Fáilte isteach sa rannóg seo de shuíomh gréasáin an Ombudsman. Gabhaimid buíochas leat as amharc ar an suíomh.
An bhfuil sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoin Ombudsman?
Cinnte dearfa!
Cuireann comhlachtaí poiblí amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an-chuid seirbhísí éagsúla ar fáil. D’fhéadfadh an tOmbudsman cuidiú leatsa, le do theaghlach agus le do chairde i gcás go bhfuil tú/sibh den tuairim go ndearna comhlacht poiblí éagóir ort/oraibh. Agus an tOmbudsman ag déileáil le gearán is féidir léi eolas, doiciméad nó comhad a éileamh ón gcomhlacht i ndáil le do ghearán agus níl aon chostas ar ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Is féidir leat do ghearán a dhéanamh i scríbhinn, ar an teileafón nó tríd an ríomhphost nó trí ghlao a chur ar ár nOifig i mBaile Átha Cliath. Is féidir leat do ghearán a dhéanamh fiú ar an bhfoirm speisialta ar líne le haghaidh gearáin. Chomh maith leis sin, is féidir leat aon doiciméid chuí nó aon chomhfhreagras cuí a chur chugainn. Tá Clár For-rochtana againn – tá sonraí an chláir sin le fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscailt óna 9.15 am go dtí 5.30 pm Luan go hAoine, féach ár sonraí teagmhála...
Stair na hOifige
Bunaíodh Oifig an Ombudsman's faoin Acht Ombudsman, 1980. Faoin dlí seo cheap an tUachtarán an tOmbudsman chun moltaí a chur ar fáil don Dáil agus don Seanad.
Ba é Michael Mills, iriseoir cáiliúil, an chéad Ombudsman in Éirinn. Thosaigh sé sa phost mar Ombudsman sa bhliain 1984. D’oibrigh sé sa phost go dtí 1994 tráth ar tháinig Kevin Murphy i gcomharba air mar Ombudsman – státseirbhíseach sinsearach é Kevin Murphy sula raibh sé ina Ombudsman. An tríú Ombudsman, atá fós ina hOmbudsman ná, Emily O'Reilly a thosaigh sa phost sa bhliain 2003 agus atá anois ina dara téarma sé bliana mar Ombudsman. Is é ár tOmbudsman faoi láthair agus Peter Tyndall, a ceapadh ar an 2ú Nollaig 2013.
Déanann Oifig an Ombudsman scrúdú ar ghearáin faoi ghníomhaíochtaí chomhlachtaí poiblí, mar atá luaite thuas. Is féidir leis an Ombudsman déileáil freisin le gearáin faoi inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas (rochtain ar eolas, ar fhoirgnimh agus ar sheirbhísí).Ón mbliain 1984 i leith, táimid tar éis cuidiú le breis is 80,000 duine le gearáin bhailí agus tar éis comhairle a chur ar an iliomad eile, daoine a raibh a bhfadhbanna lasmuigh dár sainchúram. Déileálann an Oifig le pas beag faoi bhun 12,000 fiosrú ón bpobal gach bliain.
Mar sin, cén fáth a mbeadh Ombudsman againn agus céard go díreach a dhéanann an tOmbudsman? Bíonn an-pháirt ag an Stát inár saol sa lá atá inniu ann. Ón nóiméad a thagann tú ar an saol éilítear de réir dlí go gcuirfeadh an Stát seirbhísí ar fáil duit agus leanann an dualgas sin ar an Stát ar feadh do shaoil. Áirítear i measc na seirbhísí sin sláinte agus leas sóisialach agus seirbhísí, tithíocht, oideachas, iompar, fostaíocht, cánachas agus réimsí iomadúla eile. Níl lá dár saoil nach mbímid ag idirghníomhú le hoibríochtaí an Stáit ar shlí amháin nó ar shlí eile.
Duine neamhspleách an tOmbudsman ar féidir leis nó léi athbhreithniú cothrom, críochnúil a dhéanamh ar ghearán agus cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfuil call leis an ngearán nó nach bhfuil agus má tá moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta phoiblí d’fhonn réiteach a fháil ar an scéal. Duine thar a bheith úsáideach an tOmbudsman má theastaíonn uait go gcuirfí ina gceart earráidí a rinne comhlacht poiblí in Éirinn. I gcás go ndearna tú gearán le comhlacht poiblí agus nár éirigh leo réiteach a fháil ar an scéal, an chéad chéim eile ná dul i dteagmháil leis an Ombudsman.
Ach cad as a dtagann an téarma 'Ombudsman'? Ón tSualainnis. Is éard is ciall leis an téarma ná ionadaí nó gníomhaire ar son an phobail. Baintear úsáid as an teideal seo d’fhear agus do bhean. Bhí an chéad Ombudsman ann sa tSualainn, a ceapadh sa bhliain 1809. Sa lá atá inniu ann tá an iliomad Oifigí Ombudsman ar fud an domhain – tá ocht gcinn in Éirinn.
Formhór an ama déileálann comhlachtaí poiblí linn ar bhealach sásúil, éifeachtach. Ó am go ham, ámh, cliseann ar an gcóras agus d’fhéadfadh go mbeadh ar an Ombudsman teacht i gcabhair ort.
I gcás go ndéanann an tOmbudsman imscrúdú ar ghearán is féidir léi cinneadh i bhfabhar an ghearánaí nó cinneadh a dhéanamh gur fheidhmigh an comhlacht poiblí go cóir. I gcás go gcinneann an tOmbudsman i bhfabhar an té a rinne an gearán is féidir léi réiteach a mholadh ar an scéal. Mar shampla d’fhéadfadh sí iarraidh ar an gcomhlacht poiblí leithscéal a ghabháil, nó a iarraidh go n-íocfaí deontas nó sochar a diúltaíodh roimhe sin. Is féidir leat ár gCásanna Samplacha a léamh áit a bhfuil samplaí de na cineálacha gearán a mbíonn an tOmbudsman ag déileáil leo agus an chaoi ar chuidigh an tOmbudsman le daoine roimhe seo.