Cé hé an Ombudsman agus cad a dhéanann an Ombudsman?

Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú i dtaobh rudaí a dhéantar i raon mór de chomhlachtaí agus na h-ospidéil poiblí ina measc. Tagann gach ospidéal a bhíonn ag soláthar seirbhísí sláinte don phobal faoi chúram an Ombudsman. Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann foireann na n-ospidéal a gcuid riarachán laethúil i gcrích agus iad ag soláthar seirbhísí sláinte don phobal. Ina measc siúd atá gearáin maidir le moill chun gníomhú a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh. In ainneoin sin tá gearáin ann nach féidir leis an Ombudsman a scrúdú, mar shampla:

  • Cúram sláinte príobháideach is cuma cén áit a dhéantar é a sholáthar
  • breithiúnas cliniciúil an FSS (diognóis nó cinntí maidir le cóireáil)

An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?

Tá. Déanann an Ombudsman gach gearán a iniúchadh go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag breithniú cibé acu an raibh, nó nach raibh, aon ghníomh nó aon chinneadh a rinne an t-ospidéal poiblí nó an soláthraí de sheirbhís sláinte poiblí cothrom nó réasúnta.

  • Is féidir leat gearán faoi do thaithí ag déileáil le hospidéal. Áirithe ansin b'fhéidir go mbeadh saincheisteanna eile i dtaobh an ospidéil, mar shampla:
  • muirear mícheart a chur i bhfeidhm
  • gan na modhanna riaracháin faofa, na prótacail nó rialacha
  • réasúnta a bheith curtha i bhfeidhm
  • gan cumarsáid a dhéanamh go soiléir
  • gan do thoiliú feasach le haghaidh gnáthaimh bheith faighte
  • na taifid gan a bheith coinnithe mar ba choir
  • gan an meas ceart a bheith tugtha dod phríobháide nó dod dhíni
  • má tá an fhoireann drochbhéasach, idirdhealaitheach nó míchabhrach le hothar
  • a bheith drogallach botún a chuir ina cheart
  • gan déileáil le do ghéarán de réir an phróisis gearán.


Cad iad na hospidéil atá clúdaithe faoi seo?

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi aon ospidéal poiblí nó ospidéal deonach a sholáthraíonn seirbhísí ginerálta, máithreachais agus seirbhísí meabhairsláinte. Tá roinnt díoobh luaite thíos:

Dublin Midlands Hospital Group

St James' Hospital Dublin
St Lukes Radiation Oncology Network
The Adelaide &Meath Hospital (Tallaght Hospital) Dublin
Midlands Regional Hospital Tullamore
Naas General Hospital
Midlands Regional Hospital Portlaoise
The Coombe Women & Infant University Hospital Dublin


RCSI Hospitals Group

Beaumont Hospital Dublin
Connolly Hospital Dublin
Our Lady of Lourdes Hospital Drogheda
Louth County Hospital Dundalk
Cavan General Hospital
Monaghan Hospital
Rotunda Hospital Dublin

Ireland East Hospital Group

The Mater Misericordiae University Hospital Dublin
St Vincent's University Hospital Dublin
Midland Regional Hospital Mullingar
St Luke's General Hospital, Kilkenny
Wexford General Hospital
Our Lady's Hospital, Navan
St Columcille's Hospital Loughlinstown Dublin
St Michael's Hospital, Dun Laoghaire
Cappagh National Orthopaedic Hospital Dublin
Royal Victoria Eye and Ear Hospital Dublin
National Maternity Hospital Dublin

Saolta Hospital Group

University Hospital Galway and Merlin Park University Hospital
Sligo Regional Hospital
Letterkenny University Hospital
Mayo General Hospital
Portiuncula Hospital
Roscommon County Hospital

South/South West Hospital Group

Cork University Hospital/Cork University Maternity Hospital;
University Hospital Waterford
University Hospital Kerry
Mercy University Hospital
South Tipperary General Hospital
South Infirmary Victoria University Hospital
Bantry General Hospital
Mallow General Hospital
Lourdes Orthopaedic Hospital Kilcreene

University Limerick Hospitals Group

University Hospital Limerick
University Maternity Hospital Limerick,
Ennis Hospital,
Nenagh Hospital,
Croom Hospital

The Children's Hospital Group

Temple Street Children's University Hospital
Our Lady's Children's Hospital, Crumlin
National Children's Hospital Tallaght


Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?

Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an ospidéal poiblí tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.

Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de 'mhíríarachán'. D'fhéadadh "mhíriarachán" a bheith ina ghníomh a bhí ann nó d'fhéadfadh a bheith ann:

  • déanta gan údarás ceart
  • déanta ar bhonn éigin neamh-ábhartha
  • de thoradh faillí nó neamhchúraim
  • bunaithe ar fhaisnéis mícheart nó neamh-iomlán
  • idirdhealaitheach go neamhchuí
  • bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe nó
  • ar bhealach eile contráilte le riarachán cóir agus cothrom
  • mar thoradh ar an oispidéal cabhair agus treoir réasúnta , nó gan eolas a thabhairt, faoi ceart duine le hachomharc nó athbhreithniú a dhéanamh

Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an ospidéal chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an ospidéal:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu
  • ó thaobh a nóísanna imeachta agus cleachtais a athrú
  • an bhreith a rinneadar a athrú
  • mar réiteach iomchuí a chur ar fáil, lena n-airítear adhmháil a chur ar fáil maidir lena tharla, míniú a thabairt, leithscéal a ghabháil agus i gcásanna áirithe, cúiteamh airgid.


Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach leis an ospidéal áirithe agus na modhanna chun gearáin atá acu féin a úsáid.
Bíonn Oifigeach Gearán ag gach ospidéal, faoi Acht an Slainte 2004. Deánfaiddh an tOifigeach sin do ghearán a scrúdú agus seolfar freagra i scríbhinn chugat laistigh de thréimhse réamhráite. Cuirfidh an tOifigeach Gearán in iúl duit maidir leis gceart ata agat inmhéanach a lorg ó Oifigeach Athbhreithnithe den FSS nó gearán díreach leis an Ombudsman.
Ná dearmad aon chomhfhreagras a bhíonn faighte agat ón ospidéal a chur leis an ngearán.

Ba cheart duit an gearán chuig an Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir, laistigh de dhá mhí déag ón:

  • ón gníomh a ndearnadh gearán faoi, nó
  • ón dáta a rinne Oifigeach Gearán nó Oifigeach Athbreithnithe an FSS an cinneadh

 

Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?

SAthróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.


Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

Dada - níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.


Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:

OIFIG AN OMBUDSMAN,
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Teileafón: 01 639 5600

Chomh mhaith le sin is féidir leat gearán a dhéanamh ar ár bhfoirm gearáin ar líne: www.ombudsman.ie


An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?

Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá said á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.:


Sheirbhísí Inrochtana

Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.