Aguisín 1 – Ceistneoir faoi Tharscaoileadh ar Mhuirir Dhramhaíola
1. Léirigh le do thoil trí chliceáil ar an mbosca cé acu ceann de na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraítear i gceantar do Chomhairle agus luaigh an meánchostas bliantúil in aghaidh an teaghlaigh.
Seirbhís Údaráis Áitiúil Costas Bliantúil
Bailitheoir Príobháideach Costas Bliantúil
Údarás Áitiúil agus Bailitheoir Príobháideach Costas Bliantúil
Eile Costas Bliantúil
Tráchtaireachtaí
2. Cén céatadán de na teaghlaigh i gceantar na Comhairle a bhaineann úsáid
(a) As Seirbhís an Údaráis Áitiúil
(b) As Seirbhís Phríobháideach Bhailithe
(c) Eile
3. Sonraí faoin gcóras chun muirir bhailithe dramhaíola a ghearradh agus méid na muirear:
Muirear Comhréidh Méid
Clibeanna Araide Méid
Íoctar dé réir Meáchain Méid
Muirear ar Araid Uaine Méid
Muirear ar Araid Dhonn Méid
Eile Méid
Tráchtaireachtaí
4. An bhfuil Scéim um Tharscaoileadh Dramhaíola i bhfeidhm ag do Chomhairle?
Má tá, cuir cóip di leis seo agus tabhair na sonraí iomlána faoin gcineál agus faoi mhéid an tarscaoilte.
Mar shampla: % den laghdú ar mhuirear, líon na gclibeanna araide saor in aisce agus araile.
Tráchtaireachtaí
Mura bhfuil, lean ar aghaidh go Ceist 15.
5. Tabhair sonraí le do thoil faoi na critéir cháilitheacha chun leas a bhaint as tarscaoileadh.
6. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do tharscaoileadh do na teaghlaigh go léir ar ioncam faoi thairseach shocraithe?
Má dhéantar, tabhair breac-chuntas le do thoil faoi cé mar a dhéantar measúnú ar ioncam iarratasóra lena náirítear sonraí faoi chruthúnas ar bith ar ioncam is gá d’iarratasóir a chur isteach.
7. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do tharscaoileadh i gcás go mbunaítear na critéir cháilitheacha ar íocaíochtaí/ioncam a ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní de orthu mar shampla ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh?
Má dhéanann an bhfuil imní ar an gComhairle go bhféadfadh caitheamh go míchothrom a bheith mar thoradh air sin mar shampla i gcásanna iarratasóirí ar ioncam comhchosúil ó fhoinsí nach ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní de orthu cosúil leis an bPinsean Easláine nó Pinsean Seanaoise Ranníocach?
Tráchtaireachtaí
8. I gcás go n-eascraíonn deacrachtaí cothromais nó go n-ardaítear ceisteanna cothromais de bharr go ndeachthas in iontaoibh ar thástáil ó thaobh acmhainní de a rinne comhlacht eile, an ndéanann an Chomhairle a tástáil ó thaobh acmhainní de féin?
Mura ndéanann, cén fáth nach ndéanann?
9. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do dhiscréid a fheidhmiú i gcás teaghlach ar ioncam íseal nach gcáilíonn i gcomhair tarscaoilte faoi théarmaí dochta na scéime:
Má déanann, sonraigh le do thoil:
Mura ndéanann, mínigh le do thoil an t-údar nach bhfuil an fhoráil sin sa scéim:
10. Cén chaoi a dtugtar fógra do theaghlaigh go bhfuil tarscaoileadh ar fáil?
11. Cén chaoi a dtugtar fógra do theaghlaigh gur deonaíodh/diúltaíodh tarscaoileadh?
12. An féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú tarscaoileadh a thabhairt?
Más féidir, sonraigh le do thoil an próiseas achomhairc atá i bhfeidhm.
13. Sonraí faoi líon iarratas ar tharscaoileadh a fuarthas agus an líon a deonaíodh/a diúltaíodh sa bhliain 2006
Faighte
Deonaithe
Diúltaithe
14. Costas na scéime tarscaoilte don bhliain 2006 (gan costais riaracháin san áireamh)
Costas riartha na scéime sa bhliain 2006
15. Cé mar a mhaoinítear an costas a bhaineann le tarscaoileadh a thabhairt?
As muirir na seirbhíse dramhaíola
Acmhainní féin (sonraigh an réimse)
Eile
Tráchtaireachtaí
16. I gcás nach bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag an gComhairle, luaigh le do thoil cibé an ndearnadh scéim den sórt a bhreithniú?
Dá mba rud é gur breithníodh scéim den sórt cén fáth nár soláthraíodh í?
Dá mba rud é nár breithníodh cén fáth nár breithníodh?
17. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola go léir nó cuid den tseirbhís bhailithe dramhaíola i gceantar na Comhairle, an dtairgeann an bailitheoir príobháideach tarscaoileadh ar mhuirir?
Má thairgeann, sonraigh le do thoil?
Mura dtairgeann, céard é an dearcadh atá ag an gComhairle maidir le cibé ar chóir di (An Chomhairle) tarscaoileadh a thairiscint do chustaiméirí na mbailitheoirí príobháideacha?
Tráchtaireachtaí
18. An ndearnadh gearán(gearáin) ar bith leis an gComhairle faoi dhramhaíl nár bailíodh de bharr gur teipeadh leas a bhaint as an gcóras bailithe dramhaíola atá i bhfeidhm?
Má rinneadh, luaigh an líon gearán a fuarthas i ngach bliain le trí bliana anuas chomh maith le sonraí faoi fhreagra na Comhairle?
Má rinneadh, cén líon de na gearáin seo arbh í ceist an tarscaoilte ba chúis leo?
19. Más ceist ábhartha í seo – an bhfuil an córas tarscaoilte céanna atá i bhfeidhm ag an gComhairle Contae i bhfeidhm ag gach ceann de na Comhairlí Baile/Buirge sa Chontae?
20. Tráchtaireachtaí ginearálta ar bith is mian leis an gComhairle a dhéanamh agus a d’fhéadfadh cuidiú leis an Ombudsman san athbhreithniú seo. D’fhéadfadh gur sonraí/tráchtaireachtaí faoi dheacrachtaí a bhaineann le tarscaoileadh a thabhairt, le gearáin a fuarthas, le hacmhainní a bheith ar fáil, le saincheisteanna riaracháin nó le ceist ábhartha ar bith eile a bheadh iontu.
21. Seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an teagmhálaí sa Chomhairle.
Seol an ceistneoir seo ar ais ar ríomhphost amháin chuig anne_o’reilly@ombudsman.gov.ie
Aguisín 4 - Ciste Cruatain um Bainistiú Dramhaíola - Comhairle Contae Mhuineacháin
Tá an tseirbhís bhailithe dramhaíl teaghlaigh príobháidithe i gContae Mhuineacháin le roinnt blianta. Níl scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm a thuilleadh do theaghlaigh ar ioncam íseal dá thoradh. Chinn Comhaltaí Chomhairle Contae Mhuineacháin, ar mhaithe le réiteach a fháil do roinnt teaghlach a bhí i ndáiríre i gcruatan ó thaobh costais na seirbhíse bailithe dramhaíola a íoc, Ciste Cruatain a bhunú ar mhaithe leis na daoine siúd is mó a mbíonn i gcall. Cuirtear buiséad beag bliantúil i leataobh gach bliain i gcomhair an chiste seo: €20,000 foráil na bliana 2007.
Aithníonn an Chomhairle go bhfuil na mílte daoine a chónaíonn sa Chontae ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ní mór d’iarratasóirí, áfach, chun cáiliú do chabhair as an gCiste Cruatain, an Chomhairle a shásamh gur measa a ndálaí ná formhór na dteaghlach eile ar ioncam íseal. Déantar iarratais a mheas ina gceann agus ina gceann. Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de chásanna inar tugadh cabhair:
Teaghlaigh inar fáthmheasadh go bhfuil tinneas an-thromchúiseach ag gabháil do dhuine den teaghlach agus go bhféadfadh go dtabhófaí costas suntasach breise orthu as a bheith ag taisteal go dtí an t-ospidéal chun cóireáil a fháil, chun cuairt a thabhairt ar an duine sin agus araile.
- Bás sa teaghlach le gairid lena mbaineann costas sochraide agus costais eile.
- Teaghlaigh a thugann aire do dhaoine scothaosta nó do ghaol faoi mhíchumas a dteastaíonn uathu pillíní don neamhchoinneálacht a úsáid (Íoctar de réir meáchain an tseirbhís is comónta a úsáidtear i Muineachán: Cuireann pillíní don neamhchoinneálacht go mór le meáchan na n-araidí dramhaíola agus ní féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu ná iad a dhiúscairt ar bhealach ar bith eile).
Cé nár fhógair Comhairle Contae Mhuineacháin go raibh an chabhair seo le fáil riamh, tá na Comhaltaí Tofa go léir ar an eolas faoin scéim (ó tharla gurbh iadsan a chinn an scéim a ghlacadh) agus is minic leo toghthóirí a chasann orthu agus atá i gcruatan tromchúiseach a chur ar an eolas go bhfuil a leithéid de scéim ann. Is minic go ndéanann An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid daoine a chur ar aghaidh agus bíonn páirt lárnach ag Cumann Naomh Uinseann de Pól ó thaobh béim a leagan ar chásanna riachtanais speisialta.
Iarrtar ar iarratasóirí ar chabhair as an gciste cóip den bhille bailithe dramhaíola ba dhéanaí a fuair siad a chur isteach. Ní dhéanann an Chomhairle ach ranníocaíocht a thabhairt i leith an chostais – 50% go hiondúil. Is go díreach leis an gConraitheoir Dramhaíola agus ní leis an teaghlach a íoctar na seiceanna.
Fuair 45 duine cabhair sa bhliain 2006 agus ba €6,205 an tsuim iomlán a caitheadh. Ba 35 an líon iarratasóirí dar tugadh cabhair go dáta sa bhliain 2007 agus is €4,747 an caiteachas go dáta (Deireadh Fómhair 2007).
Aguisín 6 - Aighneacht ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Réamhrá
Cé go dtugaimid tacaíocht don phrionsabal ‘Íoctar mar a Thruaillítear’ tá imní ar Chumann Naomh Uinseann de Pól go bhfuil go leor teaghlach ar ioncam íseal ag fulaingt de bharr bochtaineachta de bharr struchtúr na muirear dramhaíola i líon áirithe d’údaráis áitiúla. Tháinig ardú suntasach ar mhuirir dhramhaíola le blianta beaga anuas agus tá níos mó agus níos mó de na seirbhísí á soláthar ag soláthraithe as an earnáil phríobháideach arb í an éifeachtacht ó thaobh costais de seachas cosaint a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal ó ualach airgeadais nach gá an príomhúdar imní atá acu. Níl oibleagáid ar bith ar oibreoirí príobháideacha scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Cinntear gnéithe oibriúcháin den bheartas bainistithe dramhaíola ar bhonn Rialtas áitiúil agus bíonn córais éagsúla i bhfeidhm i gcontaetha éagsúla dá thoradh.
An Beartas Reatha
Eascraíonn príomhfhadhbanna agus neamhréireanna as na córais reatha ‘Íoctar mar a Thruaillítear/ Íoctar de réir meáchain’ atá i bhfeidhm faoi láthair cé gur léir a dtairbhe ó thaobh an chomhshaoil de:
- Gearrann roinnt údaráis áitiúla muirear seasta (áirítear an tseirbhís athchúrsála leis an muirear sin) agus bíonn costas breise ar aon bhailiú bruscair;
- ní ghearrann roinnt eile muirear seasta ar bith agus díolann siad málaí dramhaíola agus bíonn sé de rogha ag duine úsáid a bhaint as an tseirbhís athchúrsála agus íoc aisti sa bhreis ar an gcóras málaí;
- cé go bhfuil roinnt daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh i dteideal tarscaoilte d’fhéadfadh nach mbeadh daoine eile i gcontae in aice láimhe – nó fiú in eastát in aice láimhe – ina theideal; agus
- is minic nach gcabhraíonn modhanna íocaíochtaí leis na nósanna buiséadaithe a bhíonn ag teaghlaigh ar ioncam íseal.
Tugann an Cumann faoi deara chomh maith go bhfuil éagothroime intuigthe sa struchtúr atá ann cheana de bharr go bhfuil faoiseamh cánach ar fáil do ‘cháiníocóirí’ agus nach bhfaigheann teaghlaigh ar ioncam íseal nach n-íocann ach beagán cánach nó nach n-íocann cáin ioncaim ar bith tairbhe as faoiseamh den sórt. Íoctar an faoiseamh ag ráta 20% agus dá réir sin bíonn sábháil de isteach agus amach le €100 i gceist i roinnt cásanna.
Cuireann an Cumann fáilte roimh an bhfeachtas fógraíochta reatha faoin bhfaoiseamh seo mar go gcreidimid go bhfuil go leor teaghlach atá ar ioncam íseal ar an ngnáthráta cánach nach bhfuil a fhios acu go bhfuil siad i dteideal aon fhaoiseamh cánach ar bith, agus má tá féin, nach minic leo a bheith cinnte cén chaoi a ndéanfaidh siad éileamh ar fhaoiseamh den sórt.
Go dtí seo, theip ar an stát scéim leanúnach chuimsitheach a fhorbairt chun cabhrú le teaghlaigh níos boichte le muirir den sórt. Mar bharr ar an donas is minic a bhíonn easpa saoráidí athchúrsála cuí ann, go háirithe i gceantair thuaithe. Cuireann Comhdhálacha Chumann Naomh Uinseann de Pól cabhair airgeadais ar fáil go háitiúil chun teacht i gcabhair ar an gcruatan arb í an easpa tacaíochta cuí maidir le muirir dhramhaíl teaghlaigh is cúis leis.
Roinnt Samplaí den chaoi ina bhfuil Cúrsaí Faoi Láthair
An Ghráinseach i nDúglas, Corcaigh: scéal dhá chóras - Ard Ó bhFicheallaigh agus Eastáit Bhaile an Chuilinn
Tá córas tarscaoilte i bhfeidhm in eastát Ard Ó bhFicheallaigh. Tá aonaid tithíochta sóisialta ar an dá eastát agus dar le Cumann Naomh Uinseann de Pól tá an táille um bainistiú dramhaíola agus easpa córas tarscaoilte in eastát Bhaile an Chuilinn ag cur leis an ualach atá ar theaghlaigh atá i gcruatan airgeadais cheana féin. Tá sé á fheiceáil do Chumann Naomh Uinseann de Pól, agus is í an bharúil chéanna atá ag na háitritheoirí, go bhfuil leatrom nach bhfuil cóir á imirt ar na daoine úd a chónaíonn ar Eastát Tithíochta agus nach bhfuil bailiúchán á dhéanamh iontu ag an údarás áitiúil a thuilleadh. Tháinig Naomh Uinseann de Pól i gcabhair ar theaghlach amháin a raibh €185 le híoc acu ar bhailiú dramhaíola sé mhí.
Baile Átha Cliath 15: Na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag ár n-oibrithe deonacha
Ba ghá do Chomhdháil SVP cabhair a thabhairt chun gairdíní cúil a ghlanadh agus bhí cuidiú le fáil uaithi chomh maith chun araidí eile a chur in áit araidí a goideadh. Is fiú a thabhairt faoi deara gur obair chrua í seo d’oibreoirí deonacha agus creidim nach féidir leis an gcomhdháil cabhair a thabhairt feasta chun obair dhian fhisiceach den sórt a dhéanamh.
Dún Droma: An éagothroime atá laistigh de Choimpléasc Údaráis Áitiúil
Baineann na deacrachtaí sa chás seo le Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin a ghearrann “suim coitinne” i gcomhair muirir bhailithe dramhaíola ar a tionóntaí árasán (go sonrach a cuid tionóntaí féin) i Rosemount Court. I gcás go mbeadh seanbhean shingil (pinsinéir) ag maireachtáil ina haonar in árasán agus dá leagfadh sí amach cúpla mála beag plaisteach (mar a bhíonn acu sna hollmhargaí) de dhramhaíl gach seachtain ghearrfaí an tsuim chéanna uirthi in aghaidh na bliana is a ghearrfaí ar a comharsana a bhféadfadh gur cúpla iad a mbeadh beirt leanaí acu agus a mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó a mbeadh duine amháin, ar a laghad, den bheirt ag obair.
Iarmhairtí an Chórais Reatha
Is léir don Chumann trí obair ár n-oibrithe deonacha na hiarmhairtí díreacha a mbíonn ar dhaoine aonair agus teaghlaigh dul i ngleic leo mar gheall ar an gcóras reatha. Áirítear orthu sin carnáin bhruscair a bheith i ngairdíní cúil na ndaoine agus imní faoi shláinte an phobail, contúirtí do leanaí, míshuaimhneas i measc na gcomharsan agus b’fhéidir iompar frithshóisialta fiú, a bheith mar thoradh orthu. Más gá muirir iomlána a íoc bíonn tionchar aige sin ar bhuiséid roghnacha eile an teaghlaigh cosúil le bia / éadach / siamsaíocht. Is fiú chomh maith taithí an Aonaid Dónna Míochaine a thaifeadadh sé sin go raibh ardú ar an líon dónna de bharr go rabhthas ag dó bruscar teaghlaigh.
San iarracht a rinne an Cumann réiteach a fháil ar na saincheisteanna seo d’íoc sé as costas scipeanna bruscair, costas tithe a fholmhú agus costas rialaithe míolra. Tá comhshocruithe déanta ag an gCumann go háitiúil le hÚdaráis Áitiúla agus le Bailitheoirí Príobháideacha Dramhaíola chomh maith.
Muineachán: Ag réiteach na faidhbe go háitiúil le cabhair ó Naomh Uinseann de Pól
Tá caidreamh maith ag Cumann áitiúil Naomh Uinseann de Pól leis an Údarás Áitiúil. I gcásanna ar leith bíonn níos mó solúbthachta ag Naomh Uinseann de Pól ó thaobh cabhrú le teaghlaigh seachas mar a bhíonn ag an gComhairle Contae. Leathnaíodh amach an caidreamh oibre seo chun seirbhísí bainistithe dramhaíola a thabhairt san áireamh. Cé go soláthraíonn oibreoir príobháideach seirbhísí sa bhaile tháinig Cumann áitiúil Naomh Uinseann de Pól ar shocrú leis an gComhairle Contae go n-íocfadh an Chomhairle Contae cíos na haraide (muirear seasta) leis an oibreoir príobháideach i gcásanna sonracha – tarscaoileadh neamhfhoirmiúil i bhfocail eile. Tá an Cumann óna thaobhsan de fós ag cabhrú leis na teaghlaigh sin maidir le saincheisteanna bainistithe dramhaíola nó le saincheisteanna eile.
Cathair na Mart: Idirbheartaíocht le Bailitheoirí Príobháideacha
Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo isteach bailiú príobháideach dramhaíola in Eanáir 2007. Cuireadh in iúl dár gcomhaltaí ag cruinniú a bhí ag an gComhairle le Cumann Naomh Uinseann de Pól gur ceist phríobháideach anois í idir an custaiméir agus an soláthraí. Chuaigh Cumann Naomh Uinseann de Pól ar thóir cruinnithe le soláthraí áitiúil amháin agus tá liúntas suntasach á thabhairt ag an soláthraí sin anois do na tionóntaí atá ina gcónaí i dtithe de chuid Chumann Naomh Uinseann de Pól.
Cruacheist an Bhailithe Phríobháidigh Dramhaíola
Baineann formhór na n-údarás áitiúil úsáid as an earnáil phríobháideach chun oiread áirithe de sheirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ina gcontaetha. Rialaíonn an rialtas áitiúil na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola trí cheadúnais bhailithe dramhaíola. Ar bhotúnaí an tsaoil teipeann ar na ceadúnais bhailithe dramhaíola bonn éigeantach a chur faoi na nithe seo a leanas: gné ar bith den phraghsáil, den bheartas íocaíochta nó den chosaint tomhaltóra (i gcontrárthacht a bheag nó a mhór leis na gnéithe eile go léir a bhaineann le saincheist an bhainistithe dramhaíola). Mar thoradh díreach air sin creidimid nach soláthraíonn formhór na gceantar ina dtugtar soláthar príobháideach cineál ar bith de chosaint ioncaim do theaghlaigh atá níos boichte. Tá an-imní ar SVP maidir leis na contaetha inar amhlaidh an cás faoi na baic a ghabhann le córas a bhunú a thabharfadh cosaint do theaghlaigh ar ioncam íseal agus a spreagfadh daoine chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú.
Céard atá ag teastáil ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Creidimid gur chóir don Rialtas dóthain acmhainní a leithdháileadh chun córas comhsheasmhach a bhunú a bheadh i bhfeidhm ar fud na tíre agus a chabhródh le daoine ar ioncam íseal - na daoine siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus na daoine siúd ar ioncaim ísle pá – lena gcostais dramhaíl teaghlaigh. Creidimid gur féidir é sin a dhéanamh agus na teaghlaigh sin a spreagadh ag an am céanna chun athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir é.
Réitigh Bheartais a d’fhéadfadh an cás a leigheas
Is gá forbairt beartais ar bith a tharlódh a chomhtháthú le tionscnaimh Chomhpháirtíochta Sóisialta ar Bhainistiú Dramhaíola ar bhonn práinne. Molann Cumann Naomh Uinseann de Pól go dtabharfadh an Rialtas córas a riarfaí go háitiúil isteach a bhunófaí ar dhá líon éagsúla de mhálaí / clibeanna / araidí. Is féidir an leithdháileadh saor in aisce seo a bhunú ar chleachtas fónta comhshaoil, trí líon teoranta clibeanna nó málaí a thabhairt amach agus ar an toimhde go laghdóidh, go n-athúsáidfidh agus go n-athchúrsálfaidh teaghlaigh sciar den dramhaíl a ghineann an teaghlach. Thabharfaí an líon ba mhó díobh seo do theaghlaigh a bheadh ag brath go hiomlán ar leas sóisialach agus bheadh líon níos lú – b’fhéidir a leath – ar fáil do theaghlaigh ar thuarastail ísle, ag a mbeadh ioncam níos ísle ná leibhéal an Fhorlíonta Ioncam Teaghlaigh. Bheadh acmhainní as ciste an Rialtas láir ag teastáil, áfach, chun na costais bhreise a bhainfeadh leis an ardú a thiocfadh ar chostas riaracháin áitiúil / láir na scéime seo a íoc.
Ní féidir é a thoimhdiú go laghdóidh, go n-athúsáidfidh agus go n-athchúrsálfaidh teaghlaigh an dramhaíl mura mbeidh saoráidí cuí, cuimsitheacha, inrochtana a fhógrófar ar fud an stáit ann chun déanamh amhlaidh. Níor mhór freisin nach mbreathnódh na clibeanna / na málaí / na haraidí saor in aisce éagsúil ó na clibeanna réamhíoctha d’fhonn cúis náire a sheachaint.
Conclúidí
Is ceist í seo don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil sa deireadh thiar thall ó tharla gurb í an mháthair-roinn í agus ó tharla nár phromh sí an beartas seo ó thaobh na bochtaineachta de ar an gcéad dul síos – gníomh atá mar oibleagáid uirthi faoin Straitéis Náisiúnta in Aghaidh na Bochtaine. Má chreideann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nach bhfuil sainchúram aici sa réimse seo, ba mhaith leis an SVP a chur i gcuimhne di go bhfuil beartas tacaíochta ioncaim ar siúl ag an Roinn faoi láthair mar go bhfuil Scéim Cíosanna Difreálacha i bhfeidhm aici in earnáil tithíochta an údaráis áitiúil. Tá locht ar réiteach leasa shóisialaigh as féin ar dhá chúis:
- Ní bheidh sé ar fáil do theaghlaigh i bhfostaíocht ina saothraíonn daoine tuarastal íseal – mura ndíreofar agus mura gcuirfear acmhainní breise i leataobh go sonrach tríd an bhForlíonadh Ioncam Teaghlaigh (ní mórán daoine a éilíonn an forlíonadh seo i gcás ar bith)
- Níl dreasachtaí ar bith ann do theaghlaigh chun an líon dramhaíola a laghdú, a athúsáid ná a athchúrsáil ná chun múirín a dhéanamh
Moltaí
Creideann SVP gur chóir don Rialtas:
Dóthain infreastruchtúr athchúrsála a sholáthar – ní féidir le teaghlaigh ar ioncam íseal dramhaíl a laghdú mura bhfuil deiseanna ann chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú go cuimsitheach.
Córas bunaithe go háitiúil a fhorbairt ina mbainfí úsáid as leithdháileadh saor in aisce ar leith de chlibeanna / greamáin / málaí nó araidí (ag brath ar mheáchan nó toirt) do theaghlaigh a bheadh ag brath ar leas sóisialach agus leithdháileadh níos ísle saor in aisce do theaghlaigh a mbeadh siad siúd ar thuarastal íseal ar bharr an liosta dó. Chun déanamh amhlaidh, is gá don Rialtas:
- An córas ceadúnas príobháideach a athrú chun na bearta nua a dtugtar breac-chuntas orthu thuas a thabhairt san áireamh.
I gcás go dteipfí déanamh amhlaidh, ba ghá don Rialtas:
- Agóid a dhéanamh i gcoinne na staide dlí maidir leis an gcóras reatha ceadúnas. Mura bhféadfaí déanamh amhlaidh d’fhéadfadh nach mbeadh de rogha ag an Rialtas ach réiteach leasa shóisialaigh a fháil ar an bhfadhb a bhfuil locht le fáil uirthi mar is léir ón mbreac-chuntas thuas
- Maidir leis an soláthar reatha leasa shóisialaigh, gnáthshraith treoirlínte a fhorbairt ar bhonn práinne a bhainfeadh le gné an tarscaoilte de na córais chun muirir dhramhaíola a ghearradh.
Is mian leis an gCumann buíochas a ghabháil le hOifig an Ombudsman as an athbhreithniú seo a dhéanamh.
Aguisín 7 - Aighneacht ó Dháil na Saoránach Sinsearach in Éirinn
Cén fáth ar chóir tarscaoileadh a thabhairt do Phinsinéirí ó Mhuirir Dhramhaíola?
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach in Éirinn aighneacht a dhéanamh ar son daoine breac-aosta atá ag íoc muirir dhramhaíola faoi láthair. Tá an dáil den dearcadh gur chóir tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola a thabhairt do na pinsinéirí go léir agus do ghrúpaí eile leasa shóisialaigh agus do ghrúpaí ar ioncam íseal.
Tá go leor pinsinéirí i mbaol bochtaineachta faoi láthair. Bíonn leath de na pinsinéirí go léir ag brath go hiomlán ar phinsean stáit (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2007) agus súnn costais bhreise cosúil le costais dhramhaíola a n-ioncam iarbhír. Níl an córas cothrom ó tharla go bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt de na húdaráis áitiúla agus nach bhfuil ag cinn eile. Ní léir dúinn gurb ann do chúis inchosanta maidir leis an neamhréir seo ach amháin gurb amhlaidh gur ceapadh beartais neamh-chomhordaithe is cúis leis. Is é bun agus barr an scéil nár forbraíodh córas comhsheasmhach náisiúnta um tharscaoileadh ar bith. Mar sin tá daoine breacaosta i roinnt ceantar atá ag baint tairbhe as an tarscaoileadh ach tá go leor eile nach bhfuil ag baint tairbhe ar bith as. Ní raibh scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ach ag díreach os cionn leath de na 34 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu anuraidh maidir leis an tsaincheist seo. (De réir - O‘Callaghan-Platt and Davies A. (2006) ‘A Nationwide Review of Pay-By-Use (PBU) Domestic Waste Collection Charges in Ireland: Extensive Survey Findings (2005-WRM-MS-33) Tuarascáil Eatramhach Loch Garman: AN GHNÍOMHAIREACHT DO CHOMHRAC NA BOCHTAINE)
I gcás go bhfeidhmítear scéim um tharscaoileadh ní úsáidtear bealaí comhsheasmhacha chun an tarscaoileadh a thomhas. Éilíonn roinnt de na húdaráis áitiúla go ndéanfadh daoine breacaosta iarratas ar tharscaoileadh, go ndéanfaí tástáil ó thaobh acmhainní de orthu nó go ndéanfaí an cás go bhfuil siad i gcruatan. Is iad na daoine breacaosta siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste na daoine nach dtugtar tarscaoileadh dóibh agus ar gá dóibh muirear mór bliantúil a íoc.
Is éard atá i nglao na dála go mbeadh córas náisiúnta ann inar ghá do gach údarás áitiúil scéim um tharscaoileadh a chur i bhfeidhm ionas nach mbeadh daoine breacaosta, ná go deimhin teaghlach ar bith ar ioncam íseal, faoi chruatan gan ghá. Faoi láthair caitheann na daoine breacaosta sin atá ar na hioncaim is ísle, ar pinsinéirí a bhíonn ag brath go hiomlán ar phinsean stáit a bhformhór, suim dhíréireach dá n-ioncam ar mhuirir dhramhaíola. Is mór an t-údar imní é seo don dáil de bharr go gciallaíonn sé go bhféadfaí na daoine breacaosta sin a bhíonn ina gcónaí díreach os cionn na líne bochtaineachta a tharraingt ar ais faoin líne an athuair. D’fhágfadh sin go méadófaí an bhearna leithdháilte ioncaim idir teaghlaigh ar ioncam íseal agus an chuid eile den daonra.
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach dhá mholadh shimplí a chur faoi bhráid an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an údar imní seo:
- Córas náisiúnta um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú i gcomhair muirir dhramhaíola a chinnteodh go mbeadh na pinsinéirí go léir i dteideal tarscaoilte ó mhuirir dhramhaíola.
- Go mbeadh an tarscaoileadh seo ina chuid den phacáiste reatha sochair Theaghlaigh.
Bheadh córas i bhfad níos cothromasaí agus níos éifeachtaí i bhfeidhm dá gcuirfeadh an rialtas na bearta seo i bhfeidhm. Rachadh an córas seo chun tairbhe do chách go háirithe don ghlúin bhreacaosta.
Aguisín 8 - Litir chuig An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
12 Meán Fómhair, 2007
Geraldine Tallon, Uasal Ard-Rúnaí, An Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1.
Athbhreithniú ar Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola
A Chara,
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leat ar do cheapachán mar Ard-Rúnaí na Roinne agus guím gach rath ort i do phost nua.
Is mian liom a chur in iúl duit go raibh an tOmbudsman ag déileáil le líon áirithe gearán i ndáil le líomhaintí éagothroime i scéimeanna arna n-oibriú ag údaráis áitiúla a bhaineann le tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola. Chinn an tOmbudsman feidhm a bhaint as an gcumhacht atá in Alt 4 (3)(b) den Acht Ombudsman, 1980 maidir le himscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla. Tá sé beartaithe go (a) leagfar béim san athbhreithniú ar phríomh-shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, (b) go ndíreofar san athbhreithniú ar na drochéifeachtaí a bhí ar roinnt de chliaint na n-údarás áitiúil, agus (c) go mbreithneofar san athbhreithniú roghanna chun drochéifeachtaí ar bith den sórt a mhaolú.
Mar chuid den athbhreithniú seo roghnaíodh líon áirithe údarás áitiúil agus iarradh orthu ceistneoir a líonadh i ndáil lena gcórais bhailithe dramhaíola agus sonraí a thabhairt faoi scéim um tharscaoileadh dramhaíola ar bith atá i bhfeidhm. Tá cóip den cheistneoir faoi iamh mar eolas duit. Tá sé i gceist ag an Ombudsman tuarascáil a fhoilsiú maidir le toradh an athbhreithnithe agus chuige sin bheadh tuairimí na Roinne faoi na saincheisteanna ginearálta a ardaítear fóinteach ionas go mbeadh an tOmbudsman ábalta léargas a thabhairt orthu ina tuarascáil.
Nocht líon suntasach d’údaráis áitiúla na tuairimí seo a leanas sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir:
- níl na hacmhainní ag údaráis áitiúla chun scéim um tharscaoileadh a sholáthar a bheadh cothrom do na teaghlaigh go léir ar ioncam íseal;
- úsáidtear acmhainní an údaráis áitiúil chun an scéim a mhaoiniú agus dá mba rud é go gcuirfí an costas a bhaineann leis ar na custaiméirí a íocann ní bheadh iomaíochas ar bith ag baint leis an tseirbhís;
- ní cheanglaítear ar oibreoirí príobháideacha tarscaoileadh a thabhairt agus dá réir sin bíonn míbhuntáiste ag údaráis áitiúla;
- laghdófaí seasamh iomaíoch an údaráis áitiúil dá leathnófaí scéim an údaráis áitiúil um tharscaoileadh chun custaiméirí oibreoirí príobháideacha a thabhairt san áireamh inti;
- córas náisiúnta um tharscaoileadh an réiteach is fearr ar mhaithe le cothroime agus cothromas;
- is cóir go maoineodh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh scéim náisiúnta um tharscaoileadh.
Is léir ón eolas a soláthraíodh go dáta go bhfuil an-éagsúlacht idir na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna n-oibriú ag údaráis áitiúla go háirithe ó thaobh na gcatagóirí daoine a mheastar a cháileodh don fhaoiseamh. Tá easpa comhsheasmhachta le tabhairt faoi deara tríd is tríd agus táim ar an eolas, ó thaobh ceantar geografach i gContae amháin ar a laghad, go bhfuil trí scéim éagsúla i bhfeidhm agus go bhfuil critéir cháilitheacha éagsúla ag gabháil le gach aon cheann díobh sin. Is minic dá thoradh go mbraitheann an faoiseamh, más ann dó, a bhíonn ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal ar an áit ina gcónaíonn siad agus ar a bhfoinse ioncaim, seachas ar a gcumas na billí a íoc. Is údar imní, ó thaobh riaracháin de, an easpa comhsheasmhachta nó comhionannais ó thaobh cur chuige de.
B’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gur scríobh an Oifig seo chuig an Roinn tamall ó shin i ndáil le deacrachtaí, lena n-áirítear ceist na neamh-chomhsheasmhachta maidir le riarachán an Deontais do Dhaoine Faoi Mhíchumas. Chuir an Roinn in iúl ina freagra go raibh athbhreithniú á dhéanamh aici ar an scéim agus é mar aidhm aici sraith níos comhsheasmhaí de réitigh a fhorbairt i gcomhair riachtanais tithíochta daoine breacaosta agus daoine faoi mhíchumas “chun a chinntiú go mbeidh an maoiniú atá ar fáil dírithe ar na daoine sin is mó a bhfuil gá acu le cabhair den sórt chun feabhas a chur ar chothromas agus ar chomhsheasmhacht agus chun nósanna imeachta riaracháin agus oibriúcháin a athchóiriú chun éifeachta”. D’fhoilsigh an Roinn a ráiteas nua beartais maidir leis an Deontas do Dhaoine Faoi Mhíchumas in “Ag Cur Tithe ar Fáil: Ar Mhaithe le Pobail”. B’fhéidir go bhféadfaí a chomhionann de chur chuige a úsáid chun réiteach a fháil ar an gceist seo chomh maith.
Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí na tuarascála a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
- ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú; agus/nó
- an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.
Ó tharla gur deireadh Mheán Fómhair 2007 an spriocdháta chun bailchríoch a chur ar an athbhreithniú, lena n-áirítear dréacht-tuarascáil, bheifí buíoch dá mbeifí ábalta freagra a thabhairt taobh istigh de 3 seachtaine.
Mise le dúthracht duit,
------------------ Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir
Aguisín 9 - Aighneacht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le muirir um bainistiú dramhaíola - Freagra ar fhiosrúchán i litir Oifig an Ombudsman dar dáta an 12 Meán Fómhair 2007
Fiosrúchán
“Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí na tuarascála a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
- ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú; agus/nó
- an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.”
Freagra
Ba ghnách go soláthraítí na seirbhísí bainistithe dramhaíola go háitiúil agus go gcinntí comhshocruithe aonair go háitiúil agus go saincheaptaí iad de réir imthosca áitiúla. Léiríonn an creat reatha dlí arna chinneadh ag an Oireachtas amhlaidh. Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola agus scéim ghaolmhar um tharscaoileadh ar bith a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Ar an gcaoi chéanna más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.
I gcás gur oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís agus is gnách gurb ea (is oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís i 20 ceann de na 34 údarás áitiúla), is é an t-oibreoir sin a chinnfidh na muirir. Ar an gcaoi chéanna maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach. Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh. D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.
Táthar ag súil leis, agus bhíothas ón mbliain 2005 i leith, go dtabharfadh údaráis áitiúla agus soláthraithe príobháideacha na seirbhísí bailithe dramhaíola muirir ‘íoctar de réir úsáide’ isteach. Tá sé beartaithe leis na muirir seo iompar níos freagraí a chur chun cinn i measc daoine aonair trí chúiteamh a dhéanamh leis na daoine a laghdaíonn ar dhramhaíl agus a athúsáideann/a athchúrsálann dramhaíl. Ní mór an t-ardú ginearálta atá tagtha ar mhuirir sa chomhthéacs seo a mheas i gcomhréir leis an ardú as cuimse a tháinig ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí um bainistiú dramhaíola a sholáthar ó tharla gur gá an ceanglas chun caighdeáin dhéine ach riachtanacha faoin gcomhshaol a chomhlíonadh agus infreastruchtúr forleathan athchúrsála a mhaoiniú.
I gcomhthéacs níos forleithne ardaíodh saincheist na muirear dramhaíola agus daoine/teaghlaigh ar ioncam íseal i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta. Rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sna ceantair chéanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.
Tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh. Ní fhéadfaí, áfach, meicníocht a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh trí bhíthin an chórais leasa shóisialaigh.
Ardaíodh na saincheisteanna a bhaineann le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh i gceantair áirithe thar cheantair eile arís eile i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine. Tugtar cúlra cheist an tarscaoilte sa tuarascáil, lena n-áirítear an comhthéacs dlí, agus caitear súil ar thrí mhúnla soláthair ar córais iad a mheastar a bheith níos cothromasaí sna húdaráis áitiúla. Feictear go bhfuil éagsúlacht nach féidir glacadh léi, ó thaobh na nithe a mbeadh daoine sna himthosca céanna ina dteideal, sna córais éagsúla atá i bhfeidhm faoi láthair.
Admhaítear go hiomlán sa tuarascáil lárnacht an phrionsabail ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus gur chóir go mbeadh dreasachtaí ann ionas go gcoinneodh na teaghlaigh go léir smacht ar an dramhaíl a ghineann siad agus go mbainfí a mhéid úsáide is ab fhéidir é as athchúrsáil.
Breathnaíonn na húdair tríd is tríd ar mhúnlaí féideartha chun córas um tharscaoileadh a bheadh níos cothromasaí go náisiúnta, mar is léir dóibhsean, a sholáthar agus bíonn siad ar aon fhocal, a bheag nó a mhór, faoi cheann amháin. Córas bunaithe go háitiúil, córas eisiatach creidmheasa cánach agus córas leasa shóisialaigh na trí rogha a breithníodh sa tuarascáil. Ní ghlactar leis an rogha creidmheasa cánach ó tharla an líon daoine sa spriocdhaonra a bheadh saor ó cháin. Ar deireadh thiar taobhaítear sa tuarascáil le córas a bheadh bunaithe go háitiúil seachas le córas leasa shóisialaigh. Áirítear na pointí seo a leanas ar na pointí a pléadh maidir leis an gcóras a bheadh bunaithe go háitiúil:
- is leis a bhainfeadh a laghad cur isteach ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair;
- feictear gurb é an córas clibeanna araidí an rogha is fearr (chuirfeadh an córas seo ar chumas daoine ar ioncam íseal suimeanna beaga a íoc go rialta ach leanfaidís orthu ag íoc na muirear ina n-iomláine nó ina ngálaí agus bheadh feidhm ag an bprionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ maidir le teaghlaigh dhíolmhaithe trí shrian a chur leis an líon clibeanna a bheadh le fáil ag líon réamh-mheasta daoine);
- ní cóir go mbeadh tras-fhóirdheonú san údarás áitiúil i gceist le maoiniú na scéime ach tharlódh sé taobh amuigh de réimse na dramhaíola .i. is cóir go maoineofaí é as íocaíochtaí breise a dhéanfadh úsáideoirí eile;
- tugtar aghaidh ar fhéidearthacht an mhaoinithe náisiúnta agus breithnítear go bhféadfadh An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh maoiniú a leithdháileadh “dá nglacfaí leis gur ionann an scéim um tharscaoileadh agus cineál íocaíocht leasa shóisialaigh” (ní dhéantar aon mholadh cinnte maidir leis seo ach ní bhreithnítear gur foinse fhéideartha mhaoinithe í an Roinn seo).
Is cóir a thabhairt faoi deara go ndírítear an tuarascáil go príomha ar sheirbhísí arna soláthar ag údaráis áitiúla.
Bhreithnigh Dáil Éireann ceist na scéimeanna um tharscaoileadh i mí Feabhra 2005 i gcomhthéacs rúin nár glacadh agus inar glaodh go dtabharfaí isteach Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh. Mhínigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil beartas an Rialtais ar an gceist an tráth sin. Ba é an beartas a bhí ag Rialtas i ndiaidh Rialtais gur chóir an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ a thabhairt san áireamh sna muirir dhramhaíola de réir dea-chleachtais an AE agus dea-chleachtais idirnáisiúnta i gcoitinne – i bhfocail eile maidir leis na muirir ar sheirbhísí dramhaíola gur chóir go dtabharfaí na costais a bhainfeadh lena soláthar san áireamh iontu agus gur chóir gurb iad na daoine a ghinfeadh an dramhaíl a d’íocfadh aisti. Tá foráil fhollasach á rá sin in Alt 22(6) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996.
Tá sé i gceist leis an athrú go dtí muirir bunaithe ar úsáid a tharla le blianta beaga anuas cúiteamh a dhéanamh leis na daoine siúd is lú a ghineann dramhaíl agus leis na daoine siúd is mó a bhíonn i mbun athchúrsála. Feilfidh an mheicníocht bheacht chun muirir a ghearradh in aon cheantar ar leith sa deireadh thiar d’imthosca áitiúla, do chostais áitiúla agus don teicneolaíocht a bhíonn ar fáil.
Maidir le muirir den sórt a tharscaoileadh, tá sé de chumhacht ag gach údarás áitiúil, ceann ar cheann, scéim um tharscaoileadh a dhéanamh i gcás gurb eisean an soláthraí seirbhíse nó comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach nuair nach eisean an soláthraí seirbhíse. Ar an mbealach seo féadfar réitigh áitiúla a shaincheapadh bunaithe ar imthosca áitiúla agus an prionsabal fóirdheonaithe a chur i bhfeidhm go cuí. Ba chóir, go hidéalach, go léireodh comhshocrú ar bith den sórt an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus go mbeadh dreasacht ann maidir le dramhaíl a athchúrsáil d’ainneoin nárbh amhlaidh an cás san am atá caite.
Sa ghnáthchleachtas is iondúil go mbíonn scéimeanna um tharscaoileadh ar fáil i gcás gurb é an t-údarás áitiúil é féin a sholáthraíonn an tseirbhís. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla, faoi na forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, comhshocruithe speisialta a dhéanamh i gcás cruatain má mheasann siadsan gur gá sin. Déanann roinnt de na húdaráis áitiúla amhlaidh más ar scála an-teoranta féin é.
Is ann d’fhorbairt bhreise amháin a bhaineann leis an tsaincheist seo. Táthar tar éis comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.
Mar sin d’fhonn breac-chuntas a thabhairt ar an seasamh níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla. Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin.
Aguisín 10 - Litir chuig An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
12 Meán Fómhair, 2007
Bernadette Lacey, Uasal Ard-Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Áras Mhic Dhiarmada, Sráid an Stórais, Baile Átha Cliath,1
Athbhreithniú ar Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola
A Ard-Rúnaí, a chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go raibh an tOmbudsman ag déileáil le líon áirithe gearán i ndáil le líomhaintí éagothroime i scéimeanna arna n-oibriú ag údaráis áitiúla a bhaineann le tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola. Chinn an tOmbudsman feidhm a bhaint as an gcumhacht atá in Alt 4 (3)(b) den Acht Ombudsman, 1980 maidir le himscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla. Tá sé beartaithe go (a) leagfar béim san athbhreithniú ar phríomh-shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, (b) go ndíreofar san athbhreithniú ar na drochéifeachtaí a bhí ar roinnt de chliaint na n-údarás áitiúil, agus (c) go mbreithneofar san athbhreithniú roghanna chun drochéifeachtaí ar bith den sórt a mhaolú.
Mar chuid den athbhreithniú seo roghnaíodh líon áirithe údarás áitiúil agus iarradh orthu ceistneoir a líonadh i ndáil lena gcórais bhailithe dramhaíola agus sonraí a thabhairt faoi scéim um tharscaoileadh dramhaíola ar bith atá i bhfeidhm. Tá cóip den cheistneoir faoi iamh mar eolas duit.
Nocht líon suntasach d’údaráis áitiúla na tuairimí seo a leanas sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir:
- níl na hacmhainní ag údaráis áitiúla chun scéim um tharscaoileadh a sholáthar a bheadh cothrom do na teaghlaigh go léir ar ioncam íseal;
- córas náisiúnta um tharscaoileadh an réiteach is fearr ar mhaithe le cothroime agus cothromas;
- is cóir go maoineodh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh scéim náisiúnta um tharscaoileadh.
Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Tá sé i gceist ag an Ombudsman tuarascáil a fhoilsiú maidir le toradh an athbhreithnithe agus chuige sin bheadh tuairimí do Roinne faoi shaincheist an Chórais Náisiúnta um Tharscaoileadh Bruscair arna fhorfheidhmiú tríd an gcóras Leasa Shóisialaigh fóinteach ionas go mbeadh an tOmbudsman ábalta léargas a thabhairt orthu ina tuarascáil.
Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí tuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
- ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú;agus/nó
- an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.
Ó tharla gur deireadh Mheán Fómhair 2007 an spriocdháta chun bailchríoch a chur ar an athbhreithniú, lena n-áirítear dréacht-tuarascáil, bheifí buíoch dá mbeifí ábalta freagra a thabhairt taobh istigh de 3 seachtaine.
Mise le dúthracht duit,
-------------- Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir
Aguisín 11 - Aighneacht ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Tagraím do do litir dar dáta an 12 Meán Fómhair 2007 i ndáil le hathbhreithniú an Ombudsman ar na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.
Is faoi gach údarás áitiúil as féin muirir bhainistithe dramhaíola a shocrú agus tarscaoileadh i ndáil leis an gcéanna a thabhairt isteach. Mar is eol duit feidhmíonn údaráis áitiúla faoi choimirce na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
Is cinnte gur saincheist áitiúil í seo agus tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Le fírinne tá dea-scéimeanna um tharscaoileadh á n-oibriú ag roinnt údaráis áitiúla cheana agus ní gá gurb iadsan na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil go díreach. Bíonn conraitheoirí príobháideacha páirteach i scéimeanna um tharscaoileadh i roinnt ceantar. Threisigh an tAire Ó Cuilinn an pointe seo le gairid i ndíospóireacht Dála ar an tsaincheist le gairid:
“ Tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Is ceist í ar chóir do na comhairleoirí áitiúla sna húdaráis áitiúla an cinneadh a dhéanamh fúithi. Is féidir leo é sin a dhéanamh trína bheith rannpháirteach sa phróiseas meastachán.”
Moladh go bhféadfadh an Roinn seo freagra a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola trí íocaíochtaí eisceachtúla riachtanas den scéim liúntais leasa forlíontaigh. D’fhéadfaí íocaíocht shingil a dhéanamh faoin scéim seo chun caiteachas riachtanach aon uaire eisceachtúil a íoc ar caiteachas é nach mbeifí ag súil leis le réasún go n-íocfadh duine as a ioncam nó as a hioncam seachtainiúil féin. Déantar na híocaíochtaí seo chun íoc as nithe cosúil le héadaí leapa nó gréithe cócaireachta do dhuine a bheadh i mbun tís den chéad uair nó as na costais a bhainfeadh le sochraidí, nó cuairt a thabhairt ar ghaolta in ospidéal nó i bpríosún. Níl sé i gceist go nglanfadh an scéim seo costas gnáthbhillí teaghlaigh.
Is í an Roinn seo atá freagrach as an bPacáiste Sochair Theaghlaigh (ar a nglaoití na Scéimeanna Saor in Aisce roimhe seo) a thugann cabhair d’fhaighteoirí lena gcostais gháis/leictreachais agus theileafóin agus le costas iomlán cheadúnas teilifíse a ghlanadh. Breithníodh an bhféadfaí an pacáiste seo a leathnú chun earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta, ar a bhféadfaí muirir dhramhaíola a áireamh, a chlúdach. Míníodh san Athbhreithniú ar na Scéimeanna Saor in Aisce a rinneadh sa bhliain 2000 go bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit agus go fiú údaráis áitiúla scéimeanna comhchosúla dá gcuid féin a thabhairt isteach dá mba mhian leo – mar seo a leanas:
“ Cé go measann faighteoirí gur scéimeanna an-luachmhara iad na Scéimeanna Saor in Aisce bíonn brú seasmhach ann na scéimeanna seo a leathnú agus earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta a thabhairt san áireamh iontu. Chuirfeadh scéimeanna nua ar bith leis an mbrú sin agus bhainfí acmhainní as réimsí eile mar shampla an ráta bunúsach íocaíochta a ardú. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit a scéimeanna féin a thionscnamh, mar shampla dá mbronnfadh Údaráis Áitiúla Ceadúnais Mhadraí Saor in Aisce mar chuid dá n-oibleagáidí sóisialta níos forleithne. Bronnann go leor cuideachtaí príobháideacha lamháltais ar phinsinéirí chun an úsáid a bhaintear as a ngnó a mhéadú agus bronntar na lamháltais chomh maith de bharr na n-aidhmeanna sóisialta a bhíonn ag cuideachtaí agus mar aitheantas ar a thábhachtaí agus a bhí a gcustaiméirí dóibh leis na blianta. Ní faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh foráil a dhéanamh do na nithe caiteachais go léir a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta fiú i gcás go n-aontófaí ar na nithe caiteachais siúd a bheadh i gceist.”
I gcás ar bith ní bheadh scéim náisiúnta leasa shóisialaigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola indéanta de bharr an raoin leathain de chórais mhuirir agus de struchtúir chostais atá i bhfeidhm i ndáil le bainistiú dramhaíola ar fud an Stáit. Mar is eol duit, bíonn muirir éagsúla á ngearradh ag údaráis áitiúla éagsúla agus in údaráis áitiúla i gcás gurb ann do níos mó ná soláthraí amháin. Ina theannta sin, mar a luaigh mé thuas, tá scéimeanna um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt údaráis áitiúla agus oibreoirí príobháideacha cheana féin ach arís eile bíonn na coinníollacha cáilitheacha do na scéimeanna seo éagsúil óna chéile. Bheadh ar chóras ar bith a chuirfí i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le muirir bhailithe dramhaíola na comhshocruithe éagsúla áitiúla a thabhairt san áireamh.
Rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine imscrúdú sa bhliain 2005 ina tuarascáil “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú: Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla” ar an gcleachtas a bhain le muirir a ghearradh ar sheirbhísí bailithe dramhaíola, scrúdaigh siad an réasúnacht a bhain leis an gcleachtas, shuigh siad na himpleachtaí a bheadh ann do theaghlaigh ar ioncam íseal agus bhreithnigh siad réitigh féideartha chun an t-ualach airgeadais a bhíonn ar theaghlaigh a mhaolú.
Forbraíodh sraith treoirlínte lena mbreithniú ag údaráis áitiúla agus córas chun muirir dhramhaíola a ghearradh á fhorfheidhmiú acu. Breithníodh sa tuarascáil gur trí mhúnla amháin, a shásódh na treoirlínte seo, a fhorfheidhmiú go náisiúnta an bealach ab éifeachtaí chun córas cóir comhsheasmhach a bhaint amach chun muirir dhramhaíola a ghearradh in Éirinn.
Mar a luaigh tú breithníodh na roghanna éagsúla maidir le múnlaí chun muirir dhramhaíola a ghearradh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine agus scrúdaíodh córas tarscaoilte áitiúil a d’fhorfheidhmeodh na húdaráis áitiúla, córas creidmheasa cánach a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta tríd an scéim chánach atá i bhfeidhm faoi láthair; agus córas leasa shóisialaigh a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta mar chuid den mheicníocht leasa shóisialaigh.
Breithníodh gach ceann de na roghanna ó thaobh a bhfeidhmithe, a bhforfheidhmithe ó thaobh an teaghlaigh de, a mbuntáistí agus a míbhuntáistí agus na himpleachtaí costais a bhainfeadh leo.
Rinneadh anailís ar gach ceann de na roghanna ó thaobh a mhéid is a d’fheil siad do na treoirlínte agus ó thaobh na roghanna soláthair. Cinneadh sa tuarascáil, i gcás go bhféadfaí cur chuige oiriúnach soláthair a fhorbairt, gurb é an córas tarscaoilte a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus aontaíonn an Roinn seo leis an mbreithniú sin.
Tionóladh sraith cainteanna idir oifigigh ón Roinn seo agus comhghleacaithe sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin tsaincheist seo. Tá an Roinn sin ar an eolas faoin seasamh atá againn.
B’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gur ceann de na gealltanais bhainistithe dramhaíola atá sa Chlár don Rialtas is ea a chinntiú “go mbeidh deireadh le bunrátaí ar dhiúscairt dramhaíola agus go dtabharfar isteach córas éigeantach táillí meá-choibhneasacha do bhailiúchán dramhaíola.” Is ceist í seo don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar ndóigh.
Glacaim leis gur chabhraigh an t-eolas seo leat.
Aguisín 12 - Freagra na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil ar an Dréacht-Tuarascáil
29 Bealtaine 2008
An tUasal Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir Oifig an Ombudsman 18 Sráid Líosain Íochtarach Baile Átha Cliath 2
A Dhuine Uasail,
Go raibh maith agat as cóip de do dhréacht-tuarascáil ar na scéimeanna um tharscaoileadh arna riar ag údaráis áitiúla a thabhairt dúinn.
Fáiltíonn an Roinn roimh an tuarascáil seo de chuid an Ombudsman a chabhróidh go mór le saincheist arbh ábhar tráchtaireachta í arís agus arís eile i measc páirtithe leasmhara agus breithneofar an tuarascáil agus go háirithe moltaí na tuarascála go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola.
Leagtar béim sa tuarascáil ar shaincheisteanna maidir le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh ag údaráis áitiúla agus gan scéimeanna den sórt a bheith i bhfeidhm i gceantair a ndéanann an earnáil phríobháideach freastal orthu. Saincheisteanna iad seo a d’ardaigh an earnáil phobail agus dheonach i gcomhthéacs na comhpháirtíochta sóisialta agus rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sa cheantar céanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith. Mar a tugadh faoi deara roimhe seo tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn seo agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh ach níorbh fhéidir meicníocht a aithint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh tríd an gcóras leasa shóisialaigh.
Aithnítear gur eascair saincheisteanna suntasacha rialála de réir mar a mhéadaigh na seirbhísí bainistithe dramhaíola go tapa le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an fás tapa a tháinig ar, agus an comhdhlúthú a rinneadh ar an earnáil phríobháideach um bainistiú dramhaíola. Bhí na nithe seo faoi chaibidil i gcomhairliúchán foirmiúil poiblí, lena n-áirítear déról na n-údarás áitiúil, .i. rialtóirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse, an gá atá ann a chinntiú go soláthraítear na seirbhísí dramhaíola ar bhealach a thiocfadh le cuspóirí agus spriocanna náisiúnta agus AE faoin gcomhshaol agus a chabhródh chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach, agus an gá atá ann a chinntiú go dtugtar léargas cuí ar na critéir riachtanacha seirbhíse poiblí i ndáil le seirbhísí a sholáthar i gceantair ar leith nó i ndáil le seirbhísí a sholáthar do theaghlaigh shonracha is cuma an í an earnáil phoiblí nó an earnáil phríobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís.
Níl amhras ar bith ann ach gur gá an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú. Cabhróidh an t-athbhreithniú a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar sheirbhís phoiblí na hÉireann lena n-áirítear cás-staidéar sonrach ar bhainistiú dramhaíola, go mór leis na hathruithe is gá a aithint agus a fhorfheidhmeofar i gcomhthéacs athbhreithniú foriomlán den bheartas náisiúnta bainistithe dramhaíola dá bhforáiltear sa Chlár don Rialtas agus atá á thionscnamh faoi láthair.
Is mise, le meas,
------------------ Geraldine Tallon Ard-Rúnaí