Tá cumhacht ag an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi ghníomhartha i raon mór de chomhlachtaí poiblí agus tá an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh áirithe orthu sin.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann an Roinn agus an Oifig Achomhairc a gcuid riaracháin fheidhmiúcháin i gcrích ó lá go chéile. Áirithe ansiúd atá gearáin maidir le ró-mhoill a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh.
Tá. Déileálann an Ombudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag tabhairt breithe ar chothroime agus ar réasúntacht aon ghníomhú nó cinneadh a dhéanann an Roinn.
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi aon cheann de na nithe seo a leanas:
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh atá faoi riail na reachtaíochta, ag áireamh Pinsin Stáit agus Liúntais Míchumais
Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
Scéimeanna agus íocaíochtaí riaracháin, ag áireamh an Liúntas um Fhilleadh ar an Obair agus an Liúntas Breosla
caighdeán na seirbhíse, ró-mhoill agus gan freagraí ar bith a thabhairt san áireamh agus
an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh, cinntí na nOifigeach Achomhairc agus ró-mhoill ag socrú na n-éisteachtaí achomhairc, san áireamh
Láimhseálann an Ombudsman gearáin faoi íocaíochtaí bainteach le gach scéim de réir mar a sainíodh san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 agus sa reachtaíocht ina dhiaidh. Orthu sin tá na scéimeanna ar an liosta thíos.
Pinsin Stáit
Pinsean Stáit (Ranníocach)
Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) agus
Íocaíochtaí Teaghlaigh
Pinsean Rannaíocach Baintrí (Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh)
Deontas Tuismeitheora Baintrí
Pinsean Neamhrannaíocach Baintrí (Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh)
Deontas Méala
Íocaíocht Theaghlaigh Aon-Tuismitheora.
Íocaíochtaí i ndáil le Fostaíoch
Sochar Cuardaitheora Poist
Cúnamh Feirme
Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus
Liúntas Cuardaitheora Poist.
Íocaíochtaí i ndáil le Sláinte
Sochar Tinnis
Pinsean Easláine
Liúntas Míchumais
Pinsean na nDall
Deontas um Chúram Faoisimh
Sochar Chúramóra
Liúntas Chúramóra
Sochar Díobhála agus
Liúntas Cúram Baile
Íocaíochtaí do Leanaí
Sochar Leanaí.
Liúntais Eile
Na Liúntais seo ina measc:
Liúntas Aosaigh Cháilithe
Liúntas Linbh Chleithiúnaigh agus
Liúntas Maireachtála Aonair.
Is féidir leis an Ombudsman saincheisteanna a scrúdú i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Íocaíochtaí ÁSPC
in-árachú fostaíochta
ranníocaíochtaí curtha chun sochair
ranníocaíochtaí féinfhostaíochta
scéim ranníocaíochtaí deonacha agus
ais-íocaíochtaí ÁSPC.
Má tá do chás i ndáil le híocaíochtaí leasa shóisialaigh faoi rialú reachtaíochta agus Árachais Shóisialta Phá-Choibhneasa (ÁSPC) ní féidir linn é a scrúdú, ach amháin sa chás go bhfuil:
cinneadh déanta ag an Roinn faoi d’iarratas nó faoi d’éileamh agus
achomharc déanta agat chuig an Oifig Achomhairc i gcoinne an chinnidh chéanna.
Déileálann an Ombudsman le gearáin maidir le scéimeanna a riarann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nach bhfuil soláthar déanta dóibh faoi reachtaíocht an Leasa Shóisialaigh. Tá achoimriú déanta thíos orthu sin.
Ina measc:
Ina measc:
Ní féidir linn do chás a scrúdú i ndáil lena bhfuil liostaithe thuas ach amháin:
má tá cinneadh déanta cheana faoi d’iarratas ag an Rionn agus
má tá iarrtha agat orthu an cinneadh sin a athbhreithniú.
Is féidir leat gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman mura bhfuil tú sásta le caighdeán na seirbhíse a fuair tú ón Roinn Coimirce Sóisialaí faoi cheann ar bith díobh seo a leanas:
ró-mhoill caite ag déileáil le d’éileamh
gan freagra ar bith faighte nó moill ag freagairt comhfhreagrais uait
faisnéis mhícheart, mhíchruinn nó míthreorach
an bealach a rinne oifigigh na Roinn na fiosrúcháin a riaradh nó
an bealach a iompair oifigigh na Roinne iad féin.
Ní féidir linn do chás i ndáil le haon aicme luaite thuas a scrúdú mura bhfuil gearán déanta agat cheana trí chóras inmheánach na Roinne agus nach bhfuil réiteach aimsithe fós ar do ghearán.
Oibríonn an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh neamhspleách ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Scrúdaíonn an Oifig Achomhairc gearáin ó dhaoine:
faoi chinntí maidir le híocaíochtaí atá faoi riail na reachtaíochta
a bhaineann le hÁrachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
Is féidir leis an Ombudsman obair an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh a scrúdú, ag áireamh:
cinntí na nOifigeach Achomhairc
riaradh na n-achomharc
ró-mhoill ag socrú coinní i gcomhair éisteachtaí acomhairc
chaighdeán na seirbhíse.
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nó ar an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de ‘mhíríarachán’, de réir mar a sainmhíníodh an coincheap in Acht an Ombudsmain 1980, a scrúdú, mar ghníomhú a bhí, nó a d’fhéadfadh a bheith:
déanta gan údarás ceart
déanta ar bhonn éigin neamh-ábhartha
de thoradh faillí nó neamhchúraim
bunaithe ar fhaisnéis mícheart nó neamh-iomlán
idirdhealaitheach go neamhchuí
bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe nó
ar bhealach eile contráilte le riarachán cóir agus cothrom.
Ar bhonn na gcritéar míriaracháin seo, déanfaidh muid an cinneadh:
cibé acu an raibh an gearán uait bailí nó a mhalairt agus
má tá fulaingthe agat de dheasca gníomhaíochta nó cinnidh a rinne an Roinn nó an Oifig Achomhairc.
Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an Roinn nó ag an Oifig Achomhairc chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an Roinn:
athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu
an bhreith a rinneadar a athrú nó
sásamh iomchuí a thairiscint, mar a bheadh
míniúchán a thabhairt
leithscéal a ghabháil agus/nó
cúiteamh airgid.
Ní Féidir.
Ní féidir leis an Ombudsman Bord na bPinsean ná An Binse Leasa Shóisialaigh a scrúdú.
Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar:
gníomhartha nó cinntí a rinneadh os cionn 12 mhí sula ndearna tú an gearán – i gcúinsí áirithe is féidir leis an Ombudsman an riail seo a chur ar leataobh
gearáin atá ina n-ábhair imeachtaí dlí os comhair na gcúirteanna nó
ceisteanna a bhaineann le pinsin príobháideacha nó gairme.
Is féidir leat gearáin i ndáil le pinsin príobháideacha nó gairme a chur faoi bhráid Ombudsman na bPinsean ag 36, Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Mura bhfuil tú cinnte gur féidir leis an Oifig seo do ghearán a scrúdú déan teagmháil linn agus cuirfidh muid ar an eolas tú.
Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Ní foláir achomharc a bheith déanta agat chuig Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh má bhaineann do ghearán le:
íocaíochtaí atá faoi riail reachtaíochta nó
Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
Ní foláir athbhreithniú a bheith iarrtha agat nó an gearán déanta agat chuig an gcóras sa Roinn um ghearáin a dhéanamh má bhaineann do ghearán le:
scéimeanna riaracháin
íocaíochtaí riaracháin nó
caighdeán na seirbhíse.
Murar féidir leat do ghearán a réiteach ar an mbealach seo ansin is féidir leat iarraidh ar an Ombudsman an cheist a bhreithniú. Ná dearmad aon chomhfhreagras ag bhí agat leis an Roinn nó le hOifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh a chur chugainn.
Ba cheart duit an gearán chuig an Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir laistigh de dhá mhí déag ón:
gcinneadh nó ón ngníomhú a rinne an Roinn nó
dáta an chinnidh ar an achomharc a rinne tú.
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.