Published on 20 June 2018

Tuarascáil Bhliantúil 2017

20 Meitheamh

Fuair Peter Tyndall, an tOmbudsman, 3,021 ghearán faoi sholáthraithe seirbhísí poiblí anuraidh.  Foilsíodh tuarascáil bhliantúil an Ombudsman don bhliain 2017 inniu [Dé Céadaoin an 20 Meitheamh]. Léirítear inti gurbh iad seo na hearnálacha a ndearnadh an chuid is mó de ghearáin fúthu sa bhliain 2017:

  • Ranna/Oifigí Rialtais - 953 ghearán 
  • Údaráis Áitiúla - 852 ghearán
  • An earnáil cúram sláinte agus cúraim shóisialta - 608 ngearán

Fuair an tOmbudsman líon méadaithe gearán faoin earnáil údarás áitiúil sa bhliain 2017.  Tháinig sé sin chun cinn mar thoradh ar mhéadú i ngearáin faoi fhorfheidhmiú pleanála (114 cinn sa bhliain 2017 i gcomparáid le 95 cinn sa bhliain 2016) agus i gcásanna tithíochta (379 gcinn i gcomparáid le 364 cinn sa bhliain 2016).

D’fhógair an tOmbudsman inniu freisin go mbeadh sé ag foilsiú tuarascála ar ball ar ‘chúram deireadh saoil’ in ospidéil na hÉireann.  Meastar go dtaispeánfar sa tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh ón uair a foilsíodh ‘Bás Maith’ ar leith. Ba é sin an tráchtaireacht uaidh ar ghearáin faoi chúram deireadh saoil.

Tithe Altranais

Bhí méadú faoi dhó ann sa líon gearán a rinneadh faoi thithe altranais príobháideacha, ó 30 gearán sa bhliain 2016 go 63 ghearán sa bhliain 2017.  Tháinig an tOmbudsman os comhair Choiste an Oireachtais um Achainíocha Poiblí le déanaí chun plé a dhéanamh ar a eispéireas i ndéileáil le gearáin faoi thithe altranais, lena n-áirítear na gearáin sin a bhaineann le muirir ‘shóisialta’ agus le cúram i dtithe altranais.  Ní ba luaithe i mbliana, d’fhoilsigh sé achoimre ar chásanna tábhachtacha i ndoiciméad dar teideal ‘Cásleabhar an Ombudsman ar Thithe Altranais’.  

An t-imscrúdú ar Neachtlanna Mhaigdiléana

Leagtar béim i dtuarascáil an Ombudsman ar roinnt imscrúduithe a rinne a Oifig sa bhliain 2017, lena n-áirítear an t-imscrúdú ar ‘an Scéim um Cheartas Aisiríoch i leith Neachtlanna Mhaigdiléana’.

Dúirt an tOmbudsman:

“Ghlac an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais leis na moltaí go léir sa tuarascáil uaim, lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann le mná a eisiadh ón scéim go héagórach agus le mná nach raibh an cumas acu chun í a rochtain go hiomlán.  Leanfaidh mé le hobair i gcomhar leis an Roinn chun a chinntiú nach mbeidh aon mhoill bhreise ann ar cheartas a thabhairt do na mná ar caitheadh go rídhona leo i neachtlanna Mhaigdiléana.”

An t-imscrúdú ar an Scéim um Chailliúint ar Muir

Dúirt an tOmbudsman gurbh amhlaidh, go dtí na míonna tosaigh den bhliain 2018, nár diúltaíodh ach do mholadh imscrúdaithe amháin sna 34 bliana atá an Oifig i mbun oibre.  Bhain an moladh sin leis an imscrúdú ar an Scéim um Chailliúint ar Muir. Ba é a bhí i gceist leis ná gur diúltaíodh d’acmhainn iascaireachta athsholáthair a dheonú do theaghlach an iascaire a fuair bás, i dteannta mic leis agus triúr ball eile den chriú, i dtimpiste thubaisteach sa bhliain 1981.  Dúirt an tOmbudsman go raibh ríméad air gur glacadh leis na moltaí sa tuarascáil agus go bhfuair an teaghlach cúiteamh sa deireadh tar éis an oiread sin blianta.

Gearáin faoi Sholáthar Díreach

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh, labhair an tOmbudsman freisin faoin gcéad bhliain ina raibh sé ag déileáil le gearáin ó iarrthóirí tearmainn agus ó dhídeanaithe a bhí ina gcónaí sa chóras cóiríochta soláthair dhírigh. 

“Fuaireamar 115 ghearán sa bhliain 2017 ó dhaoine a bhí ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh. Bhain an-chuid de na gearáin sin le haistrithe chuig ionaid eile nó le fadhbanna cóiríochta.  Tá clár ar bun againn ina dtugaimid cuairt ar gach ceann de na hionaid chóiríochta agus ina réitímid lear gearán go neamhfhoirmiúil ar an mbunleibhéal.”

Suíomh Gréasáin nua an Ombudsman

Rinne an tOmbudsman suíomh Gréasáin nua dá Oifig a sheoladh inniu freisin. Is é www.ombudsman.ie seoladh an tsuímh. Is é an toradh atá air gur fusa do dhaoine gearán a dhéanamh leis an Oifig. Chomh maith leis sin, tugtar comhairle agus faisnéis ann don phobal agus do sholáthraithe seirbhíse. 


Cás-Staidéir:

Déantar achoimre sa tuarascáil bhliantúil uaidh ar roinnt de na gearáin ar sheas an tOmbudsman leo. Áirítear na gearáin seo a leanas leo:

Faigheann feirmeoir aisíocaíocht €27,550 mar nár cuireadh na nósanna imeachta cearta in iúl dó

Gearradh pionós €27,550 ar fheirmeoir as Cill Dara i dtaca le híocaíocht a rinneadh leis faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe.  D’athraigh an fear úinéireacht na dtailte ach níor chuir sé an méid sin in iúl don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, rud ba cheart dó a dhéanamh faoin scéim.  Mar sin féin, d’aimsigh an tOmbudsman, le linn dó an cás a scrúdú, nár phróiseáil an Roinn an t-iarratas ón bhfear i gceart. Níor tugadh eolas dó faoi na hiarmhairtí a bheadh ann mura gcuirfeadh sé an Roinn ar an eolas faoi athrú in úinéireacht talún.  Ghabh an Roinn leithscéal leis agus d’aontaigh sí an íocaíocht €27,550 a aisíoc leis an bhfear.

(Tuilleadh sonraí ar leathanach 25 de thuarascáil an Ombudsman)

Bhí iarrthóir tearmainn in ann oideachas a shaothrú tar éis aistriú cóiríochta a fháil 

Bean 18 mbliana d’aois a tháinig go hÉirinn ina haonar, rinne sí iarratas ar thearmann mar mhionaoiseach agus thosaigh sí sa chúigiú bliain ar scoil i mBaile Átha Cliath. Ar dtús, bhí sí ina cónaí in áit cóngarach d’aintín léi, a bhí ar an aon duine muinteartha amháin a bhí aici anseo.  Mar sin féin, cuireadh í chuig ionad cóiríochta soláthair dhírigh in iardheisceart na hÉireann ina dhiaidh sin.  D’éascaigh an bainisteoir ar an ionad cóiríochta a taisteal chuig an scoil i mBaile Átha Cliath agus a taisteal ar ais uaithi ag an deireadh seachtaine.  Fuair sí litir ón nGníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha inar tugadh rabhadh di faoi na laethanta a bhí sí as láthair ón ionad, áfach.  Níor aontaigh an Ghníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha gur eisigh sí litir chuig an mbean agus gur dhiúltaigh sí d’iarraidh ar aistriú ón mbean. 

Bhí an bhean in ann cóip den litir ar eisigh an Ghníomhaireacht í a thaispeáint don Ombudsman.  Chonacthas don Ombudsman nach raibh cinneadh na Gníomhaireachta diúltú don iarraidh ar aistriú ag teacht lena beartas um chónaitheoirí a choinneáil in ionaid chóiríochta atá cóngarach do dhaoine muinteartha eile agus um leanúnachas oideachais a éascú. 

D’aontaigh an Ghníomhaireacht go n-athbhreithneodh sí an cinneadh uaithi agus dheonaigh sí aistriú don bhean chuig ionad i mBaile Átha Cliath atá laistigh d’fhad comaitéireachta óna scoil agus ón aintín léi.  Toradh eile atá ar theagmháil chuiditheach an Ombudsman leis an nGníomhaireacht is ea go bhfuil laghdú tagtha ar an líon gearán atá faighte aige faoi iarrataí ar aistriú.

(Tuilleadh sonraí ar leathanach 27 den tuarascáil)

Gearradh an táille mhícheart ar mhac léinn mar gheall ar mhearbhall faoina stádas inimirce

Bean ar fhormheas Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) í le haghaidh táillí mac léinn in aisce, rinne sí gearán leis an Ombudsman tar éis d’Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath táillí teagaisc a ghearradh uirthi as a cuid staidéir.  Chuir Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in iúl gurb amhlaidh, bunaithe ar an gcead atá ag an mbean chun fanacht sa Stát, nach mór di táillí a ghearradh a bhí ag teacht leis na treoirlínte ar fhorbair an tÚdarás um Ard-Oideachas iad.  Dúirt SUSI leis an Ombudsman go raibh sé den tuairim go raibh an bhean i dteideal táillí teagaisc in aisce. 

Chuaigh an tOmbudsman i dteagmháil leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ansin chun soiléiriú a fháil faoi stádas inimirce na mná. D’fhiosraigh sé an t-ábhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna freisin mar gur ar an Roinn a bhí an fhreagracht fhoriomlán as ceanglais incháilitheachta cónaitheachta.  Shoiléirigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an seasamh le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a d’fhormheas an bhean le haghaidh táillí teagaisc in aisce ansin.

Chuir Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in iúl don Ombudsman go gcuirfeadh sí nósanna imeachta nua i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtiocfadh mearbhall den chineál céanna chun cinn sa todhchaí.

(Tuilleadh sonraí ar leathanach 28 den tuarascáil)

Rinne fear gearán tar éis méadú faoi dhó a fhorchur ar mhuirir tí altranais a thuismitheoirí

Rinne fear gearán leis an Ombudsman thar ceann a thuismitheoirí tar éis dá dteach altranais an muirear as a ‘chlár sóisialta’ a mhéadú ó €86 an duine sa mhí go €173 an duine sa mhí.  Is é atá i muirear sóisialta ná muirear as gníomhaíochtaí áineasa a sholáthar do chónaitheoirí, amhail ranganna cruthaitheacha, turais, cainteanna nó siamsaíocht eile.  Ní chumhdaítear é leis an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais (Scéim Chothrom na Féinne).  Ba cheart na muirir a leagan amach agus a chomhaontú le gach cónaitheoir sa ‘chonradh cúraim’.

Dúirt an teach altranais go raibh sé riachtanach an muirear a mhéadú faoi dhó mar gur fhulaing clár na bliana roimhe caillteanas agus chun go bhféadfaí na gníomhaíochtaí sóisialta a mhéadú.  Mar sin féin, níor liostaíodh sa chonradh cúraim ach muirear foriomlán as ‘siamsaíocht’ agus níor tugadh aon mhiondealú ann ar an muirear. 

Bhí an tOmbudsman den tuairim nach raibh an conradh ag comhlíonadh na rialachán; gur cheart ábhar an chláir shóisialta a bheith leagtha amach sa chonradh; gur cheart do na cónaitheoirí bheith in ann a dtuairimí a chur in iúl faoin gcineál gníomhaíochtaí a bheadh ar siúl sa teach; agus gur cheart do na cónaitheoirí bheith in ann diúltú d’íoc as gníomhaíochtaí nach bhféadfadh siad leas a bhaint astu.

Sa chás seo, thug an teach altranais conradh níos mionsonraithe isteach. Réitigh sé nach ngearrfadh sé ach táille ainmniúil ar chónaitheoirí nach bhféadfadh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áirithe agus shocraigh sé go n-iarrfaí tuairimí ó chónaitheoirí le linn cláir a chur le chéile sa todhchaí.

(Tuilleadh sonraí ar leathanach 33 den tuarascáil)

Bhí moill ar chóireáil a chur ar bhean dhiaibéiteach mar nár athraíodh taifid chun dáta

Rinne bean gearán leis an Ombudsman tar éis do mhoilleanna teacht ar na seiceálacha sláinte rialta a bhí sí ag fáil le haghaidh cóireáil ar a cosa.  Tá diaibéiteas ar an mbean agus bheadh riosca ann go gcaithfí a ladhracha a theascadh mura seiceálfaí a cosa go rialta. Tráth a rinne sí gearán leis an Ombudsman, bhí sé mhí imithe thart ó bhí coinne aici. Dúirt sí gur cuireadh in iúl di nach mbeadh aon choinne eile aici go ceann i bhfad.

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in iúl don Ombudsman gur mar thoradh ar mhainneachtain taifead ríomhaire na mná a athrú chun dáta tar éis a measúnaithe dheireanaigh a coinníodh a stádas mar othar ‘ísealriosca’, rud a d’fhág nach bhfaigheadh sí aon choinne láithreach.  D’eagraigh FSS coinne láithreach don bhean agus ghabh sí leithscéal léi as an earráid.

(Tuilleadh sonraí ar leathanach 30 den tuarascáil)

Tá tuilleadh cás-staidéar ar fáil i gCaibidil 4 de Thuarascáil Bhliantúil an Ombudsman.