Published on 20 May 2020

Tháinig méadú 9% ar ghearáin chuig an Ombudsman go dtí 3,664 in 2019.  Is é sin an líon is mó gearán a fuair an tOmbudsman ó 2010.  Scrúdaíonn an tOmbudsman Peter Tyndall gearáin faoi sheirbhísí poiblí, mar shampla iad siúd a sholáthraíonn ranna rialtais, údaráis áitiúla agus FSS.  Ina thuarascáil bhliantúil do 2019, dúirt an tOmbudsman go bhfaca a Oifig méaduithe ar ghearáin faoi bheagnach gach earnáil a ndéileálann sé leo.

Mar thoradh ar mhíshástacht faoi thithíocht tháinig méadú 12.6% ar ghearáin faoi údaráis áitiúla idir 2018 agus 2019.  Tháinig méadú 17% ar ghearáin faoin earnáil oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí a sholáthraíonn deontais mac léinn agus deontais oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, in 2019.

Tá méadú suntasach ar líon na ngearán chuig oifig an Ombudsman ó thosaigh paindéim COVID-19.  Tá méadú mór tagtha ar líon na ngearán a bhaineann leis an  Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.  Tharla sé seo den chuid is mó mar gheall ar an méadú suntasach ar líon na ndaoine atá ag idirghníomhú leis an Roinn anois.  Bhain roinnt gearán le híocaíocht COVID-19 (Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime COVID-19).  I gcás amháin, bhí fear a bhí incháilithe don íocaíocht sáinnithe sa Pholainn agus diúltaíodh íocaíocht dó nuair a rinne sé iarratas ar líne.  Réitigh an tOmbudsman an cás laistigh de 24 uair an chloig agus fuair sé a íocaíocht.

Ina thuarascáil bhliantúil, leagann an tOmbudsman béim ar an moill fhada maidir le scéimeanna um Liúntas Luaineachta agus um an Deontas Mótariompair a athsholáthar.  Tá scéimeanna na Roinne Sláinte dúnta d’iarratasóirí nua ó 2013.  Tugadh go leor geallúintí go dtabharfaí isteach reachtaíocht nua ach níl aon dul chun cinn déanta. 

Cháin an tOmbudsman an easpa gnímh maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta don Scéim um Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas.  Dúirt an tOmbudsman go bhfágann an bealach a ndéantar na critéir a chumadh go ndiúltaítear cead isteach ar an scéim do dhaoine atá faoi mhíchumas go cothrom (ach ar bhealach dhifriúil) ó thaobh soghluaisteachta de dóibh siúd a ligeadh isteach inti.

Tá tuarascáil bhliantúil an Ombudsman do 2019 ar fáil ag www.ombudsman.ie

CÁS-STAIDÉIR

Déanann tuarascáil bhliantúil an Ombudsman achoimre freisin ar chuid de na gearáin a sheas sé leo in 2019 lena n-áirítear:

Mearbhall faoi chomhad ospidéil mná (Leathanach 28)

Rinne bean a d’fhreastail ar Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn gearán leis an Ombudsman tar éis do dhochtúir a stair liachta a phlé léi ach thuig sí nárbh í a stair liachta féin a bhí á plé.  Bhí an bhean ag an ospidéal ag ullmhú d'obráid nuair a chonaic sí go raibh litir ar a comhad a bhain le hothar difriúil.  Chuir an bhean an obráid ar ceal agus rinne sí gearán leis an ospidéal.  Tháinig sé chun solais freisin nár comhlánaíodh an fhoirm ‘Teagmhas Ginearálta’ tar éis an teagmhais.  Ghabh an t-ospidéal leithscéal leis an mbean. Rinne sé athbhreithniú freisin ar a pholasaithe agus chuir sé oiliúint bhreise ar fáil do chomhaltaí foirne lena chinntiú nach dtarlódh an teagmhas arís.

Níorbh fhéidir suíomh breithe leanbh a rugadh sa bhaile a thaifeadadh ar chóras clárúcháin (Leathanach 29)

Rinne bean gearán leis an Ombudsman nuair a chuir an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta (CRS) in iúl di nach ndéanfaí baile na mná a thaifeadadh mar ‘áit bhreithe’ a hiníne.  Bhí breith sa bhaile pleanáilte ag an mbean ach ní raibh aon chnáimhseach ná gairmí leighis eile i láthair.  Thaifead an t-ospidéal áitiúil an bhreith mar ‘bhreith roimh theacht’ agus mar sin d’úsáid an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta an chatagóir chéanna.  Fuarthas amach nach ndéantar foráil i dtreoirlínte catagóiriú FSS do chás ina mbíonn ‘breith sa bhaile’ nuair nach bhfuil aon chnáimhseach i láthair.

D'ardaigh an tOmbudsman an cheist leis an CRS, a ghabh leithscéal leis an mbean láithreach.  D'athraigh an CRS áit bhreithe an linbh ar a teastas breithe go 'breith sa bhaile'. D'athraigh sé a nósanna imeachta freisin agus d'aisíoc sé na costais a thabhaigh an bhean agus í ag leanúint an cháis.

Laghdaigh an Chomhairle deontas d’fhear aosta go mícheart (Leathanach 30)

Rinne fear gearán leis an Ombudsman nuair a laghdaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo a dheontas deisiúcháin tí go suntasach tar éis a rá leis go bhfaigheadh sé an méid iomlán.  Chuir an fear isteach ar chúnamh faoin Scéim um Chúnamh Deontais do Dhaoine Scothaosta (HAES) le haghaidh deisiúchán riachtanach ar a theach. Dúirt an Chomhairle i dtosach go bhfaigheadh sé an méid iomlán de €8,000, ach laghdaigh sí é go €3,275 tar éis a fháil amach go bhfuair sé deontas trí bliana roimhe sin in 2014.

I mí Aibreáin 2015 - bliain tar éis don fhear an méid tosaigh a fháil - rinne an Chomhairle cinneadh beartais méid an deontais a laghdú má fuair an t-iarratasóir deontas roimhe sin faoin scéim.  Mar sin féin, níor cheadaigh an reachtaíocht a rialaíonn an scéim don Chomhairle cinneadh den sórt sin a dhéanamh.  Ina theannta sin, níor thug foirm iarratais na Comhairle le fios go bhféadfaí an deontas a laghdú. 

Leag an tOmbudsman béim ar an gcás don Chomhairle agus don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.  D'athraigh an Chomhairle a cinneadh agus thug sí an méid iomlán don fhear.  D'athraigh sí a nósanna imeachta freisin chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Dhiúltaigh an Chomhairle ús €28,000 ar bhannaí tógálaí a íoc(Leathanach 31)

Rinne tógálaí gearán leis an Ombudsman tar éis do Chomhairle Contae Loch Garman diúltú ús a íoc ar dhá bhanna airgid, arbh fhiú €175,000 san iomlán iad.  Thaisc sé na bannaí leis an gComhairle le haghaidh forbairtí tithíochta.  Feidhmíonn bannaí airgid mar urrús chun forbairt tithíochta a chur i gcrích. Déantar iad a thaisceadh i gcuntas na Comhairle áit ar féidir leo ús a thuilleamh.  Go stairiúil, d’aisíoc an Chomhairle na bannaí móide ús tar éis an fhorbairt tithíochta a bheith tugtha chun críche.  In Aibreán 2015, áfach, chinn an Chomhairle stop a chur le hús a íoc ar bhannaí ach níor chuir sí tógálaithe ar an eolas ag an am.

Chreid an tOmbudsman go raibh an Chomhairle ag gníomhú go héagórach toisc gur thaisc an tógálaí na bannaí in 2001 agus 2002 - roinnt blianta sular athraigh an Chomhairle a beartas.  Chomhaontaigh an Chomhairle ús de bheagnach €28,000 a íoc leis an tógálaí.

D'iarr an tOmbudsman ar an gComhairle aon chásanna eile den chineál céanna a shainaithint.  D'fhionn an Chomhairle 24 cás a bhain le hús iomlán de €68,000.  Ina dhiaidh sin rinne an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil teagmháil leis na húdaráis áitiúla go léir chun a chur in iúl dóibh nach féidir éifeacht chúlghabhálach a bheith le hathrú den sórt sin i mbeartas.

Faigheann bean riaráistí de bheagnach €20,000 tar éis moille maidir le híocaíocht leasa shóisialaigh a bhronnadh (Leathanach 36)

Rinne bean gearán leis an Ombudsman tar éis don Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí diúltú dá hiarratas déanach ar an Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (BTEA).  Dúirt an bhean, áfach, gur chiallaigh moill ag an Roinn nach bhféadfadh sí an t-iarratas a chomhlánú in am.   

D’fhonn a bheith incháilithe do BTEA ní mór duit a bheith ag fáil ceann de líon íocaíochtaí leasa shóisialaigh.  Chuir an bhean isteach ar Liúntas Cúramóra i mí na Nollag 2016

ach níor cheadaigh an Roinn a hiarratas go dtí Feabhra 2019.  Dhiúltaigh an Roinn dá hiarratas ina dhiaidh sin ar BTEA.

Tharraing an tOmbudsman aird ar an mhoill d'os cionn dhá bhliain sa Roinn iarratas Liúntais Cúramóra na mná a réiteach. Chomhaontaigh an Roinn a cinneadh a athbhreithniú agus bhronn sí BTEA ar an mbean le riaráistí de €19,770. 

CRÍOCH

Tuarascáil Bhliantúil 2019