannach sa cheantar? Seo cinneadh atá cóir, cothrom. Sa chás ar a bhfuil an sampla seo bunaithe d’aontaigh an t-údarás áitiúil an fhíneáil a aisíoc leis an ngearánaí agus gheall sé go gcuirfeadh sé comharthaí in airde chun a thaispeáint cén áit a bhfuil dioscaí páirceála ar díol.