1. Cúlra

1.1 Is iad na páirtithe leis an MoU seo:

  • an tOmbudsman agus Oifig an Ombudsman (OO), arna bhunú faoin Acht Ombudsman, 1980 (Acht 1980) arna leasú; agus
  • an tOmbudsman do Leanaí agus Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO), arna bhunú faoin Acht Ombudsman do Leanaí, 2002 arna leasú (Acht 2002).

1.2 Déanann an OO ag feidhmiú faoi Acht 1980 imscrúdú ar ghearáin in aghaidh chomhlachtaí poiblí áirithe. Déanann an OCO ag feidhmiú faoi Acht 2002 imscrúdú ar ghearáin in aghaidh chomhlachtaí poiblí áirithe lena n-áirítear scoileanna agus ospidéil dheonacha.

1.3 Faoi Acht 1980 agus Acht 2002, eascraíonn imscrúduithe i gcás “go raibh nó go bhféadfadh tionchar diúltach bheith ag an ngníomh” ar dhuine. I gcás an OCO, caithfidh an tionchar bheith ar leanbh; i gcás an OO, is “duine” atá sa duine ar a raibh tionchar diúltach sa bhrí níos leithne d’aon duine nádúrtha nó aon aonán corparáideach. Ach, leasaíonn Acht 2002 Acht 1980 lena fhoráil nach ndéanfaidh an OO imscrúdú ar aon ghníomh lena mbaineann alt 8 den Acht 2002, is é sin, gníomh go raibh nó go bhféadfadh tionchar diúltach bheith aige ar leanbh. Is léir gurbh é rún an Oireachtais i gcás go raibh nó go bhféadfadh tionchar diúltach bheith ag gníomh chomhlachta poiblí ar leanbh gur cás don OCO atá ann seachas don OO.

1.4 Beidh cásanna, áfach, ina mbeidh nó ina bhféadfaí tionchar diúltach bheith ag gníomh chomhlachta poiblí ar leanbh agus ar dhuine fásta. Tugtar bunús san MoU seo ar chomhoibriú breisithe le dul i ngleic agus le déileáil leis na cásanna seo go cuí.  Cuireann sé le rannpháirtíochtaí agus le comhairliúcháin faoi ghearáin a tharla roimhe seo idir an dá Oifig ar bhonn neamhfhoirmiúil.  D’aontaigh an dá Ombudsman leis an MoU seo d’fhonn a dtiomantas comhroinnte le hoibriú le chéile ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir ar son leas an phobail a bhreisiú.

2. Cuspóir an Mheabhráin

2.1 Dearadh an MoU chun comhsheasmhacht idirghníomhaireachta a chur chun cinn idir an dá Oifig agus scrúdú agus imscrúdú á dhéanamh ar ghearáin i ndáil lena bhfuil dlínse ag ceachtar Oifig nó an dá Oifig. D’fhonn dúbailt iarrachta a íoslaghdú agus cuidiú le scrúdú agus imscrúdú tráthúil agus éifeachtúil ar ghearáin, faoin MoU déanfaidh an dá Oifig na nithe seo a leanas:

  • Cothóidh siad cumarsáid agus comhoibriú lena chéile;
  • Bainfidh siad an úsáid is fearr as na hacmhainní poiblí a chuirtear ar fáil dóibh;
  • Láidreoidh siad socruithe pearsanta chun gearáin a láimhseáil ar féidir le ceachtar Oifig scrúdú/imscrúdú a dhéanamh orthu;
  • Coinneoidh siad mianta agus leas is fearr gearánaithe lárnach i gcinntí maidir le dlínse; agus
  • Déanfaidh siad monatóireacht ar éifeachtacht na socruithe oibre comhoibríocha.

3. Scóip an MoU

3.1 Clúdaíonn an MoU seo comhdhlínsí nó dlínsí nasctha a bhaineann le feidhmeanna imscrúdaithe gearán an OO agus an OCO i gcás go dteastóidh cinneadh maidir lenar cheart scrúdú/imscrúdú a dhéanamh ar ghníomh líomhnaithe i bhfeidhmiú feidhm riaracháin faoi Acht 1980 nó Acht 2002.

3.2 Áirítear leis na tosca a mbeifí ag súil go gcuirfeadh an OO agus an OCO san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cé acu a dhéanfaidh imscrúdú ar an ngearán:

  • cén Oifig Ombudsman is fearr sna cúinsí an t-imscrúdú is éifeachtúla a dhéanamh, lena n-áirítear an bhfuil eolas nó taithí ar leith ag ceachtar Oifig atá ábhartha do na saincheisteanna a d’ardaigh an gearánaí; 
  • cén Oifig Ombudsman atá in ann réiteach níos éifeachtúla a chur ar fáil, lena n-áirítear feidhm an OCO faoi alt 7 d’Acht 2002 chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn a thabhairt san áireamh; agus
  • aon tuairim nó rogha a chuireann an gearánaí in iúl.


3.3 Aontaíonn an OO agus an OCO leanúint ar aghaidh, faoin MoU seo, leis an gcomhaontú idir na hOifigí gur féidir leis an OO scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin aonair a bhaineann le híocaíocht liúntais agus deontais áirithe le tuismitheoirí/caomhnóirí i ndáil le leanaí, mar shampla – íocaíochtaí reachtúla nó lánroghnacha sochar linbh, liúntas cúraim baile, íocaíochtaí riachtanas eisceachtúla faoin scéim liúntas leasa forlíontach, íocaíochtaí faoin scéim liúntas éadaí agus coisbhirt um fhilleadh ar scoil, liúntas/sochar cúramóra, sochar uchtála, íocaíocht chaomhnóra (ranníocach), sochar máithreachais agus sochar sláinte agus sábháilteachta.

3.4 D’ainneoin dlínse reachtúil ginearálta an OCO agus ar mhaithe le soiléireacht, d’aontaigh an OO agus an OCO roimhe seo go mbeidh na scéimeanna sin lena mbaineann íocaíochtaí díreacha le leanaí i measc na scéimeanna a dhéanfaidh an OCO scrúdú agus imscrúdú orthu, mar seo a leanas:

  • liúntais oiliúna (cosúil leo siúd faoi roinnt scéimeanna VTOS, Solas (FÁS mar a bhí) nó ETB (VEC mar a bhí) eile);
  • sochar linbh le máthair óg (i.e. faoi 18);
  • liúntas míchumais do leanaí;
  • sochar máithreachais le máthair óg (i.e. faoi 18) os cionn aois na hoibre (16) a bhfuil dóthain íocaíochtaí PRSI acu;
  • scéim bhreoiteachta fadtéarmaí i ndáil le leanaí;
  • cártaí leighis do leanaí i gcúram; agus
  • cártaí leighis do leanaí ar liúntas míchumais.

4. Sainchomhairliúchán agus Idirchaidreamh idir na hOifigí

4.1 Tá an OO agus an OCO tiomanta do chinntiú go ndéileálfar le haon cheist faoi cé acu Oifig a bhfuil dlínse aici i gcás áirithe go tapa, go comhoibríoch agus le leas is fearr an ghearánaí ar intinn.

4.2 I gcás go bhfaigheann an OO nó an OCO gearán le himscrúdú a thagann faoi dhlínse na hOifige eile, cuirfear ar aghaidh é, le toiliú an ghearánaí, chuig an oifig chuí.

4.3 I gcás go gcinneann an OO agus an OCO, tar éis sainchomhairliúcháin, go bhfuil sé níos cuí don Oifig eile dul ar aghaidh leis an scrúdú/imscrúdú a thagann faoi dhlínse ceachtar oifig, lorgóidh an Oifig tagartha toiliú an ghearánaí chun an gearán a phróiseáil dá réir.

4.4 I gcásanna eisceachtúla ina gceapann an dá Ombudsman gur gá tabhairt faoi imscrúdú ag eascairt as gné amháin de ghearán, tá an dá Ombudsman tiomanta do chomhoibriú le chéile a mhéid agus is féidir laistigh den reachtaíocht rialaitheach ombudsman. I gcás go roinnfí eolas nó cáipéisíocht idir na hOifigí, chun críocha scrúdú nó imscrúdú sna cásanna sin, caithfear leis an ábhar sin go rúnda. I gcásanna mar sin, beidh sé mar chleachtas ag a dá Oifig comhairle a chur ar an gcomhlacht poiblí nó ar an tríú páirtí lena mbaineann faoi rún chun an t-eolas nó cáipéisíocht a roinnt ar an mbealach seo. 

4.5 Beidh meas ag gach Oifig ar rúndacht an eolais a mhalartaítear faoin MoU seo agus a fuarthas trí chumhachtaí reachtúla na hOifige eile agus a bhaineann le haon duine a mheabhraítear in Acht 1980 nó in Acht 2002. Cloífidh an dá Oifig le haon dualgais neamhnochta atá ceangailteach ar an Oifig eile agus le haird chuí ar riachtanais rúndachta i ndéanamh imscrúdaithe de bhun Alt 9 d’Acht 1980 agus Alt 16 d’Acht 2002. Seachas sin, caithfear leis an ábhar go rúnda.

4.6 Is iondúil go nglacfaí cinneadh cibé ar cheart don OO nó don OCO déileáil le gearán ar leith go luath tar éis an gearán a fháil nó tar éis aon eolas breise a fháil a bheadh riachtanach chun tuiscint shoiléir a thabhairt ar an ngníomh riaracháin atá mar bhunús leis an ngearán.  Déanfaidh an OO agus an OCO iarracht bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar dhlínse laistigh de 3 seachtain ón ngearán a fháil.  I ngach cás, eiseofar litir sheachadta idir na hOifigí chun cinntí a bhaineann le haistriú cáipéisíochta gearáin chun críocha próiseála a thabhairt le fios.

4.7 Má dhéantar cinneadh, i rith shaolré an MoU seo, a bhfuil mórshuntasacht aige i ndáil cé acu Oifig a ghlacann freagracht as rang cásanna ar leith (ní chlúdaítear rang cásanna go sonrach san MoU seo) aontóidh an dá Oifig cinneadh i scríbhinn agus cuirfear Aguisín leis an MoU ina luafar cineál áirithe an chinnidh agus a impleachtaí.

4.8 Buailfidh oifigigh sinsearacha ón dá Oifig ar a laghad uair sa bhliain chun ceisteanna atá ina ábhar imní don dá oifig a phlé.

4.9 Ceapfaidh an dá Ombudsman beirt chomhthadhaill, ag leibhéal Imscrúdaitheoir nó a chomhionann, ina nOifigí faoi seach chun socruithe comhoibritheacha a aontaíodh faoin MoU a fheidhmiú agus a mhonatóiriú.

5. Dáta Feidhme agus Athbhreithniú

5.1 Beidh feidhm le forálacha an MoU seo ón 5 Meán Fómhair 2014.

5.2 Déanfaidh an dá Ombudsman athbhreithniú ar an MoU tar éis 12 mhí nó ag am eile a iarrann ceachtar Ombudsman.

Peter Tyndall 
Ombudsman
Emily Logan
Ombudsman do Leanaí