Tugtar faisnéis sa bhileog eolais seo faoi cad is féidir leat a dhéanamh más mian leat gearán a dhéanamh faoi theach altranais príobháideach. Mínítear inti freisin na gearáin ar féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh orthu agus na gearáin nach féidir leis scrúdú a dhéanamh orthu.
Is féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi ghníomhartha de chuid raon éagsúil comhlachtaí amhail Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), lena n-áirítear tithe altranais atá á reáchtáil ag FSS. De bhreis air sin, méadaíodh sainchúram an Ombudsman ón 24 Lúnasa 2015 le cur ar a chumas déileáil le gearáin a bhaineann le gníomhartha riaracháin de chuid tithe altranais príobháideacha. Cuireann Oifig an Ombudsman seirbhís atá neamhchlaon, neamhspleách agus saor in aisce ar fáil chun déileáil le gearáin. Is féidir go mbraitheann tú, nó duine a bhfuil gearán á dhéanamh agat thar a cheann, gur caitheadh go héagórach leat nó leis nó go bhfuair tú nó sé drochsheirbhís de bharr teip éigin ar thaobh teach altranais príobháideach. Má chuir an méid sin isteach ort, is féidir go mbeimid in ann do ghearán a fhiosrú.
I bhformhór na gcásanna, ní féidir linn déileáil le gearán ach amháin tar éis duit nós imeachta gearán an tí altranais phríobháidigh lena mbaineann a leanúint.
Ón 24 Lúnasa 2015, is féidir leis an bpobal gearáin a dhéanamh chuig an Ombudsman faoi aon teach altranais príobháideach atá ag fáil maoiniú poiblí faoi fhóirdheontas nó faoin Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais.
Mar sin féin, ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ach amháin ar ghearáin faoi ghníomhartha a tharla an 24 Lúnasa 2015 nó ina dhiaidh.
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán ar bhealach neamhchlaon neamhspleách agus breithniú á dhéanamh aige ar cé acu a bhí nó nach raibh an gníomh nó an cinneadh de chuid soláthraí tí altranais phríobháidigh cóir nó réasúnta.
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoin eispéireas a bhí agat ar a bheith ag déileáil le teach altranais príobháideach. Is féidir na cásanna seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
ní dhéileálann teach altranais i gceart le do ghearán
A luaithe a fhaighimid amach gur féidir linn scrúdú a dhéanamh ar ghearán, iarrfaimid ar an teach altranais príobháideach tuarascáil a sheoladh chugainn. Más gá, is féidir go ndéanfaidh an tOmbudsman scrúdú ar aon chomhaid agus ar aon taifid atá ábhartha freisin. Is féidir go gceisteoimid na daoine a bhfuil baint acu leis an ngearán. Uaireanta, tógann sé tamall sula mbaileoimid an fhaisnéis a theastaíonn uainn.