Published on 18 April 2018
PREASEISIÚINT
LENA hEISIÚINT LÁITHREACH
17 AIBREÁN 2018
Chuir Peter Tyndall, an tOmbudsman, fáilte inniu roimh an bhfógairt ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go rachaidh sé ar aghaidh le moltaí na tuarascála a chur chun feidhme tar éis imscrúdú a dhéanamh ar an dóigh ar riar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Scéim um Cheartas Aisiríoch i leith Neachtlanna Mhaigdiléana.
Sa doiciméad Deis Chaillte, an tuarascáil ar imscrúdú an Ombudsman, cáineadh an dóigh ar riar an Roinn an scéim, lenar áiríodh an dóigh ar diúltaíodh rochtain ar an scéim go mícheart do roinnt ban a d’oibrigh i neachtlanna Mhaigdiléana.
Chuir an Rialtas in iúl go gcomhaontaíonn sé le trí cinn de na moltaí agus go bhfuil sé ag déanamh breithniú ar an gceathrú moladh, rud a bhaineann le hincháilitheacht do ghlacadh isteach sa scéim.
Ag labhairt dó faoin bhfógairt inniu, dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:
“Is céim shuntasach chun tosaigh é seo do na mná ar caitheadh go héagórach leo agus iad i neachtlanna Mhaigdiléana. Ó fhoilsiú na tuarascála, tá díospóireacht dhearfach déanta againn leis an Taoiseach agus leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Táim buíoch díobh as ucht a n-idirghabhála. Tá sé riachtanach anois, áfach, go mbeidh toradh iomlán ar an obair sin go luath agus nach mbeidh aon mhoill mhíchuí eile ann roimh na mná.
Tá an Oifig seo ag súil go mbeidh ról iomlán aici in obair an Abhcóide Shinsearaigh agus an ghrúpa oibre, faoi mar a comhaontaíodh ag an gcruinniú leis an Taoiseach agus leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais”.
Foilsíodh an tuarascáil ón Ombudsman i mí na Samhna 2017. Rinneadh na moltaí seo a leanas inti:
Incháilitheacht do ghlacadh isteach sa scéim
An Próiseas Iarratais
Cumas
Scéimeanna Amach Anseo a Fhorbairt
Tá an leagan iomlán den tuarascáil Deis Chaillte ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman ag www.ombudsman.ie
Preaseisiúint, Samhain 2017, tar éis an tuarascáil ón Ombudsman a fhoilsiú.
CRÍOCH
Aibreán 2018