Published on 18 October 2021
Tá sé tábhachtach go bhfoghlaimíonn soláthraithe seirbhísí poiblí ó na gearáin a fhaigheann siad.
An tseachtain seo caite (12-14 Deireadh Fómhair) thionóil baill foirne in Oifig an Ombudsman trí sheimineáir ghréasáin eolais d'údaráis áitiúla ar ‘Ghearáin in earnáil na nÚdarás Áitiúil – Léargas an Ombudsman’.
Ghlac níos mó ná 160 oifigeach ó gach údarás áitiúil páirt sna seimineáir ghréasáin. Labhraíomor freisin faoin Nós Imeachta Samplach um Láimhseáil Gearán atá le teacht á bheimid á rolladh amach chuig údaráis áitiúla le cúnamh ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Tá sampla de Nós Imeachta Samplach um Láimsheáil Gearán cineálach ar fáil ar ár láithreán gréasáin.