Seirbhísí agus tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas

De réir ailt 26(2) den Acht um Míchumas 2005 tá baill foirne ag Oifig an Ombudsman, an tUasal Aidan Moore, atá sainithe ina Oifigeach Rochtana don Oifig seo.

Mar Oifigeach Rochtana, tá Aidan freagrach as cúnamh agus treoir a chur ar fáil nó a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar sheirbhísí a chuireann an Oifig ar fáil agus le bheith mar phointe teagmhála ginearálta do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar na seirbhísí sin.

Oifigeach Idirchaidrimh do Dhaoine faoi Mhíchumas (DLO), an tUasal Ray Butler sainithe ag an Oifig chomh maith. Mar DLO, glacann Ray páirt sa Ghréasán Oifigigh Idirchaidrimh do Dhaoine faoi Mhíchumas. Feidhmíonn sé chomh maith mar phointe teagmhála san Oifig do bhaill foirne faoi mhíchumas, lena mbainisteoirí líneacha agus leis an Rannóg Pearsanra. Cuidíonn sé agus tacaíonn sé le baill foirne faoi mhíchumas agus lena mbainisteoirí líneacha tríd an bhfaisnéis riachtanach, teagmháil chuí, treoir, moltaí agus comhairle a chur ar fáil. Anuas air sin, cuidíonn sé le forfheidhmiú na gcleachtas acmhainní daonna is fearr de réir reachtaíocht chomhionannais agus éascaíonn sé feasacht níos airde ar mhíchumas ar fud na hOifige.

Tá bileog eolais ag an Oifig ar an Ombudsman agus ar an Acht um Míchumas 2005 atá ar fáil i mBraille ar téip agus CD chomh maith. Anuas air sin, tá réimse bileoga faisnéise ar fáil i mBéarla Soiléir atá deartha freisin le bheith inrochtana do dhaoine lagamhairc.

I dtéarmaí thimpeallacht fhisiciúil na hOifige, rinneadh an obair seo a leanas d’fhonn í a dhéanamh níos éasca le húsáid ag daoine faoi mhíchumas.

  • Clúdaíodh an staighre cúil in urlárlach tadhlach le clúdach céimeanna i ndath éagsúil.
  • Suiteáladh lúba ionduchtaithe sa limistéar fáiltithe agus sa seomra comhdhála ar urlár na talún. Cuireadh lúb soghluaiste ar fáil le húsáid i seomraí agallaimh. Tá comharthaíocht i limistéar fáiltithe na hoifige ar luaitear an mhéid seo.
  • Tá taobh amháin de na doirse a théann isteach i limistéar phasáiste an ardaitheora ar gach urlár uathoibríoch.
  • Tá an doras i bpasáiste an íoslaigh a théann ón gcarrchlós uathoibríoch chomh maith mar aon le doirse dúbailte ag an ionad fáiltithe a théann isteach sna seomraí agallaimh.
  • Íslíodh na cnaipí i ndáil leis na doirse uathoibríocha.
  • Suiteáladh gléas idirchumarsáide gan sreang ag na ráillí ag leibhéal na sráide

Oifig an Ombudsman agus an tAcht um Míchumas 2005

Tá an oifig faoi réir théarma an Achta um Míchumas 2005 agus tá nósanna imeachta gearáin i bhfeidhm mar a éilítear faoin Acht sin. Seo an nasc chuig ár nósanna imeachta gearáin faoin Acht um Míchumas.