Leasuithe leis an Acht agus Reachtaíocht Eile a Leasaíonn nó a bhfuil Tionchar aige ar an Acht

An tAcht Airgeadais, 1981

Cinntítear in Alt 52 den Acht seo nach mbeidh feidhm ag na ceanglais chánacha a chuireann dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim chun nochtadh faisnéise leis an Ombudsman, lena n-áirítear cáipéisí chun críocha an Achta Ombudsman, 1980 a chosc.

Ordú an Achta Ombudsman, 1980 (Lá Ceaptha) 1983 (I.R. Uimh. 424 de 1983)

Shocraigh an t-ordú seo an 7 Iúil, 1983 mar an lá ar tháinig an tAcht Ombudsman, 1980 (uimh. 26 de 1980) i bhfeidhm.

Ordú Tarmligthe dar dáta an 23 Bealtaine 1984

Faoin Ordú seo, tharmlig an tAire Seirbhíse Poiblí i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi Alt 10(4) den Acht Ombudsman don Ombudsman na cumhachtaí infheidhmithe aige faoi Acht Choimisinéirí na Státseirbhíse, 1956 agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 agus 1958 amhail an ‘t-údarás cuí’ i ndáil le hoifigigh agus fostaithe an Ombudsman.

An tAcht Ombudsman (Leasú) 1984 (I.R. Uimh. 19 de 1984)

Leasaíodh Alt 4(10)(c) den Acht Ombudsman, 1980 leis an Acht seo. Faoin Alt seo den Acht, d’fhéadfaí leasuithe a dhéanamh le Sceidil leis an Acht ina liostaíodh na comhlachtaí a bhí agus nach raibh faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman. Rinneadh an leasú seo leis na Sceidil trí Ordú Rialtais (1ú Sceideal) agus Ordú ón Aire (2ú Sceideal) a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Sa dá chas, rinneadh an tOrdú mura ritheadh rún ó Thithe an Oireachtais nár fhaomhaigh an dréacht laistigh de 21 lá suí. Foráladh san Acht leasaithe seo go dtiocfadh Ordú i bhfeidhm nuair a rithfí rún i dTithe an Oireachtais a fhaomhann an tOrdú.

Ordú an Achta Ombudsman (An Chéad Sceideal) (Leasú) 1984 (I.R. Uimh. 332 de 1984)

Shínigh an tOrdú seo cumhachtaí imscrúdaithe an Ombudsman chuig boird sláinte, údaráis áitiúla, Bord Telecom Éireann agus an Post le héifeacht ón 1 Aibreán 1985. Chuir an tOrdú cosc go sonrach ar an Ombudsman ó imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéanann daoine agus iad ag feidhmiú thar ceann bhoird sláinte (HSE anois) “agus (i dtuairim an Ombudsman) i bhfeidhmiú breithiúnas cliniciúil amháin i gceangal le diagnóis tinnis nó cúram nó cóireáil othair...”. Chuir an tOrdú cosc chomh maith ar an Ombudsman ó imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le húdaráis áitiúla “agus feidhmeanna forchoimeádta á ndéanamh acu laistigh de bhrí na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, nó feidhmeanna forchoimeádta laistigh de bhrí aon Achta a bhaineann le bainistiú Contaebhuirge.”

Ordú an Achta Ombudsman (An Chéad Sceideal) (Leasú) 1980 (I.R. Uimh. 66 de 1985)

Chuir an t-ordú seo Comhairle Úsáideoirí na Seirbhísí Poist, Comhairle Úsáideoirí na Seirbhísí Teileachumarsáide, an Binse Cíosa, an Bord Mianadóireachta agus Rúnaíocht leis an gCoimisiún ar Leas Sóisialach i measc na gcomhlachtaí nach bhfuil faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman.

Ordú an Achta Ombudsman, 1980 (An Dara Sceideal) (Leasú) 1985 (I.R. Uimh. 69 de 1985)

Scrios an t-ordú seo boird sláinte agus údaráis áitiúla ón Dara Sceideal den Acht Ombudsman, 1980 agus chuir sé na comhlachtaí seo a leanas isteach as Dara Sceideal i.e. níl siad faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman.

  • An Comhlachas Snámha agus Tarrthála
  • An Príomh-Bhord Iascaigh
  • Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin
  • An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe
  • Bord Scannán na hÉireann
  • Cuideachta an Cheolárais Náisiúnta
  • An Bord Míochaine Fiaclóireachta Iarchéime
  • An Ghníomhaireachta Fostaíochta don Aos Óg


Rialacháin an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 (Srian Ailt 4) 1989 (I.R. Uimh. 81 de 1989)

Folaíonn na Rialacháin seo go leanfaidh na srianta ar nochtadh faisnéise faoin Acht Ombudsman, 1980 de bheith i bhfeidhm d’ainneoin an ceart le rochtain ar shonraí pearsanta a thugtar le hAlt 4 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988. Ciallaíonn sé seo nach féidir le daoine aonair an tAcht um Chosaint Sonraí a úsáid chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta i gcás go bhfuil siad ag an Ombudsman tar éis imscrúdaithe nó iniúchta ar ghearán.

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999

De réir Chomhaontú Bhéal Feirste 1998, bunaíodh sé Chomhlacht Forfheidhmithe nua. Feidhmíonn na comhlachtaí seo i réimsí sábháilteachta bia, forbairt trádála agus gnó, teanga, dobharshaothraithe agus mara, cláir speisialta AE agus uiscebhealaí intíre. Bunaíodh an seachtú comhlacht, Turasóireacht Éireann i mí na Nollag 2000 agus tagann sé faoi chreat Chomhaontú Bhéal Feirste. Tugann Alt 50 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, a fholaíonn cruthú na gcomhlachtaí sin sa dlínse seo, na Comhlachtaí Forfheidhmithe laistigh de dhlínse Oifig an Ombudsman. Tá dlínse ag an Oifig seo agus ag Oifig an Choimisinéara Gearáin agus Ombudsman an Chomhthionóil do Thuaisceart Éireann i ndáil le Comhlachtaí Forfheidhmithe agus folaíonn an tAcht idirchaidreamh agus comhoibriú, idir Oifig an Ombudsman agus a gcontrapháirteanna i dTuaisceart Éireann, i ndéileáil le gearáin in aghaidh na gcomhlachtaí seo. Tá dlínse Oifig an Ombudsman teoranta do “gníomhartha arna ndéanamh sa Stát ag Comhlacht nó thar a cheann” agus cuireann foráil chomhthreomhar i gcás Ombudsman Thuaisceart Éireann teorainn le dlínse na hOifige sin do ghníomhartha arna ndéanamh i dTuaisceart Éireann ag comhlachtaí nó thar a gceann. Tá nósanna imeachta aontaithe ag Oifig an Ombudsman agus ag Oifig Ombudsman Thuaisceart Éireann le déileáil le socruithe idirchaidrimh agus comhoibrithe agus bearta le gearáin a chur faoi bhráid na hOifige cuí. Foilsítear na nósanna imeachta seo i lámhleabhar Ailt 16 na hOifige.

Seo a leanas na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas;

  • Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann
  • Idir-Thrádáil Éireann
  • Gníomhaireacht na hUltaise / Foras na Gaeilge
  • Safe Food
  • Foras um Chláir Speisialta an AE
  • Uiscebhealaí Éireann
  • Turasóireacht Éireann



An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1999

Bhain Alt 11 den Acht seo Telecom Éireann ó shainchúram an Ombudsman. Tháinig sé i bhfeidhm an 15 Iúil 1999.

An tAcht um Achomhairc Talmhaíochta 2001

Thug Alt 18 den Acht dlínse don Ombudsman le scrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le cinntí Oifigeach Achomhairc san Oifig Achomhairc Talmhaíochta.

An tAcht Ombudsman do Leanaí 2002

I measc nithe eile, d’fholaigh an tAcht seo do bhunú Ombudsman do Leanaí le himscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le gníomhartha comhlachtaí poiblí ar leith a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar leanaí. Áirítear leis na comhlachtaí poiblí sin Ranna agus Oifigí Rialtais, údaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, comhlachtaí leathstáit, etc. Leasaíodh Alt 5 den Acht Ombudsman, 1980 le hAlt 12 sa chaoi nach féidir nithe atá faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman do Leanaí a scrúdú in Oifig an Ombudsman. D’fhonn forluí féideartha a sheachaint i ndlínse tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag Oifig an Ombudsman agus ag Oifig an Ombudsman do Leanaí le gearáin a chur faoi bhráid na hOifige cuí. Foilsítear na nósanna imeachta seo i Lámhleabhar Ailt 16 na hOifige seo.

An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004

Folaíonn Sceideal 2 den Acht seo go bhfuil an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi réir shainchúram an Ombudsman.

An tAcht um Míchumas 2005

I measc nithe eile, éilíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil foirgnimh phoiblí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Le héifeacht ón 31 Nollaig 2005, síníodh dlínse an Ombudsman san Acht le déileáil le gearáin maidir le teipeanna chun an rochtain sin a sholáthar de réir an Achta sin. Anuas air sin, tá oibleagáid ar roinnt ranna rialtais pleananna earnálacha a réiteach, ina dtabharfar faisnéis maidir leis na bearta a dearadh chun seirbhísí a sheachadadh do dhaoine faoi mhíchumas mar a bheartaítear san Acht, laistigh d’amfhrámaí sonraithe. Tig leis an Ombudsman gearáin sa réimse seo a scrúdú chomh maith.

An tAcht Ombudsman (Óglaigh na hÉireann) 2004

I measc nithe eile, folaíonn an tAcht seo do cheapachán Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann le himscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéanann baill reatha nó iarbhaill d’Óglaigh na hÉireann maidir le gníomhartha a rinne baill reatha nó iarbhaill d’Óglaigh na hÉireann nó státseirbhísigh a raibh drochthionchar acu ar an duine sin. Faoin Acht ní dhéanfaidh ball d’Óglaigh na hÉireann (a) a dhéanann gearán leis an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann a bhaineann le gníomh a rinne státseirbhíseach nó thar a c(h)eann, ina dhiaidh sin, gearán faoin gceist chéanna leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980, nó (b) a dhéanann gearán leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980 i ndáil le gníomh a rinne státseirbhíseach nó thar a c(h)eann, ina dhiaidh sin, gearán faoin gceist chéanna leis an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann.