Published on 10 January 2019
D’fháiltigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, roimh an gcinneadh ón rialtas scéim a bhunú chun aisíocaíocht a dhéanamh le cliaint a chaill airgead tar éis dúnadh gníomhaireachta uchtála sa bhliain 2015.
Tá an scéim á bunú tar éis díospóireacht fhorleathan idir an tOmbudsman, Údarás Uchtála na hÉireann agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Tháinig an díospóireacht sin sna sála ar ghearán a fuair an tOmbudsman ó lánúin a d’íoc níos mó ná €12,000 le Arc Adoption Limited chun leanbh a uchtáil ón mBulgáir. Rinneadh an uchtáil faoin Acht Uchtála, 2010, agus bhí Arc Adoption Limited creidiúnaithe ag Údarás Uchtála na hÉireann. Íocadh táille chlárúcháin in-aisíoctha €2,750 mar chuid den táille uchtála. Ní bhfuair an lánúin an t-airgead ar ais tar éis dóibh an próiseas uchtála a fhágáil. Rinneadh difear den chineál céanna do 70 cliant eile, beagnach, nuair a chuaigh an ghníomhaireacht faoi leachtú.
Dúirt an tOmbudsman:
“Bíonn an próiseas uchtála linbh deacair agus strusmhar do chuid mhór lánúineacha. I 70 cás, rinneadh an próiseas sin níos strusmhaire fós nuair nach bhfuair cliaint aisíocaíocht i leith na dtáillí a raibh siad ina dteideal. Tá áthas orm gur chomhaontaigh an Rialtas agus an tAire Zappone an scéim a bhunú agus go bhfaighidh na daoine lena mbaineann an t-airgead atá dlite dóibh anois.”
Tuigeann an tOmbudsman go ndéanfar teagmháil leis na daoine lena mbaineann agus go dtabharfar cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun a n-íocaíocht a fháil.
CRÍOCH