Tá cumhacht ag an Ombudsman gearáin a scrúdú i dtaobh rudaí a dhéantar in an-chuid comhlachtaí agus na húdaráis áitiúla ina measc.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann na húdaráis áitiúla a gcuid riaracháin agus feidhmiúcháin i gcrích ó lá go chéile. Áiríonn seo gearáin maidir le moill a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh.
Sula ngearánann tú leis an Ombudsman ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar an bhfadhb a réiteach leis an údarás áirithe áitúil. Bíonn córais inmheánacha gearáin agus achomhairc ag roinnt mhór údarás áitiúla agus ba chóir duit achomharc ar do chás a iarraidh tríothu sin. Mura mbíonn tú sásta leis an dtoradh is féidir leat ansin an scéal a chur faoi bhráid an Ombudsman.
Is ag na baill tofa den údarás áitiúil amháin atá cead na feidhmeanna forchoimeádta a chur i gcrích. Samplaí díobh sin is ea:
Mura dtuigeann tú an difir idir gníomh feidhmiúcháin agus feidhm fhorchoimeádta i gcás ar bith, déan teagmháil linne chun an míniú a fháil.
gníomhartha nó cinntí a rinneadh os cionn 12 mhí sula ndearna tú an gearán ; agus
saincheisteanna atá ina n-ábhar imeachtaí dlíthiúla sna cúirteanna.
Ach, i gcásanna áirithe is féidir leis an Ombudsman na rialacha seo a chur ar leataobh
Tá. Déanann an Ombudsman gach gearán a iniúchadh go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag breithniú an raibh, nó nach raibh, aon ghníomh nó aon chinneadh a rinne údarás poiblí cothrom nó réasúnta.
Is féidir leat gearáin a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas:
Baineann formhór na ngearán chuig an Ombudsman faoi na húdaráis áitiúla le tithíocht agus le pleanáil, go háirithe faoi fhorfheidhmiú na gcinntí pleanála (Féach freisin Tithíocht agus Pleanáil thíos.)
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an údarás áitiúil tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de ‘mhíríarachán’. Cuireann san áireamh le mhíriarachán mar ghníohú a bhí, nó a d’fhéadfadh a bheith:-
nó i gcás gur theip ar an údáras áitiúl cabhair réasúnta agus treoiir a thabhairt, nó gur theip aur eolas a thabhairt faoi cheart duine le hachomharc a dhéanamh
Ar bhonn na gcritéir míriaracháin seo, déanfaidh muid an cinneadh:
cibé acu an bhfuil an gearán uait bailí nó a mhalairt agus
má tá fulaingthe agat de dheasca gníomhaíochta nó cinnidh a rinne an t-údarás áitiúil.
Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an údarás áitiúil chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an údarás áitiúil:
athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu
an bhreith a rinneadar a athrú nó
sásamh iomchuí a thairiscint, mar a bheadh míniúchán a thabhairt, leithscéal a ghabháil agus/nó cúiteamh airgid.
Ní féidir
Tá dhá rogha agat mura bhfuil tú sásta le cinneadh éigin a rinne údarás áitiúil maidir le cead pleanála a cheadú nó a dhiúltú.
1. É a achomharc chuig an mBord Pleanála. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é seo nach bhfuil faoi dhlínse an Ombudsman – agus bíonn teorainneacha déine ama i bhfeidhm; nó
2. Athbhreithniú breithiúnach a lorg trí na cúirteanna – bíonn teorainneacha ama anseo freisin agus b’fhéidir go mbeadh ort an cheist a chur faoi bhráid dhlíodóra.
Is féidir leis an Ombudsman an riarachán ginearálta maidir le próiseas na pleanála a scrúdú, mar a achoimrítear thíos ach ní féidir léi na cinntí pleanála iad fhéin a scrúdú.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na gnéithe seo a leanas a scrúdú:
an bealach a láimhseálann an t-údarás áitiúil iarratais nua ar phleanáil, mar shampla an bhfuil faisnéis chuinn tugtha acu don phobal faoi iarratais nua ar phleanáil a fuaradar (nó nach bhfuaradar) agus
fógraí ar láithreáin, a bhfuil scríofa orthu, an suíomh agus an inléiteacht (an féidir iad a léamh).
Is féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le haighneachtaí agus tuairimí faighte ó dhaoine ar mian leo agóid a dhéanamh i gcoinne iarratais ar phleanáil nó tuairim a thabhairt faoi. Clúdaithe faoi sin bheadh an tslí a chuir an t-údarás áitiúil in iúl d’agóideoirí faoi:
thoradh iarratais phleanála agus
an teorainn ama i gcomhair achomhairc a dhéanamh.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a fhiosrú a bhaineann le cothabháil na gcomhad pleanála, ag áireamh:
an modh a rinne an t-údarás áitiúil na hiarratais pleanála nó na comhaid a chur ar fáil don phobal i gcomhair a n-iniúchta agus
táillí mí-réasúnta nó thar fóir a bheith gearrtha ag an údarás áitiúil ar chóipeanna de dhoiciméid pleanála.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoin riaradh ginearálta ar ghearán a rinneadh chuig an údarás áitiúil ó dhuine den phobal maidir le forbairt neamh-údaraithe a scrúdú. Clúdaíonn seo fiosrú ginearálta a dhéanamh ar:
an raibh an freagra a thug an t-údarás áitiúil mar ba chóir agus ag teacht leis an dlí agus na treoirlínte ábhartha
cibé acu an raibh an cinneadh nó an gníomhú forfheidhmithe a rinne an t-údarás áitiúil réasúnta nó nach raibh.
Is éard a thuigtear le forfheidhmiú ná aon chinneadh nó aon ghníomhú a dhéanann an t-údarás áitiúil i ndáil le forbairt neamh-údaraithe.
Bíonn cumhachtaí agus oibleagáidí áirithe ag na húdaráis áitiúla faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (An tAcht)
Ní foláir d’údaráis áitiúla ‘litir rabhaidh’ a eisiúint laistigh de shé seachtain tar éis dóibh fógra nó gearán a fháil i scríbhinn mar gheall ar fhorbairt neamh-údaraithe. Ach, ní leanann sin má dhealraíonn sé gur gearán éaganta nó casaoideach gan substaint bhí ann; nó mura raibh ann ach mion-fhorbairt.
Ní foláir d’údaráis áitiúla:
Is é an cuspóir atá ann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil an cinneadh laistigh de 12 sheachtain tar éis an litir rabhaidh a eisiúint.
Má chinneann an t-údarás áitiúil ar fhógra forfheidhmithe a eisiúint ní foláir dóibh an fógra sin a sheirbheáil láithreach agus a chuir in iúl don ghearánaí go bhfuil sin déanta.
Níl sé de cheangal ar an údarás áitiúil gníomhú i ngach cás. Faoin Acht, is féidir leo an gearán a fhiosrú agus ina dhiaidh sin, má tá sárú déanta ar reachtaíocht na pleanála, an cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhú forfheidhmithe. Má tá gearán déanta chuig an Ombudsman maidir le cinneadh ón údarás áitiúil gan aon ghníomh forfheidhmithe a dhéanamh is é an ról atá aige ná a mheas an raibh an méid a ndearna an t-údarás réasúnta nó nach raibh.
Má tá faisnéis ghinearálta, comhairle theicniúil nó treoir uait ar ábhar pleanála ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d ’údarás áitiúil, nó comhairle neamhspleách dod chuid féin a lorg. Tá eolas agus foirmeacha ar phróiseas na pleanála ar fáil ó na húdaráis áitiúla.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú ó dhaoine:
a bhfuil diúltú tugtha ar iarratais tithíochta uathu agus
atá ar an liosta tithíochta agus a mheasann nár chaith an t-údarás áitiúil go cothrom leo agus gan teach a thairiscint dóibh.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú ó dhaoine a rinne iarratas i gcomhair iasachtaí nó deontais tithíochta chuig an údarás áitiúil agus a mheasann nár chaitheadh go cothrom leis an iarratas. I measc na n-iasachtaí nó na ndeontas seo bheadh:
Deontas Oiriúnaithe Tí do Dhaoine le Míchumas
Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scoth-Aosta
Deontas um Chúnamh Gluaiseachta
Is féidir leis an Ombudsman gearáin ó thionóntaí an údaráis áitiúil a scrúdú nuair:
atá diúltú tugtha ag an údarás áitiúil ar aistriú tithíochta a cheadú
atá áireamh mí-chruinn déanta ar an gcíos
atá ró-mhoill déanta ag an údarás áitiúil ar áitreabh údaráis áitiúil a dheisiú nó
nuair nach bhfuil déileáil cóir agus cothrom déanta ag údarás áitiúil ar iarratas chun áitreabh údaráis áitiúil a cheannach.
Déanann an t-údarás áitiúil gach iarratas ar thithíocht a mheasúnú faoi na Rialacháin um Measúnú Tithíochta agus, má glactar leis, cuirtear an duine ar liosta feithimh i gcomhair tithíochta.
Tá Scéim leithdáileach Tithíochta ag gach údarás áitiúil a úsáideann siad le cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a dhéanfar na tithe a dháileadh agus cén chaoi a dhéanfar tosaíocht ar iarratais áirithe. Má tá an t-éileamh ar thithe níos mó ná an méid atá ar fáil úsáideann roinnt údarás áitiúla córas de phointí chun na tosaíochtaí a mheas, go háirithe más ceantar uirbeach é a bhfuil an daonra ag méadú ann. Déantar pointí a dháileadh faoi cheannteidil éagsúla san Scéim leithdáileach Tithíochta.
Má gearánann tú linn toisc nach bhfuair tú teach nó go raibh ró-mhoill ann chun é a fháil fiosróidh muid:
ar láimseáladh an t-iarratas ar theach faoi réir ana Rialachán Tithíochta Sóisialta atá ag an údarás áitiúil agus, más cuí,
ar chaitheadh leatsa le níos lú fabhair ná iarratasóirí eile a bhí i gcás cosúil leat.
Ní féidir leat an Ombudsman a úsáid mar bhealach chun ‘léim thar an scuaine’ agus ní dhéanann muid ionadaíocht don chomhairle thar do cheann.
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula ngearánann tú leis an Ombudsman ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar an bhfadhb a réiteach leis an údarás áirithe áitiúil. Bíonn córais inmheánacha gearáin agus achomhairc ag roinnt mhór údarás áitiúla agus ba chóir duit achomharc ar do chás a iarraidh tríothu sin. Mura mbíonn tú sásta leis an dtoradh is féidir leat ansin an scéal a chur faoi bhráid an Ombudsman.
Ba chóir duit an gearán chuig ag Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir faoi bhun dhá mhí déag tar éis don chinneadh nó gníomhú a bheith déanta ag an údarás áitiúil. Ná dearmad aon chomhfhreagas a bhí agat leis an údarás a chur chugainn freisin.
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman
Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.