Ról Oifig an Ombudsman

Sheol mé páipéar chuig gach páirtí polaitiúil agus comhalta den Oireachtas an 2 Feabhra den teideal Ról an Ombudsman a Fhorbairt agus a Bharrfheabhsú (Developing and Optimising the Role of the Ombudsman). Mhínigh mé sa doiciméad sin an chaoi ar féidir leis an Ombudsman ról níos iomláine a ghlacadh le tacú leis an gcóras srianta agus ceartúcháin a theastaíonn le haghaidh rialtas maith dar liom. Thug mé cur síos mionsonraithe ar cheithre mholadh shainiúla, agus is é mo thuairim go gcuirfeadh na moltaí sin ar chumas m’Oifige an caidreamh idir an tOmbudsman agus an Rialtas a athchóiriú agus a athchothromú chun feabhas a chur ar mhuinín an phobail i bhfeidhmiú éifeachtúil Fhoras an Ombudsman.

Is iad seo a leanas na moltaí:

  • Stádas bunreachta a thabhairt d’Oifig an Ombudsman,
  • Caidreamh tuairiscithe feabhsaithe leis an Oireachtas,
  • Téarmaí tagartha an Ombudsman a shíneadh d’fhonn na príosúin agus gach ceist a bhaineann le hinimirce, teifigh, iarrthóirí tearmainn agus eadóirseacht a chur san áireamh, agus
  • Nósanna imeachta níos follasaí le haghaidh Ombudsman a cheapadh.

Beidh reachtaíocht nua de dhíth le haghaidh fhormhór na n-athruithe a mhol mé, ach ní bheidh caiteachas breise ar bith, nó fíorbheagán caiteachais bhreise, de dhíth. Déanta na fírinne, is dócha go mbeadh coigilteas i réimsí eile mar thoradh ar na hathruithe a mhol mé.

Bhí roinnt de mholtaí mo dhoiciméid le feiceáil sa Chlár do Rialtas Náisiúnta nuair a foilsíodh é i mí an Mhárta. Thug mé suntas ar leith don mhéid a bhí scríofa maidir le téarmaí tagartha an Ombudsman a shíneadh chun gach comhlacht atá maoinithe go poiblí a chuimsiú agus maidir le bunú Choiste Oireachtais nua – an Coiste um Imscrúduithe, Maoirseacht agus Achainí.

Tá roinnt moltaí déanta agam cheana féin leis an Roinn Airgeadais maidir cúrsaí praiticiúla i ndáil le cur i bhfeidhm na moltaí chun téarmaí tagartha m’Oifige a fhairsingiú. Tá súil agam go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh go luath chun gníomhú i leith an tiomantais seo, mar sílim gur comhpháirt ríthábhachtach de chlár athchóirithe na seirbhíse poiblí atá ann.

Tosaíonn an t-athchóiriú sa bhaile - leasú ó bhun go barr ar an nós imeachta chun gearáin a láimhseáil

Rinneadh athruithe móra ar struchtúr agus ar ghnáthaimh Oifig an Ombudsman in 2010. Is dóigh gurbh é an tionscadal bainistíochta athruithe ba mhó a rinneadh ó bunaíodh an Oifig in 1984.

In Plean Straitéiseach na hOifige 2010-2012, aithníodh láimhseáil fheabhsaithe agus níos sciobtha ar ghearáin mar chuid lárnach le haghaidh rath na hOifige amach anseo. Níor mhór nithe áirithe a chur san áireamh agus an plean á dhréachtú, amhail srianta acmhainní an Státchiste, riachtanais an Chomhaontaithe ar an tSeirbhís Phoiblí 2010-2014, an méadú suntasach a tháinig ar líon na ngéarán a cuireadh faoi bhráid na hOifige, agus an síneadh molta ar théarmaí tagartha an Ombudsman.

Tá sé mar cheann de mhórchuspóirí an phlean straitéisigh a chinntiú go dtugann struchtúr, córais agus gnáthaimh na hOifige tacaíocht cheart d’eagraíocht atá oiriúnach don fheidhm agus a dhéanann a seirbhísí a sheachadadh ar bhealach cothrom, éifeachtach agus éifeachtúil dá cuid custaiméirí.

Ag cuimhneamh ar an méid sin, rinne an Oifig, i gcomhar le cúnamh seachtrach, measúnú ar an struchtúr eagraíochtúil agus ar na gnáthaimh gnó a bhí ann cheana féin, agus aithníodh athruithe is gá a chur i bhfeidhm chun na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • socruithe barrmhaithe eagraíochtúla, lena n-áirítear struchtúir, gaolta agus freagrachtaí tuairiscithe, agus riachtanais maidir le hacmhainní,
  • gnáthaimh bharrmhaithe gnó,
  • socruithe barrmhaithe, lena n-áirítear solúbthacht sa chleachtas oibre agus freagrúlacht i leith gearánach agus cliaint eile, agus
  • úsáid bharrmhaith a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise chun éifeachtúlacht eagraíochtúil agus riaracháin a fheabhsú.

Cuireadh tús leis an measúnú i nDeireadh Fómhair 2010, agus cuireadh an struchtúr agus na gnáthaimh i bhfeidhm an 1 Márta i mbliana.

Go bunúsach, léiríonn an struchtúr agus na gnáthaimh nua go bhfuiltear ag aistriú ó aonaid láimhseála gearáin atá tiomnaithe d’earnálacha ar leith (amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla, leas sóisialta agus sláinte srl) faoi mar a bhí ann roimhe seo. Ina n-áit sin, tá samhail níos solúbtha curtha i bhfeidhm againn. Baineadh na deighiltí sin agus simplíodh an riaradh chun tréchur gearáin a bharrfheabhsú, chun an tsolúbthacht a fheabhsú, agus chun cur ar ár gcumas acmhainní foirne a imlonnú i gcás éileamh mór in aon aonad ar leith.

Tá trí aonaid gnáthaimh ag an Oifig anois: Fiosruithe, Measúnú agus Iniúchtaí. Láimhseálann na hAonaid sin gearáin de gach cineál, beag beann ar an gcomhlacht poiblí a bhfuil an gearán á dhéanamh ina leith. Tá sé mar bhunchuspóir gach Aonaid an fiosrú nó an gearán a réiteach a luaithe agus is féidir sa ghnáthamh. Déanann aonad eile, an tAonad Imscrúduithe, na gearáin is casta a láimhseáil nach féidir iad a réiteach go neamhfhoirmiúil. Bíonn an t-aonad sin ag plé le himscrúduithe córasacha freisin ina bhféachtar ar phátrúin líomhnaithe droch-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith i gceist le roinnt gearán nó, leoga, le roinnt comhlachtaí poiblí. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú mór le himeacht ama ar an méid ama agus acmhainní a shanntar do gach gearáin mar gheall ar na socruithe nua sin. Dá bhrí sin, bheifí in ann torthaí na ngearán a chur ar fáil ar bhealach níos gasta agus níos freagrúla dár gcliaint.

Ina theannta sin, agus ag cuimhneamh di ar an ngá éifeachtúlachtaí feabhsaithe a chur i bhfeidhm ar fud na hearnála poiblí ar fad, d’iarr an Oifig ar na comhlachtaí poiblí ar fad ag teacht faoina téarmaí tagartha cabhrú léi trí chomhaid agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Oifig níos gasta. Glacaimid buíochas leis na comhlachtaí poiblí as a gcuid cúnaimh go dtí seo ina leith sin.

Molaim go hard an fhoireann bhainistíochta agus na baill foirne as an gcur chuige toilteanach agus seiftiúil a ghlac siad chun an struchtúr agus na gnáthaimh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i dtréimhse ama an-ghearr. Lena gceart a thabhairt dóibh, léirigh siad go raibh siad an-toilteanach glacadh le hathruithe móra agus saothrú chun feabhsuithe breise a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár gcliaint.