Brollach

Éilítear in Alt 16 de na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (SF) 1997 agus 2003 ar chomhlachtaí poiblí faoi réir an Acht na nithe seo a leanas a fhoilsiú:

“..na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirithe a úsáideann an comhlacht, agus innéacs d'aon fhasaigh a choimeádann an comhlacht, chun críocha breitheanna, cinntí nó moltaí....maidir le cearta, pribhléidí, sochair, oibleagáidí, pionóis nó smachtbhannaí eile a bhfuil nó a bhféadfadh sé go mbeidh daoine den phobal ina dteideal nó faoina réir...”

Rialaíonn an tAcht Ombudsman, 1980, atá i mbéal an phobail cheana féin, obair na hOifige seo go príomha. Forlíonann roinnt cáipéisí ina dtugtar treoirlínte d’fhoireann na hOifige maidir le gnéithe áirithe d’imscrúdú gearán a láimhseáil an tAcht Ombudsman chun críocha praiticiúla, feidhmíochta De réir riachtanais Ailt 16 den Acht um SF, 1997 tá téacs na gcáipéisí seo á chur ar fáil don phobal anois san fhoilseachán seo.

Tagraíonn Alt 16 d’Achtanna um SF, 1997 agus 2003 go háirithe d’fhoilseachán aon innéacs d’aon fhasach a choinníonn an comhlacht. Ní fheidhmíonn Oifig an Ombudsman de mhéid suntasach ar bith ar bhonn fasaigh. Go deimhin, folaítear san Acht Ombudsman go bhfeidhmeoidh an tOmbudsman de réir a rogha féin chun cinneadh a dhéanamh tús a chur le himscrúdú, leanúint leis nó deireadh a chur leis. Cé go bhféadfaí aird a bheith ar chleachtas i gcásanna roimhe sin, is é an riachtanas foriomlán go gcaitear le gach gearán ar a thuillteanais féin.

Pat Whelan
Ard-Stiúrthóir