Samhain 22
Fuarthas amach in imscrúdú a rinne an tOmbudsman Peter Tyndall gur diúltaíodh cead rannpháirtíochta sa Scéim Ceartais Aisiríoch Magdalen do roinnt ban a bhí ag obair sna neachtlanna Magdalen. Ina thuarascáil 'Deis Chaillte', a eisíodh inniu, cháin an tOmbudsman gnéithe eile chomh maith den riarachán a rinne an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar an scéim.
Rinneadh an t-imscrúdú tar éis gearáin a fháil ó roinnt ban a chónaigh i gclochair agus a d'oibrigh sna neachtlanna. Dhiúltaigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a n-iarratais mar, a dúirt siad, nach raibh na mná in aon cheann den 12 institiúid a bhí clúdaithe sa scéim.
Léirigh fianaise a chonaic oifig an Ombudsman, áfach, go raibh nasc fisiceach idir chuid de na neachtlanna Magdalen agus na haonaid inar chónaigh na mná, nó go raibh siad lonnaithe ar na tailte céanna leis na neachtlanna Magdalen, agus gurbh iad na hinstitiúidí céanna iad i ndáiríre.
Dúirt an tOmbudsman Peter Tyndall:
“Bhí m’imscrúdú dírithe ar cé acu an raibh na mná seo cáilithe don scéim nó nach raibh agus conas a raibh an scéim á riar. Léiríonn an fhianaise gur cheart na mná seo a chur san áireamh agus go raibh lochtanna sa bhealach inar riaradh an scéim. Is mian liom a áitiú nach bhfuilim ag moladh go gcuirfear síneadh leis an scéim."
In ainneoin plé idir oifig an Ombudsman agus an Roinn níorbh fhéidir na gearáin a réiteach.
Tá tuarascáil an Ombudsman cáinteach freisin faoin gcaoi ar phléigh an Roinn le roinnt ban a bhí i dteideal íocaíochtaí faoin scéim agus nach raibh inniúil ar chinntí a dhéanamh ar a son féin. Ní dhearnadh aon íocaíocht leis na mná seo, a bhfuil aois mhór ag a lán díobh.
Torthaí an Ombudsman
Cinntí an Ombudsman ina thuarascáil, ‘Deis Chaillte’:
- Ba cheart go mbeadh an Roinn ar an eolas faoi na naisc idir na haonaid inar chónaigh na mná agus na neachtlanna Magdalen - ó fhaisnéis a bhí ar fáil sna foirmeacha 'léiriú spéise' tosaigh ó na mná san áireamh
- Nuair a bhí iarratais á measúnú ag an Roinn tugadh seasamh iomarcach don fhianaise a bhí curtha ar fáil ag na comhthionóil creidimh - iarradh agus fuarthas cuid den fhaisnéis seo tar éis an cinneadh a dhéanamh na mná a eisiamh.
- Ba léir go raibh sé éagórach ag an Roinn mná áirithe a eisiamh ón scéim ar an mbonn go bhféadfaidís iarratas a dhéanamh ar Scéim Cúitimh na nInstitiúidí Cónaitheacha - scéim a cuireadh ar bun 10 mbliana roimhe sin le tabhairt faoi éagóir dhifriúil.
- Níor nochtadh critéir cháilíochta, nach raibh leagtha amach go dtí roinnt míonna tar éis bhunú na scéime, do thromlach na mban a rinne gearán leis an Ombudsman.
- Níor cuireadh 'próiseas agallaimh' ar bun le fianaise na n-iarratasóirí a chloisteáil go dtí níos mó ná bliain tar éis na chéad iarratais a fháil agus tar éis do chinntí a bheith déanta ar fhormhór mór na gcásanna.
Moltaí
Tá roinnt moltaí déanta ag an Ombudsman ina thuarascáil:
Cáilitheacht le haghaidh iontráil ar an scéim
- Ba cheart don Roinn iarratas a athmheas (le hintinn glacadh leis) nuair atá fianaise ann gur oibrigh bean i gceann de na neachtlanna atá liostaithe ach gur taifeadadh gur 'tógadh isteach' iad in ionad traenála nó i scoil thionsclaíoch a bhí lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna nó ceangailte le ceann de na neachtlanna, nó lonnaithe ar thailte neachtlainne.
Próiseas Iarratais
- Is ceart don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar aon chás ina bhfuil aighneas ann maidir le fad cónaithe agus is ceart gach foinse faisnéise atá ar fáil a chur san áireamh.
Inniúlacht
- Maidir le cásanna na mban nach raibh sé d'inniúlacht iontu a ngnóthaí féin a bhainistiú, tá iarratas déanta go déanach ag an Roinn go ndéanfaí Coimircithe Cúirte de na mná seo. Cé go bhfuil imní áirithe ann maidir le córas na gCoimircithe Cúirte a bheith oiriúnach, tá glactha go drogallach ag an Ombudsman leis nach bhfuil aon rogha réalaíoch eile ann. Is ceart don Roinn obair leis an tSeirbhís Chúirteanna d'fhonn a chinntiú go ndéanfar aon iarratas ar stádas Coimircí Cúirte a phróiseáil go caoithiúil agus go híogair.
Scéimeanna a Fhorbairt sa Todhchaí
- Cé nach bhfuil sé dírithe ar an Roinn, molann an tOmbudsman go gcuirfí treoir ar fáil go lárnach maidir le scéim ceartais aisiríoch nó scéim cúitimh a fhorbairt agus a fheidhmiú amach anseo.
CRÍOCH