Published on 17 July 2017
17 Iúil
Inniu (18 Iúil) d'fhoilsigh an tOmbudsman Peter Tyndall torthaí an imscrúdaithe a rinne sé ar nósanna imeachta Tusla le gearáin faoina chuid seirbhísí a láimhseáil. Rinneadh an t-imscrúdú tar éis don Ombudsman gearáin a fháil faoi Tusla, lena n-áirítear gearáin faoin gcaoi a dhéanann Tusla imscrúdú ar líomhaintí faoi mhí-úsáid leanaí in aghaidh daoine fásta.
In imscrúdú an Ombudsman thángthas ar chásanna mar seo a leanas:
Ag labhairt dó agus tuarascáil a imscrúdaithe 'Súil Siar', á foilsiú dúirt an tOmbudsman Peter Tyndall:
"Léirigh an t-imscrúdú go raibh lochtanna tromchúiseacha ar an gcaoi a chomhlíon Tusla a ról i roinnt cásanna. Tá Tusla ag glacadh le torthaí mo thuarascála áfach. D'aontaigh sé leis na moltaí atá dírithe ar nósanna imeachta Tusla a fheabhsú a chur i bhfeidhm. Tá Tusla tosaithe cheana féin ar chuid de na moltaí a chur i bhfeidhm agus beidh mé ag faire go géar ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad."
In 2014 chuir an tOmbudsman a imní in iúl faoin gcaoi a raibh cásanna áirithe á láimhseáil ag oibrithe sóisialta, go háirithe cásanna a bhain le líomhaintí stairiúla i dtaobh mí-úsáide. Thosaigh a Oifig ag obair le Tusla a bhí nua-bhunaithe ag an am, d'fhonn a chinntiú go mbeadh beartais agus nósanna imeachta soiléire ann le deileáil leis na cásanna sin. Ach tá gearáin éagsúla faighte ag an Ombudsman ó shin a chaitheann amhras ar an méid a rinneadh le tabhairt faoi na hábhair imní a bhí aige. Spreagadh an tOmbudsman mar gheall air seo le tús a chur le himscrúdú córasach. Scrúdaíodh gearáin a fuair an tOmbudsman, chomh maith le comhaid ghearáin a bhí i seilbh Tusla le linn an imscrúdaithe.
Staidéar ar Chásanna
Luaitear staidéar ar chásanna mar iad seo a leanas i dtuarascáil an Ombudsman:
Tá 'Súil Siar' ar fáil ar láthair gréasáin an Ombudsman www.ombudsman.ie. Tá cóipeanna den tuarascáil ar fáil ar iarratas ó Oifig an Ombudsman. Ríomhphost: communications@ombudsman.ie
CRÍOCH