Réamhrá
Is í feidhm Oifig an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine den phobal a mheasann nár thug comhlachtaí poiblí áirithe cothrom na féinne dóibh. Faoi láthair, is iad na comhlachtaí poiblí ar féidir leis an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh orthu: na Ranna Rialtais ar fad, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), (agus ospidéil phoiblí agus gníomhaireachtaí sláinte a chuireann seirbhísí ar fáil thar ceann an HSE), na húdaráis áitiúla agus an Post.
Scrúdaíonn an tOmbudsman chomh maith gearáin a bhaineann le teip comhlachtaí poiblí chun foirgnimh, seirbhísí agus faisnéis inrochtana a chur ar fáil, mar is gá faoi Chuid 3 den Acht um Míchumas, 2005. I gcomhair gearán den chineál seo, áirítear Ranna Rialtais, údaráis áitiúla, an HSE agus comhlachtaí leathstáit, mar aon le formhór eagraíochtaí stáit eile le ‘comhlacht poiblí’.
Tá sonraí iomlána ar na rudaí is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh, agus cén uair agus cén chaoi le gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, le fáil sa lámhleabhar faisnéise seo.
Tá Oifig an Ombudsman faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (SF) 1997 agus 2003 ar an mbealach a fhorordaítear in Alt 46 den Acht sin. Faoi Alt 46(1)(c)(iii) den Acht um SF, tá taifid a bhaineann le imscrúdú nó scrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980 eisiata ó fhorálacha an Achta um SF.
Bunaíodh trí cheart reachtúil san Acht um SF 1997:
- ceart dlí do gach duine le rochtain a fháil ar eolas atá ag comhlachtaí poiblí;
- ceart dlí do gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis féin nó léi féin a bheith leasaithe má tá sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- ceart dlí chun cúiseanna maidir le cinntí a bhfuil tionchar acu orthu féin a fháil.
Dearbhaíonn an tAcht ceart bhaill an phobail chun rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid agus is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.
Réitíodh an lámhleabhar faisnéise seo de réir na riachtanas foilsithe arna leagan amach in Alt 15 den Acht um SF.