Is treoirlínte ginearálta atá sna nósanna imeachta a leagtar amach sa chuid seo agus tig leis an Ombudsman nósanna imeachta difriúla a ghlacadh in imscrúdú ar leith, go háirithe i gcás imscrúduithe as a stuaim féin. I ngach cás, cloífidh an tOmbudsman go cruinn le prionsabail nósanna imeachta féaráilte agus an cheartais aiceanta.
Is iondúil go gcuirtear tús le himscrúdú nuair, agus réamhscrúdú déanta, go ndealraítear don Ombudsman go bhfuil imscrúdú mionsonraithe ag teastáil. D’fhéadfadh imscrúdú a bheith riachtanach chomh maith i gcás go bhfuair an gearánaí sásamh ach, i dtuairim an Ombudsman nach leor an sásamh nó go bhfuil ceist míriaracháin (de bhun Ailt 4 den Acht) fós bainteach (mar shampla, easnaimh bhunúsacha i nósanna imeachta feidhmíochta a bhféadfadh a bheith ina chúis leis an gcineál céanna gearáin arís). Tig leis an Ombudsman chomh maith imscrúdú a thosú as a stuaim féin (gan gearán ar leith a fháil) i gcás gur dealraitheach go bhfuil sé ag teastáil sna cúinsí – Alt 4(3)(b).
5.1 An Painéal Imscrúdaithe
Seo a leanas na daoine atá ar an bPainéal Imscrúdaithe: an tOmbudsman, an tArd-Stiúrthóir , Imscrúdaitheoir Sinsearach an Aonaid Imscrúduithe agus Bainisteoir an Phróisis Ghearáin. Tagann an Painéal le chéile gach 4-6 seachtain chun tograí le himscrúdú a chur san áireamh. Ba cheart an Fhoirm Thogra Imscrúdaithe a thabhairt do Rúnaí an Phainéil trí Imscrúdaitheoir Sinsearach an Aonaid Imscrúdaithe ar a laghad cúig lá oibre sula dtagann an Painéal le chéile. Freastalóidh moltóir an cháis, agus an tImscrúdaitheoir Sinsearach ar chruinniú an Phainéil agus tabharfaidh siad cur i láthair gairid mar aon le freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag an bPainéal ina leith. Leagtar amach in Aguisín 9 na critéir chun cásanna a shainaithint le tabhairt faoi bhráid an Phainéil Imscrúdaithe
I bhformhór cásanna, cinnfidh an Painéal roimh dheireadh an chruinnithe ar cheart nó nár cheart dul ar aghaidh le himscrúdú. D’fhéadfadh sé tuilleadh faisnéise a iarradh chomh maith sula ndéanann sé cinneadh. Nuair a dhéanann an Painéal cinneadh, taifeadtar ar Fhoirm Chinnidh an Phainéil é. Tabharfar cúiseanna an Phainéil maidir leis an gcinneadh imscrúdú a dhéanamh nó gan é a dhéanamh. Taifeadfar aon treoracha ar leith don Aonad Imscrúduithe. Cuirfear cinntí an Phainéil chuig foireann an Ombudsman laistigh de choicís.
Nuair a dhéanann an Painéal cinneadh go ndéanfar imscrúdú ar chás, cuirfidh sé tosaíocht an cháis in iúl don Aonad Imscrúduithe. I gcás gur cás ardtosaíochta atá ann, cinnfidh an Painéal ar na hacmhainní a chuirfear ar fáil don imscrúdú, lena n-áirítear ar cheart don oibrí cásanna a bheartaigh an cás oibriú ar an imscrúdú, agus ar cheart imscrúduithe eile a chur ar ceal chun é a cheadú. I gcás gur chinn an Painéal nár cheart imscrúdú a dhéanamh ar chás, agus i gcás go bhfiafraíonn an t-oibrí cásanna, cuirfidh an Painéal treoir éigin ar fáil maidir leis an gcás a chríochnú gan imscrúdú.
5.2 An tAonad Imscrúduithe
Nuair a dhéanann an Painéal cinneadh go ndéanfar imscrúdú ar chás, ba cheart don mholtóir an cás agus aon cháipéisíocht tacaíochta a chur ar aghaidh chuig an Aonad Imscrúduithe gan mhoill (ar lá chruinniú an phainéil más féidir). Déanfaidh foireann an Aonaid Imscrúduithe measúnú ar an gcomhad laistigh de choicís de chinneadh an phainéil, lena bhunú gur sainaithníodh gach saincheist ábhartha agus chun measúnú a dhéanamh ar a bhfuil páirteach san imscrúdú.
I gcásanna ina bhfuil an t-oibrí cásanna le sannadh leis an Imscrúdú, buailfidh sé nó sí le Ceann an Aonaid Imscrúduithe agus cuirfear plean i dtoll a chéile do na hImscrúduithe. Tuairisceoidh an t-oibrí cásanna le Ceann an Aonaid Imscrúduithe, a d’fhéadfadh Imscrúdaitheoir Sinsearach ábhartha eile a thabhairt isteach. Nuair atá an measúnú ar an gcás déanta ag an Aonad Imscrúduithe (laistigh de choicís de chinneadh an Phainéil), déanfaidh sé teagmháil leis an ngearánaí lena chur in iúl dóibh go ndéanfar imscrúdú ar an gcás, agus chun amfhráma a thabhairt dóibh ina ndéanfar an t-imscrúdú. Tabharfar faoi deara aon agúis a d’fhéadfadh a bheith ag an ngearánaí i ndáil leis an gcúrsa gnímh a bheartaítear, mar aon le haon bhreithniúcháin eile (e.g. riocht sláinte an ghearánaí) agus cuirfear san áireamh iad.
5.3 Forálacha Dlí
Is iad príomhfhorálacha an Achta Ombudsman i ndáil le himscrúduithe:
a) Déanfar imscrúdú “ar shlí seachas go poiblí” – Alt 8(1).
b) Caithfear an comhlacht a chur ar an eolas maidir leis an imscrúdú agus deis a thabhairt dóibh trácht a dhéanamh air – Alt 8(2).
c) Faoi réir an Achta Ombudsman, cinneann an tOmbudsman a nósanna imeachta féin chun imscrúdú a dhéanamh – Alt 8(3).
d) Cinneann an tOmbudsman “an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae nó an féidir ar shlí eile , ionadaíocht a dhéanamh d'aon phearsa in imscrúdú” – Alt 8(4).
e) Féadfaidh an tOmbudsman a cheangal ar aon phearsa a bhfuil eolas ina sheilbh aige, nó a bhfuil doiciméad aige atá ábhartha an doiciméad nó an ní sin a thabhairt don Ombudsman agus nó a cheangal ar an bpearsa láithriú os a chomhair chun na críche sin agus déanfaidh an phearsa de réir na gceanglas – Alt 7(1)(a).
f) Beidh aon duine lena ndéanfar iarratas faoi Alt 7(1)(a) i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba finné os comhair na hArd-Chúirte é – Alt 7(2).
g) Ní dhéanfaidh aon phearsa toirmeasc ná bac a chur ar an Ombudsman agus é/í ag comhlíonadh a f(h)eidhmeanna – Alt 7(3).
h) I gcás go ndearnadh imscrúdú agus gur réitíodh tuarascáil, moladh nó ráiteas mar thoradh air, ní dhéanfaidh an tOmbudsman cinneadh ná lochtú a bheidh dochrach do phearsa gan deis a thabhairt don phearsa an cinneadh nó an lochtú a mheas agus uiríolla a dhéanamh chun an Ombudsman i ndáil leis an gcéanna – Alt 6(6). (Sa chomhthéacs seo, áirítear comhlacht nó eagraíocht mar aon le duine nádúrtha le “pearsa”).
i) Caithfear torthaí an imscrúdaithe a sheoladh i scríbhinn chuig:
· an comhlacht faoina ndearnadh an gearán – Alt 6(2)(a)
· an Roinn Stáit, i gcás comhlacht a bhfuil caidreamh tuairiscithe acu le Roinn Stáit (mar shampla, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcás údaráis áitiúil) – Alt 6(2)(b)
· aon duine eile a bhfuil sé líomhnaithe gur ghlac siad an gníomh nó gur údaraigh siad é.
j) Caithfear fógra a thabhairt don phearsa a rinne an gearán á rá cén toradh a bhí ar an imscrúdú agus cén freagra a tugadh (má tugadh) ar an moladh – Alt 6(4).
k) Beidh aon fhoilsiú de chuid an Ombudsman mar thoradh ar an imscrúdú faoi phribhléid go hiomlán – Alt 6(8).
l) Mhol an tOmbudsman
· Go ndéanfaí tuilleadh breithnithe ar an gceist
· Go dtógfaí bearta ar leith chun drochthionchar an ghnímh a leigheas, a mhaolú nó a athrú
· Go dtabharfaí cúiseanna gur tógadh an gníomh.
m) Mura bhfuil an tOmbudsman sásta le freagra an chomhlachta lena m(h)oladh, féadfaidh sé/sí tuairisc speisialta a dhéanamh leis an Oireachtas – Alt 6(5) agus (7).
n) Ní nochtfar faisnéis a fhaightear le linn imscrúdaithe chun críocha eile seachas
(i) chun críche an imscrúdaithe a chur ar aghaidh nó
(ii) i ndáil le himeachtaí a bhaineann leis an gcion faoin Acht um Rúin Oifigiúla – Alt 9(1).
o) I gcás a n-iarrfaidh Aire Rialtais é i scríbhinn (agus go gcuirfidh sé ráiteas i scríbhinn leis an iarraidh ag leagan amach go hiomlán cé na cúiseanna atá leis an iarraidh), ní imscrúdóidh an tOmbudsman gníomh, nó scoirfidh sé de ghníomh a imscrúdú, a shonrófar san iarraidh, ar gníomh é;
(i) a rinne Roinn Stáit a bhfuil a feidhmeanna sannta chun an Aire Rialtais sin, nó
(ii) a rinne pearsa (seachas Roinn Stáit) a luaitear i gCuid 1 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1980 seo a bhfuil a ghnó agus a fheidhmeanna cuimsithe i Roinn Stáit den sórt sin nó a gcomhlíonann an Roinn Stáit sin feidhmeanna i ndáil leis (cibé acu atá nó nach bhfuil feidhmeanna uile nó aon chuid d'fheidhmeanna an Aire Rialtais sin tarmligthe chun Aire Stáit ag Roinn Stáit) – Alt 5(3).
Tar éis don Ombudsman iarraidh a fháil faoi alt 5(3) tabharfaidh sé/sí cóip den iarraidh (agus ráiteas i scríbhinn i dtaobh chúiseanna an iarrata) don ghearánaí agus cibé pearsa eile (más ann) a mheasann sé/sí is cuí – Alt 6(1). Tar éis don Ombudsman iarraidh a fháil faoi alt 5(3) áireoidh sé/sí téarmaí an iarrata (agus ráiteas i scríbhinn i dtaobh chúiseanna an iarrata) ina T(h)uarascáil Bhliantúil chuig gach Teach den Oireachtas – Alt 6(7).
TABHAR FAOI DEARA:- I gcás dúshlán ar shainchúram an Ombudsman, nó iarratas ó Aire Rialtais faoi Alt 5(3) den Acht stopadh den imscrúdú, ba cheart an cheist a chur faoi bhráid an Imscrúdaitheora Sinsearach ábhartha láithreach.
5.4 Fógra don Chomhlacht
Tá trí ghné i gceist nuair a chuirtear cinneadh an Ombudsman in iúl don chomhlacht chun imscrúdú a dhéanamh, faoi Alt 4 den Acht Ombudsman:
(i) litir ón Ard-Stiúrthóir Ceann an chomhlachta – Ard-Rúnaí, Bainisteoir Contae, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin de réir mar is cuí;
(ii) téann ráiteas maidir leis an ngearán leis an litir chuig an gCeann – is iondúil gur ráiteas gearr a bhíonn anseo ina leagtar amach an bunús leis an ngearán, an drochthionchar ar an ngearánaí agus an ghné mhíriaracháin lena mbaineann an gearán;
(i) seoltar cóipeanna den litir agus den ráiteas gearáin chuig an Oifigeach Idirchaidrimh.
De ghnáth, caithfidh an comhlacht freagra a thabhairt ar an bhfógra laistigh de 14 á den iniúchadh. Ach, má theastaíonn tuilleadh ama ón gcomhlacht, tig leis síneadh ama a iarradh agus déanfaidh an tArd-Stiúrthóir nó an tImscrúdaitheoir Sinsearach breith air. Seachas sin, leagann an tOmbudsman amach a spriocdhátaí féin do na freagraí de réir mar a thagann siad aníos i rith an imscrúdaithe.
5.5 Freagra ón gComhlacht
I gcás go ndéanann an comhlacht athbhreithniú ar a seasamh agus go n-athraíonn siad an gníomh atá i gceist, nuair a fhaigheann sé fógra maidir le cinneadh an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh, d’fhéadfadh an tOmbudsman cinneadh gan dul ar aghaidh leis an imscrúdú. Ach, má mheastar go bhfuil cás le freagairt ag an gcomhlacht go fóill, nó i gcás go bhfuil pointe cleachtais nó prionsabal tábhachtach i gceist, d’fhéadfadh an tOmbudsman cinneadh dul ar aghaidh leis an imscrúdú.
5.6 An Plean Imscrúdaithe
Réiteoidh an t-oifigeach imscrúdaithe, i gcomhar le Ceann an Aonaid Imscrúduithe, plean don imscrúdú trí
· na príomhcheisteanna atá le fiosrú le linn an imscrúdaithe a aithint
· na príomhphearsanra atá páirteach sa phróiseas cinnteoireachta atá faoi réir an ghearáin agus ar dóchúil go gcuirfear faoi agallamh iad a aithint (i gcásanna áirithe ní bheidh gá le hagallaimh)
· plean imscrúdaithe a chur i dtoll a chéile ina n-áireofaí dátaí “críochnaigh faoi” do ghnéithe éagsúla an phróisis imscrúdaithe lena n-áirítear dréacht-tuarascáil a réiteach.
5.7 Idirchaidreamh leis an gComhlacht maidir leis an bPlean Imscrúdaithe
Is iondúil go ndéanfaidh Oifigeach Idirchaidrimh an chomhlachta na socruithe do na hagallaimh leis na baill foirne ábhartha agus beidh sé/sí freagrach as a chinntiú go bhfuil foireann a c(h)omhlachta ar an eolas i dtaobh ról an Ombudsman, cineál an imscrúdaithe agus forálacha an Achta Ombudsman i ndáil leis na himscrúduithe.
5.8 Faisnéis a Bailíodh le linn an Réamhscrúdaithe
D’fhéadfaí an fhaisnéis a bailíodh ón gcomhlacht le linn an réamhscrúdaithe a úsáid chun críocha an imscrúdaithe. Ach, i gcás nach bhfuarthas an fhaisnéis i scríbhinn, d’fhéadfaí ráiteas den fhaisnéis a thabhairt don chomhlacht agus iarradh orthu a dheimhniú gur taifead fíor ar an bhfianaise atá ann.
5.9 Treoirlínte um Nósanna Imeachta maidir le hAgallaimh Imscrúdaithe a Dhéanamh
Reáchtáiltear imscrúduithe an Ombudsman go príobháideach. Leagtar amach na treoirlínte um agallaimh imscrúdaithe go mion in Aguisín 8 den cháipéis seo.
5.10 Deireadh a Chur le hImscrúdú
D’fhéadfadh an tOmbudsman cinneadh a dhéanamh le deireadh a chur le himscrúdú sna cúinsí seo a leanas:
· i gcás go dtagann fianaise nua chun cinn go luath san imscrúdú nach raibh eolas ag an gcomhlacht air cheana agus, dá bharr seo go n-athraíonn an comhlacht a chinneadh chun an tOmbudsman a shásamh
· i gcás go an comhlacht, nó duine eile, fianaise i láthair a léiríonn go soiléir go bhfuil údar le bunús seasamh an chomhlachta.
· i gcás go ngéilleann an comhlacht an cás ar bhonn dréacht-thuarascáil an Ombudsman (i.e. gan mholadh). Sa chás seo, d’fhéadfadh an tOmbudsman, agus breith déanta aige/aici ar léirithe a rinneadh leis/léi a d’eascair as a d(h)réacht-tuarascáil, dul ar aghaidh agus tuarascáil deiridh a eisiúint gan mholadh cinneadh a dhéanamh nach gá le tuarascáil
· i gcás go bhfiafraíonn an gearánaí go gcuirtear deireadh leis an imscrúdú.
I gcás go gcinneann an tOmbudsman ar chúis ar bith le deireadh a chur le himscrúdú caithfidh sé/sí, faoi Alt 6(1) den Acht Ombudsman, an gearánaí a chur ar an eolas, i scríbhinn, maidir lena c(h)úiseanna le deireadh a chur leis an imscrúdú. Ba cheart an comhlacht lena mbaineann agus aon duine eile a mheasann an tOmbudsman a bheith cuí a chur ar an eolas go bhfuil deireadh curtha leis an imscrúdú.