Published on 2 May 2018
2 Bealtaine 2018
D’fháiltigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, inniu roimh ón bhfógra ón Aire Michael Creed go ndéanfadh sé cur chun feidhme ar mholadh ón Ombudsman go bhfaigheadh teaghlach ó Dhún na nGall cúiteamh €245,570. Tagann an fógra sna sála ar dhiúltú tosaigh sa bhliain 2009 ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia a bhí ann ag an am an moladh a chur chun feidhme.
Rinne an tOmbudsman an moladh tar éis don Roinn diúltú d’iarratas an teaghlaigh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Rinneadh an t-iarratas mar thoradh ar thubaiste iascaireachta inar cailleadh cúigear, athair an teaghlaigh agus mac leis ina measc.
Cuireadh an Scéim um Chailliúint ar Muir ar bun sa bhliain 2001 do na daoine sin a chaill soitheach ar muir idir an bhliain 1980 agus an bhliain 1989. Dámhadh ‘acmhainn’ d’iarratasóirí ar éirigh leo, rud a d’fhág go bhféadfaí soitheach nua a chlárú agus a cheadúnú mar bhád iascaireachta.
Sa bhliain 1981, fuair an tUas. Francis Byrne, úinéir agus scipéir soitheach iascaireachta, Jimmy, mac leis a bhí 16 bliana d’aois, agus triúr fear eile bás i gcúinsí tubaisteacha nuair a bádh a mbád amach ó chósta Dhún na nGall. Diúltaíodh d’iarratas mhuintir Byrne faoin scéim agus rinne siad gearán leis an Ombudsman. Ba é cinneadh Emily O’Reilly, an tOmbudsman ag an am, go raibh dearadh na scéime agus an dóigh ar fógraíodh í ag teacht salach ar riarachán cothrom fónta. Bhain a himscrúdú le gearán aonair agus mhol sí go bhfaigheadh an teaghlach cúiteamh is fiú €245,570.
Dhiúltaigh an Roinn don mholadh ón Ombudsman a chur chun feidhme. Ba é sin an chéad uair agus an t-aon uair amháin i stair 34 bliana na hOifige nár cuireadh moladh ó imscrúdú chun feidhme. Lean Peter Tyndall, an tOmbudsman reatha, le béim a leagan ar an gcás tar éis a cheapacháin sa bhliain 2013.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra a tugadh inné, dúirt an tOmbudsman:
“Ba thubaiste choscrach í seo do mhuintir Byrne agus do mhuintir na bhfear eile a fuair bás. Bhí ar an teaghlach an cás sin a shaothrú le breis agus cúig bliana déag anuas. Tá áthas orm gur chuir an tAire Creed an moladh seo chun feidhme. Cheartaigh sé éagóir a rinneadh don teaghlach roinnt mhaith blianta ó shin.”
Tá an tuarascáil iomlán ar imscrúdú an Ombudsman ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman: www.ombudsman.ie
CRÍOCH
CEISTEANNA Ó NA MEÁIN:
Dave Nutley
Ceann Cumarsáide
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil.: 01 639 5610 nó 086 023 1420
R-phost: david.nutley@ombudsman.ie