1.1 Oifig an Ombudsman, a bunaíodh faoin Acht Ombudsman, 1980, arna leasú, agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), a bunaíodh faoin Acht Sláinte 2007 arna leasú (“na Páirtithe”), is mian leo creat a bhunú le haghaidh comhair agus comhroinnt faisnéise maidir leis na gnéithe sin de sheirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta a thagann faoina sainchúraimí faoi seach agus is mian leo freisin nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú chun daoine den phobal a atreorú chuig seirbhísí na hoifige eile.
1.2 Déanann Oifig an Ombudsman scrúdú agus/nó imscrúdú ar ghearáin in aghaidh comhlachtaí poiblí áirithe, na hospidéil go léir a sholáthraíonn seirbhísí sláinte poiblí san áireamh, ar ghearáin in aghaidh seirbhísí cúraim shóisialta a sholáthraítear go poiblí (lena n-áirítear seirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas) agus ar ghearáin in aghaidh tithe altranais príobháideacha a bhfuil a gcónaitheoirí ag fáil tacaíocht stáit nó fóirdheontas stáit. Is faoi réir shainchúram an Ombudsman atá comhlachtaí a chuireann seirbhísí sláinte nó seirbhísí sóisialta pearsanta ar fáil ar son FSS agus le cúnamh ó FSS faoi alt 38 agus alt 39 den Acht Sláinte 2004 freisin. Cinneann an tOmbudsman cé acu a déileáladh le gearánaigh go cothrom agus go cuí nó nár déileáladh. Féadfaidh sé sásamh do ghearánaigh a mholadh, más cuí, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhsúcháin chórasacha a thagann as gearáin aonair agus as gearáin i gcoitinne.
1.3 Is údarás reachtúil neamhspleách é HIQA. Bunaíodh é chun sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn i soláthar seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta chun dul chun tairbhe do shláinte agus folláine an phobail. Clúdaítear raon leathan seirbhísí san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach le sainordú HIQA. Agus é ag tuairisciú don Aire Sláinte agus ag idirchaidreamh leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá freagracht ar HIQA as na nithe seo: caighdeáin a shocrú le haghaidh seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta; seirbhísí cúraim shóisialta a rialáil (tá freagracht ar Oifig an Phríomh-Chigire laistigh de HIQA as clárú agus cigireacht a dhéanamh ar sheirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas agus ar aonaid chúraim speisialta do leanaí); seirbhísí sláinte a rialáil (nochtadh leighis ar radaíocht ianúcháin); faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta do leanaí; éifeachtúlacht na dteicneolaíochtaí sláinte a mheas ón taobh cliniciúil de agus ó thaobh costas de; comhairle a thabhairt maidir le faisnéis sláinte a bhailiú agus a chomhroinnt ar bhealach éifeachtúil sábháilte; agus suirbhéanna náisiúnta a dhéanamh ar eispéiris úsáideoirí seirbhíse i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tríd an gClár Náisiúnta um Eispéireas Cúraim.
1.4 Go ginearálta, is é príomhról Oifig an Ombudsman ná gearáin aonair a scrúdú, sásamh aonair a sholáthar nuair is cuí agus torthaí ar ghearáin a úsáid chun riarachán poiblí a fheabhsú. I gcás HIQA, is é an príomhról ná cúram sábháilte ar ardchaighdeán a bhrú chun cinn do na daoine a úsáideann seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta, in ionad gearáin aonair a imscrúdú.
2.1 Cé go bhfuil sainorduithe ar leithligh agus ar deighilt i bhfeidhm acu, is chun na nithe seo a leanas a chinntiú atá cuspóirí an dá Pháirtí ann -
3.1 I gcomhréir leis na cuspóirí foriomlána atá leagtha amach sa Mheabhrán Tuisceana, is é aidhm an chomhaontaithe seo:
4.1 Breithneoidh na Páirtithe na gníomhartha sonracha seo a leanas:
I gcomhréir leis an Sceideal faoi iamh (Prótacal Oibriúcháin le haghaidh Gearáin Ábhartha a Aistriú), is amhlaidh, i gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta ó úsáideoir seirbhíse, ar gearán é atá faoi shainchúram HIQA, ar dhéileáil an soláthraí seirbhíse ábhartha leis cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith faoi shainchúram an Ombudsman, go ndéanfaidh HIQA, ar an gcoinníoll go bhfuarthas toiliú ón úsáideoir seirbhíse, sonraí pearsanta i ndáil le gearáin ábhartha a aistriú go díreach chuig Oifig an Ombudsman. I gcás nach dtabharfar toiliú, tabharfaidh HIQA sonraí teagmhála iomlána Oifig an Ombudsman don úsáideoir seirbhíse chun go mbeifear in ann gearán a dhéanamh go díreach le hOifig an Ombudsman.
4.2 I gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta ó thríú páirtí thar ceann úsáideoir seirbhíse, ar gearán é atá faoi shainchúram HIQA, ar dhéileáil an soláthraí seirbhíse ábhartha leis cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith faoi shainchúram Oifig an Ombudsman, déanfaidh HIQA, ar an gcoinníoll go bhfuarthas toiliú ón ngearánach tríú páirtí, sonraí pearsanta i ndáil le gearáin ábhartha a aistriú go díreach chuig Oifig an Ombudsman i gcomhréir leis an Sceideal faoi iamh. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta i ndáil leis an úsáideoir seirbhíse a aistriú chuig Oifig an Ombudsman más rud é go ndearna tríú páirtí an gearán thar ceann an úsáideora seirbhíse. I gcás nach dtabharfar toiliú, tabharfaidh HIQA sonraí teagmhála iomlána Oifig an Ombudsman don ghearánach tríú páirtí chun go mbeifear in ann gearán a dhéanamh go díreach le hOifig an Ombudsman.
4.3 I gcás go bhfaighidh HIQA gearán trí ríomhphost nó trí litir, tabharfaidh HIQA freagra i scríbhinn don ghearánach, áit a leagfar amach an rogha atá ag an ngearánach an gearán a atreorú chuig Oifig an Ombudsman, nóta achomair faoi shainchúram Oifig an Ombudsman agus sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman.
4.4 Féadfaidh HIQA aon fhaisnéis a gheofar a úsáid chun a fheidhmeanna rialála agus faireacháin féin a chur ar aghaidh.
4.5 I gcás go bhfaighidh Oifig an Ombudsman faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do HIQA, lena n-áirítear faisnéis/ábhair imní a eascraíonn as gearáin a bhreithniú, aistreoidh sí an fhaisnéis sin chuig HIQA trí na teagmhálaithe ábhartha atá luaite i gclásal 9. Tabharfaidh Oifig an Ombudsman sonraí teagmhála HIQA do dhaoine den phobal freisin de réir mar is cuí agus nuair is cuí.
4.6 Foilseofar an Meabhrán Tuisceana seo ar shuíomh Gréasáin an dá pháirtí mar aon leis na róil faoi seach atá ag an dá pháirtí agus faisnéis faoi conas a d’fhéadfadh an dá pháirtí cabhrú le gearánaigh ionchasacha.
4.7 Breithneoidh na Páirtithe comhthionscnaimh amhail tionscadail, taighde, láithreoireachtaí os comhair comhlachtaí poiblí nó imscrúduithe.
5.1 Sula n-aistríonn siad aon fhaisnéis nó sonraí pearsanta, sásóidh an dá pháirtí iad féin nach sáróidh aon aistriú den chineál sin a bhforálacha reachtacha féin maidir le rúndacht agus nach sáróidh sé aon fhorálacha reachtúla ábhartha eile, lena n-áirítear na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 2016/679). I gcás gur féidir ainmneacha a bhaint den fhaisnéis ar bhealach úsáideach sula n-aistrítear í, déanfaidh an dá pháirtí amhlaidh. Aithníonn an dá Pháirtí an tábhacht a bhaineann le húsáideoirí seirbhíse a chosaint agus, dá bhrí sin, is mian leo malartú éifeachtach tráthúil faisnéise a éascú chun an toradh sin a chinntiú nuair is cuí.
5.2 Tabharfaidh an dá pháirtí, a mhéid is féidir, aird ar rúndacht na faisnéise a mhalartaítear faoin Meabhrán Tuisceana seo.
5.3 Ní chomhroinnfidh ceachtar páirtí aon sonraí pearsanta, de réir an tsainmhínithe a thugtar sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus sa reachtaíocht um Chosaint Sonraí, seachas i gcás go bhfuil bunús dlíthiúil le déanamh amhlaidh faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
5.4 Chomhaontaigh an dá Pháirtí le dul isteach i gComhaontú Comhroinnte Sonraí, rud a fhoilseofar ar shuíomh Gréasáin an dá pháirtí.
Beidh an dá pháirtí ina n-aonar freagrach as riar agus caitheamh a n-acmhainní dílse i dtaca le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Meabhrán Tuisceana seo.
Féadfar aon fhoráil den Mheabhrán Tuisceana seo a leasú am ar bith le comhthoiliú i scríbhinn an dá oifig a fháil trí na sínitheoirí faoi seach.
8.1 Tiocfaidh an Meabhrán Tuisceana seo in éifeacht ar dháta a shínithe ag an mbeirt sínitheoirí agus beidh sé in éifeacht go dtí go bhfoirceannfar é i gcomhréir le clásal 11.
8.2 Beidh an Meabhrán Tuisceana seo faoi réir athbhreithniú foirmiúil gach dhá bhliain ó dháta a shínithe nó ar shlí eile de réir mar a iarrann aon pháirtí sa Mheabhrán Tuisceana seo. Déanfar athbhreithniú ar a bhfuil sa Mheabhrán Tuisceana seo chun a chinntiú go bhfanfaidh sé ábhartha, oiriúnach don fheidhm agus cothrom le dáta.
8.3 An t-athbhreithniú sin, ar cheart don dá Pháirtí é a sheoladh, is iad an duine atá i seilbh an phoist mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar HIQA agus an duine atá i seilbh an phoist mar Ombudsman a dhéanfaidh é. Tar éis an athbhreithnithe, is i gcomhréir le clásal 7 a dhéanfar aon athruithe riachtanacha a eascraíonn as.
9. Teagmhálaithe
9.1 Is iad seo na teagmhálaithe atá freagrach as oibriú an Mheabhráin Tuisceana seo:
Teagmhálaithe HIQA
An duine atá i seilbh an phoist mar Cheann um Chúram Sláinte
An duine atá i seilbh an phoist mar Leas-Phríomhchigire um Sheirbhísí Sóisialta – Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta
An duine atá i seilbh an phoist mar Leas-Phríomhchigire um Sheirbhísí Sóisialta – Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas
Teagmhálaí Oifig an Ombudsman
An duine atá i seilbh an phoist mar Bhainisteoir ar an Aonad um Luathréitigh
9.2 Ar an Meabhrán Tuisceana seo a shíniú, cinnteoidh an dá pháirtí go malartófar céannacht agus sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) na ndaoine dá dtagraítear i gclásal 9.1 leis an bpáirtí eile. I gcás go mbeidh athrú ann i gcéannacht aon teagmhálaí dá dtagraítear thuas le linn théarma an Mheabhráin Tuisceana seo, cuirfidh an páirtí lena mbaineann an méid sin in iúl don pháirtí eile agus cuirfidh sé sonraí teagmhála an teagmhálaí ionaid ar aghaidh chuig an bpáirtí eile.
Léirítear sa Mheabhrán Tuisceana seo rúin an dá pháirtí sa Mheabhrán Tuisceana. Níl sé beartaithe ag an Meabhrán Tuisceana seo aon oibleagáidí de chineál ar bith atá ina gceangal dlí a chruthú, seachas na hoibleagáidí atá ann chun rúndacht na faisnéise atá leagtha amach i gclásal 5 a choinneáil.
a) Féadfaidh ceachtar páirtí fógra foirceanta a thabhairt don oifig eile am ar bith. Foirceannfar an Meabhrán Tuisceana seo (seachas clásal 5) sé mhí tar éis dháta fála an fógra foirceanta.
b) Ní rachaidh foirceannadh an Mheabhráin Tuisceana seo i bhfeidhm ar na gealltanais rúndachta arna gcur in iúl ag an dá oifig sa Mheabhrán Tuisceana seo ná aon ghealltanais arna dtabhairt faoin Meabhrán Tuisceana seo nó mar thoradh ar an Meabhrán Tuisceana seo i dtaca le haon socruithe nó aon ghníomh arna dhéanamh le linn na tréimhse roimh theacht an fhoirceanta in éifeacht.
______________________ ______________________
Peter Tyndall Phelim Quinn
An tOmbudsman Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
An tÚdarás um Fhaisnéis agus
Cáilíocht Sláinte
Dáta: 9 Iúil 2019 Dáta: 9 Iúil 2019
1. I gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta, ar gearán é atá laistigh de shainchúram HIQA agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach dá scrúdú ag Oifig an Ombudsman (féach mír 1.2 den Mheabhrán Tuisceana) agus go gcreidfidh HIQA gur bhain an gearánach triail as sásra gearáin an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann, cloífear leis an nós imeachta seo a leanas:
2. Iarrfaidh HIQA, trína Ionad Láimhseála Faisnéise, toiliú i scríbhinn ón ngearánach (go pearsanta nó ar an teileafón) leis an ngearán a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
3. Má thugtar toiliú, míneoidh HIQA don ghearánach gur faoi Oifig an Ombudsman ar fad atá sé a chinneadh in aon chás ar leith cé acu is cóir nó nach cóir di an gearán a phlé leis an gcomhlacht i gceist.
Aistreoidh HIQA chuig Oifig an Ombudsman na sonraí pearsanta seo a leanas i dtaca le gearáin ábhartha:
Ainm an duine atá ag déanamh an ghearáin |
Sonraí teagmhála an duine atá ag déanamh an ghearáin (seoladh/seoladh ríomhphoist/uimhir theileafóin) |
Deimhniú á léiriú gur tugadh toiliú leis na sonraí teagmhála a aistriú |
Deimhniú á léiriú gurb é/í an t-úsáideoir seirbhíse é/í nó nach ea |
An gaol leis an úsáideoir seirbhíse, mura úsáideoir seirbhíse é/í |
Ainm an ionaid ainmnithe/na hinstitiúide ainmnithe |
4. Gach mí, déanfaidh an duine atá i seilbh an phoist mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin in Ionad Láimhseála Gearáin HIQA an fhaisnéis gearáin thuas a thiomsú agus a sheoladh go leictreonach chuig an teagmhálaí de chuid Oifig an Ombudsman atá luaite i gclásal 9 den Mheabhrán Tuisceana.
5. I gcás nach mbeidh aon fhaisnéis gearáin le haistriú chuig Oifig an Ombudsman in aon mhí ar leith, déanfar toradh nialasach ach cloí leis na céimeanna atá leagtha amach i bpointe 4.
6. Beidh freagracht ar Oifig an Ombudsman as aon ghearáin fhéideartha a gheofar ó HIQA a scagadh.
7. Agus í ag cloí le gnáthphróiseas scagtha Oifig an Ombudsman, tabharfaidh Oifig an Ombudsman eolas do HIQA (ach ríomhphost a sheoladh chuig concerns@hiqa.ie) má tá imscrúdú á dhéanamh ag Oifig an Ombudsman i dtaca le haon ionad ainmnithe nó institiúid ainmnithe a d’fhéadfadh teacht faoi shainchúram HIQA. Géarófar an fhaisnéis sin chuig an sealbhóir cásanna ábhartha laistigh de HIQA.
8. Má tá tuarascáil ó Oifig an Ombudsman le foilsiú tar éis imscrúdú den sórt sin, ba cheart cóip den tuarascáil sin a thabhairt do HIQA (ach ríomhphost a sheoladh chuig concerns@hiqa.ie) sula bhfoilseofar í. Géarófar an fhaisnéis sin chuig an sealbhóir cásanna ábhartha laistigh de HIQA.