Cé hí an Ombudsman agus cad a dhéanann sí?

Is féidir leis an Ombudsman gearáin a bhaineann le gnóthaí riaracháin i raon leathan de chomhlachtaí poiblí a scrúdú. Ina measc bíonn gearáin maidir le moill thar fóir nó gan gníomh ar bith a bheith déanta. Freisin is féidir léi gearáin a scrúdú maidir le daoine le míchumas a bheith i n-ann iontráil ar fhoirgnimh poiblí agus teacht a bheith acu ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis.


Conas a sheasann an dlí do dhaoine le míchumais maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí?

Cuireann an tAcht Míchumais 2005 dualgas láidir ar Ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais. Tugann an tAcht seo cumhachtaí nua don Ombudsman chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le heaspa géilliúna ag comhlachtaí poiblí agus dreamanna eile. Déileálann an Chuid seo le cumas iontrála ar fhoirgnimh poiblí agus le teacht ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis.

Nil ról ar bith ag an Ombudsman i ndáil le Codanna eile den Acht Míchumais 2005, cur i gcás:

  • riachtanais a mheas (Cuid 2) nó
  • fostaíocht sa tseirbhis phoiblí (Cuid 5).

Tá treoracha ar leithligh san Acht Míchúmais maidir le bainistiú na ngearán seo:

Tá idirdheighilt ar bith a dhéanann eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach agus iad ag soláthar earraí nó seirbhísí don phobal i gcoitinne, curtha taobh amuigh den dlí ag na hAchtanna Comhionannais 2000 go dtí 2004. De réir na nAchtanna sin tá an t-idirdheighilt mídhleathach ar naoi mbonn difriúla agus ceann amháin díobh sin is ea míchumas. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi na hAchtanna Míchumais 2000 – 2004 a fháil ón Údarás Comhionannais (http://www.equality.ie/). Níl ról ar bith ag an Ombudsman maidir leis na hAchtanna Comhionannais 2000 – 2004.


An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?

Tá. Déileálann an Ombudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaon.


Cad tá i gCuid 3 den Acht Míchumais 2005?

Déileálann Cuid 3 den Acht Míchumais 2005 le:

  • fáil isteach i bhfoirgnimh poiblí (Alt 25)
  • fáil ar sheirbhísí (Alt 26)
  • fáil ar sheirbhísí a sholáthraítear chuig comhlacht poiblí (Alt 26)
  • fáil ar eolas (Alt 28)
  • fáil isteach ar láithreáin oidhreachta (Alt 29) agus
  • ‘pleananna earnála’ (Ailt 32 – 37).


Cad a thuigtear le ‘pleananna earnála’?

Bíonn sé mar cheangal ar sheisear Airí Stáit pleananna earnála a ullmhú. Léiríonn na pleananna seo cad tá beartaithe ag na hAirí a dhéanamh lena cinntiú go bhfaigheann daoine le míchumais áirithe na seirbhísí atá ag dul dóibh. Clúdaíonn siad an ról atá ag comhlachtaí poiblí nó daoine eile a bhfaigheann tacaíocht nó cúnamh airgid ón Aire.

I measc na limistéar clúdaithe ag na pleananna earnála tá:

  • iompar poiblí
  • seirbhísí sláinte
  • traenáil gairme
  • seirbhísí tacaíochta fostaíochta
  • tithíocht agus
  • iostas.

Tá sé de cheangal ar na hAirí Rialtais seo a leanas pleananna earnála a ullmhú:

  • An tAire Sláinte agus Leanaí
  • An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
  • An tAire Iompair
  • An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
  • An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus
  • An tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.


Cad iad na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoi Chuid 3 den Acht Míchumais 2005?

Clúdaíonn an tAcht go ginearálta:

  • Ranna Rialtais
    (mar shampla and Rionn Iompar)
  • údaráis áitiúla
    (mar shampla comhairlí contae)
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • comlachtaí leathstáit agus
    (mar shampla FÁS, Údarás na Gaeltachta agas Údaras Sláinte agusSábháilteachta) agus
  • formhór na n-eagraíochtaí stáit eile.

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil comhlacht áirithe clúdaithe faoi Acht, déan teagmháil linne le do thoil.

Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman

Cathain is ceart dom gearán a déanamh leis an Ombudsman?

Sula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman ba cheart duit an cás a chur os comhair an chomhlachta phoiblí áirithe agus am a thabhairt dóibh chun an cheist a fhiosrú.

  • Más maith leat gearán a dhéanamh faoi neamh-ábaltacht rochtana, ní foláir duit an gearán a dhéanamh go díreach chuig an gcomhlacht áirithe. Déanfaidh oifigeach fiosrúcháin, ceaptha an gcomhlacht, an gearán a fhiosrú agus an cinneadh a dhéanamh cibé acu an raibh an comhlacht ag géilleadh don chuid ábhartha den Acht nó nach raibh.
  • Más maith leat gearán a dhéanamh faoi na riachtanais atá i bplean earnála, caithfidh tú na gnásanna chun gearáin atá leagtha síos sa phlean áirithe a úsáid. Déanfaidh oifigeach gearán, ceaptha faoin bplean, breithniú a dhéanamh ar ghearán den chineál seo agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil an comhlacht poiblí, nó aon duine eile, ag géilleadh do riachtanais an phlean earnála nó nach bhfuil.

Má theipeann ort an gearán a réiteach go díreach leis an gcomhlacht poiblí, is féidir leat ansin iarraidh ar an an Ombudsman an scéal a fhiosrú.


Cé hiad na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, ina measc ionadaithe poiblí, cuideachtaí nó eagraíochtaí. Ach ní féidir ach amháin na daoine a shonraítar san Acht Míchumais 2005 (mar shampla an duine le míchumas, nó céile pósta an duine, tuismitheoir, ionadaí dlíthiúil, nó abhcóidí pearsanta) gearán a dhéanamh chuig an gcomhlacht poiblí áirithe.


Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Chomh luath is atá muid sásta gur féidir linn an gearán a scrúdú, iarrfaidh muid ar an gcomhlacht nó cibé duine eile tuairisc a chur chugainn. Más gá, is féidir leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am ag teastáil de ghnáth an t-eolas a bhíonn uainn a bhailiú.

Tar éis dí gearán a scrúdú is féidir leis an Ombudsman an cinneadh a dhéanamh b’fhéidir, go bhfuil teipthe ar an gcomhlacht poiblí, nó cibé duine eile, foráil éigin i gCuid 3 den Acht Míchumais 2003, nó i bplean earnála, a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé cinneadh a dhéanamh gur fhág an teip seo toradh diúltach ar an té a rinne an gearán (nó ar an duine a rinneadh an gearán thar a cheann/ceann) nó ar dhuine ar bith eile. Má chinneann sé mar seo, d’fhéadfadh sé moladh a dhéanamh go ndéanfadh an comhlacht poiblí, nó an duine eile (i gcás plean earnála):

  • machnamh níos doimhne ar ábhar an ghearáin
  • gníomhú chun an gearáin a réiteach
  • an gníomhú ba chúis leis an ngearán a laghdú nó a athrú nó
  • a rá leis cén chúis a bhí leis an ngníomhú.

Más dóigh leis an Ombudsman gur cóir é a dhéanamh, is féidir leis iarraidh ar cheann an chomhlachta phoiblí, nó ar an duine eile (i gcás plean earnála) an toradh a tugadh ar mholadh uaithi a chur in iúl dó.


Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman gearán a fhiosrú?

Is féidir an t-am a thógann sé le cinneadh a dhéanamh a bheith difriúil ó chás amháin go dtí cás eile. Mar shampla, bíonn am ag teastáil má bhíonn tuilleadh faisnéise de dhíth ón Ombudsman nó má bhíonn uirthi bualadh le hoifigigh ón gcomhlacht. Déanfar gach iarracht ar thú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.


Cé mhéid a chosnóidh sé?

Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.


Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:

Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla,Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie

An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?

Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus a dtoil atá tusa á dhéanamh.


Sheirbhísí Inrochtana

Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.