Published on 23 April 2020
Thug an tOmbudsman Peter Tyndall le fios arís eile go bhfuil sé buartha faoi mhí-oiriúnacht na cóiríochta sa chóras soláthair dhírigh. Dúirt sé go ndearna cineál an-tógálach víreas COVID-19 chun solais cé chomh neamh-inbhuanaithe atá sé má chónaíonn triúr daoine nó níos mó, nach ón teaghlach céanna iad, sa seomra céanna ar feadh tréimhse sách fada ama. Is amhlaidh atá an cás do go leor daoine in ionaid soláthair dhírigh, agus go háirithe i gcás an lín mhéadaithigh daoine a chónaíonn i gcóiríocht éigeandála.
Labhair an tOmbudsman i ndiaidh gur foilsíodh a thráchtaireacht bhliantúil ar a eispéireas ar dhéileáil le gearáin uathu siúd sa chóras soláthair dhírigh. Is é tríú tráchtaireacht an Ombudsman é ó deimhníodh go bhfuil dlínse ag a Oifig chun gearáin a imscrúdú uathu siúd i soláthar díreach.
Dúirt an tOmbudsman gur cáineadh an úsáid a bhain an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais as sainmhíniú ó Acht na dTithe, 1966 mar an spás íosta a theastaíonn le haghaidh seomra leapa i dtuarascáil Mhic Mhathúna - tagarmharc a aithnítear do sheirbhísí soláthair dhírigh. Bhí an tomhas beagán ní ba mhó ná an spás a theastaigh le haghaidh leaba dhúbailte. Lean an Roinn leis an sainmhíniú a úsáid, áfach. Mar fhreagra don Ombudsman, dúirt an Roinn go mbeartaíonn sé aistriú i dtreo cóiríocht a bheith á roinnt ag triúr daoine, ar a mhéid, nach daoine muinteartha iad, i ndiaidh phaindéim COVID-19.
Tháinig méadú 30% i rith 2018 ar an líon daoine a bhí sa chóras soláthair dhírigh, agus tháinig méadú a breise 16% air faoi thráth luath in 2020. Thug an fhoireann ó oifig an Ombudsman cuairt ar 26 ionad cóiríochta in 2019, roinnt cuairteanna gan fhógra ina measc. Thug an tOmbudsman méadú 10.5% faoi deara ar an líon gearán a rinneadh lena Oifig (ó 152 in 2018 go 168 in 2019). Bhain gearáin leis an bhfad ama i gcóiríocht éigeandála, aistrithe chuig cóiríocht eile, teacht ar scoileanna do leanaí, saoráidí bia, agus teacht ar sheirbhísí DG agus cártaí leighis.
Dúirt an tOmbudsman gurbh é an t-athrú ba shuntasaí a thug sé faoi deara in 2019 ná an méadú ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a raibh cónaí sealadach orthu i gcóiríocht éigeandála in óstáin, tithe aíochta, agus cóiríocht leapa agus bhricfeasta. Bhí 1,524 duine in 37 láthair éagsúla fud fad na tíre ag tús 2020.
Dúirt an tOmbudsman:
“Níl an chóiríocht Sholáthair Dhírigh reatha oiriúnach do rud ar bith seachas fanacht gearrthéarmach. Tá cóiríocht éigeandála fiú níos mí-oiriúnaí. Ní féidir glacadh leis go mbíonn daoine a lorg dídean anseo i gcóiríocht atá go hiomlán mí-oiriúnach ar feadh tréimhse fhada – a mhéid le 16 mhí agus níos faide i gcásanna áirithe.”
Maidir le hionaid chóiríochta a sholáthar amach anseo, chuir an tOmbudsman fáilte roimh an deimhniú a rinne an tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (an SCCI, an Ghníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha roimhe seo) go bhfuil scrúdú á dhéanamh aige ar a indéanta atá sé chun aistriú i dtreo cur chuige infheistíocht chaipitil seachas an cleachtas reatha ina ndéantar foirgnimh reatha a oiriúnú. D’fhéadfadh an cur chuige seo na costais a laghdú go mór a bhíonn ar ionaid a reáchtáil.
Mhol an tOmbudsman obair an SCCI agus ghníomhaireachtaí eile maidir le freagairt do bhagairtí a chruthaigh COVID-19, breis agus 300 duine a bhogadh as cóiríocht éigeandála ina measc. Ba iad na srianta fisiciúla a leagtar in ionaid chóiríochta reatha, agus conas an bealach a caitheadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san earnáil soláthair dhírigh, áfach, an t-ábhar ba mhó buartha don Ombudsman.
‘An tOmbudsman agus Soláthar Díreach: Tá Nuashonrú 2019' ar fáil i mBéarla ag www.ombudsman.ie
CRÍOCH