Published on 22 November 2021
Tá sé ráite ag an Ombudsman Peter Tyndall go bhfuil na tacaíochtaí iompair phearsanta atá a gcur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas mí-oiriúnach, éagórach agus éagothromasach. Ina thuarascáil dar teideal, ‘Grounded: Unequal access for people with disabilities to personal transport schemes’, a foilsíodh inniu, [ an 23 Samhain 2021], deir an tOmbudsman go bhfuil go leor gearán faighte aige féin agus ag a réamhtheachtaithe maidir le trí scéim - an Deontas Mótariompair, an Liúntas Luaineachta agus scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas. Nuair atá aird tarraingthe ag a Oifig ar éagothroime agus ar éagothromas na scéimeanna, áfach, ba í freagairt an Rialtais deireadh a chur le rochtain ar na scéimeanna gan scéim eile a bhunú chun teacht ina hionad, nó na critéir éagothroime atá sonraithe sa reachtaíocht phríomha a neartú.
Tá Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Duine atá faoi Mhíchumas sínithe ag Éirinn, Coinbhinsiún a chiallaíonn go bhfuil dualgas ar na sínitheoirí ‘rochtain ar iompar a sholáthar ar bhonn cothrom chun cur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus rannpháirtíocht iomlán a dhéanamh i ngach gné den saol’. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ombudsman, áfach:
“Tá go leor daoine atá faoi mhíchumas sáinnithe sa bhaile agus níl ar a gcumas rannpháirtíocht a dhéanamh ar bhonn cothrom i bhfostaíocht ná ina bpobal de bhrí nach féidir leo tacaíocht rialtais a rochtain chun cabhrú le riachtanais iompair phearsanta. Caitheann an t-aonrú sóisialta seo scáth orainn ar fad mar thír agus ar an ngealltanas atá tugtha againn maidir le comhionannas agus cuimsiú sóisialta do chách”.
Dúirt an tOmbudsman go bhfuil aird tarraingthe aige féin agus ag daoine eile go mion minic ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas tacaíochtaí a rochtain. Ainneoin moill a bheith á cur ag an rialtas ar dhul chun cinn le blianta fada anuas, tá súil aige go spreagfaidh an tuarascáil seo gníomh ar bhonn práinne i measc lucht déanta beartas agus reachtóirí tacaíochtaí iompair oiriúnacha a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
An Deontas Mótariompair agus An Liúntas Luaineachta
Is íocaíocht é an Deontas Mótariompair a chuirtear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas chun cabhrú leo carr a cheannach nó carr a chur in oiriúint dá gcuid riachtanas ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag obair. Is íocaíocht é an Liúntas Luaineachta a chuirtear ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus nach bhfuil in ann siúl ná úsáid a bhaint as iompar poiblí agus a bhainfeadh tairbhe as roinnt dá gcuid ama a chaitheamh in áiteanna éagsúla (trí tháillí tacsaí a íoc anois is arís, mar shampla). Aimsíodh i rith imscrúduithe a rinne an tOmbudsman Emily O’Reilly in 2011 agus 2012, an tOmbudsman a bhí ann ag an am, go raibh na hAchtanna um Stádas Comhionann á sárú ag na critéir cháilitheachta le haghaidh na scéimeanna. Chinn an rialtas na scéimeanna a thabhairt chun críche agus gan glacadh le haon iontrálaithe nua in 2013 agus gheall sé scéim athsholáthair a bhunú. Ocht mbliana níos déanaí, áfach, agus ainneoin aird a bheith á tarraingt go mion minic ag an Ombudsman agus ag daoine eile ar an moill, táthar fós ag fanacht ar scéim nua.
Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas
Soláthraíonn Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas raon faoiseamh cánach (aisíoc Cáin Chláraithe Feithiclí nó CBL, mar shampla) atá nasctha le ceannach agus úsáid feithiclí atá tógtha go speisialta nó feithiclí oiriúnaithe ag tiománaithe agus paisinéirí atá faoi mhíchumas. D’fhonn cáiliú le haghaidh faoiseamh cánach faoin scéim, ní mór go mbeadh Teastas Míochaine Príomhúla ó FSS ag an duine atá faoi mhíchumas. Chun Teastas Míochaine Príomhúla a fháil ní mór go mbeadh ceann de shé chritéar míochaine á chomhlíonadh ag an duine. Tharraing an tOmbudsman aird ar na fadhbanna a bhain leis an scéim den chéad uair in 2001. Chuir an tOmbudsman in iúl go bhfuil critéir na scéime an-teoranta agus an-sriantach. Mhínigh an tOmbudsman gur chiallaigh sé seo go raibh daoine nach bhfuil na critéir á gcomhlíonadh acu, ach atá chomh doghluaiste céanna le daoine a bhfuil na critéir á gcomhlíonadh acu, á gcur as an áireamh agus nach bhfuil cead acu iarratas a dhéanamh ar an scéim.
Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas: Cás-staidéir
Chun cáiliú le haghaidh faoiseamh cánach faoi Scéim na dTiománaithe faoi Mhíchumas agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas, ní mór go mbeadh Teastas Míochaine Príomhúla bailí ag an duine atá faoi mhíchumas. Is deimhniú é Teastas Míochaine Príomhúla go bhfuil tú míchumasaithe go trom agus go buan, agus:
Diúltaíodh Teastas Míochaine Príomhúla a thabhairt do na daoine seo a leanas de bhrí gur chinn FSS, agus i ndiaidh achomharc a dhéanamh, Bord Achomhairc Míochaine na dTiománaithe faoi Mhíchumas, nár chomhlíon siad aon cheann den sé chritéar:
Daithí
Tá srian ar chumas gluaiseachta Daithí agus tá damáiste shuntasach déanta do na néaróga ar thaobh amháin dá chorp. Chomh maith leis sin, tá boinn istigh speisialta ina bhróga, mar aon le tacaíochtaí sáile. Tá sé fágtha ar éagumas mar gheall ar an bpian. Tá Cead Páirceála do Thiománaithe faoi Mhíchumas ag Daithí. Dúirt sé go gcabhródh carr atá oiriúnaithe dá riachtanais lena mheabhairshláinte agus luaineacht ach diúltaíodh Teastas Míochaine Príomhúla a thabhairt dó.
Orla
Rinne Orla teagmháil leis an Ombudsman maidir le mac lánfhásta, Tadhg. Tá Tadhg sna fichidí agus tá Siondróm Down air mar aon le huathachas dian agus trom. Chomh maith leis sin, tá sé neamhbhriathartha agus teastaíonn cúram lánaimseartha uaidh. Is fear an-láidir é Tadhg agus uaireanta éiríonn sé míchompordach agus bíonn sé deacair déileáil lena neart fisiciúil. Deir Orla go mbíonn iompar Thaidhg an-dúshlánach uaireanta agus go n-éiríonn sé cantalach. Níor chabhraigh an phaindéim le cás Orla ná Thaidhg, agus i rith na dianghlasála b’éigean d’Orla Tadhg a thabhairt amach sa charr chun cabhrú leis socrú síos. Uaireanta bíonn a iompar an-dúshlánach sa charr, áfach, agus uair amháin d’éirigh leis a lámha a shíneadh amach, ó chúl an chairr, agus iad a chur mórthimpeall ar mhuineál an tiománaí rud ba chúis leis an gcarr a stopadh go tobann. Ar an drochuair, b’éigean dá thuismitheoirí éirí as Tadhg a thabhairt sa charr leo agus tá iarratas déanta acu arís agus arís eile ar Theastas Míochaine Príomhúla do Thadhg a chuirfidh ar a gcumas a gcarr a chur in oiriúint do riachtanais Thaidhg.