Tuarascáil Imscrúdú

Foilsithe Nollaig 2012

Imscrúdú faoi Alt 4 den Acht Ombudsman 1980, arna leasú

Oifig an Ombudsman

Ábhar

Imscrúdú de chuid an Ombudsman ar urghabháil cairr a rinne Custam agus Mál na gCoimisinéirí Ioncaim.

Seo imscrúdú a rinne an tOmbudsman Emily O'Reilly ar ghearán i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhain an gearán leis na cuisní a thit amach nuair a cuireadh  feithicil faoi choinneáil agus nuair a rinne oifigigh Chustam agus Mál urghabháil ar an gcarr agus bhí gá pionós airgid a íoc, chun go scaoilfí an carr.

Chinn an tOmbudsman:

  • trí urghabháil a dhéanamh ar an gcarr, gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim a ghnáthaimh féin a leanúint agus go raibh na bearta coinneála agus urghabhála sin contrártha le riarachán cóir, cothrom, fónta;
  • go raibh tionchar neamhfhabhrach aige ar na gearánaigh sa mhéid gur gearradh pionós airgeadais orthu agus ag an trioblóid a bhain le déileáil lenar tharla, agus
  • ina dhéileálacha leis na cliaint seo, gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim a ghnáthaimh féin a leanúint i ndáil le taifid chearta a choinneáil.

Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim le cinntí agus moltaí an Ombudsman.

An Gearán

Chuir an tUas. Caprani gearán faoi bhráid an Ombudsman inar sonraíodh ar tharla i mí Lúnasa 2005 – is é sin go ndearna oifigigh ó Chustam agus Mál na gCoimisinéirí Ioncaim a charr a urghabháil. Ag an am bhí a bhean gheallta ag suí i suíochán an tiománaí fad is a bhí seisean sa siopa. Ghabh Oifigigh na gCustam an carr agus thiomáin siad leo sa charr. Cuireadh an carr i gcoinneáil go foirmiúil cúpla lá ina dhiaidh sin. Bhí ar an Uas. Caprani agus In. Greene aontú pionós airgid a íoc le Custam agus Mál agus chun an carr a easpórtáil, ionas go scaoilfí an carr.

D’oibrigh an tUasal Caprani (saoránach Iodálach) in Éirinn ar bhonn sealadach idir 2001 agus mí Eanáir 2004, agus ansin d’fhill sé ar an Iodáil. Agus é ina chónaí san Iodáil i mí Iúil 2004 chuir sé airgead síos ar charr le cuideachta léasaithe Iodálach. Bhí an carr cláraithe ina ainm. I mí Feabhra 2005 d’fhill sé ar Éirinn lena bhean gheallta agus ansin fuair sé conradh oibre téarma sheasta dhá bhliain. Dúirt an tUas. Caprani gur fhiosraigh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim faoina charr a athchlárú agus dúradh leis nach raibh air sin a dhéanamh sa mhéid go raibh sé i dteideal ‘díolúine shealadach’ ó Cháin Chláraithe Feithiclí (CCF) ós rud é go raibh conradh gearr- théarmach aige.

Ina dhiaidh sin, chuir an tUas. Caprani isteach ar ‘dhíolúine shealadach’ ó CCF agus bronnadh an díolúine sin air. Rinne an tUas. Caprani gearán leis an Ombudsman faoin urghabháil agus faoin bpionós. D’áitigh an tUas. Caprani gur chóir go raibh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis foláireamh foirmiúil a eisiúint in ionad an carr a urghabháil agus pionós a ghearradh.

Díolúine Shealadach

Agus duine ag teacht chun cónaithe sa Stát, féadfaidh an duine sin a bheith i dteideal faoiseamh sealadach nó buan a fháil ó CCF, ag brath ar chúinsí pearsanta. Tá na coinníollacha leagtha síos sna Rialacháin. Chun go mbeadh duine incháilithe is gá don duine sin na coinníollacha go léir a shásamh agus is gá iarratas foirmiúil a dhéanamh. Féadtar an díolúine a thabhairt do dhuine atá “lonnaithe lasmuigh den Stát” agus tá sé ina choinníoll den díolúine nach dtiomáinfeadh aon duine atá lonnaithe sa Stát, saoránach Éireannach, an carr. Sa chás seo sáraíodh an coinníoll sa mhéid gur thiomáin In. Greene, saoránach Éireannach, an carr. Tá sárú na gcoinníollacha seo ina chion.

Gnáthaimh na gCoimisinéirí Ioncaim

Tá polasaí agus gnáthaimh na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le CCF leagtha síos ina dhá dhoiciméad a mbíonn an fhoireann ag brath orthu “Section 5 Vehicle Registration Tax Manual (Enforcement)” agus “Customs and Excise Enforcement Procedures Manual”.  Cuireann na gnáthaimh síos ar conas déileáil le sáruithe ar na gnáthaimh. Sa dá chás d’fhoráil na gnáthaimh go bhféadfaí déileáil le céad-chion nó mionchionta trí rabhadh a thabhairt seachas an fheithicil a urghabháil. I gcás doiciméad amháin, sonraítear go bhfuil feidhm aige seo i gcás go bhfuil an carr á thiomáint sa Stát ag cónaitheoir, saoránach Éireann, den chéad uair.

Leagtar amach sna gnáthaimh freisin nár chóir don fhoireann forfheidhmiúcháin dúshlán a thabhairt go randamach i gcás feithiclí aonair, neamhchláraithe mura bhfuiltear ag spriocdhíriú go háirithe ar an bhfeithicil sin ar bhonn próifílithe, breathnóireachta áitiúla, eolais/gearáin….sula dtugtar dúshlán ina leith  (“enforcement staff should not engage in random challenges of lone, unregistered vehicles.  Instead such vehicles should be targeted primarily on the basis of profiling, local observation, information/complaints...before they are challenged.”). Tugann an fhianaise sa chás seo le fios gur tugadh dúshlán randamach agus nár chrutaigh na Coimisinéirí Ioncaim gurb é seo an chéad uair d’In Greene an charr a thiomáint.

Cuirtear síos sna gnáthaimh freisin ar an gcineál taifead ba chóir don fhoireann forfheidhmiúcháin a choinneáil agus an t-eolas ba chóir a thaifeadadh.

An tImscrúdú

Le linn an réamhscrúdaithe lorg an tOmbudsman gach comhad de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an tarlú, agus chinn sí go raibh imscrúdú baránataithe chun na nithe seo a leanas a chinneadh:

  • cibé acu an raibh an tUas. Caprani i dteideal Díolúine Shealadach nó nach raibh;
  • cibé acu an raibh urghabháil agus coinneáil an chairr agus an pionós a gearradh ina bhfreagra cóir, cothrom, comhréireach ar an gcion, agus nó nach raibh
  • cibé acu ar cloíodh le gnáthaimh chearta na gCoimisinéirí Ioncaim nó nár cloíodh.

Ag freagairt don Ráiteas maidir le Gearán agus do bharúil tosaigh an Ombudsman, shoiléirigh na Coimisinéirí Ioncaim a ról i ndáil le forfheidhmiú agus chuir síos ar theagmhálacha idir na páirtithe sa tarlú seo. Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis nach raibh dóthain fianaise ann a chinneadh cibé acu an raibh seo ar an gcéad uair a thiomáin In. Greene an carr nó nárbh ea. Sna cúinsí áirithe sa chás seo, bhí na Coimisinéirí Ioncaim sásta aisíoc a dhéanamh.

Tráth ar seoladh an dréacht-tuarascáil den imscrúdú chuig na Coimisinéirí Ioncaim, thairg siad íocaíocht de €5300 a dhéanamh leis na gearánaigh. Bhí an tOmbudsman sásta le seo.

Moltaí

Sa mhéid go raibh an tOmbudsman sásta leis an íocaíocht, ní raibh gá le haon mholtaí maidir leis an tarlú sa tuarascáil deiridh. Chuir an tOmbudsman moladh amháin faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, ámh, faoi ghnáthaimh riaracháin áirithe dá gcuid. Go háirithe mhol sí do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • gur chóir go mbeadh na lámhleabhair ghnásúla de  réir a chéile;
  • gur chóir cloí leis na gnáthaimh aontaithe agus gur chóir iad seo a chur i gcuimhne don fhoireann;
  • gur chóir taifid iomlána a choinneáil;
  • gur chóir dátstampa a chur ar fhógraí coinneála agus urghabhála gach tráth agus gur chóir tiománaithe a chur ar an eolas ó bhéal agus i scríbhinn, faoina gceart chun achomhairc.

Iarradh ar na Coimisinéirí Ioncaim freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an Díolúine Shealadach, chun a chinneadh cibé acu an mbeadh sé iomchuí go gcláródh tiománaithe an díolúine sin laistigh de thréimhse shocraithe tar éis dóibh teacht isteach sa tír.

Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis na moltaí go léir. I ndáil leis an athbhreithniú beartaithe ar an díolúine, shoiléirigh na Coimisinéirí Ioncaim nach féidir seo a dhéanamh ach i gcomhthéacs chomhoiriúnacht le dlí an AE agus go bhfuil an cheist idir lámha.