Tugtar faisnéis sa bhileog eolais seo faoi na nithe is féidir leat a dhéanamh más mian leat gearán a dhéanamh faoi chomhlacht oideachais a fhaigheann cistiú poiblí.
Déanann an tOmbudsman scrúdú ar ghearáin ón bpobal faoi ghníomhartha áirithe de chuid soláthraithe seirbhísí poiblí amhail iad sin san earnáil oideachais, lena n-áirítear:
BSula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman, ní mór duit gearán a dhéanamh le soláthraí na seirbhíse oideachais, mar shampla, an ollscoil nó an coláiste a ndeachaigh a g(h)níomh nó a c(h)inneadh i bhfeidhm ort. I gcásanna áirithe, beidh córas foirmiúil áitiúil achomhairc ann ar cheart duit é a úsáid.
Más rud é go ndearna tú gearán leis an soláthraí seirbhíse oideachais agus go bhfuil tú míshásta fós, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ba cheart duit do ghearán a chur isteach laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a d'imir drochthionchar ort. Más rud é go ndeachaigh níos mó ná 12 mhí thart, áfach, d'fhéadfaimis bheith ábalta cabhrú leat fós má bhí dea-chúis ann leis an moill.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Ní féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Ina theannta sin, seachas i gcúinsí eisceachtúla, ní féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú más rud é gur thionscain tú imeachtaí dlí in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse oideachais i dtaca leis an ngearán sin.
Is féidir leat comhairle dlí a fháil faoi do ghearán agus é a thabhairt chuig an Ombudsman fós, fad nach dtionscnaíonn tú imeachtaí dlí. Tabhair glao orainn nó seol ríomhphost chugainn mura bhfuil tú cinnte fós.
Ní dhéanfaidh. Ní dhéanann an tOmbudsman scripteanna scrúdaithe a athmharcáil ná ábhair lena mbaineann breithiúnas acadúil a mheas.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Más féidir linn do ghearán a scrúdú, iarrfaimid ort an fhaisnéis ar fad ina leith a thabhairt dúinn. De ghnáth, iarraimid ar an soláthraí seirbhíse oideachais faisnéis a sheoladh chugainn faoi na saincheisteanna atá i gceist. Uaireanta, tógann sé tamall sula mbaileoimid an fhaisnéis a theastaíonn uainn le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar do ghearán.
Beidh sé ag brath ar do ghearán aonair. Déanfaimid iarracht an scrúdú ar do chás a chur i gcrích laistigh de thréimhse a bheidh idir trí mhí agus sé mhí ar fad. Más cás níos casta é do chás, is féidir go mbeidh níos mó ama ag teastáil uainn. Mar sin féin, coinneoimid ar an eolas thú faoina bhfuil ag tarlú le do ghearán.
Is féidir, ach caithfidh tú cead i scríbhinn a thabhairt don duine sin déanamh amhlaidh. Mar an gcéanna, más mian leat gearán a dhéanamh thar ceann duine eile, caithfidh tú cead an duine sin a fháil i scríbhinn ar dtús.
Is gá. Ba cheart duit cóipeanna d'aon litreacha, ríomhphoist, tuarascálacha agus sonraí faoi chumarsáidí eile idir tú féin agus an soláthraí seirbhíse oideachais a chur isteach.
Nuair atá tú ag déanamh gearán leis an Ombudsman, ba cheart duit breac-chuntas a thabhairt ar an gcúis/na cúiseanna a bhfuil tú míshásta agus ar na nithe ba cheart a dhéanamh, dar leat, chun nithe a chur ina gceart.
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán ar bhealach neamhchlaon neamhspleách agus cinneadh á dhéanamh aige ar cé acu a bhí nó nach raibh an gníomh nó an cinneadh de chuid an tsoláthraí seirbhíse oideachais cóir nó réasúnta.
Ní ghearrtar aon táille as seirbhísí an Ombudsman..
Má bhaineann an gearán le leanbh nó le duine faoi bhun 18 mbliana d'aois ar imir gníomh nó neamhghníomh ag comhlacht oideachais air/uirthi, ba cheart duit gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí.
Mura bhfuil tú cinnte, mar shampla i gcás ina mbaineann an gearán le duine atá 18 mbliana d'aois nó níos sine anois agus a bhí faoi bhun 18 mbliana d'aois tráth a tháinig an tsaincheist chun cinn, déan teagmháil le hOifig an Ombudsman nó le hOifig an Ombudsman do Leanaí chun comhairle a fháil.