San imscrúdú seo ag Oifig an Ombudsman, féachtar ar an dóigh a láimhseálann ospidéil phoiblí in Éirinn gearáin faoina gcuid seirbhísí. Féachtar ann go háirithe ar cé chomh maith is a éisteann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ospidéil phoiblí (ospidéil dheonacha san áireamh) le haiseolas agus le gearáin agus ar cé acu atá nó nach bhfuil FSS agus ospidéil phoiblí ag foghlaim ó ghearáin chun feabhas a chur ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Ó thús an imscrúdaithe seo, d’iarr an Oifig seo tuairimí ó dhaoine den phobal a raibh gearán faoi sheirbhís ospidéil déanta acu mar othar nó mar ghaol agus/nó chúramóir.
Ba é seo a leanas ceann amháin de na príomhphointí a tháinig as an rannpháirtíocht phoiblí sin:
- ní heol do chuid mhór úsáideoirí seirbhísí ospidéil (cibé acu is othair nó gaolta/cúramóirí iad) conas gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ospidéil agus níl siad ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil dóibh déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an ceart atá acu an gearán a chur faoi bhráid na hOifige seo Shainaithin rannpháirtithe gurbh iad seo a leanas na príomhbhacainní ar aiseolas a thabhairt agus ar ghearán a dhéanamh:
- eagla roimh na hiarmhairtí a bheadh ann ar a gcóireáil féin nó ar chóireáil a ngaolta;
- easpa muiníne go ndéanfadh an gearán aon difear don scéal.
Rinne an Oifig seo suirbhé ar gach ospidéal poiblí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas gearán mar a fheidhmítear é ar fud na tíre agus thug sí cuairt ar 8 n-ospidéal a roghnaíodh go randamach chun staidéar ní ba ghrinne a dhéanamh ar a gcuid próiseas. Thángamar le chéile le bainisteoirí sinsearacha ó FSS, leis an Roinn Sláinte, le heagraíochtaí ionadaíocha agus le rialálaithe earnála sláinte. Fuaireamar aighneachtaí ó eagraíochtaí ionadaíocha eile agus ó ghrúpaí tathanta othar freisin.
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhthorthaí ar an imscrúdú:
1. Ba chóir aiseolas a spreagadh – Thuairiscigh daoine den phobal go raibh easpa eolais acu ar conas aiseolas a thabhairt nó gearán a dhéanamh. Ní mór do FSS agus do na hospidéil an fhaisnéis agus na tacaí atá ar fáil a phoibliú chun daoine a spreagadh agus cabhrú leo a gcuid eispéireas ar chúram ospidéil a chomhroinnt agus chun an próiseas a dhéanamh níos inrochtana do gach duine. Ba chóir féachaint ar ghearáin mar bhealach dearfach lena chinntiú go gcuirfear feabhas leanúnach ar sheirbhísí cúram sláinte.
2. Is gá foghlaim ó ghearáin – Chuir baill foirne ospidéil in iúl don Oifig seo go mbíonn sé deacair go minic aiseolas inmheánach a fháil ar an toradh ar ghearáin. Mar gheall air sin, agus ar an gcreideamh a bhí ag rannpháirtithe san fhócasghrúpa nach ndéanann gearáin aon difear ar bith, tá gá ann le béim nua a chur ar fhoghlaim ó ghearáin (agus ar an bhfoghlaim sin a chomhroinnt). Má táthar chun seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar, bainfidh ríthábhacht le freagra éifeachtach a thabhairt ar ghearáin agus le foghlaim uathu. Mar sin, ba chóir foghlaim ó ghearáin a bheith ag gabháil le foghlaim ó fhoinsí eile amhail teagmhais dhíobhálacha agus neasteagmhais.
3. Tá ról ag bainisteoirí sinsearacha sa phróiseas gearán – ní mór do bhainisteoirí sinsearacha cultúr dearfach gearán a chur chun cinn agus a athneartú ar bhealach gníomhach sofheicthe laistigh de na hospidéil.
4. Is gá torthaí a phoibliú tuilleadh – Tá sé tábhachtach go dtarraingíonn FSS agus na hospidéil aird ar thorthaí ar ghearáin as a dtagann feabhsuithe agus athruithe ar nósanna imeachta agus go gcuireann siad na feabhsuithe sin in iúl do dhaoine (an pobal, foireann ospidéil agus na hospidéil). Rinne an tOmbudsman roinnt moltaí de bhun na dtorthaí sin. Áirítear iad seo a leanas leis na moltaí sin:
- Ba chóir beartas comhordaithe um ghlacadh gearán a fhorbairt, rud trína mbeidh an córas, agus ní an gearánach, freagrach as gearán a chur chuig an áit cheart lena réiteach.
- Ba chóir dóthain tacaíochta a thabhairt do sheirbhísí tathanta neamhspleácha agus ba chóir comharthaíocht shoiléir a bheith ann chuig na seirbhísí sin laistigh de gach ospidéal ionas go mbeidh a fhios ag othair agus ag a gcuid teaghlaigh cén áit ar féidir leo tacaíocht a fháil sa chás gur mian leo ábhar imní nó fadhb a chur in iúl.
- Ba chóir do gach ospidéal cur chuige caighdeánach a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis a bhíonn ar fáil don phobal.
- Ba chóir struchtúr caighdeánaithe um ghearán a bhailiú agus a thaifeadadh a fhorbairt ar fud na ngrúpaí ospidéal, rud lena leagtar amach cineál an ghearáin, an modh cumarsáide de rogha agus na torthaí is inmhianaithe.
- An toradh ar aon imscrúdú ar ghearán, mar aon le sonraí faoi aon athruithe atá beartaithe a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta ospidéil de bharr an imscrúdaithe, ba chóir iad a chur in iúl don ghearánach, agus freagra á thabhairt ar gach saincheist a ardaíodh sa ghearán.
- Ba chóir do gach grúpa ospidéal tuarascáil sé mhí a chur ar fáil do FSS maidir le feidhmiú an chórais ghearán, áit a leagfar amach na saincheisteanna a bhí taobh thiar de ghearáin agus na bearta a rinneadh chun iad a réiteach. Ba chóir do FSS teachtaireacht bhliantúil a fhoilsiú ar na tuarascálacha sé mhí sin freisin
- Ba chóir do gach ospidéal plean um fhorfheidhmiú foghlama a fhorbairt de bhun aon mholtaí ó ghearán, áit ar chóir an méid seo a leanas a bheith leagtha amach: an gníomh a theastaíonn, an duine/na daoine atá freagrach as an ngníomh a fhorfheidhmiú agus an tréimhse ama a theastaíonn.
- Ba chóir do gach grúpa ospidéal gearáin a fuarthas agus ar déileáladh leo laistigh den ghrúpa ospidéal sin a phoibliú (trí chásleabhar a fhorbairt). Ba chóir achoimrí ginearálta ar an ngearán a fuarthas agus ar an dóigh ar tugadh chun críche/réitíodh é (lena n-áirítear samplaí d’fheabhsuithe seirbhíse a tháinig chun cinn dá bharr) a bheith leagtha amach sa chásleabhar sin agus ba chóir é a chur ar fáil don fhoireann liachta, altranais agus riaracháin ar fad agus do bhainisteoirí sinsearacha araon.
Tá sé beartaithe ag an Ombudsman iarraidh ar FSS agus ar gach ceann de na hospidéil dheonacha plean gníomhaíochta a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na moltaí sin.