Oifig an Ombudsman – Cúlra

I 1980, d’achtaigh an tOireachtas reachtaíocht a bhunaigh Oifig an Ombudsman in Éirinn. Tháinig sé i bhfeidhm i 1983 agus ceapadh an chéad Ombudsman in Éirinn in Eanáir 1984.

Bunaíodh Oifig na hÉireann tar éis próiseas breithnithe agus díospóireachta a bhí ar siúl ar feadh roinnt blianta. Ba é an ghné is tábhachtaí den díospóireacht seo cruthú Coiste Oireachtais Ilpháirtí ar Cheartas Riaracháin a thuairiscigh i 1977. Bhí moltaí an Choiste seo mar bhunú leis an reachtaíocht faoinar bunaíodh Oifig an Ombudsman, i.e. an tAcht Ombudsman, 1980.

Bhí chéad Ombudsman na hÉireann, Michael Mills (RIP) in oifig ó 1984 go 1994. Ba chomhfhreagraí polaitiúil leis an Irish Press ar feadh na mblianta agus a raibh an-mheas air a bhí san Uasal Mills sular ceapadh mar Ombudsman é. Ceapadh a chomharba, Kevin Murphy chuig an Oifig i Samhain 1994. Sular ceapadh é, ba é an tUasal Murphy Ard-Rúnaí Bainistíochta agus Forbartha na Seirbhíse Poiblí sa Roinn Airgeadais. Anuas ar a ról mar Ombudsman, bhí an tUasal Murphy ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Oifigí Poiblí (arna bhunú faoin an tAcht um Eiticí in Oifigí Poiblí, 1995) agus ball den Choimisiún um Thoghlaigh agus den Choimisiún Reifrinn (nuair a bunaíodh iad). Ina theannta sin, ceapadh ina Choimisinéir Faisnéise é nuair a tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 i bhfeidhm an 21 Aibreán 1998. Ceapadh Emily O’Reilly mar thríú Ombudsman na hÉireann i Meitheamh 2003. Sular ceapadh í, bhí sí ina iriseoir agus údar agus bhí sí ina comhfhreagraí polaitiúil do mheáin éagsúla ó 1989. Ceapadh Emily O’Reilly ina Coimisinéir Faisnéise chomh maith i Meitheamh 2003 agus ina Coimisinéir um Faisnéis Chomhshaoil i mBealtaine 2007. Ba bhall de bhrí oifige í den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, den Choimisiún Reifrinn, den Choimisiún um Thoghlaigh agus den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Ar an 3 Iúil 2013, toghadh Emily O’Reilly, Uasal, mar Ombudsman Eorpach. Chuir sí tús lena ról nua ar an 1 Deireadh Fómhair 2013. Tháinig Peter Tyndall i gcomharbacht uirthi. Ceapadh ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise é ar an 2 Nollaig 2013. Is as Baile Átha Cliath ó thús an tUasal Tyndall agus bhí sé in Ombudsman Seirbhísí Poiblí don Bhreatain Bheag roimhe sin.  Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige, Ceann Oideachais agus Cultúir do Chumann Rialtas Áitiúil na Breataine Bige agus d’oibrigh sé i roinnt post sinsearacha i dtithíocht agus i gcúram sóisialta, agus go háirithe i bhforbairt tithíochta agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas foghlama.